European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2919

29.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2919 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2576 a mhéid a bhaineann le fadú a thréimhse cur i bhfeidhm

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (1) i bhfianaise na géarchéime soláthair gáis a d’eascair as cogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an ghá a bhí ann don Aontas freagairt trí bhíthin bearta sealadacha de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit. Is é is aidhm dó an tionchar ar phraghas an gháis a mhaolú trí aghaidh a thabhairt ar an éileamh agus ar an soláthar, trí chinnteacht an tsoláthair a áirithiú ar fud an Aontais ar fad, agus tríd an dlúthpháirtíocht a fheabhsú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2022/2576 déantar foráil maidir le creat dlíthiúil sealadach i ndáil le comhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis, bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margaí na ndíorthach fuinnimh a chosc, agus bearta i gcás éigeandáil gháis.

(3)

Bhí tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 teoranta ar dtús don 30 Nollaig 2023.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) 2022/2576, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán sin agus ar an 28 Meán Fómhair 2023 d’fhoilsigh sé tuarascáil ina ndéantar achoimre ar na príomhthorthaí (‘an Tuarascáil’). Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil go raibh ról tábhachtach ag Rialachán (AE) 2022/2576 maidir le staid an mhargaidh gáis a chobhsú agus soláthar leordhóthanach gáis don Aontas a áirithiú, agus gur gné thábhachtach é de shraith uirlisí shlándáil sholáthar gáis an Aontais.

(5)

Le Rialachán (AE) 2022/2576 déantar foráil maidir le seirbhís saoráide a chur ar bun go brostaithe lena gceadaítear comhiomlánú éilimh agus ceannach gáis comhpháirteach agus ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go nglacfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse mar cheann de na modhanna féideartha chun na spriocanna líonta dá dtagraítear in Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bhaint amach. Bhí na Ballstáit agus gnóthais gáis nádúrtha chomh maith le gnóthais a ídíonn gás rannpháirteach go héifeachtach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) 2022/2576 (‘AggregateEU’) agus rannchuidigh siad le comhiomlánú iomlán de 44,04 billiún méadar ciúbach den éileamh ar ghás a bhaint amach faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023, arb é atá ann mó ná trí oiread na méideanna sainordaitheacha le haghaidh comhiomlánú éilimh. Léiríonn sé sin gur léirigh rannpháirtithe sa mhargadh spéis mhór in AggregateEU.

(6)

Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil gur chuir AggregateEU deiseanna breise ar fáil do cheannaitheoirí Eorpacha gás a fháil ó sholáthróirí iontaofa ar dhálaí iomaíocha, chomh maith le trédhearcacht an mhargaidh maidir le héileamh agus soláthar, rud a chuir le luaineacht na margaí a laghdú.

(7)

Maidir le rialacha formhaoirseachta margaidh, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2576 ar ionaid trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, le haghaidh gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear air, sásra bainistíochta luaineachta ionlae a chur ar bun bunaithe ar uasteorainn agus íosteorainn praghsanna lena sainítear na praghsanna nach féidir orduithe a fhorghníomhú os a gcionn agus faoina mbun (‘sásra bainistíochta luaineachta ionlae’). Fuarthas amach sa Tuarascáil go mbíonn eachtraí luaineachta móire fós sna margaí gáis agus go bhféadfadh ról a bheith ag an sásra bainistithe luaineachta ionlae maidir le harduithe iomarcacha praghsanna a chosc agus maidir leis an margadh a chobhsú.

(8)

De bhun Rialachán (AE) 2022/2576, tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) le measúnuithe laethúla ar phraghsanna gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus tagarmharc laethúil GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú ar bhonn sonraí margaidh GNL maidir le hidirbhearta atá le bailiú agus le próiseáil go córasach ag ACER. Leis na measúnuithe ar phraghsanna GNL agus leis an tagarmharc GNL, cuireadh trédhearcacht níos fearr ar fáil don mhargadh, rud a chuir feabhas ar chumas ghníomhaithe an mhargaidh soláthairtí GNL a fháil ar phraghsanna iomaíocha. Fuarthas amach sa Tuarascáil gur cruthaíodh go raibh an measúnú ar phraghas GNL agus an tagarmharc GNL úsáideach chun an margadh a chobhsú.

