European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/209

11.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/209 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Eanáir 2024

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) (an bun-Rialachán) iad agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Samhain 2022, thosaigh an Coimisiún Eorpach (an ‘Coimisiún’) scrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus na Tuirce (‘na tíortha lena mbaineann’), ar bhonn Airteagal 5 d’fhoilsigh an Coimisiún fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

(2)

Rinne an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh tar éis do Laminados Losal S.A.U gearán a thaisceadh an 30 Meán Fómhair 2022. (‘an gearánach’ nó ‘Losal’). Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais le haghaidh plátaí ceannbheannacha cruach de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Sa ghearán bhí fianaise maidir le dumpáil agus le díobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Bearta sealadacha

(3)

An 12 Iúil 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 (3) ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach ar de thionscnamh na Síne agus na Tuirce iad (‘an Rialachán sealadach’).

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(4)

Tar éis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a nochtadh ar an mbonn ar forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘nochtadh sealadach’), chuir Rialtas na Tuirce, an táirgeoir onnmhairiúcháin Özkan Demir, táirgeoir onnmhairiúcháin na Síne, Longteng, agus úsáideoir an Aontais Fincantieri S.p.A (‘Fincantieri’), aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, thug Losal barúil ar an bhfianaise a chuir Özkan Demir isteach i ndiaidh an sprioc-ama dá ndéantar foráil i bpointe 8 den Fhógra Tionscnaimh.

(5)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí le Rialtas na Tuirce, Özkan Demir agus Fincantieri.

(6)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí deiridh. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin é an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin é an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(7)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce (‘an nochtadh deiridh’). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(8)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Bhí éisteachtaí ar siúl le Longteng agus Özkan Demir.

1.4.   Maímh maidir leis an tionscnamh

(9)

Tar éis an nochta shealadaigh níor chuir aon pháirtí leasmhar aon mhaíomh breise ná barúlacha isteach maidir leis an tionscnamh seachas na cinn dá dtagraítear i Roinn 1.4 den Rialachán sealadach. Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin a thorthaí agus a chonclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (8) go (15) den Rialachán sealadach.

1.5.   Sampláil

(10)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais, táirgeoirí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí (16) go (23) den Rialachán sealadach.

1.6.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(11)

Mar a luaitear in aithris (28) den Rialachán sealadach, leis an imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). San imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(12)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a leagtar amach in aithris (30) den Rialachán sealadach, gurb éard atá sa táirge lena mbaineann plátaí ceannbheannacha cruach neamh-chóimhiotail sa raon suas le 204 mm ar leithead (‘plátaí ceannbheannacha cruach’), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce a thagann faoi chuimsiú chóid AC ex 7216 50 91 (cód TARIC 7216509110) (‘an táirge lena mbaineann’).

(13)

Úsáidtear go príomha plátaí ceannbheannacha cruach i dtionscal na longthógála le haghaidh tógáil na creatlaí cruach de chúrsóir paisinéirí, báid farantóireachta, soithí míleata, agus soithí ceannaithe. D’fhéadfaí go n-úsáidtear plátaí ceannbheannacha cruach freisin chun ardán amach ón gcósta agus ráillí tram a thógáil, ach san Aontas ní bhaineann an cur i bhfeidhm seo plátaí ceannbheannacha cruach ach le méideanna imeallacha.

2.2.   An táirge comhchosúil

(14)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (31) agus (32) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An tSín

(15)

Tar éis na nochtaí sealadacha, fuair an Coimisiún barúlacha i scríbhinn ó Longteng maidir leis na torthaí sealadacha dumpála.

3.1.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(16)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithris (43) den Rialachán sealadach.

3.1.2.   An gnáthluach

3.1.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(17)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le saobhadh suntasach a bheith ann i Roinn 3.1.2.1 den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúil maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.1.2.2.   Tír ionadaíoch

(18)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithris (84) den Rialachán sealadach.

3.1.2.3.   Amhábhair, fuinneamh, costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabúis

(19)

I ndiaidh nochtadh sealadach, chuir Longteng barúlacha isteach maidir leis na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh tosca táirgeachta áirithe agus le costais díola, riaracháin agus ghinearálta (SGA) a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh.

3.1.2.3.1.   Tosca táirgeachta

(20)

D’athdhearbhaigh Longteng a maímh a cuireadh isteach maidir leis an Dara Nóta a ghabhann leis an gcomhad gan gnéithe nua a chur isteach. Rinneadh achoimre agus frisnéis orthu in aithrisí (92) go (94) den Rialachán sealadach. Maítear chomh maith nár cheart na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh ocsaigin agus nítrigin a bhunú ar na praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia mar bunaíodh na hallmhairí sin ar allmhairí ó Shingeapór go príomha, a líomhnaítear ina leith gur allmhairí iad a bhfuil táirgeadh tionsclaíoch teoranta acu agus nach bhféadfadh na tagarmharcanna sin na costais a bhaineann le holltáirgeadh na dtáirgí sin a léiriú. Tharraing Longteng aird ar thagarmharcanna i bhfad níos ísle an ‘luach neamhshaofa’ le haghaidh ocsaigin agus nítrigin a bunaíodh in imeachtaí eile, i gcás inar roghnaíodh Meicsiceo mar thír ionadaíoch iomchuí. Bheartaigh Longteng luachanna costais ocsaigine agus nítrigine an táirgeora onnmhairiúcháin Turcaigh, Özkan Demir a úsáid.

(21)

Bhunaigh an Coimisiún gur bhain Singeapór leis na 10 dtír is fearr ar domhan maidir le tosca táirgeachta i dtéarmaí cainníochtaí onnmhairithe (4). Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a honnmhairí chuig an Malaeisia a úsáid mar bhonn réasúnach maidir leis na tagarmharcanna sin a shocrú. Thairis sin, is é atá i gceist leis na luachanna allmhairithe isteach sa Mhalaeisia, de bharr fórsaí iomaíochta, ná luach na dtosca táirgeachta ábhartha sa Mhalaeisia a léiriú. Bíonn ábharthacht theoranta i gceist le ráiteas ginearálta maidir le costais táirgthe sa tír is onnmhaireoir dá bhrí sin. Maidir le tagarmharcanna níos ísle a úsáidtear in imeachtaí eile, mar a mhínítear in aithris (90) den Rialachán sealadach, níor measadh go raibh Meicsiceo incháilithe chun tagarmharcanna do na hionchuir sin a bhunú mar nach raibh allmhairithe aici i gcainníochtaí ionadaíocha le haghaidh na trí ionchur uile (5). Chomh maith leis sin, níor bhain na luachanna sin leis an tréimhse imscrúdúcháin chéanna. Ar deireadh, ós rud é nár cheannaigh Özkan Demir ocsaigin ná nítrigin de bharr próiseas táirgthe difriúil, ní raibh faisnéis den sórt sin le fáil.

(22)

Mhaígh Longteng go raibh meánphraghas allmhairiúcháin an argóin sa Tuirc ard go saorga agus mhol sé costas iarbhír an argóin a tuairiscíodh ag Özkan Demir a úsáid nó an toisc tháirgeachta sin a bhogadh go ‘tomhaltáin’. Maidir le hocsaigin agus nítrigin áfach, ní raibh an fhaisnéis sin ó Özkan Demir ar fáil. Chomh maith leis sin, i bhfianaise méideanna ionadaíocha allmhairí argóin sa Tuirc, ní raibh aon chúis oibiachtúil ann go measfaí na costais sin gan bheith ina gcostais ionadaíocha nó go gcaithfí le hargón mar thomhaltáin.

(23)

Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin a bhain le tosca táirgeachta.

(24)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Longteng go raibh difríocht shuntasach idir na tagarmharcanna a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha le haghaidh aolchloiche, nítrigine agus ocsaigine agus a gcostais aonaid féin. Thairis sin, mhol Longteng an praghas allmhairiúcháin sa Bhrasaíl a úsáid mar thagarmharc le haghaidh aolchloiche agus, i gcás nítrigine agus ocsaigine, thagair sé do phraghsanna ón tír onnmhairiúcháin is mó mar thagarmharcanna.

(25)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin ar an bhforas nár chuir Longteng fianaise ar fáil lenarbh fhéidir a shuí go dearfach go raibh a luachanna le haghaidh na dtosca táirgeachta i gceist neamhshaofa, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 2(6ú) den bhun-Rialachán. Aon argóint atá bunaithe ar chomparáid le luachanna atá saofa, is argóint gan bhunús é sin. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann leis na tagarmharcanna malartacha a mhol Longteng, thug an Coimisiún dá aire nach raibh allmhairí nítrigine agus ocsaigine ag an mBrasaíl i gcainníochtaí atá sách ionadaíoch agus, mar a mhínítear in aithris (90) den Rialachán sealadach agus in aithris (22) thuas, roghnaigh an Coimisiún an Mhalaeisia mar an t-aon tír ionadaíoch amháin a raibh cainníochtaí ionadaíocha aici le haghaidh na dtrí thoisc táirgeachta lena mbaineann. Dá bhrí sin, measadh nach raibh foinse den sórt sin iomchuí. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.1.2.3.2.   Costais SGA agus brabúis

(26)

Mhaígh Longteng nár cheart gnéithe costais áirithe na ‘Speansais maidir le Díolacháin Margaíochta agus Dáileachán’, amhail lasta, onnmhairiú, iompar agus coimisiún díolacháin, a chur san áireamh agus costais SGA na cuideachta ionadaíche á ríomh mar ba ghá an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

(27)

D’athscrúdaigh an Coimisiún ráitis airgeadais an tairgeora Turcaigh, ghlac sé le maíomh Longteng agus bhain sé na speansais sin as ríomh chostais SGA. I gcoinne an méid a maíodh in aithris (109) den Rialachán sealadach baineadh na sonraí airgeadais as ráitis airgeadais na cuideachta atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na cuideachta.

(28)

I gcomhthráth leis sin, shuigh an Coimisiún nár ríomhadh costais SGA agus corrlaigh bhrabúis sealadacha an tairgeora Turcaigh i gceart mar cuireadh míreanna áirithe san áireamh agus fágadh míreanna áirithe as an áireamh maidir le corrlach chostais SGA a ríomh ach ní maidir leis an gcorrlach brabúis a ríomh, rud a chuir le neamhréire i ríomh na gcorrlach. Nochtadh ceartúcháin mhionsonraithe don táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch sa tSín. Rinneadh costais SGA agus céatadáin brabús a athríomh dá bharr sin agus fuarthas céatadáin 13,3 % agus 16,9 % faoi seach de chostas iomlán neamhshaofa na monaraíochta mar thoradh air sin.

(29)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Longteng gur chuir an Coimisiún, trí dhearmad, na costais iompair, a baineadh de chostais SGA, san áireamh sa chalcalas brabúis agus corrlach brabúis na cuideachta ionadaíche á ríomh aige. Thairis sin, mhaígh Longteng nach féidir a mheas go bhfuil an cóimheas costas SGA agus brabúis réalaíoch sa tionscal cruach.

(30)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc nárbh ann do chúiseanna le neamhaird a dhéanamh de na línte ‘ioncaim/speansais eile ó na príomhoibríochtaí’ agus ‘ioncaim/speansais mhaoiniúcháin’ nuair atá cóimheas brabúis na n-ítimí sin á gcur san áireamh agus méid iomlán na gcostas SGA á ríomh. Na hítimí sin a chur san áireamh i ríomh an bhrabúis agus na gcostas SGA nó gan iad a chur san áireamh, níl aon tionchar aige sin ar cinneadh críochnaitheacha na dumpála toisc má bhíonn aon mhéadú/laghdú ar SGA, beidh laghdú/méadú comhfhreagrach sa chorrlach brabúis.

(31)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Longteng gur cheart don Choimisiún an t-ioncam agus na costais malairte eachtraí a bhaint ó ríomh an chorrlaigh SGA toisc go n-eascraíonn siad as luaineachtaí arda i luacháil lira na Tuirce le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(32)

I ndáil leis sin, mheas an Coimisiún go gcuirtear ioncam agus costais malairte eachtraí san áireamh de ghnáth agus costais SGA á ríomh, ar choinníoll go mbaineann na costais sin leis an táirge faoi imscrúdú. Ina theannta sin, dá n-eisiafaí costais den sórt sin, mhéadóidís an corrlach brabúis is infheidhme dá réir, rud a d’fhágfadh nach mbeadh aon éifeacht acu ar an leibhéal costas SGA agus brabúis le chéile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(33)

Mhaígh Longteng freisin nár cheart don Choimisiún an céatadán brabúis a oiriúnú tar éis costais iompair a asbhaint mar a d’iarr Longteng agus mar a luaitear in aithris (29). D’áitigh sé freisin nach bhféadfaí a mheas go bhfuil na céatadáin SGA ná na céatadáin bhrabúis a úsáideadh réalaíoch don tionscal cruach.

