European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2920

29.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2920 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2578 a mhéid a bhaineann le fadú a thréimhse cur i bhfeidhm

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle (1), bunaítear sásra sealadach ceartúcháin margaidh (‘MCM’) le haghaidh orduithe a dhéantar chun díorthaigh a thrádáil atá nasctha le pointí trádála fíorúla an Aontais (‘VTPanna’) ag a bhfuil aibíochtaí idir mí roimh ré agus bliain roimh ré. Dá bharr sin, tá feidhm ag an MCM maidir le haon díorthach tráchtearraí, a dhéantar a thrádáil ar mhargadh rialáilte, arb é a bhunionstraim idirbheart gáis in aon VTP san Aontas.

(2)

Tá an MCM le gníomhachtú nuair a tharlaíonn teagmhas ceartúcháin margaidh, is é sin, i gcás ina dtéann praghas socraíochta dhíorthach Shaoráid Aistrithe Teideal (‘TTF’) na míosa tosaigh, arna fhoilsiú ag ICE Endex B.V. (an Ísiltír), thar EUR 180/MWh agus ina bhfuil sé EUR 35 níos airde ná an praghas tagartha ar 3 lá oibre. Socraítear leis an Rialachán (AE) 2022/2578 (MCM) teorainn dhinimiciúil tairisceana, ar dá réir, tráth a tharlaíonn teagmhas ceartúcháin margaidh, nach ceart d’oibreoirí margaidh glacadh le horduithe le haghaidh díorthach ag a bhfuil praghsanna EUR 35/MWh os cionn an phraghais tagartha arna fhoilsiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’) an lá roimhe sin agus nach ceart do rannpháirtithe sa mhargadh iad a thíolacadh an lá roimhe.

(3)

Sna tuarascálacha measúnaithe ar éifeachtaí a foilsíodh an 1 Márta 2023 i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2578, rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) agus ACER anailís ar roinnt táscairí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar MCM ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm. Tháinig ESMA agus ACER ar an gconclúid nár gníomhachtaíodh MCM agus nár tháinig aon éifeacht dhiúltach ar shlándáil an tsoláthair, ar an sreabhadh gáis laistigh den Aontas nó ar chobhsaíocht airgeadais chun cinn go dtí gur foilsíodh a dtuarascálach.

(4)

Ag cur leis na táscairí a ndearna ESMA agus ACER anailís orthu ina dtuarascálacha an 1 Márta 2023, chuir an Coimisiún síneadh leis an anailís chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh tar éis na tréimhse ama a ndearnadh anailís uirthi sna tuarascálacha sin. Níor sainaithníodh aon éifeacht dhiúltach ó tháinig Rialachán (AE) 2022/2578 i bhfeidhm agus níor gníomhachtaíodh MCM riamh.

(5)

Mar sin féin, tá deacrachtaí tromchúiseacha fós ann maidir le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais. Tá staid dhomhanda an mhargaidh gáis fós an-docht. Tá praghsanna gáis fós i bhfad níos airde ná mar a bhí siad ó thús na géarchéime san Eoraip i ndiaidh armú na Rúise ar an bhfuinneamh agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus tá iarmhairtí dosheachanta acu ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais.

(6)

Tá luaineacht an mhargaidh gáis mar thoradh freisin ar dhoichte an mhargaidh a thagann as rioscaí geopholaitiúla agus is riosca breise í do gheilleagar an Aontais. Léiríonn na heachtraí de luaineacht shuntasach praghsanna a chonacthas sa samhradh agus go luath i bhfómhar 2023, nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de chúpla seachtain, go bhfuil na margaí fós leochaileach agus go bhfuil siad fós leochaileach do thurraingí measartha beag ar éileamh agus ar sholáthar, mar is léir ó ghluaiseachtaí praghsanna tar éis imeachtaí a tharla le déanaí amhail an stailc i saoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) na hAstráile, nó suaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt. Tá riosca geopholaitiúil suntasach breise ag baint leis an ngéarchéim leanúnach sa Mheánoirthear agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar phraghsanna gáis agus ar an soláthar gáis.

(7)

Tá na margaí gáis domhanda an-docht faoi láthair agus meastar gur mar sin a bheidh siad go ceann tamaill. Níor tháinig ach méadú beag ar an soláthar domhanda GNL le 2 bhliain anuas mar gheall ar bhreisithe teoranta acmhainneachta leachtaithe, éaradh ag saoráidí móra easpórtála agus soláthar gáis beatha laghdaitheacha ag gléasraí GNL. Tá coinne leis nach mbeidh acmhainneacht shuntasach nua leachtaithe GNL oibríochtúil go dtí go mbeidh 2025 ann. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh cothromaíochtaí margaidh neamhbhuan amach go ceann tamaill eile fós.

