|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/199 |
4.1.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/199 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2023
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Feabhra 2022, le Cinneadh (AE) 2022/442 ón gComhairle (1), d’údaraigh an Chomhairle an Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn, le Ríocht na hIorua, le Cónaidhm na hEilvéise agus le Prionsacht Lichtinstéin i ndáil leis na socruithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais na dtíortha sin agus leis na rialacha forlíontacha is gá chun go mbeidh siad rannpháirteach, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cumhachtaí iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí, atá le tabhairt I gcrích de bhun Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Tugadh an chaibidlíocht le Prionsacht Lichtinstéin i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur le Comhaontú an 16 Meitheamh 2023. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021-2027 a shíniú thar ceann an Aontais.Ba cheart forálacha áirithe den Chomhaontú sin a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go dtabharfar i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (‘an Comhaontú) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú a thabhairt i gcrích (4).
Airteagal 2
Údaraítear leis seo Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Comhaontú, cé is moite d’Airteagal 5 de, i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 13(6) de ón lá tar éis a shínithe, go dtí go dtabharfar i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (AE) 2022/442 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin d’fhonn Comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tíortha sin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IO L 90, 18.3.2022, lch. 116).
(2) Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).
(3) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(4) Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L, 2024/200, 4.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/200/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/199/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)