European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2917

29.12.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2917 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2023

maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin, creidiúnú fíoraitheoirí agus formheas pleananna faireacháin ag údaráis riaracháin de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 6(8), an tríú fomhír, Airteagal 7(5), an dara fomhír, Airteagal 13(6), Airteagal 15(5) agus Airteagal 16(3) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún, (2) leagtar síos forálacha maidir le measúnú ar phleananna faireacháin agus maidir le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, maidir le ceanglais i dtéarmaí inniúlachtaí agus nósanna imeachta, agus maidir le rialacha faoi chreidiúnú agus maoirseacht na bhfíoraitheoirí ag comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe. Le Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí breise gás ceaptha teasa agus ar astaíochtaí ó chineálacha breise long. Leagadh síos oibleagáid leis freisin ar chuideachtaí chun sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe fíoraithe ar leibhéal cuideachta (‘tuarascálacha ar leibhéal cuideachta’) agus tuarascálacha fíoraithe a chur isteach de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2015/757 i gcás ina bhfuil athrú cuideachta i gceist (‘tuarascálacha páirteacha astaíochtaí’), chomh maith le hoibleagáid ar údaráis riaracháin fhreagracha pleananna faireacháin agus modhnuithe orthu a fhormheas.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 3ge de Threoir 2003/87/CE, áiritheoidh an t-údarás riaracháin i ndáil le cuideachta loingseoireachta go ndéantar an tuairisciú ar shonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a chuireann cuideachta loingseoireachta isteach a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha fíorúcháin agus creidiúnúcháin a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2015/757. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh leis na forálacha maidir le fíorú agus creidiúnú a leagtar síos sa Rialachán seo, lena bhforlíontar na rialacha a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2015/757, rialacha chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta.

(3)

Thairis sin, is gá sraith rialacha maidir le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta a chur leis an gcóras a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072, rialacha a leanann na céimeanna maidir le fíorú a dhéanamh ar tuarascálacha astaíochtaí ach a sheachnaíonn dúbláil na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a mhéid a bhaineann le tuarascálacha ar leibhéal cuideachta agus ualach breise riaracháin gan ghá.

(4)

Ina theannta sin, is gá sraith rialacha maidir le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha páirteacha astaíochtaí a chur leis an gcóras a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072. De bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart, le tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, na heilimintí céanna leis na tuarascálacha astaíochtaí a chumhdach, ach iad teoranta don tréimhse a chomhfhreagraíonn do na gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích faoi fhreagracht na cuideachta. Is iomchuí dá bhrí sin na tuarascálacha páirteacha astaíochtaí a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha céanna leis na rialacha is infheidhme maidir le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí.

(5)

Le hAirteagal 6(8) agus Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2015/757, faoi seach, leagtar síos cumhachtú don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh maidir leis na rialacha a bhaineann le pleananna faireacháin a fhormheas ag na húdaráis riaracháin fhreagracha agus a bhaineann le hathruithe ar na pleananna faireacháin a fhormheas ag na húdaráis riaracháin fhreagracha. Le hAirteagal 13(6) agus Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2015/757, faoi seach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh leis na rialacha chun na sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a fhíorú, lena n-áirítear na modhanna fíorúcháin agus an nós imeachta um fhíorú, agus maidir le tuarascáil fíorúcháin a eisiúint, agus chun na rialacha maidir leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear sa Rialachán sin a shonrú a thuilleadh. Le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2015/757, déantar foráil maidir le glacadh gníomhartha tarmligthe ag an gCoimisiún chun na modhanna creidiúnúcháin d’fhíoraitheoirí a shonrú a thuilleadh. Óir tá nasc substainteach idir na gníomhaíochtaí fíorúcháin, creidiúnaithe agus formheasta sin, úsáidtear na cúig bhunús dlí sin sa Rialachán seo.