(34)

Mheas an Coimisiún go ndearnadh na ríomhanna i gcomhréir le cleachtas caighdeánach an Choimisiúin agus níor thug na hargóintí a luaigh Longteng aon chúis bhailí chun dul ar aghaidh ar a mhalairt. Mheas an Coimisiún nár bhain na figiúirí a chuir Longteng i láthair leis an tír ionadaíoch agus dá bhrí sin nach bhféadfaí iad a mheas le haghaidh an imscrúdaithe seo. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.1.2.3.3.   Fuinneamh

(35)

I ndiaidh nochtadh sealadach, shuigh an Coimisiún go raibh méadú i bhfad níos mó ar phraghsanna an leictreachais agus an gháis nádúrtha sa Tuirc ná mar a bhí ar an ráta boilscithe sa Tuirc. Ina theannta sin, níor fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce an fhaisnéis maidir le praghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha sa dara leath de 2022. Dá bhrí sin, bheartaigh an Coimisiún costais neamhshaofa an leictreachais agus an gháis nádúrtha a úsáid sa Mhalaeisia. Go deimhin, is tír í an Mhalaeisia a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne agus úsáideadh í freisin chun tagarmhairc ocsaigine, nítrigine agus aolchloiche a ríomh. Ina theannta sin, úsáideadh í mar thír ionadaíoch in imscrúduithe cosúla eile.

(36)

Bhí na praghsanna leictreachais sa Mhalaeisia ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na cuideachta fóntais leictreachais TNB (6). Bhain an Coimisiún úsáid as na taraifí is infheidhme maidir le custaiméirí sa chatagóir ‘meánvoltais’. Bhí praghsanna an gháis nádúrtha sa Mhalaeisia ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an choimisiúin um fhuinneamh (7). D’úsáid an Coimisiún taraifí gáis nádúrtha infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha sa cheathrú ráithe de 2021 agus roghnaigh sé banda tomhaltais i gcomhréir le tomhaltas gáis nádúrtha an ghearánaigh.

Fuinneamh

Leictreachas

 

Tenaga Nasional – praghas leictreachais na Malaeisia d’úsáideoirí tionsclaíocha

0,51 CNY/kWh

Gás nádúrtha

 

An Coimisiún um fhuinneamh – praghas an gháis d’úsáideoirí tionsclaíocha

2,02 CNY/m3

3.1.3.   Ríomh

(37)

Cé is moite de na hathruithe a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (26) go (36), chum an Coimisiún an gnáthluach mar a leagtar amach in aithrisí (110) go (114) den Rialachán sealadach.

3.1.4.   An praghas onnmhairiúcháin

(38)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (115) agus (116) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúil maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.1.5.   Comparáid

(39)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (117) go (118) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúil maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.1.6.   Corrlaigh dhumpála

(40)

I ndiaidh na gconclúidí maidir le maímh ó Longteng a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (23) agus (27), agus na torthaí ar a dtugtar tuairisc in aithris (28) agus (36), d’athbhreithnigh an Coimisiún na corrlaigh dhumpála.

(41)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Changshu Longteng Special Steel Co., Ltd.

23  %

Gach cuideachta eile

23  %

3.2.   An Tuirc

(42)

Tar éis nochtadh sealadach, fuair an Coimisiún barúlacha i scríbhinn ó Rialtas na Tuirce agus ó Özkan Demir maidir leis na torthaí sealadacha dumpála. Tar éis an nochta deiridh, fuair an Coimisiún barúlacha i scríbhinn ó Rialtas na Tuirce agus ó Özkan Demir.

3.2.1.   An gnáthluach

(43)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (122) go (133) den Rialachán sealadach.

(44)

Tar éis an nochta shealadaigh, líomhain Özkan Demir, i gcomhthéacs a fhomhaímh atá mionsonraithe in aithris (74) thíos, go mba cheart ‘tástáil an ghnáthchúrsa trádála’ (‘tástáil OCOT’) a dhéanamh ar bhonn ráithiúil. Thug Özkan Demir údar leis an maíomh ar bhonn an mhéadaithe shubstaintiúil ar chostais táirgthe, a mhéadaigh níos mó ná faoi dhó sa tréimhse imscrúdúcháin. Mhínigh Özkan Demir gurb é an toradh a bhí leis sin nár gur caitheadh le roinnt idirbhearta mar idirbhearta neamhbhrabúsacha, cé gur idirbhearta brabúsacha a bhí iontu i ndáiríre ar bhonn rathúil. Mhaígh Özkan Demir freisin go ndearna an Coimisiún san am a chuaigh thart, agus éagsúlachtaí sna costais tháirgthe substaintiúla os a chomhair, ríomh dumpála míosúil nó ráithiúil. I dtacú lena líomhaintí, le linn na héisteachta, rinne Özkan Demir tagairt do thuarascáil an phainéil in An Phoblacht Dhoiminiceach – AD maidir le Barraí Cruach (Cósta Ríce) (8).

(45)

Ag an tús, thug an Coimisiún dá aire nach sainordaítear le haon rud i dtéacs Airteagal 2(4) den bhun-Rialacháin maidir le sonraí costais táirgthe ráithiúla a úsáid. Go deimhin, tagraítear in Airteagal 2(4) do na ‘meánchostais ualaithe don tréimhse imscrúdaithe’ mar thréimhse réasúnta chun a chinneadh an ndéanann praghsanna foráil maidir le haisghabháil costas. Mheas an Coimisiún go nglactar go ginearálta le húsáid na gcostas táirgthe bliantúil agus gur cosúil gurb iomchuí sin i bhformhór na gcásanna, ós rud é go dtógann sé amach luaineachtaí foircneacha agus luaineachtaí gearrthéarmacha ar chostais agus ar phraghsanna araon. Is é an gnáthrud é fiú i gcleachtas chuid mhaith údarás imscrúdúcháin. Ní imítear ó na meánchostais bhliantúla ach in imthosca eisceachtúla amháin. Bhreithnigh an Coimisiún ar an maíomh seo go cúramach chun a mheas an mbeadh cúiseanna leis imeacht ó mhodh an tástáil OCOT a dhéanamh ar bhonn meánchostais táirgthe bliantúil. Tháinig sé ar an gconclúid, áfach, nach raibh aon imthosca eisceachtúla ann sa chás seo.

(46)

Ar an gcéad dul síos, mar a mhínigh Özkan Demir, ní tháirgeann an chuideachta an táirge faoi imscrúdú go leanúnach. Go deimhin, bhí míonna ann le linn na tréimhse imscrúdúcháin nach raibh aon táirgeadh ann ar chor ar bith. Dá n-úsáidfí eatraimh ama measartha gearr (trí mhí i gcás ráithí) i gcás den sórt sin, ní bheadh meántoradh ann a léiríonn go cruinn na costais le haghaidh na tréimhse a chumhdaíonn sé. I bhfocail eile, ós rud é nach mbeadh aon sonraí táirgeachta ann i ráithe áirithe don tríú cuid ar a laghad den tréimhse ábhartha, ní léireodh an meán a fhaightear go cruinn na costais ábhartha i rith na ráithe. I gcás den sórt sin, is iomchuí díriú ar thréimhse níos faide d’aon bhliain amháin toisc go léiríonn an meán bliantúil na costais táirgthe sa tréimhse sin ar bhealach níos cruinne.

(47)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Özkan Demir gurbh fhearr ríomh bliantúil, ná ríomh ráithiúil, in éagmais táirgeachta sa tríú cuid den tréimhse ábhartha ar a mhéad, toisc go bhfuil easpa táirgthe i míonna áirithe fós. Mar a luaitear in aithris (46), mheas an Coimisiún gur féidir na costais ábhartha ar feadh na bliana ar fad a léiriú trí mheánchostas táirgthe bliantúil a úsáid, rud a laghdaíonn an tionchar a bhaineann leis an easpa táirgthe i dtréimhsí ar leith. Is é sin le rá, ar an meán le haghaidh bliana, fiú má bhí sonraí costais ar iarraidh ar feadh roinnt míonna i rith na bliana sin, léiríonn sé ar bhealach níos cruinne na costais táirgthe sa tréimhse a chumhdaíonn sé. Níor sholáthair na páirtithe eile aon fhianaise dá mhalairt. Is léir nach amhlaidh atá i gcás meán le haghaidh ráithe nuair nach bhfuil aon sonraí costais ann don tríú cuid den ráithe sin ar fad. Dá bhrí sin, i gcás na ráithe ina raibh an tríú cuid de shonraí an chostais táirgthe in easnamh, níor mheas an Coimisiún go raibh na meánchostais táirgthe ionadaíoch don tréimhse a raibh sé i gceist iad a chumhdach. Sna barúlacha a thug siad maidir leis an nochtadh deiridh, níor thug Özkan Demir aon argóint ná réiteach lena dtabharfaí aghaidh ar an easnamh follasach sin sa mhodh ráithiúil sa chás áirithe seo. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire, i gcás roinnt cineálacha táirgí, go raibh neamhréir idir na ráithí inar monaraíodh samhlacha áirithe agus na ráithí nuair a díoladh iad ar an margadh intíre. Dá bhrí sin, dá nglacfaí an cur chuige ráithiúil, i gcás na gcineálacha táirgí sin, ní fhéadfaí tástáil an ghnáthchúrsa trádála a dhéanamh faoi Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán. Tá sé sin amhlaidh mar i gcás roinnt de na ráithí inar tharla díolacháin, ní bheadh aon sonraí costais ann ar chor ar bith. Is é sin le rá, ní hamháin go mbeadh luachanna neamhionadaíocha mar thoradh ar an gcur chuige ráithiúil nuair a mheastar go ginearálta é, ach, i gcás cineálacha sonracha táirgí, ní cheadódh sé comparáid a dhéanamh idir an praghas is infheidhme sa ráithe sin agus costais chomhfhreagracha sa ráithe chéanna. Ar an mbonn sin, deimhníodh go bhféadfaí na costais ábhartha a léiriú trí mheánchostas táirgthe bliantúil a úsáid le haghaidh gach samhla ar feadh na bliana ar fad agus go mbeadh sé ina bhonn iomchuí le haghaidh ríomh dumpála bliantúil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(48)

Ar an dara dul síos, leis na sonraí a chuir Özkan Demir ar fáil, ní féidir costais SGA atá cruinn agus fíoraithe a bhunú le haghaidh gach ráithe toisc nár cuireadh an fhaisnéis sin isteach ach ar bhonn bliantúil agus le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin ina hiomláine. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ráithiúla ar fáil chun ríomh ráithiúil dumpála nó tástáil an ghnáthchúrsa trádála a cheadú trí úsáid a bhaint as faisnéis chomhfhreagrach a bhaineann le gach ráithe a mhéid a bhaineann le costais SGA.

(49)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Özkan Demir nár luainigh costais SGA le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus rinne sé tagairt do na céatadáin SGA is infheidhme in 2021 agus maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin chun tacú lena mhaíomh. Mhaígh Özkan Demir freisin nár iarr an Coimisiún faisnéis den sórt sin agus costas táirgthe míosúil á iarraidh aige.

(50)

I ndáil leis sin, mheas an Coimisiún, agus é ag iarraidh ar an gCoimisiún ríomhanna dumpála ráithiúla a dhéanamh, gur cheart an fhaisnéis ábhartha uile a bheith curtha ar fáil ag Özkan Demir lena gceadaítear don Choimisiún ríomhanna den sórt sin a dhéanamh. In éagmais na faisnéise sin, ní raibh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar an leibhéal de chostais SGA is infheidhme i ngach ráithe. Ina theannta sin, agus a bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh á gcur isteach aige, níor sholáthair Özkan Demir costais SGA ar bhonn ráithiúil ach oiread. A mhéid a bhaineann le figiúirí SGA in 2021 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, thug an Coimisiún dá aire, cé go bhféadfadh na céatadáin is infheidhme a bheith cosúil lena chéile, nach mbaineann siad le ráithí éagsúla na tréimhse imscrúdúcháin agus, dá bhrí sin, nach dtugann siad léargas anailíseach ar luaineacht na luachanna sin ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, i bhfianaise luaineacht mhíchothrom Lira na Tuirce vs. an EUR agus an USD le linn na tréimhse imscrúdúcháin, is féidir a bheith ag súil leis nár tháinig forbairt chothrom ar chostais SGA, arb é atá iontu cuid mhór gnóthachan agus caillteanas malairte eachtraí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(51)

Ar deireadh, mar a leagtar amach in aithris (77) freisin, ní raibh na díolacháin intíre comhchruinnithe i dtréimhse ar leith, ach dáileadh iad go cothrom in aghaidh na ráithe den tréimhse imscrúdúcháin, agus na méideanna is airde á ndíol le linn an tríú ráithe den tréimhse imscrúdúcháin. Lean na díolacháin onnmhairí an patrún céanna ionas go ndearnadh díolacháin an táirge faoi imscrúdú a dháileadh go cothrom ar mhargaí intíre agus ar mhargaí onnmhairiúcháin araon, rud a d’fhág gurbh fhéidir comparáid chothrom a dhéanamh idir díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí a chumhdaíonn an tréimhse chéanna.

