European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/200

4.1.2024

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir leis na rialacha forlíontacha i ndáil leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don bhainistiú teorainneacha agus don bheartas víosaí mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha don tréimhse chlársceidealaithe 2021 go 2027

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta

agus

PRIONSACHT LICHTINSTÉIN, dá ngairtear ‘Lichtinstéin’ anseo feasta,

Dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta

AG FÉACHAINT don Phrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (1) (‘an Prótacal Comhlachais’),

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

(1)

Bhunaigh an tAontas an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (‘IBTV’), trí bhíthin Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘Rialachán IBTV’), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha.

(2)

Is ionann Rialachán IBTV agus forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail Comhlachais.

(3)

Is ionstraim shonrach í IBTV, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha i gcomhthéacs acquis Schengen a ceapadh chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú, agus saorghluaiseacht daoine á cosaint ag an am céanna, i gcomhréir iomlán le gealltanais na mBallstát agus na dTíortha Comhlachaithe Schengen maidir le cearta bunúsacha, agus chun tacú le cur chun feidhme agus nuachóiriú aonfhoirmeach an chomhbheartais víosaí, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hardleibhéal slándála a ráthú sna Ballstáit agus sna Tíortha Comhlachaithe Schengen.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 7(6) de Rialachán IBTV go bhfuil socruithe le déanamh chun cineál agus modhanna rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen san Ionstraim a shonrú.

(5)

Tugann IBTV an deis chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht comhroinnte agus faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, agus leis an gComhaontú seo, ba cheart go bhféadfaí cur chun feidhme den sórt sin faoi mhodhanna bainistíochta díreacha agus indíreacha a bhaint amach i Lichtinstéin i gcomhréir le prionsabail agus rialacha an Aontais maidir le bainistiú agus rialú airgeadais.

(6)

I bhfianaise an ualaigh riaracháin a d’fhorchuirfí ar Lichtinstéin le ceanglais Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir lena leithdháileadh teoranta a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, ba cheart an tacaíocht a sholáthraítear do Lichtinstéin faoi Rialachán IBTV, ar tacaíocht í a eascraíonn as an gceart leithdháileadh a fháil, a chur chun feidhme go príomha faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(7)

I bhfianaise nádúr sui generis acquis Schengen agus a thábhachtaí atá sé é a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar mhaithe le sláine limistéar Schengen, ba cheart go mbeadh feidhm maidir le heintitis i Lichtinstéin ag na rialacha is infheidhme maidir le bainistíocht dhíreach ar an mbealach céanna agus a bheadh feidhm acu maidir le heintiteas ar bith eile atá incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

(8)

Chun ríomh agus úsáid na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag Lichtinstéin do IBTV a éascú, ba cheart ranníocaíochtaí Lichtinstéin don tréimhse 2021 go 2027 a íoc ina gceithre thráthchuid bhliantúla ó 2024 go 2027. Ó 2024 go 2025, ba cheart na ranníocaíochtaí bliantúla a shocrú i méideanna seasta agus ba cheart na ranníocaíochtaí atá le híoc do na blianta 2026 agus 2027 a chinneadh in 2026 ar bhonn olltáirgeacht intíre ainmniúil na Stát uile atá rannpháirteach in IBTV agus íocaíochtaí a rinneadh go héifeachtach á gcur san áireamh.

(9)

I gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne, ba cheart do Lichtinstéin tairbhe a bhaint as aon ioncam barrachais mar a shainmhínítear in Airteagal 86 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘Rialachán ETIAS’). Laistigh de chreat IBTV, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag Lichtinstéin do IBTV a laghdú go comhréireach.

(10)

Cumhdaítear reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) , leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (7) agus ionchorpraíodh í in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis. Dá bhrí sin, cuireann Lichtinstéin an Rialachán sin i bhfeidhm.

