European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/219

10.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/219 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Eanáir 2024

lena mbronnfar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Terre Abruzzesi/Terre d’Abruzzo’ (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Iodáil ar aghaidh an t-ainm ‘Terre Abruzzesi/Terre d’Abruzzo’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 99(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Terre Abruzzesi/Terre d’Abruzzo’ a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Terre Abruzzesi/Terre d’Abruzzo’ (TGFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO C 317, 9.12.2023, lch. 25.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/219/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)