(52)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Özkan Demir go raibh díolacháin intíre comhchruinnithe sa cheathrú ráithe de 2021, cé go raibh díolacháin onnmhairí comhchruinnithe sa chéad ráithe de 2022. Mar sin féin, bhí locht ar mhodheolaíocht Özkan Demir mar a bhí sé bunaithe ar dháta an ordaithe, ní ar dháta an tsonraisc. Ina theannta sin, dá ndéanfadh an Coimisiún ríomh ráithiúil dumpála, d’úsáidfeadh sé dáta an tsonraisc chun idirdhealú a dhéanamh idir díolacháin de réir ráithe. Dá bhrí sin, ní mór anailís a dhéanamh ar phatrún na trádála trí na díolacháin a dháileadh de réir ráithe, de réir dháta an tsonraisc. Agus é sin á dhéanamh, is féidir a thabhairt faoi deara gur díoladh na méideanna ab airde le linn an tríú ráithe den tréimhse imscrúdúcháin i gcás díolacháin intíre agus onnmhairiúcháin araon. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(53)

Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire thairis sin go ndearna an Phoblacht Dhoiminiceach achomharc in aghaidh na tuarascála a luadh ag Özkan Demir agus dá bhrí sin níor ghlac comhlacht um réiteach díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála leis. Ina theannta sin, tá fíorais an cháis seo difriúil. San imscrúdú in DS605 baineadh níos mó ná 50 % de na díolacháin ó ríomh an ghnáthluacha. Chomh maith leis sin, in DS605 níor bhain méadú ar chostais ach le príomh-amhábhar amháin, ach sa chás atá ann faoi láthair, bhain sé le meascán de mhéadú ar chostas táirgthe, boilsciú agus díluacháil an airgeadra. Os a choinne sin, i gcás Özkan Demir, suíodh go ndearnadh tromlach mór na ndíolachán intíre (thart ar [70-65 %] % den mhéid díolachán) sa ghnáthchúrsa trádála agus dá bhrí sin, úsáideadh iad i ríomh an ghnáthluacha. Tá sé sin amhlaidh mar sa chás atá ann faoi láthair, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh díolacháin Özkan Demir dírithe ar ráithe áirithe ach gur scaipeadh i rith na tréimhse imscrúdúcháin iad.

(54)

Is é an rud is tábhachtaí chun críche Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán ná go ndéanfaí leis na praghsanna díolacháin foráil maidir le costais a ghnóthú agus go mbeadh brabúsacht inbhuanaithe laistigh de thréimhse réasúnta ama a bheith mar thoradh air sin; brabúsacht ag tráth áirithe, níl an tábhacht chéanna leis.

(55)

Chuige sin, agus dlí-eolaíocht EDT ábhartha arna ghlacadh á mheas, thug an Coimisiún chun cuimhne gur aithin an Painéal in CE – Bradán (An Iorua) go sonrach go mbeadh ‘toradh maidir le díolacháin a rinneadh ar phraghsanna os cionn meánchostas ualaithe ar feadh tréimhse an imscrúdúcháin leordhóthanach chun a léiriú nach ndéanann aon díolachán, nach fuarthas a bheith os cionn meánchostas ualaithe ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin, foráil maidir le costais a ghnóthú laistigh de thréimhse ama réasúnta’ (9). Phléigh an painéal brí na dtéarmaí ‘tráth an díola’ freisin agus tugadh faoi deara i mír 7.243 ‘nach mínítear in Airteagal 2.2.1 [den Chomhaontú Frithdhumpála] cad is brí le ‘praghsanna atá faoi bhun na gcostas aonaid tráth an díola’. Maidir leis sin, feicimid go bhfuil cosúlacht idir an chéad abairt agus an dara habairt d’Airteagal 2.2.1. Cé go samhlaítear leis an dá abairt ríomh na gcostas in aghaidh an aonaid thar thréimhse ama, ní shonraítear le ceachtar acu go díreach cén tréimhse ama ba cheart a bheith ann. Is fíor go dtéann an dara habairt níos faide ná an chéad abairt sa mhéid is go ndéanann sé machnamh ar mheasúnú costas ‘tráth an díola’. Mar sin féin, is é ár dtuairim nach gciallaíonn sé sin ach nach mór ‘tráth an díola’ a bheith san áireamh sa tréimhse ama ábhartha. Dá bhrí sin, bheadh sé go hiomlán comhsheasmhach leis an dara habairt d’Airteagal 2.2.1 d’údarás imscrúdúcháin costais in aghaidh an aonaid a ríomh ‘tráth an díola’ thar lá an díola áirithe, nó thar an meán an lá sin, thar sheachtain, mí nó tréimhse imscrúdúcháin. Rinne an painéal tuilleadh mionsaothraithe ar a réasúnaíocht i bhfonóta 417 inar luaigh sé I ndáil leis sin, measaimid go bhfuil sé suntasach cé gur bhain dréachtóirí Chomhaontú Frithdhumpála úsáid as na focail “dáta an díola” in Airteagal 2.4.1, roghnaigh siad “tráth an díola” a úsáid sa dara habairt d’Airteagal 2.2.1. Dar linne, tacaíonn an difríocht seo leis an tuairim nach gá gurb é “dáta an díola” an “tráth an díola” dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2.2.1, agus d’fhéadfadh “tráthanna” eile a bheith san áireamh.’

(56)

Thug an Coimisiún dá aire chomh maith nach ndearnadh difríocht ar bith maidir le sciar nach beag na ndíolachán intíre má mheastar brabúsacht na ndíolachán intíre ar bhonn ráithiúil nó bliantúil iad mar a mhínítear in aithris (81) thíos.

(57)

Tar éis an nochta deiridh, rinne Özkan Demir tagairt arís don tuarascáil ón bpainéal in DS605. Mar a luaitear in aithris (52), rinne an Phoblacht Dhoiminiceach achomharc in aghaidh na tuarascála sin agus dá bhrí sin níor ghlac comhlacht um réiteach díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála é. In aon chás, mar a tugadh faoi deara in aithrisí (46) go (48) i gcás Özkan Demir, ar chúiseanna an-sonrach a bhaineann go sonrach le sonraí thréimhse imscrúdúcháin na cuideachta, bhí sé dodhéanta ríomh ráithiúil iontaofa a dhéanamh. I bhfianaise na mbreithniúchán thuas, dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas chun tástáil OCOT a dhéanamh go ráithiúil.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(58)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (134) agus (135) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúil maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.2.3.   Comparáid

(59)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (136) go (138) den Rialachán sealadach.

(60)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, thug Özkan Demir barúlacha maidir le húsáid an dáta ordaithe ceannaigh chun an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a chomhshó go Lira na Tuirce (TRY) i gcomhréir le hAirteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán.

(61)

I bhfianaise díluacháil suntasach TRY le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus toisc gur socraíodh na téarmaí ábhartha díolacháin ag am an ordaithe ceannaigh, mar a mhínítear in aithris (138) den Rialachán sealadach, d’úsáid an Coimisiún ráta malairte dháta an ordaithe ceannaigh (in ionad dáta an tsonraisc) agus praghas na ndíolachán intíre agus díolacháin onnmhairí araon á chomhshó aige ó euro agus USD go TRY faoi Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán.

(62)

Mhaígh Özkan Demir go mba cheart don Choimisiún dáta an tsonraisc a úsáid le haghaidh an chomhshó airgeadra. D’áitigh sé nár socraíodh na téarmaí ábhartha díolacháin ag am an ordaithe, mar bhain roinnt sonrasc le cainníochtaí a bhí lasmuigh den lamháltas (+/- 5 nó 10 %) atá sonraithe san ordú ceannaigh. Thug an Coimisiún dá aire áfach, nár chonspóid na custaiméirí aon cheann de na díolacháin lasmuigh de lamháltais lena bhfágtar nach mbaineann lamháltais le téarmaí ábhartha díolacháin den sórt sin, éagsúil leis an mbunchainníocht agus an praghas aonaid. Ina theannta sin, mar a luadh in aithris (138) den Rialachán sealadach, léiríodh san anailís a rinneadh ar chleachtas coincréiteach táirgeora onnmhairiúcháin na Tuirce gur socraíodh na téarmaí ábhartha díolacháin lena n-áirítear na cainníochtaí agus an praghas ag am an ordaithe ceannaigh.

(63)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Özkan Demir a mhaíomh go mba cheart don Choimisiún dáta an tsonraisc a úsáid le haghaidh an chomhshó airgeadra. Go háirithe, d’áitigh Özkan Demir gur socraíodh téarmaí ábhartha na ndíolachán agus go háirithe an chainníocht deiridh agus an praghas deiridh tráth an tsonraisc. D’áitigh sé freisin gur ghéill an Coimisiún nach téarmaí ábhartha díolacháin iad lamháltais, ach go roghnaíonn siad an t-ordú ceannaigh fós, áit a rialaíonn an lamháltas an chainníocht den chuid is mó, mar an deitéarmanant chun téarmaí ábhartha na ndíolachán a shocrú.

(64)

Thug an Coimisiún dá aire gur cleachtas ginearálta é lamháltas a úsáid agus plátaí ceannbheannacha á ndíol agus, ar bhonn níos ginearálta, nuair atá táirgí cruach á ndíol freisin. Aontaíonn cuideachtaí sa tionscal seo tráth an ordaithe ar chainníochtaí agus ar phraghsanna aonaid. Ós rud é go n-úsáidtear lamháltais, is léiriú é sin ar an earnáil cruach ina n-ordaítear thart ar chainníochtaí trí úsáid a bhaint as lamháltais chun neamhábaltacht táirgeoirí cainníochtaí beachta a sholáthar i bhfianaise chineál an táirge. Ní dhéanann úsáid lamháltas den sórt sin difear don fhíoras go socraítear téarmaí ábhartha an díolacháin, i.e. cainníochtaí agus praghsanna aonaid tráth an ordaithe. Deimhnítear frisnéis den sórt sin freisin toisc nár chuir na custaiméirí in aghaidh aon cheann de na díolacháin lasmuigh de na lamháltais, mar a luaitear in aithris (62). Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(65)

D’áitigh Özkan Demir chomh maith nár thug an Coimisiún bunús leis an gcúis chun imeacht óna chleachtas caighdeánach agus gur úsáid an Coimisiún an dáta ordaithe in ionad dháta an tsonraisc chun críoch comhshó. Bhreithnigh an Coimisiún gur nochtadh cúiseanna leordhóthanacha ach tagairt a dhéanamh don tráth nuair a socraíodh na téarmaí ábhartha díolacháin, díluacháil TRY agus tionchar praghsanna agus comparáid phraghsanna chun údar a thabhairt le coigeartú a dhéanamh. Toisc go bpraghsáiltear díolacháin intíre agus díolacháin an Aontais in airgeadra eachtrach araon, athraíonn an difríocht ama idir dáta an ordaithe ceannaigh agus dáta an tsonraisc ó idirbheart amháin go hidirbheart eile agus tá sé níos faide maidir le díolacháin an Aontais ná mar atá sé maidir le díolacháin intíre ar an meán. Is féidir le hathrú ar an ráta malairte difear a dhéanamh do chomparáid praghsanna agus ceanglaítear le comparáid féaráilte go n-úsáidfear an dáta díolacháin le haghaidh an airgeadra a chomhshó go TRY.