(11)

Níl Lichtinstéin faoi cheangal ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuil sí ina páirtí sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus sna Prótacail a ghabhann leis agus i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Dá réir sin, ba cheart tagairtí atá i Rialachán IBTV agus sa Chomhaontú seo do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a thuiscint mar thagairtí don Choinbhinsiún sin agus dá Phrótacail arna ndaingniú ag Lichtinstéin agus d’Airteagal 14 den Dhearbhú sin.

(12)

Ba cheart do Lichtinstéin an IBTV agus an Comhaontú seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leis an gComhaontú seo, leagtar amach na rialacha forlíontacha is gá maidir le rannpháirtíocht Lichtinstéin san Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (‘IBTV’) mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha don tréimhse chlársceidealaithe 2021 go 2027 i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2021/1148 (‘an Rialachán IBTV’).

Airteagal 2

Bainistíocht agus rialú airgeadais

1.   Agus Rialachán IBTV á chur chun feidhme, glacfaidh Lichtinstéin na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha is ábhartha do bhainistiú agus rialú airgeadais a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i ndlí an Aontais a fhaigheann a bunús dlí ó CFAE.

Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

Airteagail 33, 36, 61, 97 go 106, 115, 116, 125 go 129, 135 go 144, 150 go 153, 154, Airteagal 155 (1), (2), (4), (6) agus (7), agus Airteagail 180 go 205, agus 254 go 257 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (‘an Rialachán Airgeadais’);

(b)

Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (8);

(c)

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (9) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

2.   I gcás aon leasú, aisghairm, ionadú nó athmhúnlú a dhéantar i leith an Rialacháin Airgeadais is ábhartha maidir le IBTV:

(a)

cuirfidh an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) Lichtinstéin ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir, agus, arna iarraidh sin ag Lichtinstéin, tabharfaidh sé mínithe ar an leasú, an aisghairm, an ionadú nó ar an athmhúnlú sin;

(b)

d’ainneoin Airteagal 13(4), féadfaidh an Coimisiún, ag gníomh thar ceann an Aontais, agus Lichtinstéin aon leasú is gá ar mhír 1, an dara fomhír, pointe (a) den Airteagal seo a chinneadh de thoil a chéile chun leasú, aisghairm, ionadú nó athmhúnlú den sórt sin i leith a chur san áireamh.

3.   Maidir le hábhar gnímh lena leasaítear, lena n-aisghairtear, lena n-ionadaítear nó lena n-athmhúnlaítear an Rialachán Airgeadais, más rud é nach féidir le hábhar gnímh a bheith ina cheangal ar Lichtinstéin ach amháin tar éis ceanglais bhunreachtúla a chomhlíonadh, cuirfidh Lichtinstéin an méid sin in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Choimisiún an fhaisnéis de bhun mhír 2, pointe (a) a chur in iúl. I gcás nach bhfuil gá le reifreann, déanfar an fógra sin a thabhairt, ar a dhéanaí, 30 lá tar éis do sprioc-am an reifrinn dul in éag. I gcás inar gá gá reifreann, cuirfidh Lichtinstéin an Coimisiún ar an eolas go pras i scríbhinn nuair a bheidh na ceanglais bhunreachtúla uile comhlíonta, agus beidh ocht mí dhéag ó dháta an fhógra sin ag Lichtinstéin chun teacht ar chomhaontú maidir leis na leasuithe is gá ar mhír 1, an dara fomhír, pointe (a) dá dtagraítear i mír 2, pointe (b).

4.   Ón dáta atá leagtha síos do theacht i bhfeidhm an ghnímh dá dtagraítear i mír 3, maidir le Lichtinstéin, agus go dtí go mbeidh fógra dá dtagraítear i mír 3 tugtha ag Lichtinstéin go bhfuil na ceanglais bhunreachtúla comhlíonta agus go mbeidh comhaontú bainte amach chun leasú a dhéanamh ar mhír 1, an dara fomhír, pointe (a), déanfaidh Lichtinstéin, i gcás inar féidir, an gníomh i dtrácht a chur chun feidhme ar bhonn sealadach.

