European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2

11.1.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 38/2021

an 5 Feabhra 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/2]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/350 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh 2002/364/CE a mhéid a bhaineann le sainmhínithe ar mheasúnachtaí scagthástála agus measúnachtaí deimhniúcháin, ceanglais maidir le feistí le haghaidh féintástála agus ceanglais maidir le mearthástálacha VEID agus HCV, measúnachtaí deimhniúcháin agus measúnachtaí forlíontacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 3 (Cinneadh 2002/364/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 D 0350: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/350 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2020 (IO L 63, 3.3.2020, lch. 3).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/350 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 63, 3.3.2020, lch. 3.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)