(9)

Le Rialachán (AE) 2022/2576 déantar foráil maidir le roinnt forálacha slándála soláthair agus dlúthpháirtíochta i gcás éigeandála gáis chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar eagrú beart dlúthpháirtíochta fuinnimh i gcás éigeandála. Le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2576, comhlánaíodh go sealadach Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe tríd an sásra dlúthpháirtíochta a dhéanamh infheidhme mar réamhshocrú in éagmais comhaontuithe déthaobhacha, agus tríd an sásra dlúthpháirtíochta a leathnú chuig GNL agus chuig toirteanna criticiúla gáis le haghaidh leictreachais. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2022/2576 déantar foráil maidir le bearta sealadacha a dhéanamh chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú agus maidir le coimircí le haghaidh sreabha trasteorann. Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil gur léir go bhfuil na forálacha sealadacha maidir le slándáil an tsoláthair agus leis an dlúthpháirtíocht úsáideach chun géarchéim gáis a chosc agus a mhaolú, agus chun iarrachtaí chun éileamh gáis a laghdú a éascú.

(10)

Tá conclúid na Tuarascála, eadhon go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha fós ann maidir le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais, fós fíor. Tá staid dhomhanda an mhargaidh gáis fós an-docht. Tá praghsanna gáis fós i bhfad níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim agus tá iarmhairtí dosheachanta acu ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais. Gné eile den staid reatha is ea luaineacht an mhargaidh gáis. Léirítear le heachtraí luaineachta móire a tharla le déanaí i samhradh agus i bhfómhar 2023, arbh imeachtaí amhail an stailc i saoráidí GNL na hAstráile nó suaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt is cúis leo, go bhfuil na margaí fós leochaileach, fiú maidir le suaití measartha beag ar éileamh agus ar sholáthar. Tá riosca geopholaitiúil mór breise ag baint leis an ngéarchéim leanúnach sa Mheánoirthear agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar phraghsanna agus ar an soláthar gáis. Faoi na dálaí sin, d’fhéadfadh eagla roimh ghanntanas freagairtí móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna.

(11)

Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú mór tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis na leibhéil allmhairithe gáis píblíne atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim is 20 billiún méadar ciúbach d’allmhairí píblíne na Rúise, mura gcuirfear isteach go hiomlán ar na hallmhairí neamhiontaofa sin ar fad. Bheadh sé sin thart ar 110 billiún méadar ciúbach níos lú ná mar a bhí in 2021. Tá baol ann go dtarlóidh ganntanais gáis san Aontas mar gheall ar an laghdú sin.

(12)

Tá na margaí gáis domhanda an-docht faoi láthair agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh ar feadh tréimhse áirithe. Níor tháinig ach méadú beag ar an soláthar domhanda GNL le dhá bhliain anuas mar gheall ar bhreisithe teoranta acmhainneachta leachtaithe, éaradh ag saoráidí móra onnmhairiúcháin agus soláthar gáis beatha laghdaitheacha ag gléasraí GNL. Tá coinne leis nach mbeidh acmhainneacht mhór nua leachtaithe GNL oibríochtúil go dtí go mbeidh 2025 ann. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh cothromaíochtaí margaidh fós neamhbhuan go luath amach anseo. Tá iarmhairtí diúltacha ag an staid sin ar phraghsanna gáis, ar praghsanna iad, d’ainneoin iad a bheith níos ísle ná an buaicphraghas a bhí ann i samhradh 2022, atá fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim.