(66)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Özkan Demir a mhaíomh nár chomhlíon an Coimisiún an dualgas cruthúnais maidir le coigeartú a dhéanamh agus nár léirigh sé tionchar an athraithe ar an ráta malairte ar phraghsanna agus ar inchomparáideacht praghsanna. Thug an Coimisiún dá aire ar dtús gurb é atá sa choigeartú dá bhforáiltear le hAirteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán comhshó airgeadra lena gcumasaítear ríomh dumpála i gcás nach mór luachanna le haghaidh costas agus praghsanna in airgeadraí éagsúla a chur i gcomparáid. Ní chuireann Özkan Demir in aghaidh an ghá atá leis an gcoigeartú sin. Laistigh den choigeartú sin, roghnóidh an Coimisiún dáta le haghaidh ráta comhshó. De réir Airteagal 2(10)(j), ‘is féidir […] an ordaithe ceannaigh nó an ordaithe daingnithe a úsáid más rud é gurb iad is iomchuí le téarmaí nithiúla an díolacháin a shuíomh’. Mar a mhínítear thuas agus in aithris (138) den Rialachán sealadach, sa chás áirithe seo, bunaítear na téarmaí ábhartha díolacháin leis an ordú ceannaigh ar bhealach níos iomchuí. Theip ar Özkan Demir é sin a fhrisnéis ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. Go deimhin, thug an Coimisiún dá aire gur thart ar 74 % a bhí i ndíluacháil Lira na Tuirce le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid leis an Euro. Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh an t-aga moille idir dáta an ordaithe agus dáta an tsonraisc an-éagsúil: idir 0 lá agus 266 lá i gcás díolacháin intíre agus idir 20 lá agus 219 lá i gcás díolacháin leis an Aontas. Ciallaíonn sé sin, dá n-úsáidfí ráta malairte dháta an tsonraisc, go mbeadh na téarmaí ábhartha díolacháin (amhail praghsanna) a socraíodh tráth an ordaithe ceannaigh saofa ag difríocht shuntasach sa ráta malairte a tharla idir an dáta sin agus dáta an tsonraisc mar gheall ar dhíluacháil Lira na Tuirce. Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh Özkan Demir ag baint úsáid as airgeadraí eachtracha dá dhíolacháin intíre agus onnmhairiúcháin, rud a léiríonn go raibh coinne aige le héagsúlachtaí láidre i luacháil a airgeadra intíre i gcomparáid le hairgeadraí eachtracha. Dá bhrí sin, bhí an chuideachta féin ag maolú éifeachtaí an díluachála ar an bpraghas a comhaontaíodh tráth an ordaithe ceannaigh agus an t-ioncam a d’fhéadfadh an praghas comhaontaithe sin a fháil nuair a sonrascadh é. Is é sin le rá, d’úsáid Özkan Demir féin sásraí airgeadra-bhunaithe chun saobhadh praghsanna comhaontaithe in orduithe ceannaigh a chosc trí airgeadra intíre na Tuirce a dhíluacháil.

(67)

Tar éis an nochta deiridh, rinne Özkan Demir tagairt d’imscrúdú a rinneadh roimhe seo (10) inar iarr dhá onnmhaireoir de chuid na Tuirce coigeartú comhshó airgeadra de bhun Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán agus mhaígh sé go raibh caighdeán cruthúnais níos ísle á úsáid ag an gCoimisiún nuair a bhí coigeartú comhshó airgeadra á ‘éifeachtú’. Ar bhonn fhíorais an cháis atá i gceist, mheas an Coimisiún gur léirigh sé go raibh gnéithe leordhóthanacha ann a thug údar le húsáid an dáta ceannaigh mar dháta an mhalartaithe airgeadra dá dtagraítear in aithris (138) den Rialachán sealadach agus in aithrisí (61) go (66) thuas. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(68)

Thairis sin, mhaígh Özkan Demir go raibh athrú ar an tréimhse imscrúdúcháin agus gur úsáideadh tacar sonraí neamhiomlána mar thoradh ar úsáid an dáta ordaithe. D’easaontaigh an Coimisiún agus bhreithnigh sé gur fhan an tréimhse imscrúdúcháin gan athrú. Úsáideadh an tréimhse imscrúdúcháin go comhsheasmhach chun an ríomh dumpála a shainmhíniú agus a bhunú ar thacar foriomlán idirbhearta agus dáta sonraisc sa tréimhse imscrúdúcháin. Teorannaítear úsáid an dáta ordaithe go docht leis an gcoigeartú faoi Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán.

(69)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Özkan Demir a mhaíomh gur bhain an Coimisiún úsáid as tacair sonraí neamhiomlána, toisc gur athraíodh dáta na ndíolachán ó dháta an tsonraisc go dáta an ordaithe. In éagmais eilimintí nua maidir leis an bpointe seo, rinne an Coimisiún tagairt d’aithris (68) lena mbréagnaítear maíomh Özkan Demir.

(70)

Ina bharúlacha, thagair Özkan Demir freisin do na treoracha a bhí sa cheistneoir frithdhumpála a eisíodh chuig Özkan Demir agus mhaígh sé gur tugadh treoir dó ‘dáta sonraisc a úsáid mar dháta an díola chun a chinneadh cé na díolacháin a thagann faoin tréimhse imscrúdúcháin’ agus thug sé le fios go raibh úsáid an dáta ordaithe sa ríomh contrártha leis na treoracha sin agus go raibh athrú ar an tacar sonraí mar thoradh air. Ar an gcaoi chéanna, thagair Özkan Demir do Phoblacht Dhoiminiceach — AD maidir le Barraí Cruach (Cósta Ríce) (11) nuair a thug an tAontas le fios ‘gur cheart do na húdaráis imscrúdúcháin praghsanna onnmhairiúcháin agus intíre a thagann faoin [tréimhse imscrúdúcháin] chéanna a mheaitseáil le chéile ar bhonn na gcritéar céanna (e.g. dáta an tsonraisc)’. I ndáil leis sin, déantar tagairt d’aithris (68) lena ndeimhnítear úsáid an dáta sonraisc chun an tréimhse imscrúdúcháin a shainiú le haghaidh díolacháin intíre agus onnmhairiúcháin araon ach úsáid á baint as an dáta ordaithe mar mhódúlacht le haghaidh an choigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(71)

Toisc gur in euro a rinneadh gach díolachán onnmhairí chuig an Aontas agus an chuid is mó de dhíolacháin intíre, d’áitigh Özkan Demir go bhféadfaí ríomh na gcorrlach dumpála a dhéanamh in euro chun aon éifeacht a bhaineann le comhshó airgeadra a sheachaint. Thug Özkan Demir dá aire nach luaitear aon rud sa bhun-Rialachán faoin airgeadra a úsáidtear le haghaidh an corrlach dumpála a ríomh. Bhreithnigh an Coimisiún áfach go gceanglófaí leis an modheolaíocht sin go ndéanfaí costais táirgthe agus praghsanna díola earraí áirithe intíre a chomhshó go Euro. Ar an gcúis sin, measadh gurbh iomchuí ríomhanna a dhéanamh ar dhumpáil in airgeadra na tíre is onnmhaireoir.

(72)

Ar na boinn sin, diúltaíodh do mhaímh Özkan Demir.

(73)

Mhaígh an gearánach gur cheart dáta na tairisceana (a thagann roimh dháta an ordaithe) a úsáid mar bhonn le haghaidh comhshó airgeadra. Ní sholáthraítear le hAirteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán, áfach, an bonn sin i gcomhair comhshó. Níos tábhachtaí fós ní féidir tairiscint a mheas mar chomhaontú maidir le téarmaí nithiúla an díolacháin idir dhá pháirtí. Diúltaíodh don mhéid atá á mhaíomh ag na ngearánach, dá bhrí sin.

(74)

Chuir Özkan Demir roinnt maíomh tánaisteach ar aghaidh, sá chás go ndiúltódh an Coimisiún dá maímh a bhaineann le húsáid dháta an ordaithe ceannaigh chun críche coigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán.

(75)

Ba é an chéad maíomh tánaisteach a ndearnadh ná go ndéanfaí na hidirbhearta le dáta an ordaithe lasmuigh den tréimhse imscrúdúcháin a eisiamh. Mheas an Coimisiún go gciallódh an mhodheolaíocht sin go dtabharfaí neamhaird ar líon suntasach idirbheart a sonrascadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níorbh fhéidir an tréimhse imscrúdúcháin agus na hidirbhearta gaolmhara a athrú le linn an imscrúdúcháin, mar a mheabhraigh Özkan Demir agus an ceart acu ina n-aighneacht. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(76)

Ba é an dara maíomh tánaisteach a ndearnadh ná go ndéanfaí an ríomh ar dhumpáil ar bhonn ráithiúil.

(77)

Ar an gcéad dul síos, dúirt Özkan Demir go raibh údar leis an maíomh sin mar gheall ar an díluacháil ard agus an hipearbhoilsciú sa Tuirc le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire nach raibh aon difríocht shuntasach ann idir na patrúin díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí a thabharfadh údar le ríomhanna ráithiúla. Go deimhin, bhí díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí dáilte go cothrom in aghaidh na ráithe, agus na méideanna is mó á ndíol le linn an tríú ráithe den tréimhse imscrúdúcháin ar an margadh intíre agus ar an margadh onnmhairiúcháin. Cé go bhfuil coinne leis go mbíonn éagsúlachtaí ann ó thaobh dáileadh díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí de, is i gcásanna eisceachtúla amháin a fhéadfaidh an Coimisiún a chur chuige bliantúil a chur i leataobh agus ríomhanna ráithiúla a dhéanamh in ionad ríomhanna bliantúla. Níor breathnaíodh a leithéid de chás eisceachtúil agus dá bhrí sin ní fhéadfadh athrú ar an modheolaíocht a bheith mar thoradh ar an argóint sin.

(78)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Özkan Demir na maímh chéanna leo siúd dá dtagraítear in aithrisí (75) agus (76). In éagmais eilimintí nua maidir leis an bpointe seo, rinne an Coimisiún tagairt d’aithris (77) lena mbréagnaítear maíomh Özkan Demir.

(79)

Ina theannta sin, roimh an nochtadh sealadach, shonraigh Özkan Demir go sainráite, ina fhreagra ar an dara litir easnaimh, go bhféadfadh sé nach mbeadh ríomh míosúil iomchuí sa chás seo. Ní thuigeann an Coimisiún cén fáth go mbeadh ríomh ráithiúil ar dhumpáil níos cruinne ná ríomh míosúil, agus dhiúltaigh an chuideachta do ríomh míosúil. Go deimhin, go teoiriciúil ar a laghad, le ríomh míosúil ba cheart fáil réidh leis na héifeachtaí a bhaineann le méadú suntasach ar chostais sa tréimhse imscrúdúcháin agus/nó le boilsciú ard agus díluacháil an TRY. Ní féidir leis an gCoimisiún a bheith faoi oibleagáid imeacht ón mhodheolaíocht chaighdeánach i gcomhréir leis an mbun-Rialachán gach uair a iarrann táirgeoir onnmhairiúcháin modheolaíocht dhifriúil a chuirfeadh feabhas ar a chorrlach dumpála.

(80)

Ina theannta sin, mar a leagtar amach thuas in aithris (77), dáileadh díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí go cothrom in aghaidh na ráithe, agus na méideanna is mó á ndíol le linn an tríú ráithe den tréimhse imscrúdúcháin ar an margadh intíre agus ar an margadh onnmhairiúcháin. Léiríodh leis sin go ndearnadh comparáid chothrom idir díolacháin a rinneadh an tráth céanna, sa mhéid gurbh fhéidir, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Maidir leis an bhfíoras, mar a mhaígh Özkan Demir, go bhfuil difríocht bheag in aghaidh na ráithe i gcéatadáin na ndíolachán onnmhairí agus na ndíolachán intíre i gcás cineálacha áirithe táirgí, níor athraigh sé an chonclúid sin. Ina theannta sin, léiríonn na samplaí teoiriciúla a thug Özkan Demir (12) go deimhin go bhfuil difríochtaí in uainiú na ndíolachán ábhartha, ach ar bhealach eile is simpliú iad ar fhírinne an scéil, toisc mar shampla nach gcuirtear díluacháil an TRY i gcomparáid leis an EUR san áireamh.

(81)

Ina theannta sin, trí ríomh a dhéanamh ar dhumpáil ar bhonn ráithiúil, ní thabharfaí aghaidh ach go méid an-teoranta ar an imní atá ar Özkan Demir go ndéileálfaí le díolacháin intíre mar dhíolacháin neamhbhrabúsacha, cé gur díolacháin brabúsacha go méid an-teoranta a bhí iontu tráth, agus ríomhanna ráithiúla nó míosúla á n-úsáid. Fiú dá ndéanfadh an Coimisiún ríomh ráithiúil ar dhumpáil, ní thiocfadh méadú suntasach (níos lú ná 10 %) ar sciar na ndíolachán intíre a mheasfar a bheith brabúsach i gcomparáid le ríomhanna bliantúla ar dhumpáil.

