Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/25 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 3/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/25]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (2) , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le héifeacht ón 21 Aibreán 2021, aisghairtear Treoracha92/66/CEE (3), 2001/89/CE (4), 2003/85/CE (5) agus 2005/94/CE ón gComhairle (6), a ionchorpraíodh i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá bhrí sin faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 21 Aibreán 2021. |
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13d (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/999 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1:
|
2. |
Scriosfar téacsanna phointí 1a (Treoir 2003/85/CE ón gComhairle), 3 (Treoir 2001/89/CE ón gComhairle), 5a (Treoir 2005/94/CE ón gComhairle) agus 6 (Treoir 92/66/CEE ón gComhairle) i gCuid 3.1, le héifeacht ón 21 Aibreán 2021. |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/687 agus (AE) 2020/692 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú san Fhorlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020 (7), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 174, 3.6.2020, lch. 64.
(2) IO L 174, 3.6.2020, lch. 379.
(3) IO L 260, 5.9.1992, lch. 1.
(4) IO L 316, 1.12.2001, lch. 5.
(5) IO L 306, 22.11.2003, lch. 1.
(6) IO L 10, 14.1.2006, lch. 16.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/25/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)