(13)

I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh praghsanna ardú go tobann arís mar thoradh ar theagmhais dhothuartha agus suaití tobanna, amhail téarnamh in éileamh na hÁise ar GNL, rud a d’fhéadfadh infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda a laghdú. geimhreadh fuar as a bhféadfadh méadú suas le 30 billiún méadar ciúbach teacht ar an éileamh ar ghás, dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce as a dtiocfadh méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte, suaití breise ar bhonneagair chriticiúla, amhail gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte NordStream i mí Mheán Fómhair 2022 nó an tsuaite ar phíblíne idirnascaire Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus ar thimpeallacht na bagartha i réigiúin soláthair, mar shampla mar thoradh ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear.

(14)

I bhfianaise an chomhardaithe chúng idir an soláthar agus an t-éileamh faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh soláthar gáis measartha fiú, nó fiú bagairt na suaití sin, tionchar mór a bheith aige ar an margadh gáis, agus dochar tromchúiseach marthanach a dhéanamh don gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais.

(15)

Mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh. Maidir leis na deacrachtaí tromchúiseacha marthanacha a dhéanann difear fós do shlándáil sholáthar gáis an Aontais, agus le leibhéal na bpraghsanna gáis, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an staid eacnamaíoch, ar an iomaíochas tionsclaíoch agus ar chumhacht ceannaigh na saoránach.

(16)

Ós rud é gur margadh aonair é an tAontas, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann le haghaidh na mBallstát uile mar gheall ar ghanntanas gáis i mBallstát amháin, is iad sin ganntanas fisiceach sa soláthar gáis, luaineacht praghsanna nó suaitheadh slabhraí tionsclaíocha mar gheall ar chiorrúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann i dtionscadail shonracha i mBallstát. Thairis sin, de mheon na dlúthpháirtíochta, is féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú leis na rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh a laghdú agus, dá bhrí sin, an luaineacht i bpraghsanna gáis a shrianadh.

(17)

Beart eisceachtúil a bhfuil teorainn ama leis is ea fadú thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576, mar fhreagairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha marthanacha nua maidir le soláthar fuinnimh, lena mbaineann baol go mbeidh géarchéim ann a d’fhéadfadh teacht chun cinn go tapa. Is léir go laghdóidh an fadú luaineacht na margaí agus go bhfeabhsóidh sé an dlúthpháirtíocht.

(18)

Tá práinn leis an ngá chun gníomhú. Mura gcuirfí fad le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576, a scoirfidh d’fheidhm a bheith aige an 30 Nollaig 2023, bheadh an baol ann go n-athrófaí an staid chobhsaithe, ar staid leochaileach í, atá bainte amach ag an Aontas go dtí seo agus thiocfadh meath ar an athléimneacht i leith forbairtí is dócha a tharlóidh amach anseo amhail stop iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis. Tá fadú ar thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 comhsheasmhach freisin le ‘Plean REPowerEU’, mar a d’fhógair an Coimisiún i dteachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022, arbh é is aidhm dó saoránaigh agus geilleagar an Aontais a chosaint ar phraghsanna iomarcacha agus ar ghanntanais soláthair fuinnimh.

(19)

Leis an teannas leanúnach sa soláthar fuinnimh, tugtar bonn cirt le fadú thréimhse chur i bhfeidhm na forálacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach i Rialachán (AE) 2022/2576, toisc go gcabhraíonn siad le rochtain níos cothroime a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát ar fhoinsí gáis nua nó breise. Leis na forálacha sin cuidítear freisin le dálaí níos fearr a áirithiú ná mar a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm murach sin maidir le gnóthais a cheannaíonn an gás trí úsáid a bhaint as an soláthraí seirbhíse, rud a rannchuidíonn le slándáil an tsoláthair.

(20)

Dá gcuirfí síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach, neartófaí dlúthpháirtíocht an Aontais maidir le gás a cheannach agus a dháileadh. De mheon na dlúthpháirtíochta, tacóidh infhaighteacht fhadaithe an chomhiomlánaithe éilimh agus an cheannaigh chomhpháirtigh go háirithe leis na gnóthais sin nach raibh ag ceannach gáis ach ó sholáthróirí Rúiseacha roimhe sin, nó a bhí ag ceannach gáis ó sholáthróirí Rúiseacha go príomha, trí chabhrú leo soláthairtí a fháil ó sholáthróirí nó soláthraithe gáis nádúrtha malartacha i ndálaí buntáisteacha.