5.   Féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i Lichtinstéin a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a mhaoinítear le IBTV faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha sin is infheidhme maidir le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 3

Raon feidhme na rannpháirtíochta

1.   Leithdháileadh an Aontais ar Lichtinstéin arna ríomh de bhun Airteagal 7(3), pointe (a), de Rialachán IBTV, cuirfear an leithdháileadh sin ar fáil do Lichtinstéin mar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais faoi shaoráid théamach IBTV i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán sin.

2.   Beidh acmhainní faoi na gníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a), de Rialachán IBTV ar fáil do Lichtinstéin ar an mbonn céanna le Tíortha eile atá Comhlachaithe le Schengen. Is faoi bhainistíocht dhíreach a chuirfear gníomhaíochtaí sonracha roghnaithe Lichtinstéin chun feidhme. Bainfidh rochtain Lichtinstéin ar chistiú le gníomhaíochtaí sonracha:

(a)

atá ar fáil do gach tír atá rannpháirteach in Schengen agus i Rialachán IBTV chun comhlíonadh an acquis a áirithiú (‘breisithe’); agus

(b)

atá mar thoradh ar roghnú faoi ghlaonna ar léiriú spéise do gach tír atá rannpháirteach in Schengen agus i Rialachán IBTV.

3.   30 lá ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus ó 2025 ar aghaidh, faoin 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh Lichtinstéin an Coimisiún ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe aici a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíonfar acquis Schengen agus go gcomhlíonfar cuspóirí IBTV, agus maidir leis an mbuiséad a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin.

4.   Cuirfidh Lichtinstéin tionscadail chun feidhme faoi Rialachán IBTV faoi rialacha na bainistíochta dírí i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 4

Cur i bhfeidhm sonrach fhorálacha Rialachán IBTV

1.   Tuigfear na spriocdhátaí a thagraíonn do theacht i bhfeidhm Rialachán IBTV mar thagairt don dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm.

2.   Tuigfear gurb ionann tagairtí do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus tagairtí don Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus do na Prótacail a ghabhann leis arna ndaingniú ag Lichtinstéin agus d’Airteagal 14 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

3.   Cuirfidh Lichtinstéin Rialachán IBTV chun feidhme i gcomhréir leis an gComhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Clár Oibre 2023 na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 5

Forfheidhmiú

1.   Beidh cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún agus a fhorchuireann oibleagáid airgeadais ar dhaoine seachas Stáit in-fhorfheidhmithe ar chríoch Lichtinstéin.

Beidh forfheidhmiú cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm i Lichtinstéin. Beidh ordú forfheidhmiú den sórt sin i gceangal leis an gcinneadh ábhartha ón údarás inniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír gan aon fhoirmiúlacht seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh sin.

Ainmneoidh rialtas Lichtinstéin údarás inniúil chun na críche seo agus cuirfidh sé an t-ainmniú sin i bhfios don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an t-ainmniúchán sin in iúl do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

A luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích ar iarratas ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún dul ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú i gcomhréir le dlí Lichtinstéin trí ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír.

Ní féidir an forfheidhmiú a chur ar fionraí ach amháin trí bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh dlínse ag cúirteanna Lichtinstéin, áfach, maidir le ábhair a bhaineann le gearáin go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar bhealach neamhrialta.

2.   Beidh breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar i ndáil le cur i bhfeidhm clásail eadrána atá i gconradh nó i gcomhaontú deontais a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo in-fhorfheidhmithe i Lichtinstéin ar an modh céanna leis na cinntí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír.

