|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/80 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 74/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/80]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21apl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘21apm. |
32019 R 1603: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 250, 30.9.2019, lch. 10.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha
a ghabhann le Cinneadh Uimh. 74/2021 ó Chomhchoiste LEE an 5 Feabhra 2021 lena n-ionchorpraítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún i gComhaontú LEE
Maidir le hionchorprú Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme i gComhaontú LEE, tuigeann na Páirtithe Conarthacha go bhfuil an t-ionchorprú sin gan dochar do raon feidhme Chomhaontú LEE.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/80/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)