|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/44 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 63/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/44]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir (AE) 2018/933 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2018 lena gceartaítear an leagan Gearmáinise de Threoir (CE) 2006/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas le pointe 24f (Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32018 L 0933: Treoir (AE) 2018/933 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2018 (IO L 165, 2.7.2018, lch. 35).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2018/933 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 165, 2.7.2018, lch. 35.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/44/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)