European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/224

12.1.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/224 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Eanáir 2024

maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le fearais a dhónn breoslaí gásacha chun tacú le Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lenaaaisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le fearais agus feistis atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, a bhfoilsítear tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, táthar lena thoimhdiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha dá gcumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh a leagtar amach sa Rialachán sin.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)4789 ón gCoimisiún (3) (‘an iarraidh’), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann faoi láthair a dréachtaíodh ar bhonn shainordú M/BC/CEN/06-89 um chaighdeánú an 29 Aibreán 1990 chun a áirithiú go leanfaidh siad de léiriú a thabhairt ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426 a chomhlíonadh.

(3)

Ar bhonn na hiarrata, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua EN 30-1-1:2021 maidir leis an tsábháilteacht ghinearálta le haghaidh fearais chócaireachta tí a dhónn gás agus EN 30-1-2:2023 maidir le sábháilteacht le haghaidh fearais a bhfuil oighinn chomhiompair fhórsáilte acu. Dhréachtaigh CEN na caighdeáin seo a leanas freisin maidir le trealamh lónadóireachta a théitear le gás: EN 203-1:2021 maidir le ceanglais ghinearálta sábháilteachta, EN 203-2-1:2021 maidir le riachtanais shainiúla le haghaidh dóirí oscailte agus dóirí wok, EN 203-2-2:2021 maidir le riachtanais shainiúla le haghaidh oigheann, EN 203-2-4:2021 maidir le riachtanais shainiúla le haghaidh friochtóirí. Ina theannta sin, dhréachtaigh CEN caighdeáin chomhchuibhithe EN 549:2019+A1:2023 maidir le hábhair rubair le haghaidh séalaí agus scannán le haghaidh gairis gháis agus trealamh gáis, EN 751-3:2022 maidir le téipeanna PTFE agus sreanga PTFE gan sintéir ar ábhair shéalaithe le haghaidh hailt mhiotalacha snáithithe a theagmhaíonn leis na 1ú, 2ú agus 3ú gáis agus uisce teaghlaigh, EN 15502-1:2021 maidir le ceanglais ghinearálta agus tástálacha le haghaidh coirí téimh gásadhainte agus EN 16898:2022 maidir le scagairí gáis ag a bhfuil brú uasta oibre suas le 600 kPa agus é sin san áireamh.

(4)

Ar bhonn na hiarrata sin, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin: EN 88-1:2022 maidir le rialtóirí brú do bhrúnna ionraoin suas le 50 kPa agus an brú sin san áireamh, EN 257:2022 maidir le teirmeastait mheicniúla le haghaidh fearais dóite gáis, EN 1106:2022 maidir le sconnaí a oibrítear de láimh le haghaidh fearais dóite gáis, EN 1854:2022 maidir le feistí braite brú do dhóirí gáis agus do ghairis dóite gáis agus EN 15502-2-1:2022 maidir le fearais de chineál C agus fearais de chineál B2, B3 agus B5 le hionchur teasa ainmniúil nach sáraíonn 1 000 kW.

(5)

Rinne an Coimisiún a mheasúnú, in éineacht le CEN, an gcomhlíontar an iarraidh leis na caighdeáin a dhréachtaigh CEN.

(6)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán EN 30-1-1:2021, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán na ceanglais riachtanacha a leagtar amach i bpointe 3.2.4. agus i bpointe 3.4.4. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426, is iad sin na ceanglais maidir le fearais arna ndearadh agus arna ndéanamh chun gás ina bhfuil aonocsaíd charbóin nó comhábhair thocsaineacha eile a dhó, nach mbeidh na fearais sin ina mbaol do shláinte daoine agus d’ainmhithe clóis a nochtar agus nach mór fearais a dhearadh agus a dhéanamh sa chaoi, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu, nach mbeidh siad ina gcúis le tiúchan aonocsaíde carbóin nó substaintí eile atá dochrach don tsláinte. A mhéid a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach i bpointe 3.2.4. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426, ní chumhdaítear go leordhóthanach leis an gcaighdeán úsáid gáis ina bhfuil aonocsaíd charbóin nó comhábhair thocsaineacha eile. Thairis sin, a mhéid a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach i bpointe 3.4.4. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, is cosúil go gcomhlíontar leis an gcaighdeán an ceanglas maidir le haonocsaíd charbóin ach ní maidir le tiúchan substaintí eile ar dócha a mbeadh ina mbaol don tsláinte.

