|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/74 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 83/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/74]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1874 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 maidir le sonraí atá le soláthar le haghaidh 2020 faoi Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011, a mhéid a bhaineann le liosta na n-athróg agus lena dtuairisc, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bpointe 23b (scriosta) d’Iarscríbhinn XXI de Chomhaontú LEE:
|
|
‘ 32018 R 1874: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1874 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 maidir leis na sonraí atá le soláthar le haghaidh 2020 faoi Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011, a mhéid a bhaineann le liosta na n-athróg agus lena dtuairisc (IO L 306, 30.11.2018, lch. 14).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1874 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 306, 30.11.2018, lch. 14.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/74/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)