(82)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar an iomlán sa chás seo nach raibh cúiseanna leordhóthanacha ann chun imeacht ó ríomh bliantúil ar dhumpáil agus dul i muinín modha eile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(83)

Ar an dara dul síos, ba é an maíomh tánaisteach deiridh a ndearnadh gurbh cheart don Choimisiún costas na liúntas a cuireadh in áirithe in TRY a athríomh, ar liúntais iad a bhaineann go príomha le costais iompair, tríd an ráta malairte ar dháta an ordaithe, in ionad dháta an tsonraisc, a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le ríomh luach na ndíolachán. Thug an Coimisiún dá aire go mbaineann úsáid dáta an ordaithe le coigeartú le haghaidh comhshó airgeadra de réir Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán, ach go rialaítear coigeartuithe a bhaineann le costais iompair, árachais, láimhseála, luchtaithe agus choimhdeacha le hAirteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán trína úsáidfear an costas a thabhaítear. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.2.4.   Corrlach dumpála

(84)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Türkiye Özkan Demir Çelik Sanayi A.Ş

13,6  %

Gach cuideachta eile

13,6  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(85)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (143) go (145) den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(86)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (146) go (149) den Rialachán sealadach.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(87)

Mhaígh Rialtas na Tuirce gur cheart an scrúdú ar allmhairí a dhéanamh ar leithligh do gach tír lena mbaineann. De réir Rialtas na Tuirce, rinne an Coimisiún anailís charnach ar na hallmhairí ‘chun a bheith in ann méadú ar allmhairí a chinneadh agus a bheith in ann beart a dhéanamh’. Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Tuirce nach méadú suntasach ar allmhairí é méadú 4 % ar sciar den mhargadh ag na tíortha lena mbaineann mar a shainaithnítear i gComhaontú Frithdhumpála ETD.

(88)

Bhí cinneadh an Choimisiúin maidir le scrúdú a dhéanamh go carnach ar allmhairí ón tSín agus ón Tuirc i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán agus le hAirteagal 3.3 de Chomhaontú Frithdhumpála ETD. Tá dhá choinníoll sa dá airteagal seo faoinar féidir leis an gCoimisiún measúnú carnach a dhéanamh: ‘(a) go bhfuil an corrlach dumpála arna suíomh i ndáil leis na hallmhairí ó gach tír níos mó ná de minimis mar a shainmhínítear in Airteagal 9(3) [den bhun-Rialachán agus i mír 8 d’Airteagal 5 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT] agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír; agus (b) gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus na coinníollacha iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus an táirge [intíre] Aontais comhchosúil.’

(89)

Níl ‘méadú suntasach ar allmhairí’ dá dtagraítear ag Rialtas na Tuirce ina chuid de na coinníollacha sin. Níor chuir Rialtas na Tuirce in aghaidh an mhaímh gur comhlíonadh ceachtar den dá eilimint sin sa chás seo. Dá bhrí sin deimhníodh conclúid aithrisí (150) go (153) den Rialachán sealadach gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le measúnú carnach.

4.3.2.   Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a sciar den mhargadh

(90)

Mar a luaitear in aithris (87) thuas, mhaígh Rialtas na Tuirce nár cheart breathnú ar an méadú 4 % ar an sciar den mhargadh ó na tíortha lena mbaineann idir 2019 agus an tréimhse imscrúdúcháin a léirítear i dTábla 3 sa Rialachán sealadach mar mhéadú suntasach. Mar sin féin, de réir EDT, ba cheart an focal ‘significant’ (‘suntasach’]a léirmhíniú mar a shainmhínítear é i bhfoclóir Oxford, agus an chiall ‘noteworthy; consequential, influential’ [díol suntais, tábhachtach, rud a bhfuil tionchar aige] ag baint leis. Ina theannta sin, maidir le hAirteagal 3.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT (Airteagal atá coibhéiseach le hAirteagal 3(3) den bhun-Rialachán) dá dtagraíonn don ghá le breithniú a dhéanamh ar cibé ar tháinig nó ná tháinig méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ‘ní leagtar amach ann íostairseach le haghaidh an méid a cháilíonn mar mhéadú ‘suntasach’;d’fhéadfadh ‘suntas’ an mhéadaithe a bheith ag brath ar imthosca sonracha an cháis (13) .

(91)

Sa chás sin, mheas an Coimisiún gur méadú suntasach méadú 4 %, go háirithe i bhfianaise na méaduithe i bhfad níos airde sna blianta roimhe sin den tréimhse lena mbaineann. Mar a mhínítear in aithris (157) den Rialachán sealadach, ba é ba chúis leis an sciar den mhargadh níos ísle sa tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid leis na blianta 2020 agus 2021 ná staid ar leith ar mhargadh an Aontais ar staid í nach raibh struchtúrach nó ar dócha go leanfadh sí ar aghaidh tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus dheimhnigh aithrisí (154) go (157) den Rialachán sealadach dá bhrí sin.

4.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann: sladghearradh praghais agus sochtadh praghsanna

(92)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, thug Özkan Demir díospóid don mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun sladghearradh a ríomh. De réir an mhaímh sin, rinne an Coimisiún ‘comhshó dúbailte’ ar dhíolacháin an Aontais trí na méideanna in euro ar shonraisc Özkan Demir a chomhshó chuig TRY ag úsáid ráta malairte dháta an ordaithe agus ansin iad a chomhshó ar ais chuig EUR ag ráta malairte difriúil, i.e. ráta mhí an tsonraisc. D’aithin an Coimisiún an earráid sin agus rinne sé an ceartúchán ba ghá ag úsáid na méideanna in euro ar shonraisc Özkan Demir (méideanna arna coigeartú don luach seachadta CAL) chun na praghsanna allmhairiúcháin a ríomh.

(93)

Mar iarmhairt air sin, ceartaíodh an meánphraghas allmhairiúcháin don Tuirc sa tréimhse imscrúdúcháin mar a thuairiscítear i dTábla 4 sa Rialachán sealadach freisin, mar a léirítear sa tábla thíos:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2019

2020

2021

An tréimhse imscrúdúcháin

Daon-Phoblacht na Síne

[800 -900 ]

[800 -900 ]

[850 -1 000 ]

[1 000 -1 200 ]

Innéacs

100

95

108

133

An Tuirc

[700 -800 ]

[700 -800 ]

[850 -1 000 ]

[1 100 -1 300 ]

Innéacs

100

92

119

157

Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha

(94)

Tar éis an cheartúcháin seo, tháinig an meánchorrlach sladghearrtha don Tuirc chun bheith de minimis, agus corrlach gearrdhíola de 15,41 % ann i gcás na Tuirce. Mar ar thángthas ar chonclúid maidir leis i Roinn 4.3.3 den Rialachán sealadach, shuigh an Coimisiún go raibh ann do shochtadh praghsanna. Mar gheall ar an mbrú suntasach praghsanna de bharr na n-allmhairí dumpáilte ar mhargadh an Aontais i líon an-ard, cuireadh cosc ar thionscal an Aontais a gcuid praghsanna díolacháin a mhéadú chun staid bhrabúsach a bhaint amach le linn na tréimhse lena mbaineann.

(95)

D’fhiafraigh Rialtas na Tuirce cibé acu ar bhreithnigh nó nár bhreithnigh an Coimisiún an t-ualach ar na plátaí ceannbheannacha cruach allmhairithe de bharr na mbeart coimirce a bhí i bhfeidhm in aghaidh táirgí cruach (14) lena n-áirítear an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I gcás ina mbeadh an taraif-chuóta don ghrúpa táirgí lena n-áirítear plátaí ceannbheannacha cruach ídithe, bheadh ar allmhaireoirí 25 % i ndleachtanna coimirce a íoc ar allmhairí lasmuigh den chuóta.

(96)

Agus anailís á déanamh aige ar éifeacht na mbeart coimirce, chuir an Coimisiún cineál sealadach na ndleachtanna coimirce san áireamh mar a mhínítear in aithris (252) den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, fuarthas nár íocadh dleachtanna coimirce ach ar 18,5 % d’allmhairí uile an Aontais de phlátaí ceannbheannacha cruach le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, níor fhág na sonraí custaim atá ar fáil don tréimhse go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir an táirge faoi imscrúdú agus plátaí ceannbheannacha cruach eile, lena n-áirítear méideanna atá lasmuigh de raon feidhme táirge an imscrúdaithe reatha. Mar sin féin, ós rud é nach dtáirgtear na méideanna níos mó de phlátaí ceannbheannacha cruach san Aontas, is dócha gur cion níos mó de na méideanna allmhairí a bhí iontu seo ná mar a bhí sa táirge faoi imscrúdú. Chomhthacaigh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil le linn le linn na cuairte fíorúcháin ar an láthair ar Fincantieri, úsáideoir comhoibríoch de chuid an Aontais, leis sin.

(97)

Ós rud é 1) nach raibh níos mó ná 80 % de na hallmhairí de phlátaí ceannbheannacha cruach ón Tuirc faoi réir dleachtanna coimirce, 2) gur dócha go dtiteann cuid mhór de na plátaí ceannbheannacha cruach ar ar íocadh dleachtanna coimirce lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe reatha, 3) níor cuireadh aon fhianaise ar fáil a thaispeánann tionchar na ndleachtanna coimirce ar phraghsanna onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce, agus 4) gur dleachtanna sealadacha iad na dleachtanna coimirce, mheas an Coimisiún nach raibh gá leis na praghsanna CAL a choigeartú chun dleachtanna coimirce a chur san áireamh. Maidir le cur i bhfeidhm na ndleachtanna coimirce ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach ó Dhaon-Phoblacht na Síne, níor ídíodh na cuótaí i ráithe ar bith le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(98)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Rialtas Türkiye a bharúlacha maidir leis na bearta coimirce a chur san áireamh i ríomh an chorrlaigh díobhála. Dar le Rialtas Türkiye, má chuirtear na coimircí san áireamh sa ríomh, d’fhéadfaí an corrlach díobhála a ísliú go dtí faoi bhun an chorrlaigh dumpála. Mar sin féin, mar a cuireadh in iúl in aithrisí (96) go (97) ní raibh ach méid beag onnmhairí faoi réir bearta coimirce le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil go mbeadh méid beag den sórt sin faoi réir íocaíocht na dleachta coimirce 25 % go hiomlán. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeadh aon tionchar ag an mbeart coimirce ar na praghsanna onnmhairiúcháin.

(99)

Ina theannta sin, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil don Choimisiún maidir le tionchar na gcoimircí ar na praghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas Türkiye nach bhfuil faisnéis ag Rialtas Türkiye ná ag onnmhaireoirí na Tuirce faoi thionchar na ndleachtanna coimirce ar phraghsanna onnmhaireoirí toisc nach mbeadh an fhaisnéis sin ach ag allmhaireoirí. D’áitigh siad gur cheart don Choimisiún brath ar idirbhearta allmhairiúcháin agus ar dhearbhuithe custaim ina ionad sin. Is idir an soláthraí agus an custaiméir a shocraítear na praghsanna áfach. I gcás ina mbeadh tionchar ag na dleachtanna coimirce ar phraghsanna onnmhairiúcháin, is dócha go mbeadh an tsaincheist sin mar chuid den chaibidlíocht maidir le praghsanna. Dá bhrí sin, bheadh a thionchar ar na praghsanna onnmhairiúcháin ar eolas ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ní dhearna aon allmhaireoir ná táirgeoir onnmhairiúcháin aon éileamh ar choigeartú den sórt sin áfach, ná ní raibh aon fhianaise curtha ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid chun coigeartú den sórt sin a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(100)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (164) go (167) den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(101)

Dúirt Rialtas na Tuirce go bhfuil an Coimisiún ‘ag glacadh leis go bhfuil baint ag féimheacht Lamonirul leis an méadú ar allmhairí agus leis an dumpáil líomhainte’, agus gur cheart don Choimisiún diananailís a dhéanamh ar na cúiseanna le féimheacht Laminorul. Ina theannta sin, d’fhiafraigh Rialtas na Tuirce ar cuireadh sonraí Laminorul san áireamh sna rátaí táirgthe, acmhainneachta táirgeachta agus úsáide acmhainneachta táirgeachta.

(102)

Ní dhearna an Coimisiún aon dearbhú riamh i dtaobh cad iad na cúiseanna a bhí le meath Laminorul. Go deimhin, níor cuireadh féimheacht na cuideachta sin san áireamh ach amháin toisc gur fíoras a bhí ann. Mar a míníodh in aithrisí (11) agus (12) den Rialachán sealadach, mheas an Coimisiún go raibh Laminorul ina chuid de thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus dá bhrí sin gur cuireadh an chuideachta san áireamh ina sonraí agus ina anailís.

