|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/113 |
18.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 119/2021
an 19 Márta 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/113]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta a bhunú maidir le Clárlann i dtaca leis an ainm fearainn barrleibhéil .eu a ainmniú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 lena leagtar síos na prionsabail a bheidh le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún Eorpach agus Clárlann an fhearainn barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5oab (Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘5oac. |
32020 R 0857: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 lena leagtar síos na prionsabail a bheidh le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún Eorpach agus Clárlann an fhearainn barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 195, 19.6.2020, lch. 52). |
|
5oad. |
32020 R 1083: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta a bhunú maidir le Clárlann i dtaca leis an ainm fearainn barrleibhéil .eu a ainmniú (IO L 239, 24.7.2020, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Márta 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 83/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020 (3), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 239, 24.7.2020, lch. 1.
(2) IO L 195, 19.6.2020, lch. 52.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/113/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)