Airteagal 6

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh Lichtinstéin an méid seo a leanas:

(a)

calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta a bheidh mar chosc agus a thabharfaidh cosaint éifeachtúil i Lichtinstéin;

(b)

na bearta céanna a ghlacadh chun calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac agus a ghlacann sí chun a leasanna airgeadais féin a chosaint; agus

(c)

comhordú a dhéanamh ar a ghníomhaíocht leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún atá dírithe ar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

2.   Cuirfidh údaráis inniúla Lichtinstéin an Coimisiún Eorpach nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise arna bunú le Cinneadh ón gCoimisiún 1999/352/CE, ECSC, Euratom (11) (‘OLAF’) ar an eolas gan mhoill faoi aon fhíoras nó amhras atá tugtha faoi deara acu maidir le neamhrialtacht, calaois nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Cuirfidh siad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) ón gComhairle 2017/1939 (12)(‘OIPE’) ar an eolas freisin i gcás a bhaineann na fíorais nó an t-amhras sin le cás a d’fhéadfadh teacht faoi inniúlacht OIPE.

Áiritheoidh Lichtinstéin agus an tAontas cúnamh frithpháirteach éifeachtach i gcásanna ina bhfuil imscrúduithe nó imeachtaí breithiúnacha ann ag údaráis inniúla an Aontais nó Lichtinstéin, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme, maidir le leasanna airgeadais a chéile a chosaint faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

3.   Glacfaidh Lichtinstéin bearta atá coibhéiseach leis na bearta arna nglacadh ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 325(4) de CFAE agus atá i bhfeidhm ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo.

4.   Déanfar an malartú faisnéise idir an Coimisiún, OLAF, OIPE, an Chúirt Iniúchóirí agus údaráis inniúla Lichtinstéin ag féachaint go cuí do cheanglais rúndachta. Na sonraí pearsanta a áireofar sa mhalartú faisnéise, déanfar iad a chosaint i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

Airteagal 7

Athbhreithnithe agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an Aontas

1.   Beidh sé de cheart ag an Aontas athbhreithnithe agus iniúchtaí teicniúla, airgeadais nó cineálacha eile athbhreithnithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air i Lichtinstéin nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe i Lichtinstéin agus a fhaigheann cistiú ón Aontas ó IBTV, chomh maith le haon tríú páirtí a bhfuil baint aige le cur chun feidhme chistiú an Aontais ó IBTV atá ina chónaí nó bunaithe i Lichtinstéin. Féadfaidh an Coimisiún, OLAF nó an Chúirt Iniúchóirí athbhreithnithe agus iniúchtaí den chineál sin a dhéanamh.

2.   Éascóidh údaráis Lichtinstéin na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí arna ndéanamh ag an Aontas a fhéadfar a dhéanamh i gcomhpháirt leo, más mian leis na húdaráis sin.

3.   Féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh, lena n-áirítear tar éis cearta eintiteas dlítheanach atá bunaithe i Lichtinstéin, ar cearta iad a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a chur ar fionraí nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, i ndáil le haon ghealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme buiséad an Aontais ar gealltanas é a bheidh déanta roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht le fionraí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 8

Seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair

Beidh údarás ag OLAF seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar chríoch Lichtinstéin a mhéid a bhaineann le IBTV i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos i Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (AE) Uimh. 883/2013.

Éascóidh údaráis Lichtinstéin seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a fhéadfar a dhéanamh i gcomhpháirt leo más mian leis na húdaráis sin.

Airteagal 9

An Chúirt Iniúchóirí

Leathnófar inniúlacht na Cúirte Iniúchóirí a leagtar amach in Airteagal 287(1) agus (2) CFAE chun go gcumhdófar an t-ioncam agus an caiteachas a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán IBTV ag Lichtinstéin, lena n-áirítear ar chríoch Lichtinstéin.

I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 287(3) CFAE agus i gCuid a hAon, Teideal XIV, Caibidil 1 den Rialachán Airgeadais, beidh an Chúirt Iniúchóirí in ann iniúchtaí a dhéanamh ar áitreabh aon chomhlachta a bhainistíonn ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais i gcríoch Lichtinstéin a mhéid a bhaineann le IBTV, lena n-áirítear in áitreabh aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad.