(103)

Mar a mhínítear freisin in aithris (12) den Rialachán sealadach, cuireadh san áireamh go sainráite i ranna iolracha den Rialachán sealadach an éifeacht a bhí ag sonraí Laminorul do chur san áireamh ina anailís. B’amhlaidh an cás freisin maidir le táirgeadh agus acmhainneacht, áit ar léirigh an Coimisiún in aithrisí (169) agus (170) den Rialachán sealadach, gur tháinig laghdú, in éagmais Laminorul, ar mhéideanna táirgeachta agus ar rátaí úsáide acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus gur fhan acmhainneacht cobhsaí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(104)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar eile, deimhníodh dá bhrí sin na conclúidí in aithrisí (168) go (170) den Rialachán sealadach.

4.4.2.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(105)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (171) go (172) den Rialachán sealadach.

4.4.2.3.   Fás

(106)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithris (173) den Rialachán sealadach.

4.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(107)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (174) go (176) den Rialachán sealadach.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(108)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (177) go (178) den Rialachán sealadach.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca a dhéanann difear do phraghsanna

(109)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (179) go (181) den Rialachán sealadach.

4.4.3.2.   Costais saothair

(110)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí(182) go (183) den Rialachán sealadach.

4.4.3.3.   Fardail

(111)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (184) go (185) den Rialachán sealadach.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(112)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (186) go (190) den Rialachán sealadach.

4.4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(113)

I bhfianaise a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúil ghaolmhar eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (191) go (198) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(114)

Maíonn Rialtas na Tuirce gur tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag an Tuirc le linn na tréimhse lena mbaineann, agus gur thit sé go leibhéal le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhí faoi bhun leibhéal 2019. Ina theannta sin, chuir siad in iúl go raibh de chumas ag táirgeoir an Aontais a dhíolacháin a mhéadú trí ardú ar phraghsanna atá níos mó ná na costais táirgthe. Dar leo, léireodh sé seo nach bhfuil tionscal an Aontais iomaíoch.

(115)

Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go raibh an sciar den mhargadh a bhí ag an Tuirc in 2020 agus in 2021 os cionn 2019, agus nach raibh sé ach beagán faoi bhun an leibhéil sin sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar a míníodh cheana in aithris (91) thuas agus in aithris (157) den Rialachán sealadach, bhain an laghdú beag seo ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin den chuid is mó le tarlú neamhstruchtúrach sa tréimhse seo, rud nach dócha go leanfadh sé ar aghaidh tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. In aon chás, ós rud é go ndearna an Coimisiún anailís ar dhíobháil allmhairí ón Tuirc agus ón tSín a charnadh, níl athruithe sonracha maidir le hallmhairí na Tuirce ábhartha.

(116)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na Tuirce nár cheart don Choimisiún ‘neamhaird a dhéanamh den treocht dhearfach i dtáscairí thionscal an Aontais mar rud a bhaineann le heilimintí struchtúracha den mhargadh agus a mhaíomh go bhfuil díobháil ábhartha á ndéanamh don tionscal.’ Mar ba léir ó na conclúidí ar dhíobháil i roinn 4.4.4. den Rialachán sealadach áfach ní raibh aon treocht dhearfach le feiceáil i dtáscairí thionscal an Aontais. Níor bhain na heilimintí neamhstruchtúracha den mhargadh dá ndearna Rialtas Türkiye tagairt dóibh ach leis an méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag an Aontas idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, ar dócha, mar a míníodh, gur rud sealadach a bhí ann. Thairis sin, bhí sciar margaidh thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin fós faoi bhun an sciar sin de mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais in 2019, i dtús na tréimhse lena mbaineann.

(117)

Maidir leis an ardú ar phraghsanna os cionn na gcostas táirgthe atá luaite ag Rialtas na Tuirce, bhí an meánphraghas díola aonaid san Aontas faoi bhun na gcostas táirgthe ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin ina iomláine ar bhonn seasta. Anuas ar an bhfíoras nach raibh anailís an Choimisiúin teoranta d’allmhairí na Tuirce amháin, ach tógadh na hallmhairí sin in éineacht le hallmhairí ón tSín, thug an Coimisiún dá aire gur chuir insreabhadh gan stad na n-allmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón Tuirc agus ó Daon-Phoblacht na Síne araon cosc ar thionscal an Aontais a gcuid praghsanna a ardú go dtí an leibhéal is gá chun staid bhrabúsach a bhaint amach. Ní raibh aon díospóid faoi seo ag aon pháirtí leasmhar. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin ó Rialtas na Tuirce.

(118)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, rinneadh aithrisí (200) go (206) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

(119)

Thathantaigh Rialtas na Tuirce ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar thionchar tosca eile amhail athruithe sa teicneolaíocht, roghanna custaiméirí agus an brú iomaíoch ó allmhairí neamhdhumpáilte, nár cuireadh san áireamh, dar leo, in anailís an Choimisiúin.

(120)

Ar an gcéad dul síos, níor léir cé na hathruithe sa teicneolaíocht a ndearna Rialtas na Tuirce tagairt dóibh, agus níor chuir aon pháirtí leasmhar aon fhianaise tacaíochta i láthair maidir leis an tsaincheist seo.

(121)

Ar an dara dul síos, san anailís i Roinn 2.3 den Rialachán sealadach áiríodh an tionchar a bhíonn ag roghnú allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach ag custaiméirí seachas plátaí ceannbheannacha a tháirgtear san Aontas. Léiríodh san anailís sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag plátaí ceannbheannacha cruach a tháirgtear sna tíortha lena mbaineann is atá acu siúd a tháirgtear san Aontas, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna. Cé go bhféadann custaiméir roghanna a dhéanamh níl na roghanna sin san áireamh san anailís ar dhumpáil ná ar dhíobháil. In aon cás, níl sé beartaithe le haon bhearta a fhorchuirtear an margadh a dhúnadh ná páirtithe a dhíbirt as an margadh. Bhí an argóint sin neamhábhartha mar sin.

(122)

Ar an tríú dul síos, rinneadh anailís fhorleathan i Roinn 5.2.1 sa Rialachán sealadach ar an mbrú iomaíoch ó allmhairí neamh-dhumpáilte. Thángthas ar an gconclúid san anailís sin, mar gheall ar na tréithe ar leith sna ceannbheannacha cruach a táirgeadh sa Ríocht Aontaithe agus na praghsanna allmhairiúcháin a bhí cuibheasach ard, nach raibh an brú iomaíoch ó na hallmhairí sin leordhóthanach chun an nasc cúisíoch idir an díobháil do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte as na tíortha lena mbaineann a mhaolú.

(123)

Mhaígh Fincantieri, úsáideoir comhoibríoch an Aontais, nár mheas an Coimisiún mar is ceart tionchar fhéimheacht Laminorul ná tionchar Phaindéim COVID-19 ar fheidhmíocht thionscal an Aontais. De réir Fincantieri, rinne an Coimisiún meancóg nuair a bhreithnigh sé, i ndáil leis na táscairí sin, nach rabhthas in ann an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte as na tíortha lena mbaineann a mhaolú. Maidir leis sin, chuir Fincantieri in iúl go háirithe go raibh dul i léig Laminorul ina chúis le díobháil a bheith déanta do thionscal an Aontais ina iomláine.

(124)

Mar a míníodh in aithris°(103) thuas, áfach, léiríodh ar fud an Rialacháin shealadaigh gurbh ann do dhíobháil cibé acu a bhí nó nach raibh Laminorul san áireamh san anailís ar dhíobháil. Is léir ó na sonraí nach féidir a rá gur de bharr fhéimheacht Laminorul mar a mhaígh Fincantieri, ‘go príomha nó go heisiach fiú’ a bhain ‘na táscairí diúltacha d’fheidhmíocht thionscal an Aontais in 2019’ – ná dá fheidhmíocht le linn na coda eile den tréimhse lena mbaineann.

(125)

Mar shampla, má bhí Laminorul san áireamh nó mura raibh, bhí an ráta úsáide acmhainne faoi bhun 50°% in 2019 (aithris (170) den Rialachán sealadach), bhí an sciar den mhargaidh faoi bhun 50°% (aithrisí (171) agus (172)), bhí an meánphraghas díola san Aontas faoi bhun chostas an táirgthe (Tábla 8 den Rialachán sealadach), bhí an gearánach neamhbhrabúsach (Tábla 11 den Rialachán sealadach), agus bhí toradh diúltach ar infheistíocht (féach Tábla 11 freisin). De réir na conclúide ar thángthas uirthi i Roinn 4.4.4. den Rialachán sealadach freisin, bhí ann don staid dhiúltach díobhála sin i gcomhthráth le teacht isteach méideanna nach beag d’allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann.

(126)

Rinne Fincantieri tagairt freisin don ráiteas a rinneadh in aithris°(172) den Rialachán sealadach gur cuireadh allmhairí seachas díolacháin táirgeoirí eile de chuid an Aontais in ionad cuid de dhíolacháin Laminorul.

(127)

Maidir leis sin, mhaígh Fincantieri, uimhir a haon, gur lean táirgeoirí de chuid an Aontais de bheith ina bhfoinse phríomha den soláthar le haghaidh thionscal longthógála an Aontais.

(128)

Ar an dara dul síos, mhaígh Fincantieri toisc nár tháinig táirgeoir an Aontais Olifer s.p.l. (‘Olifer’) ar aghaidh gur léirigh sé nach raibh tionchar diúltach ar a staid eacnamaíoch de bharr allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Léiríodh leis sin, de réir Fincantieri, go mbaineann an fhadhb don ghearánach, Losal. Mhaígh Fincantieri go raibh tionchar ag easpaí tromchúiseacha struchtúracha ar shamhail ghnó Losal. De réir Fincantieri, bhain na saincheisteanna struchtúracha agus lóistíochtúla céanna do Losal a raibh féimheacht Laminorul agus tosca nár bhain le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann mar thoradh orthu.

(129)

Cé go raibh táirgeoirí an Aontais ina bhfoinse thábhachtach den soláthar le haghaidh thionscal longthógála an Aontais go deimhin, soláthraíodh [57,0 – 64,0°%] den mhargadh le hallmhairí ón Tuirc agus ó Dhaonphoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdúcháin áfach. Ba iad na tíortha lena mbaineann, seachas thionscal an Aontais, dá bhrí sin, foinse phríomha an tsoláthair le haghaidh na dtógálaithe long de chuid an Aontais.

(130)

Ní heol don Choimisiún an chúis nár chomhoibrigh Olifer, ach d’fhéadfadh sé nár tharla an comhoibriú toisc go mbíonn gá nach beag le ham agus iarracht i leith comhoibriú in imscrúdú mar shampla, go háirithe ó thaobh fiontar beag agus meánmhéide amhail Olifer de. B’fhéidir nár tharla sé toisc go raibh eagla ar Olifer cur in aghaidh a bpríomhchustaiméirí, a bhfuil Fincantieri ar cheann díobh. In aon chás, ní raibh ann d’aon fhianaise gur léiriú ar a staid eacnamaíoch é neamh-chomhoibriú Olifer. Ina theannta sin, ar thaobh úsáideoirí an Aontais ba é Fincantieri féin amháin a chomhoibrigh san imscrúdú. Más fíor argóint Fincantieri i gcás Olifer, d’fhéadfaí an méid céanna a rá i gcás thionscal longthógála an Aontais atá comhdhéanta de líon mór cuideachtaí seachas Fincantieri. Thairis sin, bhí an anailís a rinne an Coimisiún bunaithe freisin ar na táscairí maicreacnamaíocha a leagtar amach i roinn°4.4.2 den Rialachán sealadach. Ó thaobh na hanailíse sin de ba chuma cé a chomhoibrigh agus cé nár chomhoibrigh.

(131)

Maidir leis an maíomh go bhfuil an staid ina bhfuil Losal faoi láthair de thoradh saincheisteanna struchtúracha atá inchomparáide leo siúd a bhain do Laminorul sular breithníodh ina fhéimheach é, ní raibh an Coimisiún in ann comparáid a dhéanamh idir staideanna an dá chuideachta. Léiríodh i bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí, agus i mbarúlacha a thug Losal agus Fincantieri uathu chomh maith, nach raibh aon chomhthoil ann maidir leis na cúiseanna le dul i léig Laminorul agus leis an bhféimheacht a bhain dó ar deireadh.

