|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/160 |
25.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 156/2021
an 23 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/160]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear formáid agus minicíocht na sonraí atá na Ballstáit le cur ar fáil chun críoch tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1ha (Cinneadh 2010/205/AE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘1hb. |
32019 D 1741: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear formáid agus minicíocht na sonraí atá na Ballstáit le cur ar fáil chun críoch tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 267, 21.10.2019, lch. 3). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Chinnidh oiriúnaithe mar a leanas: In Airteagal 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is ‘bliain tuairiscithe 2020’ a léifear in ionad na bhfocal ‘bliain tuairiscithe 2019’.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Aibreán 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 267, 21.10.2019, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/160/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)