I Lichtinstéin, déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí i gcuibhreann leis na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna náisiúnta inniúla. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta Lichtinstéin de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí, na hoifigí, na gníomhaireachtaí nó na ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.

Airteagal 10

Ranníocaíochtaí airgeadais

1.   Déanfaidh Lichtinstéin íocaíochtaí bliantúla le buiséad IBTV i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Gach bliain féadfaidh an Coimisiún suas le 0,75 % de na híocaíochtaí arna ndéanamh ag Lichtinstéin a úsáid chun an caiteachas riaracháin a mhaoiniú maidir leis an bhfoireann nó leis an bhfoireann sheachtrach is gá chun tacú le Lichtinstéin Rialachán IBTV agus an Chomhaontú seo a chur chun feidhme.

3.   Tar éis an caiteachas riaracháin dá dtagraítear i mír 2 a asbhaint, sannfar an méid atá fágtha de na híocaíochtaí bliantúla arna ndéanamh ag Lichtinstéin mar seo a leanas:

(a)

70 % chun cláir na mBallstát agus na dTíortha Comhlachaithe Schengen a chur chun feidhme;

(b)

30 % ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán IBTV.

4.   Úsáidfear méid is ionann agus íocaíochtaí bliantúla Lichtinstéin chun rannchuidiú le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip atá láidir agus éifeachtach ag na teorainneacha seachtracha.

5.   Soláthróidh an tAontas do Lichtinstéin faisnéis maidir lena rannpháirtíocht airgeadais mar a áirítear san fhaisnéis bhuiséadach, chuntasaíochta, feidhmíochta agus mheastóireachta arna soláthar d’údaráis bhuiséadacha agus d’údaráis um urscaoileadh an Aontais maidir le IBTV.

Airteagal 11

An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

1.   Déanfar an sciar d’ioncam ETIAS a d’fhéadfadh a bheith fágtha tar éis costais oibriú agus chothabháil ETIAS a chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 86 de Rialachán ETIAS (an ‘barrachas’), a asbhaint ón ranníocaíocht airgeadais chríochnaitheach ó Lichtinstéin le IBTV, i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Cuirfidh Lichtinstéin tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na costais dá dtagraítear in Airteagal 85(2) agus (3) de Rialachán ETIAS don bhliain chuntasaíochta faoin 15 Feabhra an bhliain ina dhiaidh sin. Chun críocha na tuarascála sin, cloífidh Lichtinstéin leis na hoibleagáidí tuairiscithe uile a eascraíonn as an Rialachán ETIAS agus as aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh fúithi.

Airteagal 12

Rúndacht

Beidh faisnéis a chuirtear in iúl nó a fhaightear i bhfoirm ar bith de bhun an Chomhaontaithe seo cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil agus déanfar í a chosaint ar an gcaoi chéanna a ndéantar faisnéis chomhchosúil a chosaint leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus le dlíthe Lichtinstéin. Ní chuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do dhaoine seachas dóibh siúd atá laistigh d’institiúidí an Aontais, sna Ballstáit nó i Lichtinstéin a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu a bheith ar an eolas fúithi, ná ní fhéadfar í a úsáid chun críoch eile seachas cosaint éifeachtach leasanna airgeadais na bPáirtithe a áirithiú.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus ré

1.   Formheasfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh siad fógra dá chéile maidir le cur i gcrích na nósanna imeachta sin. Seolfar fógraí chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Misean Lichtinstéin chuig an Aontas Eorpach, faoi seach.

2.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den chéad mhí tar éis lá an fhógra dheireanaigh dá dtagraítear i mír 1.

