![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/14 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 35/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/14]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1764 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na córais infheidhme chun seasmhacht feidhmíochta fearas balastráide agus fearas ráille atá beartaithe lena n-úsáid in oibreacha foirgníochta chun titimí a chosc amháin nach mbíonn ualaí ingearacha an struchtúir á n-iompair acu a mheasúnú agus a fhíorú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1zzn (Cinneadh Tarmligthe (AE) 2018/771 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘1zzo. |
32019 D 1764: Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1764 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na córais infheidhme chun seasmhacht feidhmíochta fearas balastráide agus fearas ráille atá beartaithe lena n-úsáid in oibreacha foirgníochta chun titimí a chosc amháin agus nach mbíonn ualaí ingearacha an struchtúir á n-iompair acu a mheasúnú agus a fhíorú, (IO L 270, 24.10.2019, lch. 81).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1764 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4q
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 270, 24.10.2019, lch. 81.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/14/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)