(6)

Cuimsítear le gníomhaíochtaí fíorúcháin an measúnú ar phleananna faireacháin ag fíoraitheoirí, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2015/757. Agus measúnú á dhéanamh ar phlean faireacháin, ba cheart d’fhíoraitheoirí roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar iomláine, ábharthacht agus comhréireacht na faisnéise a chuireann an chuideachta atá i gceist isteach a mhéid a bhaineann le próiseas faireacháin agus tuairiscithe na loinge d’fhonn a bheith in ann a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an plean i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757. Ba cheart a áireamh leis sin eilimintí a bhaineann leis an gcóras bainistithe agus rialaithe sonraí mar a thuairiscítear i bplean faireacháin na loinge, i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna maidir le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/757 agus in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Chun forfheidhmiú ceart Rialachán (AE) 2015/757 a ráthú, i gcás na heagraíochta nó an duine a bhfuil freagracht glactha aici nó aige as oibriú na loinge ón longúinéir agus, agus i gcás, ar ghlacadh na freagrachta sin, ina bhfuil sé tar éis aontú ceannas a ghlacadh ar na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i gcás ina nglacann an eagraíocht nó an duine sin freagracht freisin as na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2015/757 agus, i gcás inarb infheidhme, faoi Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh, ba cheart don eagraíocht nó duine sin doiciméad a sholáthar don fhíoraitheoir, sula gcuirfear tús leis an measúnú ar an bplean faireacháin, lena gcruthaítear go bhfuil sainordú cuí tugtha dóibh ag an longúinéir chun na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2015/757, agus i gcás inarb infheidhme, faoi Threoir 2003/87/CE, a chomhlíonadh. Maidir leis na longa a bhfuil a n-astaíochtaí faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2023/2599 (6), is féidir an doiciméad sin a chur ar fáil don fhíoraitheoir le measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin.

(7)

Tá an Rialachán seo ina fhorlíonadh le Rialachán (AE) 2015/757 trí fhoráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha i ndáil le gníomhaíochtaí atá bainteach le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, ar thuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta, creidiúnú na bhfíoraitheoirí agus measúnú agus formheas na bpleananna faireacháin. Leis na gníomhaíochtaí sin, ba cheart urraim a léiriú ar phrionsabail an fhaireacháin agus an tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/757 agus in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2849 ón gCoimisiún (7).

(8)

Ba cheart a áirithiú, le húsáid na gcumhachtuithe a leagtar síos in Airteagal 6(8) agus Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2015/757, maidir leis na bpleananna faireacháin agus na modhnuithe air sin arna ndeonú i gcomhréir leis an Rialachán sin, go gcuirfidh na húdaráis riaracháin fhreagracha i gcrích iad ar bhealach comhchuibhithe, go háirithe i dtéarmaí fógraí agus faisnéise arna gcur ar fáil ag cuideachtaí agus údaráis riaracháin fhreagracha.

(9)

Pleananna faireacháin long a bhfuil a n-astaíochtaí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2015/757 ach nach bhfuil faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, níor cheart go mbeadh na pleananna sin faoi réir fhormheas an údaráis riaracháin fhreagraigh.

(10)

Le linn dóibh pleananna faireacháin agus na modhnuithe orthu a fhormheas, ba cheart d’údaráis riaracháin fhreagracha conclúidí an fhíoraitheora maidir le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin a chur san áireamh go cuí. Ba cheart do na húdaráis riaracháin fhreagracha cinntí a dhéanamh go neamhspleách chun pleananna faireacháin a fhormheas, óir ba cheart d’údaráis riaracháin i ndáil le cuideachta loingseoireachta a áirithiú go gcomhlíonann na cuideachtaí loingseoireachta faoina bhfreagracht Treoir 2003/87/CE agus Rialachán (AE) 2015/757, lena n-áirítear an méid sin i ndáil le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na paraiméadair ábhartha le linn tréimhse tuairiscithe.