(132)

Ba shoiléir, áfach, ón bhfaisnéis a sholáthair Losal agus Fincantieri araon, gur bhain roinnt saincheisteanna, go deimhin, le seachadtaí a rinne Losal le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bunaithe ar ráitis a thug Fincantieri agus Losal uathu, áfach, i gcás Fincantieri ina aighneacht maidir le tionscnamh agus i gcás Losal le linn an fhíoraithe ar an láthair, bhí an chuma ar an scéal go raibh na ráitis teoranta do 2 ordú shonrach, agus nach ndearna siad difear ach do chuid de na horduithe sin. Bhí na fadhbanna mar thoradh ar shaincheisteanna iompair go príomha, a tharla mar gheall ar chuideachtaí iompair áirithe a bheith ar stailc agus mar gheall ar an deacracht a bhain le cuideachtaí a aimsiú a ghabhfadh seachadtaí go dtí Palermo na hIodáile de láimh. In aon chás, cuireadh córas i bhfeidhm ina dhiaidh sin go sonrach le haghaidh Fincantieri, rud a chur ar a chumas don úsáideoir staid a chuid orduithe a leanúint ar bhonn seachtainiúil. Ina theannta sin, ní raibh i Fincantieri ach ceann amháin d’iliomad custaiméirí Losal, cé gur custaiméir tábhachtach a bhí ann, agus níor tháinig aon chustaiméir/úsáideoir eile ar aghaidh chun tacú leis an maíomh sin.

(133)

Mhaígh Fincantieri freisin nach raibh sceideal rollta tráthrialta ag Losal agus nach dtosódh sé ag táirgeadh ach amháin nuair a bheadh roinnt mhaith orduithe curtha isteach ag a chuid custaiméirí. Bunaithe ar an bhfianaise a cruinníodh le linn na cuairte fíoraithe ar an láthair a tugadh ar Losal, áfach, bhí sin mícheart.

(134)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Fincantieri a bharúlacha maidir le saincheisteanna struchtúracha Losal agus dúirt sé gur mheas an Coimisiún tionchar na saincheisteanna sin ar Fincantieri faoina mbun. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh Fincantieri a mhaíomh go raibh an fheidhmíocht dhiúltach mar thoradh ar fhachtóirí nach raibh baint acu le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Níor tugadh aon ghné nua chun cinn chun tacú leis na ráitis sin.

(135)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh na hargóintí a chuir Fincantieri ar aghaidh i dtaca le héifeacht fhéimheacht Laminorul agus leis na saincheisteanna struchtúracha agus loighciúla a bhain leis an ngearánach leordhóthanach chun an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus do na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann a mhaolú.

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(136)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, seachas iad siúd a dtugtar aghaidh orthu in aithris°(122) thuas, deimhníodh aithrisí°(207) go (211) den Rialachán sealadach.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(137)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí°(212) go (214) den Rialachán sealadach.

5.2.3.   Paindéim COVID-19 agus tomhaltas laghdaithe

(138)

D’athdhearbhaigh Rialtas na Tuirce agus Fincantieri araon an maíomh uathu go raibh ról tábhachtach ag paindéim Covid-19 sa staid dhiúltach ina raibh tionscal an Aontais, go háirithe maidir leis an tionchar a bhí aici ar mhéid na ndíolachán. Ós rud é nár tugadh aon eilimintí eile ar aghaidh i gcomparáid leo siúd ar tugadh aghaidh orthu in aithrisí (215) agus (216) den Rialachán sealadach, deimhníodh an chonclúid atá sna haithrisí sin.

5.2.4.   Méadú ar phraghsanna fuinnimh

(139)

Chuir Rialtas na Tuirce a mhaíomh in iúl athuair maidir le tionchar an mhéadaithe ar na praghsanna fuinnimh ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais. Ós rud é nár tugadh aon argóint nua ar aghaidh i gcomparáid leo siúd ar tugadh aghaidh orthu in aithrisí (217) go (220), deimhníodh an chonclúid ar thángthas uirthi sna haithrisí sin.

5.2.5.   Éagsúlú táirgí

(140)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (221) go (225) den Rialachán sealadach.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(141)

Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar na dtosca eile agus barúlacha na bpáirtithe leasmhara á gcur san áireamh agus ba é a chonclúid nár mhaolaigh na tosca sin an nasc cúisíoch. Go deimhin, maidir le tosca amhail féimheacht Laminorul, paindéim Covid-19 nó aon cheann de na tosca eile a chuir na páirtithe éagsúla ar aghaidh, b’fhéidir go raibh tionchar acu siúd ar fheidhmíocht thionscal an Aontais. Mar sin féin, níor mhínigh na tosca sin an sochtadh praghsanna a bhain don tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú agus, go háirithe, le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I ngnáth-thimpeallacht iomaíoch, ba cheart do thionscal an Aontais a bheith in ann a phraghsanna díola a mhéadú go dtí leibhéal brabúsach nó a bheith in ann a chostais táirgthe a chumhdach ar a laghad. Níorbh fhéidir éifeacht na dtosca a phléitear thuas, más ann di, a mhíniú mar chúis le héagumas thionscal an Aontais déanamh amhlaidh.

(142)

Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí in aithrisí (226) go (228) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(143)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (229) go (235) den Rialachán sealadach.

(144)

Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an réamhnochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta a dtugtar tuairisc air i roinn 1.2 den Rialachán sealadach agus ionas go léireodh sé an díobháil bhreise is toradh ar mhéadú den sórt sin i gcinneadh an chorrlaigh díobhála.

(145)

Bunaithe ar shonraí ó bhunachar sonraí Surveillance 2, bhí na méideanna allmhairí ón Dhaonphoblacht na Síne agus ón Tuirc le linn na tréimhse 4 seachtaine den réamhnochtadh 831,8 % agus 13,7 %, faoi seach, níos airde ná na méideanna allmhairí ar an meán sa tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn 4 seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta don dá thír.

(146)

Chun léiriú a thabhairt ar an díobháil bhreise a tharla mar gheall ar an méadú ar allmhairí, chinn an Coimisiún an leibhéal díothaithe díobhála a choigeartú bunaithe ar an ardú ar mhéid na n-allmhairí, rud a breithníodh mar an toisc ualaithe ábhartha bunaithe ar fhorálacha Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Ríomh sé dá bhrí sin toisc iolraitheach a suíodh trí shuim mhéid na n-allmhairí le linn na 4 seachtaine den tréimhse réamhnochta, is é sin [1 400-1 800] tona (i gcás na Síne) agus [2 100 – 2 500] tona (i gcás na Tuirce) agus na 52 sheachtain den tréimhse imscrúdúcháin, a roinnt ar mhéid na n-allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin arna n-eachtarshuí go 56 sheachtain. Leis an bhfigiúir a leanann as sin, 59,3 % le haghaidh Dhaonphoblacht na Síne agus 1 % le haghaidh na Tuirce, léiríodh an díobháil bhreise a tharla de bharr an mhéadaithe bhreise ar allmhairí. Dá bhrí sin, roinneadh na corrlaigh dhíobhála sealadacha leis an bhfachtóir sin.

(147)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhíobhála athbhreithnithe mar a thuairiscítear in aithrisí (92) agus (94). Dá bhrí sin, is mar a leanas é an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:

Tír

Cuideachta

Corrlach díobhála cinntitheach

Daon-Phoblacht na Síne

Changshu Longteng Special Steel Co., Ltd.

34,6  %

 

Gach cuideachta eile

34,6  %

An Tuirc

Türkiye Özkan Demir Çelik Sanayi A.Ş

15,5  %

 

Gach cuideachta eile

15,5  %

6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(148)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Corrlach díobhála cinntitheach (%)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Daon-Phoblacht na Síne

Changshu Longteng Special Steel Co., Ltd.

23,0  %

34,6  %

23,0  %

 

Gach cuideachta eile

23,0  %

34,6  %

23,0  %

An Tuirc

Türkiye Özkan Demir Çelik Sanayi A.Ş

13,6  %

15,5  %

13,6  %

 

Gach cuideachta eile

13,6  %

15,5  %

13,6  %

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(149)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí°(238) go (241) den Rialachán sealadach.

7.2.   Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara

(150)

D’áitigh Fincantieri nár léiríodh dá réir leis an bhfíoras go raibh acmhainneacht bhreise ag tionscal an Aontais ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú go raibh an tAontas in ann níos mó a tháirgeadh iarbhír. Tá gearán á dhéanamh ag Fincantieri freisin gur thug an Coimisiún le fios go bhfanfadh an t-éileamh cobhsaí cé go raibh tionchar mór ag paindéim COVID19 ar an tomhaltas. Ina theannta sin, bhí an chuma ar an scéal gur chreid Fincantieri go raibh sé líomhainte ag an gCoimisiún sa Rialachán sealadach nach raibh táirgeoirí de chuid an Aontais in ann méid leordhóthanach a tháirgeadh chun riachtanais thionscal na longthógála a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, bhí ceist ag Rialtas na Tuirce faoi cibé an bhfuil nó nach bhfuil acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais leordhóthanach chun tomhaltas intíre a chomhlíonadh.

(151)

Shuigh an Coimisiún, bunaithe ar shonraí fíoraithe Losal agus ar an bhfaisnéis a bhí le fáil faoi Olifer, go raibh acmhainneacht bhreise nach beag ann. Bhí níos lú ná leath a chuid acmhainneachta chun plátaí ceannbheannacha cruach a tháirgeadh á húsáid ag tionscal an Aontais. Ó thaobh dearcadh eacnamaíoch de tá sé míloighciúil an acmhainneacht chun breis táirgí a tháirgeadh agus a dhíol a bheith agat agus í a choinneáil ar bun, ach gan táirgeacht a mhéadú iarbhír, ach amháin mura raibh éileamh leordhóthanach ar an táirge. Bunaithe ar na fíorais fíoraithe bhí sé soiléir go raibh tionscal an Aontais in ann méideanna níos mó plátaí ceannbheannacha cruach a sholáthar dá chustaiméirí agus go raibh sé toilteanach sin a dhéanamh.

(152)

Níor luaigh an Coimisiún riamh, áfach, go raibh tionscal an Aontais in ann a dhóthain plátaí ceannbheannacha cruach a sholáthar chun riachtanais thionscal longthógála an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán. Mar a bhí soiléir ó na sonraí a léirítear i dTáblaí°2 agus 5 sa Rialachán sealadach, bhí tomhaltas an Aontais níos mó ná acmhainneacht táirgeachta an Aontais ar bhonn comhsheasmhach ar feadh na tréimhse lena mbaineann. Bhí sé luaite go soiléir in aithris°(246) den Rialachán sealadach freisin nach é is aidhm do na bearta frithdhumpála margadh an Aontais a dhúnadh d’allmhairí ó thríú tíortha, ach éifeacht saofa trádála na dumpála díobhálaí a bhaint. Maidir leis an bhfíoras nach mbeadh tionscal an Aontais in ann éileamh iomlán ón Aontais a chomhlíonadh, áfach, ní chiallaíonn sé gur cheart allmhairiú plátaí ceannbheannacha cruach ag praghsanna dumpáilte a cheadú. Tá feidhm ag an gconclúid sin gan beann ar éabhlóid an éilimh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(153)

Dhíospóid Fincantieri an ráiteas in aithrisí°(249) agus (250) den Rialachán sealadach freisin, is é sin go bhféadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais athmheasúnú a dhéanamh ar a straitéisí infheistíochta agus díriú ar a gcuid línte táirgeachta níos brabúsaí eile, ós rud é gur hipitéiseach go fíor é aon riosca go rachadh tionscal an Aontais i léig agus nach ann d’aon fhianaise chun tacú le riosca a bheith ann. Má leanann cuideachta de bheith neamhbhrabúsach ar bhonn leantach, áfach, agus mura bhfuil sé indéanta praghsanna a mhéadú go dtí leibhéal ar a bhféadfadh sí a costais a chumhdach, gan trácht ar bhrabús réasúnach a ghnóthú, is beag an dealraitheacht go leanfadh staid den sórt sin ar feadh tréimhse níos faide.

