European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/67

11.1.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 85/2021

an 5 Feabhra 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/67]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/551 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 3 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10ba (Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 0551: Rialachán (AE) 2020/551 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2020 (IO L 127, 22.4.2020, lch. 13).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/551 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 127, 22.4.2020, lch. 13.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/67/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)