(11)

I gcás nach bhformheasann an t-údarás riaracháin freagrach an plean faireacháin, ba cheart don chuideachta athbhreithniú a dhéanamh air i gcomhréir leis an bhfaisnéis a chuireann an t-údarás riaracháin sin ar fáil, agus leagan athbhreithnithe den phlean faireacháin sin a chur isteach lena athmheasúnú ag an bhfíoraitheoir. D’fhéadfaí roinnt malartuithe a reáchtáil idir cuideachtaí agus údaráis riaracháin fhreagracha sula seolfaí an plean faireacháin athbhreithnithe chuig an bhfíoraitheoir lena athmheasúnú, chun ualach riaracháin gan ghá a sheachaint le haghaidh cuideachtaí agus fíoraitheoirí.

(12)

Chun Airteagal 13(6) agus Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2015/757 a chur chun feidhme, éilítear creat foriomlán rialacha chun a áirithiú go gcuirtear i gcrích measúnú na bpleananna faireacháin, fíorú ar thuarascálacha astaíochtaí, ar thuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta, agus eisiúint na dtuarascálacha fíorúcháin arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán sin ar bhealach comhchuibhithe ag fíoraitheoirí ag a bhfuil an inniúlacht theicniúil chun na cúraimí a chuirtear orthu a fheidhmiú go neamhspleách agus go neamhchlaonta.

(13)

Rialacha comhchuibhithe maidir le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin, fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, ar thuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta, agus maidir le heisiúint doiciméad comhlíontachta ag fíoraitheoirí; ba cheart freagrachtaí na bhfíoraitheoirí a shainiú go soiléir iontu.

(14)

Tá conclúidí an fhíoraitheora maidir leis an measúnú ar an bplean faireacháin fíor-riachtanach chun cur ar a gcumas do chuideachtaí agus d’údaráis riaracháin fhreagracha tuiscint a fháil ar thoradh na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanann an fíoraitheoir. Is gá, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh le conclúidí den sórt sin aon fhaisnéis ábhartha a fhaightear amach i gcaitheamh an mheasúnaithe ar an bplean faireacháin, lena n-áirítear tuairisc ar aon neamhréireacht neamhcheartaithe agus achoimre ar nósanna imeachta an fhíoraitheora, lena n-áirítear i ndáil le cuairteanna ar an láithreán.

(15)

Tá soláthar doiciméad agus malartú faisnéise ábhartha idir cuideachtaí agus fíoraitheoirí fíor-riachtanach le haghaidh gach gné den phróiseas fíorúcháin, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin, na hanailísí straitéiseacha agus riosca a dhéanamh, an tuarascáil astaíochtaí, an tuarascáil pháirteach astaíochtaí agus an tuarascáil ar leibhéal cuideachta a fhíorú. Is gá, dá bhrí sin, sraith ceanglas comhchuibhithe a bhunú lena rialaítear soláthar faisnéise agus doiciméad atá le cur ar fáil don fhíoraitheoir sula dtosóidh sé ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus ag amanna eile le linn an fhíorúcháin.

(16)

Ba cheart don fhíoraitheoir cur chuige riosca-bhunaithe a ghlacadh chun tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2015/757. Is cuid fhíor-riachtanach den phróiseas fíorúcháin é anailís a dhéanamh ar shoghabháltacht na sonraí tuairiscithe do mhíráiteas ábhartha, agus cinntear léi an chaoi ar cheart don fhíoraitheoir a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh.

(17)

Chun comhsheasmhacht agus inchomparáideacht na sonraí ar a ndéantar faireachán a áirithiú le himeacht ama i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart an plean faireacháin a measadh a bheith sásúil agus, i gcás inarb infheidhme, ar fhormheas an t-údarás riaracháin freagrach é, a bheith mar an pointe tagartha don fhíoraitheoir le linn dó measúnú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí loinge.

