|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/10 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 32/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/10]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/869 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beaflubútaimíd, beanalacsail, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, brómocsainil, captan, ciasófaimíd, démheatomorf, eiteafón, eatocsasól, famocsadón, feanaimíofos, flumocsaisín, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meitríbhúisín, milbimeictin, Paecilomyces lilacinus tréithchineál 251, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, própamacarb, próitiaconasól agus S-meitileaclór (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/892 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí béite-ciafluitrin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/968 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2020 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach pireaprocsaifein a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1003 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 lena ndéantar formheas na substaintí gníomhacha Phlebiopsis gigantea tréithchineálacha VRA 1835, VRA 1984 agus FOC PG 410.3 mar shubstaintí gníomhacha a mbaineann riosca íseal leo a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1004 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 lena bhformheastar an tsubstaint bhunúsach bainne bó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1018 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2020 lena bhformheastar pireafosfáit fheireach mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzv (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/646 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/869, (AE) 2020/892, (AE) 2020/968, (AE) 2020/1003, (AE) 2020/1004 agus (AE) 2020/1018 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 201, 25.6.2020, lch. 7.
(2) IO L 206, 30.6.2020, lch. 5.
(3) IO L 213, 6.7.2020, lch. 7.
(4) IO L 221, 10.7.2020, lch. 127.
(5) IO L 221, 10.7.2020, lch. 133.
(6) IO L 225, 14.7.2020, lch. 9.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/10/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)