3.   Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) 202/2093 ón gComhairle (13), féadfar tús a chur leis na bearta a chumhdaítear le Rialachán IBTV roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus ar a luaithe an 1 Eanáir 2021, ar choinníoll nach gcuirfear na gníomhaíochtaí i gcrích tráth a bhronnfar an tacaíocht i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

4.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe. Leanfaidh teacht i bhfeidhm na leasuithe den sórt sin an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

5.   D’ainneoin mhír 4 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choiste Measctha a bunaíodh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt’ (14) (‘an Comhaontú Comhlachais’) na leasuithe is gá ar Airteagal 2(1), an dara fomhír, pointe (a), den Chomhaontú seo a chaibidliú agus a ghlacadh i gcás fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Chomhaontú seo i gcúinsí nár thángthas ar chomhaontú de bhun Airteagal 2(2) nó (3) den Chomhaontú seo.

6.   Cé is moite d’Airteagal 5, cuirfidh na Páirtithe an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach amhail ón lá tar éis lá a shínithe, gan dochar do cheanglais bhunreachtúla.

Airteagal 14

Réiteach díospóidí

I gcás ina n-éireoidh díospóid maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 15

Fionraí

1.   Féadfaidh an tAontas cearta eintiteas dlíthiúil a bunaíodh i Lichtinstéin a eascraíonn ó chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí i gcomhréir le míreanna 5 go 7 den Airteagal seo:

(a)

i gcás neamhíoc iomlán nó páirteach na ranníocaíochta airgeadais atá le híoc ag Lichtinstéin;

(b)

i gcás ina bhfuil an Rialachán Airgeadais faoi réir leasú, aisghairm, ionadú nó athmhúnlú atá ábhartha do IBTV agus nach dtagtar ar chomhaontú de bhun Airteagal 2(2) den Chomhaontú seo laistigh de 30 lá ó theacht i bhfeidhm leasú, aisghairm, ionadú nó athmhúnlú den sórt sin, nó, i gcás inarb infheidhme, laistigh de 18 mí tar éis do Lichtinstéin fógra a thabhairt nach bhféadfaidh an gníomh lena leasaítear, lena n-aisghairtear, lena n-ionadaítear nó lena n-athmhúnlaítear an Rialachán Airgeadais bheith ina cheangal ar Lichtinstéin go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais bhunreachtúla; nó

(c)

i gcúinsí ina bhfuil an Rialachán Airgeadais faoi réir leasú, aisghairm, ionadú nó athmhúnlú atá ábhartha do IBTV agus go bhfuil fógra tugtha ag Lichtinstéin don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Chomhaontú seo, nach bhféadfaidh an gníomh lena leasaítear, lena n-aisghairtear, lena n-ionadaítear nó lena n-athmhúnlaítear an Rialachán Airgeadais bheith ina cheangal ar Lichtinstéin go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais bhunreachtúla, agus nach féidir le Lichtinstéin an gníomh nó an beart i dtrácht a chur chun feidhme ar bhonn sealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(4) den Chomhaontú seo.

2.   Tabharfaidh an tAontas fógra do Lichtinstéin go bhfuil sé ar intinn aige cearta eintiteas dlítheanach atá bunaithe i Lichtinstéin ar cearta iad a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a chur ar fionraí agus, sa chás sin, cuirfear an t-ábhar go hoifigiúil ar chlár oibre an Choiste Mheasctha a bunaíodh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais (‘an Coiste Measctha’).

3.   Tionólfar an Coiste Measctha agus tarlóidh an cruinniú laistigh de 30 lá ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2. Beidh 90 lá ag an gCoiste Measctha chun an t-ábhar a shocrú, ag comhaireamh ón dáta a ghlacfar an clár oibre ar cuireadh an t-ábhar air i gcomhréir le mír 2. I gcás nach féidir leis an gCoiste Measctha an t-ábhar a shocrú laistigh den sprioc-am 90 lá, cuirfear 30 lá leis an sprioc-am sin d’fhonn teacht ar réiteach críochnaitheach.

