European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/179

1.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 188/2021

an 30 Meitheamh 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/179]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10 (Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘10a.

32021 D 1073: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).’

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11 (Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘11a.

32021 D 1073: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 187/2021 ó Chomhchoiste LEE an 30 Meitheamh 2021 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 230, 30.6.2021, lch. 32.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L, 2024/180, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/180/oj


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/179/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)