European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/121

18.1.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 89/2021

an 3 Márta 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/121]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2021/267 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 4b (Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘4c.

32021 R 0267: Rialachán (AE) 2021/267 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (IO L 60, 22.2.2021, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/267 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d ’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Márta 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 60, 22.2.2021, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/121/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)