4.   I gcás nach féidir leis an gCoiste Measctha an t-ábhar a shocrú laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear i mír 3, féadfaidh an tAontas cearta eintiteas dlítheanach atá bunaithe i Lichtinstéin, ar cearta iad a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo dá dtagraítear i míreanna 5 go 7, a chur ar fionraí.

5.   I gcás fionraí, ní bheidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i Lichtinstéin incháilithe páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana nach bhfuil tugtha chun críche go fóill tráth a chuirfear an fhionraí i bhfeidhm. Measfar go mbeidh nós imeachta dámhachtana tugtha chun críche nuair a bheidh gealltanais dhlíthiúla tugtha mar thoradh ar an nós imeachta sin.

6.   Le fionraí, ní dhéanfar difear do na gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh de láimh leis na heintitis dhlítheanacha atá bunaithe i Lichtinstéin sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm. Leanfaidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir le gealltanais dhlíthiúla den sórt sin.

7.   Féadfar aon oibríocht is gá chun leas airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí airgeadais a eascraíonn as gealltanais a rinneadh faoin gComhaontú seo roimh fhionraí, a dhéanamh tar éis na fionraí.

8.   Tabharfaidh an tAontas fógra láithreach do Lichtinstéin a luaithe a bheidh méid na ranníocaíochta airgeadais nó oibríochtúla atá le híoc faighte aige, nuair a bheidh deireadh leis an neamh-chomhlíonadh le hAirteagal 2(2) den Chomhaontú seo nó nuair a shocrófar an t-ábhar a bhaineann leis an Rialachán Airgeadais. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí le héifeacht láithreach ar fhógra den sórt sin a thabhairt.

9.   Amhail ón dáta a chuirfear deireadh leis an bhfionraí, beidh eintitis dhlítheanacha Lichtinstéin incháilithe arís le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a sheolfar tar éis an dáta sin agus le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a seoladh roimh an dáta sin, ar nósanna imeachta dámhachtana iad nach bhfuil na sprioc-amanna chun iarratais a chur isteach ina leith dulta in éag.

Airteagal 16

Foirceannadh

1.   Féadfaidh an tAontas nó Lichtinstéin an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí eile faoina chinneadh. Scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige 3 mhí tar éis dháta an fhógra sin. Seolfar fógraí chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Misean Lichtinstéin chuig an Aontas Eorpach, faoi seach.

2.   Foirceannfar an Comhaontú seo go huathoibríoch nuair a fhoirceannfar an Prótacal Comhlachais i gcomhréir le hAirteagal 11 den Phrótacal Comhlachais.

3.   I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú seo i gcomhréir le mír 1 nó 2, leanfar le hoibríochtaí ina ndearnadh na gealltanais dhlíthiúla tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus sula bhfoirceannfar an Comhaontú seo, go dtí go dtabharfar chun críche na hoibríochtaí sin faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo.

4.   Aon oibríocht is gá chun leas airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí airgeadais a eascraíonn as gealltanais a rinneadh faoin gComhaontú seo sular foirceannadh é, féadfar an oibríocht sin a dhéanamh tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo.

5.   Socróidh na Páirtithe de chomhthoil aon iarmhairt eile a ghabhann le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 17

Teangacha

Déanfar an Comhaontú seo a dhréachtú i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Image 1

Image 2


(1)   IO AE L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(2)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO AE L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO AE L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO AE L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)   IO CE L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(8)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 an 11 Samhain 1996 ón gComhairle maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO CE L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO CE L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO AE L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO CE L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) ( IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO AE L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(14)   IO AE L 53, 27.2.2008, lch. 52.


IARSCRÍBHINN I

FOIRMLE CHUN RANNÍOCAÍOCHTAÍ AIRGEADAIS BLIANTÚLA DO NA BLIANTA 2021 GO 2027 A RÍOMH AGUS MIONSONRAÍ ÍOCAÍOCHTA

1.   

