European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/226

19.1.2024

CINNEADH (CBES) 2024/226 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2023

maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht Ioslamach na Máratáine maidir le bunú agus feidhmiú Aonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú an Aontais Eorpaigh arna imscaradh in Nouakchott chun tacú le struchtúir G5 na Saiheile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/762 (1) a bhaineann le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali), lenar bunaíodh go háirithe Aonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú (RACC) in EUCAP Sahel Mali chun tacú le struchtúir agus tíortha G5 na Saiheile. Áirítear ar RACC foireann atá lonnaithe in Nouakchott, chomh maith leis na saineolaithe inmheánacha slándála agus cosanta ó Thoscaireachtaí an Aontais i mBuircíne Fasó, i Sead, i Mailí agus sa Nígir. Ina theannta sin, cuireann EUCAP Sahel Mali oiliúint, comhairle agus gníomhaíochtaí tacaíochta sonracha eile ar fáil trí imscaradh sealadach foirne ó Mhailí go tíortha G5 na Saiheile, lena n-áirítear an Mháratáin.

(2)

An 22 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/832 (2), lena bhforáiltear, go háirithe, go bhféadfaidh misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) gníomhaíochtaí a dhéanamh de réir mar is gá i dtíortha G5 na Saiheile, lena n-áirítear an Mháratáin, trí fhoirne ón Nígir a imscaradh go sealadach chun rannchuidiú le réigiúnú ghníomhaíocht an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) sa tSaiheil.

(3)

Dheonaigh Poblacht Ioslamach na Máratáine, trí bhíthin litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 óna hAire Gnóthaí Eachtracha, na pribhléidí agus na díolúintí is gá d’fhoireann RACC, agus do na comhaltaí de na misin oiliúna agus chomhairleacha ad hoc.

(4)

Thairis sin, trí bhíthin nóta briathartha ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Comhair Phoblacht Ioslamach na Máratáine, dar dáta an 11 Bealtaine 2021, agus trí bhíthin litir ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair agus um Máratáinigh thar lear, dar dáta an 12 Bealtaine 2021, dheonaigh Poblacht Ioslamach na Máratáine na pribhléidí agus na díolúintí is gá do RACC freisin.

(5)

Mar sin féin, ba léir gur ghá stádas RACC, a mball foirne agus na gcomhaltaí de na misin oiliúna agus chomhairleacha ad hoc a bhunú, sa Mháratáin, ar chomhaontú idir an tAontas agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, i gcomhréir le Cinntí 2014/219/CBES (3) agus 2012/392/CBES ón gComhairle (4).

(6)

An 20 Bealtaine 2021, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le stádas an Aonaid Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú sa Mháratáin mar aon le stádas gnéithe eile de mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí agus stádas gnéithe de mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir a thabhairt i gcrích.

(7)

Maidir leis an gComhaontú nua maidir le bunú agus feidhmiú Aonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú an Aontais Eorpaigh arna imscaradh in Nouakchott chun tacú le struchtúir G5 na Saiheile, lena gcumhdaítear freisin a bhaill foirne agus comhaltaí de EUCAP Sahel Mali nó de EUCAP Sahel Niger a dhéanann misin oiliúna agus chomhairleacha ad hoc sa Mháratáin, ba cheart é a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht Ioslamach na Máratáine maidir le bunú agus feidhmiú Aonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú an Aontais Eorpaigh arna imscaradh in Nouakchott chun tacú le struchtúir G5 na Saiheile (‘an Comhaontú’) (5).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige nó acu an Comhaontú a shíniú, d’fhonn an tAontas a cheangal.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 26, mír 2, den Chomhaontú (6).

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MALMER STENERGARD


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/762 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 125, 14.5.2019, lch. 18).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/832 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 lena leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (IO L 137, 23.5.2019, lch. 64).

(3)  Cinneadh 2014/219/CBES an 15 Aibreán 2014 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 113, 16.4.2014, lch. 21).

(4)  Cinneadh 2012/392/CBES an 16 Iúil 2012 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (IO L 187, 17.7.2012, lch. 48).

(5)  Foilsítear téacs an Chomhaontaithe IO L, 2024/227, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2024/227/oj.

(6)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/226/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)