(7)

Na caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtaigh CEN ar bhonn na hiarrata, cé is moite de chaighdeán comhchuibhithe EN 30-1-1:2021, comhlíonann siad na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar aon le tagairtí d’aon chaighdeán ábhartha leasaitheach nó ceartaitheach a ghabhann leo. Ós rud é nach gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha a leagtar amach i bpointí 3.2.4. agus 3.4.4. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426 le caighdeán EN 30-1-1:2021, ba cheart é a fhoilsiú le srian.

(8)

An tsraith dheireanach caighdeán lena nglactar toimhde comhréireachta le Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ar tháinig Rialachán (AE) 2016/426 ina hionad, foilsíodh an tsraith sin faoi Theachtaireacht 2018/C 118/05 (5). Chuaigh an Teachtaireacht sin in éag an 21 Aibreán 2018. Dá bhrí sin, níl aon chaighdeáin chomhchuibhithe foilsithe faoi láthair lena dtugtar toimhde comhréireachta leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426.

(9)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/426 agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin.

(10)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh fearais a dhónn breoslaí gásacha agus le haghaidh feisteas, caighdeáin arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2016/426, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear na tagairtí sin leis seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2016/426/oj.?locale=ga).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)4789 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le fearais gháis agus feistis chun tacú le Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (IO L 330, 16.12.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/142/oj).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (Foilsiú theidil na gcaighdeán comhchuibhithe agus foilsiú na dtagairtí do na caighdeáin sin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (IO C 118, 4.4.2018, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

1.

EN 30-1-1:2021

Fearais chócaireachta tí a dhónn gás — Cuid 1-1: Sábháilteacht — Ginearálta

Srianta:

(a)

Le EN 30-1-1:2021, ní chumhdaítear an ceanglas riachtanach a leagtar amach i bpointe 3.2.4. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426.

(b)

Cumhdaítear le EN 30-1-1:2021 an ceanglas riachtanach a leagtar amach i bpointe 3.4.4. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/426 a mhéid a bhaineann le haonocsaíd charbóin ach ní chumhdaítear leis an ceanglas sin a mhéid a bhaineann le tiúchain dhíobhálacha eile substaintí ar dócha go mbeidís ina mbaol don tsláinte.

2.

EN 30-1-2:2023

Fearais chócaireachta tí a dhónn gás — Cuid 1-2: Sábháilteacht — Fearais a bhfuil oighinn chomhiompair fhórsáilte acu

3.

EN 88-1:2022

Gairis sábháilteachta agus rialaithe do dhóirí gáis agus d’fhearais dóite gáis — Cuid 1: Rialtóirí brú do bhrúnna ionraoin suas le 50 kPa agus an brú sin san áireamh

4.

EN 203-1:2021

Trealamh lónadóireachta a théitear le gás — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta

5.

EN 203-2-1:2021

Trealamh lónadóireachta a théitear le gás — Cuid 2-1: Riachtanais shainiúla — Dóirí oscailte agus dóirí wok

6.

EN 203-2-2:2021

Trealamh lónadóireachta a théitear le gás — Cuid 2-2: Riachtanais shainiúla — Oighinn

7.

EN 203-2-4:2021

Trealamh lónadóireachta a théitear le gás — Cuid 2-4: Riachtanais shainiúla — Friochtóirí

8.

EN 257:2022

Teirmeastait mheicniúla le haghaidh fearais dóite gáis

9.

EN 549:2019+A1:2023

Ábhair rubair le haghaidh séalaí agus scannán le haghaidh gairis gháis agus trealamh gáis

10.

EN 751-3:2022

Ábhair shéalaithe le haghaidh hailt mhiotalacha snáithithe a theagmhaíonn leis na 1ú, 2ú agus 3ú gáis agus uisce teaghlaigh — Cuid 3: Téipeanna PTFE agus sreanga PTFE gan sintéir

11.

EN 1106:2022

Sconnaí a oibrítear de láimh le haghaidh fearais dóite gáis

12.

EN 1854:2022

Feistí sábháilteachta agus rialaithe le haghaidh dóirí agus gaireas ina ndóitear breoslaí gásacha nó leachtacha — Feistí braite brú do dhóirí gáis agus do ghairis dóite gáis

13.

EN 15502-1:2021

Coirí téimh gásadhainte — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus tástálacha

14.

EN 15502-2-1:2022

Coirí téimh lárnaigh gásadhainte — Cuid 2-1: Caighdeán sainiúil maidir le fearais de chineál C agus fearais de chineál B2, B3 agus B5 le hionchur teasa ainmniúil nach sáraíonn 1 000 kW

15.

EN 16898:2022

Feistí sábháilteachta agus rialaithe le haghaidh dóirí gáis agus gairis dóite gáis — Scagairí gáis ag a bhfuil brú uasta oibre suas le 600 kPa agus é sin san áireamh


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/224/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)