Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/238 |
16.1.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/238 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le srianta a thabhairt isteach ar úsáid substaintí blaistithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13 (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach é i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008. |
(3) |
Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar. |
(4) |
Ar liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 tá, i measc nithe eile, roinnt substaintí blaistithe nach raibh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) in ann riosca le haghaidh shláinte an tomhaltóra a chur as an áireamh ina leith ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil tráth a glacadh an liosta le Rialachán (AE) Uimh. 872/2012 agus mheas sé, dá bhrí sin, go raibh gá le sonraí breise chun a mheastóireacht a chríochnú. Áiríodh na substaintí sin i liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe ach ar choinníoll go gcuirfí isteach sonraí sábháilteachta lena dtabharfaí aghaidh ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sula ndeachaigh sprioc-amanna sonracha a bhunaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 in éag. |
(5) |
I measc na substaintí a áirítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair ach a shainaithnítear trí bhíthin tagairt fhonóta lena gceanglaítear ar an Údarás an mheastóireacht a chríochnú, tá na trí shubstaint seo a leanas ó Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 216 (FGE.216): 2-Feiniolcrotónaildéad (FL Uimh. 05.062), 5-Meitil-2-feinilheics-2-éanal (FL Uimh. 05.099) agus 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100). D’iarr an tÚdarás sonraí eolaíocha breise a chuir na hiarratasóirí isteach ina dhiaidh sin i gcás na substaintí sin. |
(6) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh an 29 Meitheamh 2022 (4), rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí a cuireadh isteach agus tháinig sé ar an gconclúid gur spreag substaint ionadaíoch an ghrúpa, 2-Feiniolcrotónaildéad (FL Uimh. 05.062), modh gníomhaíochta aineoigineachta. Ós rud é go raibh na staidéir micreanúicléis in-vivo neamhchonclúideach, ní féidir aineoigineacht fhéideartha in vivo a chur as an áireamh i gcás 2-Feiniolcrotónaildéid (FL Uimh. 05.062), 5-Meitil-2-feinilheics-2-éanail (FL Uimh. 05.099) agus 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanail (FL Uimh. 05.100). |
(7) |
Tar éis na tuairime sin agus chun meastóireacht bhreise a dhéanamh ar shábháilteacht na dtrí shubstaint sin, gheall na hoibreoirí gnó leasmhara sonraí breise a sholáthair a d’fhágfadh go bhféadfaí measúnú críochnúil a dhéanamh ar aineoigineacht in vivo na dtrí shubstaint sin (5). |
(8) |
Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás athmheastóireacht ar na sonraí breise ó na hoibreoirí gnó leasmhara agus tar éis na tuairime eolaíche an 29 Meitheamh 2022, is iomchuí coinníollacha úsáide 2-Feiniolcrotónaildéid (FL Uimh. 05.062)„ 5-Meitil-2-feinilheics-2-éanail (FL Uimh. 05.099) agus 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanail (FL Uimh. 05.100) a theorannú don úsáid a bhaintear astu faoi láthair. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir. |
(10) |
Maidir le bianna nach gcomhlíonann na coinníollacha nua a leagtar amach, inar cuireadh aon cheann de na substaintí lena mbaineann agus a cuireadh ar an margadh san Aontas nó a seachadadh ó thríú tíortha agus a bhí faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, ba cheart cead a thabhairt iad a mhargú san Aontas go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha. Níor cheart feidhm a bheith ag an mbeart idirthréimhseach sin maidir le hullmhóidí inar cuireadh aon cheann de na substaintí lena mbaineann agus nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, toisc go mbíonn fios ag na monaróirí táirgí bia a bhaineann úsáid as na hullmhóidí sin faoina gcomhdhéanamh nuair a bhíonn siad á n-úsáid. |
(11) |
Ar mhaithe le comhchuibhiú le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus chun na srianta a chur san áireamh a chomhfhreagraíonn do na catagóirí bia a úsáideann an tÚdarás le linn an mheasúnaithe teagmhála, ba cheart na catagóirí bia a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a chur in ionad na gcatagóirí bia a liostaítear i Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008. |
(12) |
Ba cheart fonóta nua a chur le colún 8 i liosta an Aontais, faoi Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 chun an gá atá le sonraí breise a léiriú i gcás ina bhfuil coinne le sonraí breise chun measúnú an Údaráis a chomhlánú ina iomláine. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha
1. Maidir le bianna inar cuireadh aon cheann de na substaintí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bianna iad nach gcomhlíonann na coinníollacha nua a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, agus a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha.
2. Maidir le bianna inar cuireadh aon cheann de na substaintí blaistithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn agus a allmhairítear isteach san Aontas ó thríú tír, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha, i gcás inar féidir leis allmhaireoir na mbianna sin a léiriú gur seachadadh iad ón tríú tír lena mbaineann agus go raibh siad faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.
3. Na bearta idirthréimhseacha dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir le hullmhóidí nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, agus inar cuireadh aon cheann de na substaintí blaistithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
4. Chun críocha an Rialacháin seo, is éard is ciall le hullmhóidí meascáin ina bhfuil blastán amháin nó níos mó ná sin lenar féidir comhábhair eile bhia a mheascadh amhail breiseáin bhia, einsímí nó iompróirí chun a stóráil, díol, caighdeánú, caolú nó tuaslagadh a éascú.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).
(4) Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 216, Athbhreithniú 2 (FGE.216Rev2): breithniú ar acmhainneacht ghéineatocsaineachta 2-feinil-2-ailcéanal α,β-neamhsháithithe ó fhoghrúpa 3.3 de FGE.19. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(8):7420, doi: 10.2903/j.efsa.2022.7420. Le fáil ar líne: https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/7420
(5) Litir IOFI EFFA AS Sante - Tuairim EFSA 216 Rev2 (Iris EFSA (2022; 20(8) 7420)) - litir IOFI/EFFA leantach: deimhniú ar thástáil leantach agus ar amchláir a bhfuil coinne leo. Ares(2022)8489668
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Roinn 1 mar seo a leanas:
|
(2) |
i dTábla 1 i Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 05.062, 05.099 agus 05.100:
|
(1) IO L 401, 30.12.2006, lch. 1.
(2) IO L 339, 6.12.2006, lch. 16.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/238/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)