(154)

Ina theannta sin, tá an neamhdhealramh céanna ann go ‘dtiocfadh laghdú as cuimsiú ar chomhthiomsú na soláthróirí a bheadh le fáil dá’ ndéanfaí bearta frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí as na tíortha lena mbaineann mar a mhaígh Fincantieri. Mar a luaigh Fincantieri féin, níl acmhainneacht thionscal an Aontais leordhóthanach chun éileamh iomlán a chumhdach, rud lena dtabharfaí le fios go mbeadh gá leantach le soláthar éagsúlaithe de phlátaí ceannbheannacha cruach. Táthar ar an eolas nach bhfuil ach líon fíor-bheag de sholáthróirí plátaí ceannbheannacha cruach ar domhan, is iad sin an dá tháirgeoir de chuid an Aontais, Özkan Demir agus Longteng go príomhúil. Ní laghdófar an gá atá le hallmhairí ó na soláthróirí sin má thagann méadú ar chostas plátaí ceannbheannacha cruach. Is fíor é sin go háirithe ós rud é, mar a mhaígh Fincantieri, go bhfuil an t-éileamh ar phlátaí ceannbheannacha cruach ar threocht mhéadaitheach. Chomh maith leis sin, ní chuirfear bac ar chustaiméirí de chuid an Aontais plátaí ceannbheannacha cruach a allmhairiú ach oiread, cé go mbeadh an costas níos airde. Cé gur líomhain Longteng tar éis an nochta deiridh go mbeadh éifeacht thoirmeascach ag leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála le haghaidh na Síne ar na hallmhairí ón tSín, níor chuir aon pháirtí leasmhar aon fhianaise ar fáil go mbeadh forchur dleachtanna frithdhumpála toirmeascach ar allmhairiú árasán bleibe cruach ón tSín nó ón Tuirc. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(155)

Maidir leis sin, mhaígh Fincantieri freisin gur léir go mbeadh forchur dleachtanna frithdhumpála chun dochar úsáideoirí, ós rud é nach bhfuil tionchar na mbeart diomaibhseach agus nach bhfuil tógálaithe long in ann an méadú ar chostas a chur ar a gcuid custaiméirí deiridh.

(156)

Chuir Fincantieri in iúl gur thaifead grúpa Fincantieri caillteanas glan de EUR 323 milliún in 2022, agus dá bhrí sin go mbeadh tionchar diúltach nach beag é ar mhéadú ar chostas plátaí ceannbheannacha cruach. San fhreagra ar an gceistneoir a chuir Fincantieri isteach san imscrúdú seo, áfach, agus a fíoraíodh ar an láthair, léiríodh brabús suntasach de [8-10°%] in°2021 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin araon le haghaidh chuideachta Fincantieri S.p.A. agus le haghaidh na dtáirgí ina n-ionchorpraítear plátaí ceannbheannacha cruach araon. Léiríodh i gcuntais airgeadais Fincantieri le haghaidh 2022 (15) go raibh grúpa Fincantieri brabúsach fós in°2021. Den chuid is mó, bhí an chuma ar an scéal gur bhain na caillteanais nach beag in 2022 le hioncam agus costais a bhí neamhghnách agus neamh-athfhillteach agus nach raibh baint acu leis an táirge faoi athbhreithniú, amhail caillteanais laige, sócmhainní doláimhsithe eile agus dlíthíocht.

(157)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Fincantieri nach raibh sé ábhartha do mheasúnú díobhála an Aontais cibé acu a bhain nó nár bhain na caillteanais sin leis an táirge atá faoi imscrúdú. Fiú má ghlacadh leis an argóint sin, ní bhaineann sé ón bhfíoras go mbaineann na caillteanas dá dtagraíonn Fincantieri le grúpa Fincantieri agus ní leis an gcuideachta fíoraithe Italian Fincantieri S.p.A. Chuimsigh grúpa Fincantieri roinnt eintitis neamh-AE, longcheártaí, dugaí agus fochuideachtaí san Áise, san Aigéin agus Críocha Mheiriceá ina measc. Bheadh sé neamhbheacht agus mícheart ar a laghad torthaí an ghrúpa a ghlacadh mar léiriú ar inmharthanacht airgeadais eintitis an Aontais.

(158)

Ina theannta sin, dúirt Fincantieri ina bharúlacha ‘nach gcruthaíonn an Coimisiún gur bhain na caillteanais in 2022 le “ioncam urghnách agus neamh-athfhillteach ” ’ . Mar sin féin, luaitear an méid seo a leanas i gcuntais airgeadais 2022 don ghrúpa Fincantieri féin: ‘bhí tionchar ag muirir a measadh a bheith urghnách ar an nglantoradh i gcás díospóidí a bhaineann le nochtadh aispeiste i mblianta airgeadais roimhe seo (euro 52 mhilliún), lagú sócmhainní doláimhsithe (euro 164 milliún), rioscaí dóchúla a bhaineann le neamhfheidhmíocht na n-oibleagáidí le haghaidh comhaontuithe fritháirimh (euro 20 milliún) agus muirir eile (euro 2 mhilliún) (16). Léirigh cuntais airgeadais Ghrúpa Fincantieri don chéad leath de 2023 (17) freisin nach raibh ról a thuilleadh ag na costais sin cuid mhór, agus gur laghdaigh Grúpa Fincantieri a chaillteanais go 22 mhilliún ag deireadh mhí an Mheithimh 2023. Chomh maith leis sin, bhí an t-ionchas dearfach i bhfianaise théarnamh iar-Covid na hearnála cúrsála, agus méadú ar infheistíochtaí i réimse na cosanta mar gheall ar an staid pholaitiúil dhomhanda agus i réimse an táirgthe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta.

(159)

Thairis sin, ní bheadh i gcostas breise na ndleachtanna frithdhumpála a luaigh Fincantieri ach cuid an-bheag de chostais fhoriomlána na cuideachta. Mar a luaitear in aithris°(248) den Rialachán sealadach, b’ionann costas plátaí ceannbheannacha cruach agus cuid dhiomaibhseach (níos lú ná°0,5°%) den chostas táirgthe foriomlán ar Fincantieri i ndáil le táirgí a n-ionchorpraítear plátaí ceannbheannacha cruach iontu. Níorbh fhéidir argóint réasúnach a dhéanamh go mbeadh méadú ar na costais i gcuid chomh beag sin den chostas táirgthe foriomlán chun dochar úsáideoirí.

(160)

Mhaígh Fincantieri nach féidir leis aon mhéadú ar chostas a chur ar a chuid custaiméirí deiridh, ós rud é nach bhfuil sé indéanta na téarmaí conarthacha a athchaibidliú ná a choigeartú tar éis don chonradh le húinéir na loinge a bheith curtha i gcrích. Mar a luaitear in aithris°(156), áfach, bhí sé soiléir i bhfreagra na cuideachta ar an gceistneoir go raibh sí brabúsach i gcónaí d’ainneoin an mhéadaithe ar chostas amhábhar agus ar fhuinneamh le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, cibé acu arbh fhéidir nó nárbh fhéidir leis an úsáideoir aon mhéadú ar phraghas a chur ar a chuid custaiméirí de thoradh dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh, níl sin ábhartha maidir leis an gceist cé acu arbh fhéidir nó nárbh fhéidir le Fincantieri an méadú ar an bpraghas a sheasamh. Ina theannta sin, ní raibh aon fhianaise ann lenar léiríodh nárbh fhéidir an costas méadaithe a chur ar chustaiméirí thógálaithe na long i ndáil le conarthaí sa todhchaí. Níor thug Fincantieri aon ghné nua chun cinn maidir leis an tsaincheist sin ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

7.3.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(161)

I bhfianaise an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún an chonclúid in aithris°(253) den Rialachán sealadach nach raibh aon chúis dhochloíte ann nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(162)

I bhfianaise na gconclúidí ar ar thángthas maidir leis an dumpáil, an díobháil, leis an gcúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(163)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, ba cheart iad a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Daon-Phoblacht na Síne

Changshu Longteng Special Steel Co., Ltd.

23,0  %

 

Gach cuideachta eile

23,0  %

An Tuirc

Türkiye Özkan Demir Çelik Sanayi A.Ş

13,6  %

 

Gach cuideachta eile

13,6  %

(164)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(165)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (18). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(166)

Mar a mhínítear in aithrisí°(95) go (97), tagann plátaí ceannbheannacha cruach faoi raon feidhme catagóir de tháirgí cruach atá faoi réir bearta coimirce (19). Dá dheasca sin, ón uair a shárófaí na cuótaí taraife a leagtar amach faoin mbeart cosanta, bheadh an dleacht taraife os cionn an chuóta agus an dleacht frithdhumpála araon iníoctha ar na hallmhairí céanna. Toisc go bhféadfadh carnadh den sórt sin de bhearta frithdhumpála le bearta cosanta a bheith ina chúis le héifeacht ar thrádáil ar mó é ná mar atá inmhianaithe, chinn an Coimisiún cur i bhfeidhm comhthráthach na dleachta frithdhumpála leis an dleacht taraife os cionn an chuóta thuas don táirge lena mbaineann a chosc ar feadh fhad fhorchur na dleachta cosanta.

(167)

Ciallaíonn sé sin, i gcás ina dtiocfaidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 (20) ón gCoimisiún chun bheith infheidhme maidir leis an táirge lena mbaineann agus i gcás ina sáróidh sé leibhéal na dleachta frithdhumpála de bhun an Rialacháin seo, ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear san airteagal sin. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm comhthráthach na dleachta cosanta agus frithdhumpála, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(168)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a fuarthas agus leibhéal an díobhála a rinneadh don tionscal de chuid an Aontais, ba cheart na méideanna a daingníodh leis na dleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach, a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán reatha.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(169)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratrom) 2018/1046 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(170)

Na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach neamh-chóimhiotail sa raon suas le 204 mm ar leithead, a thagann faoi láthair faoi chód AC ex 7216 50 91 (cód TARIC 7216509110) agus ar de thionscnamh Phoblacht Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Changshu Longteng Special Steel Co., Ltd.

23,0  %

899J

 

Gach cuideachta eile

23,0  %

8999

An Tuirc

Türkiye Özkan Demir Çelik Sanayi A.Ş

13,6  %

899K

 

Gach cuideachta eile

13,6  %

8999

3.   I gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí roimh theacht i saorchúrsaíocht dóibh agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (22), déanfar céatadán ar leith a chomhfhreagraíonn do chionroinnt an phraghais iarbhír a íocadh nó an phraghais atá iníoctha a bhaint de mhéid na dleachta frithdhumpála, arna ríomh ar bhonn na méideanna a shocraítear thuas.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

1.   I gcás ina dtiocfaidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 chun bheith infheidhme maidir le plátaí ceannbheannacha cruach neamh-chóimhiotail agus i gcás ina sáróidh sé leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal°1(2), ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159.

2.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm mhír 1, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí.

3.   Beidh an tréimhse fionraíochta dá dtagraítear i mír 2 teoranta ó thaobh ama do thréimhse chur i bhfeidhm na dleachta taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159.

Airteagal 3

Na méideanna a fuarthas trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)°2023/1444, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála i dtaca le hallmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce, IO C 431, 14.11.2022, lch. 11.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce, (IO L 177, 12.7.2023, lch. 63).

(4)  Le fáil ag https://oec.world/en/profile/bilateral-product/nitrogen/reporter/sgp agus https://oec.world/en/profile/bilateral-product/oxygen/reporter/sgp, arna gceadú an 15 Meán Fómhair 2023.

(5)  Aolchloch, ocsaigin agus nítrigin.

(6)  Le fáil ar https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 15 Meán Fómhair 2023).

(7)  Le fáil ar https://www.st.gov.my/en/web/consumer/details/2/10 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 15 Meán Fómhair 2023).

(8)  DS605: An Phoblacht Dhoiminiceach — Bearta Frithdhumpála maidir le Barraí Cruach Rocacha.

(9)  DS337: Comhphobail Eorpacha — Beart Frithdhumpála maidir le Bradán Saothraithe ón Iorua, mír. 7.275.

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce (IO L 238, 6.7.2021, lch. 32).

(11)  Tuarascáil ón bPainéal, An Phoblacht Dhoiminiceach — Bearta Frithdhumpála maidir le Barraí Cruach Roctha, WT/DS605/R, Iarscríbhinn C-4 Achoimre Feidhmiúcháin Comhtháite ar Rialacha an Aontais Eorpaigh.

(12)  Leathanaigh 21 agus 22 d’aighneacht an 27 Iúil 2023

(13)  Tuarascáil ó Phainéal EDT i gCás DS538 – an Phacastáin — BOPP Film (UAE), mír. 7.263.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe, IO L 167, 24.6.2022, lch. 58.

(15)  Féach tuarascáil airgeadais bhliantúil Fincantieri 2022, atá le fáil ag:

https://www.fincantieri.com/globalassets/investor-relations/bilanci-e-relazioni/2022/eng_fincantieri_annual_report_2022.pdf.

(16)   Ibid.

(17)  Le fáil ag https://www.fincantieri.com/globalassets/investor-relations/bilanci-e-relazioni/2023/half-year-financial-report-at-june-30-2023.pdf.

(18)  European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 Bruxelles/BELGIQUE/BELGIË. Seoladh Ríomhphoist: TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu.

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978.

(20)   IO L 31, 1.2.2019, lch. 27.

(21)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonracha maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/209/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)