Cuirfear san áireamh i ríomh na ranníocaíochta airgeadais an méid dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán IBTV.

2.   

I gcás na mblianta 2024 agus 2025, déanfaidh Lichtinstéin íocaíochtaí bliantúla le buiséad IBTV i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

(Gach méid in EUR)

 

2024

2025

Lichtinstéin

739 017

739 017

Beidh na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear sa phointe seo le híoc ag Lichtinstéin gan beann ar dháta sínithe na gcomhaontuithe deontais.

3.   

Déanfar ranníocaíocht airgeadais Lichtinstéin le IBTV a ríomh mar a leanas do na blianta 2026 agus 2027:

Maidir le gach bliain aonair ó 2020 go 2024, roinnfear figiúirí Olltáirgeacht Intíre ainmniúil (OTI) Lichtinstéin a bheidh ar fáil ón 31 Márta 2026 ar Eurostat (OTI ag praghsanna reatha) ar shuim fhigiúirí OTI ainmniúil na Stát uile atá rannpháirteach in IBTV le haghaidh gach bliana faoi seach. Cuirfear meán na gcúig chéatadán a gheofar le haghaidh na mblianta 2020 go 2024 i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

—

suim na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ón mbuiséad a glacadh agus ó leasuithe nó aistrithe ina dhiaidh sin mar a gealladh ag deireadh gach bliana le haghaidh IBTV do na blianta 2021 go 2025;

—

na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair gealltanas ón mbuiséad a glacadh do IBTV don bhliain 2026 a dhéanfar ag tús na bliana 2026; agus

—

an leithreasú bliantúil faoi chomhair gealltanas de réir an bhuiséid do IBTV don bhliain 2027 mar a áirítear i ndréachtbhuiséad Ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2027 arna ghlacadh ag an gCoimisiún;

chun an méid iomlán a bheidh le híoc ag Lichtinstéin thar thréimhse iomlán chur chun feidhme IBTV a fháil.

Ón méid sin, déanfar na híocaíochtaí bliantúla arna ndéanamh go héifeachtach ag Lichtinstéin i gcomhréir le pointe 2 a dhealú chun méid iomlán a ranníocaíochtaí do na blianta 2026 agus 2027 a fháil. Íocfar leath den mhéid iomlán sin in 2026 agus an leath eile in 2027.

4.   

Íocfar an ranníocaíocht in euro, agus sloinnfear in euro ríomh na méideanna atá le híoc nó le fáil.

5.   

Íocfaidh Lichtinstéin a ranníocaíocht airgeadais féin tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis an nóta dochair a fháil. Mar thoradh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta, íocfar ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite. Is é a bheidh sa ráta úis an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina dtiteann an sprioc-am, méadaithe 3.5 pointe céatadáin.


IARSCRÍBHINN II

FOIRMLE CHUN SCIAR LICHTINSTÉIN DEN IONCAM A D’FHÉADFADH A BHEITH FÁGTHA MAR A SHAINMHÍNÍTEAR IN AIRTEAGAL 86 DE RIALACHÁN ETIAS A RÍOMH

Le haghaidh gach bliana airgeadais ina mbeidh barrachas arna ghiniúint mar a shainmhínítear in Airteagal 86 de Rialachán ETIAS agus dar críoch bliain airgeadais 2026, roinnfear na figiúirí d’Olltáirgeacht Intíre (OTI) ainmniúil Lichtinstéin a bheidh ar fáil an 31 Márta ar Eurostat (OTI ag praghsanna reatha) ar shuim fhigiúirí ainmniúla OTI na Stát uile atá rannpháirteach in ETIAS don bhliain faoi seach.

Cuirfear meán na gcéatadán a fhaightear i bhfeidhm ar na barrachais iomlána a ghintear. Déanfar ranníocaíocht airgeadais 2027 Lichtinstéin atá curtha i leataobh don tsaoráid théamach a laghdú faoin méid a thiocfaidh as sin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/200/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)