(8)

Anuas air sin, mar gheall ar an laghdú suntasach ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá infhaighteacht na soláthairtí gáis chuig an Aontas níos lú i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis na leibhéil gáis píblíne atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim agus 20 billiún méadar ciúbach (bcm) d’allmhairí píblíne na Rúise in 2023, is é sin tuairim agus 110 bcm níos lú ná mar a bhí in 2021. Dá dheasca sin, tá baol tromchúiseach ann fós go dtarlóidh ganntanais gáis san Aontas sa ghearrthéarma. I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, is féidir le praghsanna a bheith ag méadú arís mar thoradh ar theagmhais dhothuartha agus suaití tobanna amhail: athphlódú in éileamh GNL na hÁise a d’fhéadfadh infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis a laghdú; dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach lena n-éileofaí dul i muinín giniúint cumhachta gásadhainte a thuilleadh; agus tuilleadh bristeacha sa soláthar gáis a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear deireadh a chur go hiomlán le hallmhairí gáis ón Rúis, agus tuilleadh cur isteach ar bhonneagar criticiúil, amhail gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblíne NordStream 1 i mí Mheán Fómhair 2022 nó cur isteach ar phíblíne idirnascaire Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023.

(9)

Mar gheall ar dheacrachtaí tromchúiseacha marthanacha, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag leibhéal na bpraghsanna gáis ar staid eacnamaíoch an Aontais, ar a iomaíochas tionsclaíoch agus ar chumhacht ceannaigh a shaoránach.

(10)

Faoi na dálaí sin, go háirithe i gcás roinnt rioscaí geopholaitiúla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar phraghsanna gáis, is féidir leis an eagla roimh ghanntanas a bheith ina chúis le freagairtí suntasacha a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith acu ar phraghsanna gáis. I bhfianaise an chomhardaithe chúng idir an soláthar agus an t-éileamh faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh soláthar gáis measartha fiú tionchar mór a bheith aige ar an margadh gáis, agus d’fhéadfadh sé dochar tromchúiseach marthanach a dhéanamh do gheilleagar an Aontais agus do shaoránaigh an Aontais.

(11)

Ag buaicphointe na géarchéime, ghlac an tAontas freagairt láidir chomhordaithe chun a shaoránaigh agus a gheilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard agus chun a áirithiú go sreabhfaidh gás thar theorainneacha chuig gach tomhaltóir atá ina ghá, lena n-áirítear i gcásanna ganntanas gáis freisin. Rannchuidigh freagairt an Aontais de bhun RePowerEU mar a d’fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022, agus tionscnaimh ina dhiaidh sin, lena n-áirítear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2578, le feabhas a dhéanamh ar an staid. Dá scoirfeadh na bearta sin d’fheidhm a bheith acu, bheadh an staid chobhsaithe, atá leochaileach go fóill, atá bainte amach ag an Aontas faoi riosca agus rachadh an athléimneacht i leith teagmhais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i leith suaití tobanna in olcas.

(12)

Ós rud é gur margadh aonair é an tAontas agus go meastar gurb é TTF san Ísiltír an fhoinse ‘caighdeánach’ seachphraghasanna ar mhargaí gáis na hEorpa, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ag praghsanna arda gáis ar na díorthaigh a bhaineann le TTF i ngach Ballstát, ach bheadh a dhéine sin difriúil ag brath ar an mBallstát féin. Ba cheart díorthaigh a bhaineann le gach VTP eile san Aontas a bheith fós san áireamh i bhfadú ar thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2578 chun aistrithe féideartha trádála chuig díorthaigh a bhfuil baint acu le VTPanna eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le saobhadh ar mhargaí fuinnimh nó airgeadais an Aontais a sheachaint. Neartaíonn MCM dlúthpháirtíocht an Aontais chun praghsanna gáis atá i bhfad ró-ard a sheachaint, praghsanna nach bhfuil inbhuanaithe fiú ar feadh tréimhsí gearra i gcás go leor Ballstát. Le MCM, féadfar rannchuidiú, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, lena áirithiú go mbeidh gnóthais soláthair gáis sna Ballstáit uile in ann gás a cheannach ar phraghsanna réasúnta.

(13)

Agus é á chur san áireamh go scoirfidh Rialachán (AE) 2022/2578 d’fheidhm a bheith aige an 31 Eanáir 2024, is beart éigeandála é fadú a thréimhse cur i bhfeidhm, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, mar fhreagairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha leanúnacha maidir le soláthar fuinnimh, deacrachtaí lena bhfuil baol ann go mbeidh géarchéim ann agus go mbeidh praghsanna ró-ard ann.

(14)

Thairis sin, tá fadú ar thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2578 comhsheasmhach le Plean REPowerEU, arb é is aidhm dó saoránaigh an Aontais agus geilleagar an Aontais a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard agus ar ghanntanais soláthair fuinnimh.

(15)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 1 Feabhra 2024 chun cosaint leanúnach ar phraghsanna ró-ard a áirithiú ar feadh shéasúr geimhridh 2023/2024.

(16)

Ba cheart an fadú a bheith sealadach agus ba cheart dó leanúint de bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Eanáir 2025. Tá gá leis agus tá sé comhréireach mar gheall ar chineál leanúnach na ndeacrachtaí tromchúiseacha agus na rioscaí do shlándáil sholáthair gáis agus do phraghsanna gáis an Aontais, agus mar gheall ar éiginnteacht na staide reatha.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2578 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/2578

In Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2022/2578, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara abairt:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Eanáir 2025.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard (IO L 335, 29.12.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2578/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2920/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)