(21)

Chun tacú le rannpháirtithe sa mhargadh ar feadh an gheimhridh seo agus an chéad séasúr líonta stórála gáis eile, ba cheart leanúnachas a áirithiú maidir le hoibriú AggregateEU. Áirítear leis sin an fhéidearthacht síneadh a chur leis an gconradh atá ann faoi láthair leis an soláthraí seirbhíse i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(22)

I bhfianaise na mbuntáistí do thomhaltóirí, do chobhsaíocht praghsanna agus do chinnteacht an tsoláthair fuinnimh, tá bonn cirt freisin le fadú thréimhse chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2022/2576 lena mbunaítear sásra bainistíochta luaineachta ionlae agus measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL.

(23)

I bhfianaise na rioscaí leanúnacha maidir le soláthairtí cobhsaí gáis a leagtar amach thuas, is iomchuí freisin fad bliana eile a chur le tréimhse chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le cás éigeandála gáis, i gcomhréir leis na torthaí maidir le héifeacht dhearfach na bhforálacha sin sa Tuarascáil. Beidh na luachanna le haghaidh toirteanna criticiúla gáis in Iarscríbhinn I fós bailí ar feadh thréimhse chur i bhfeidhm fadaithe Rialachán (AE) 2022/2576 go dtí deireadh 2024.

(24)

Ba cheart cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 a bheith sealadach agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm an 31 Nollaig 2023 chun a áirithiú go leanfar de na forálacha ábhartha a chur i bhfeidhm, agus ba cheart dó maireachtáil ar feadh bliain amháin, go dtí an 31 Nollaig 2024. Tá an fadú bliana amháin riachtanach agus comhréireach mar gheall ar chineál marthanach na ndeacrachtaí tromchúiseacha do sholáthairtí fuinnimh agus na rioscaí a eascraíonn as sin do phraghsanna agus do chinnteacht an tsoláthair a mheastar a leanfaidh ar aghaidh ar a laghad ar feadh 2024. Agus é á chur san áireamh go raibh na toirteanna gáis arna gcomhiomlánú tríd an ardán comhiomlánaithe éilimh faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023 cothrom le trí oiread na toirteanna a bhí ag teastáil cheana féin, níor cheart an rannpháirtíocht éigeantach i gcomhiomlánú éilimh a áireamh le fadú thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576.

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2022/2576 go dtí an 31 Nollaig 2024.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(27)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2576 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/2576

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/2576 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 5, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh.’

;

(2)

Scriostar Airteagal 10;

(3)

In Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.’;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gcuid (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta (1):

‘Tá na figiúirí in Iarscríbhinn I, codanna (a) agus (b), bunaithe ar shonraí ón measúnú leordhóthanachta geimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 a rinne an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ach amháin i gcás Mhálta a bhfuil a ghiniúint leictreachais ag brath go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil aon acmhainn shuntasach stórála aige. I bhfianaise shainiúlacht an gháis chalraigh ísil, ba cheart na luachanna le haghaidh na hÍsiltíre sa tábla seo a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta 37,89 arna roinnt ar 35,17. In Iarscríbhinn I, cuid (a), léirítear na toirteanna míosúla aonair arna ríomh ag ENTSO-E le haghaidh na míonna ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mhárta 2023; léirítear leis na figiúirí in Iarscríbhinn I, cuid (b), le haghaidh na míonna Aibreán 2023 go Nollaig 2024 meán na luachanna sa tréimhse idir mí na Nollag 2022 agus mí an Mhárta 2023.’

(b)

i gcuid (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘Toirteanna gáis criticiúla uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 don tréimhse ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2024 (luachanna in milliún méadar ciúbach):’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1938/oj).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2919/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)