(18)

Tá gach céim sa phróiseas chun tuarascáil astaíochtaí, tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó tuarascáil ar leibhéal cuideachta idirnasctha, agus ba cheart eisiúint tuarascála fíorúcháin a bheith ann dá thoradh ina mbeadh ráiteas maidir le toradh an fhíorúcháin. Ba cheart an leibhéal dearbhaithe don tuarascáil fíorúcháin baint a bheith aige le doimhneacht agus le mioneolas na ngníomhaíochtaí fíorúcháin agus le foclaíocht an ráitis fíorúcháin.

(19)

Ba cheart do phearsanra inniúil an measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus an fíorú ar thuarascálacha astaíochtaí, ar thuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta. Chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, ba cheart d’fhíoraitheoirí, dá bhrí sin, próisis inmheánacha a bhunú agus feabhas leanúnach a chur orthu. Ba cheart gur chomhionann na critéir i ngach Ballstát lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil fíoraitheoir inniúil, agus ba cheart na critéir sin a bheith infhíoraithe, oibiachtúil agus trédhearcach.

(20)

D’fhonn ardcháilíocht a chur chun cinn sna gníomhaíochtaí fíorúcháin, ba cheart rialacha comhchuibhithe a leagan síos chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil fíoraitheoir inniúil, neamhspleách agus neamhchlaonta agus cáilithe dá réir chun na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh.

(21)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leagtar síos creat cuimsitheach maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. De bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2015/757, beidh feidhm ag na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i gcás nach leagtar síos aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú na bhfíoraitheoirí i Rialachán (AE) 2015/757.

(22)

Le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2015/757 tugtar de chumhacht don Choimisiún na modhanna creidiúnúcháin d’fhíoraitheoirí a shonrú a thuilleadh le haghaidh gníomhaíochtaí atá faoi raon feidhme an Rialacháin sin, is é sin, i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil muiriompair. Dá réir sin, comhlánaíonn an Rialachán seo na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i Rialachán (AE) 2015/757, go sonrach i ndáil leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme, na ceanglais d’fhoirne measúnaithe, cur chun feidhme measúnaithe piaraí ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, agus aithint fhrithpháirteach fíoraitheoirí. Tá gá le rialacha breise den chineál sin a shonrú d’fhonn a áirithiú, maidir leis na critéir agus na caighdeáin a dhéantar a mheas i gcomhthéacs chreidiúnú na bhfíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2015/757, go bhfuil siad oiriúnach don ghnó agus d’ábhar na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart na rialacha sin rannchuidiú le tuilleadh feabhais a chur ar láidreacht na bpróiseas fíorúcháin agus creidiúnúcháin, agus le cur chuige comhchuibhithe sna Ballstáit trí chéile.

(23)

Ba cheart, leis an gcóras fíorúcháin agus creidiúnúcháin, dúbláil gan ghá nósanna imeachta agus eagraíochtaí arna mbunú de bhun ionstraimí dlí eile an Aontais, óir thiocfadh ualach méadaithe as sin do Bhallstáit agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Is iomchuí, dá bhrí sin, dea-chleachtais a chur san áireamh atá ann de thoradh chur chun feidhme caighdeán comhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú ar bhonn sainchúraim arna eisiúint ag an gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), amhail na caighdeáin a bhaineann le ceanglais le haghaidh comhlachtaí bailíochtaithe agus fíorúcháin gás ceaptha teasa lena n-úsáid sa chreidiúnú agus i gcineálacha aitheantais eile, agus a bhaineann le ceanglais ghinearálta le haghaidh comhlachtaí creidiúnaithe a thugann creidiúnú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus doiciméid theicniúla eile arna bhforbairt ag an gComhar Eorpach don Chreidiúnú.

(24)

Ba cheart a thabhairt de chumhacht don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a cheaptar de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ráiteas údarásach a chreidiúnú agus a eisiúint maidir le hinniúlacht fíoraitheora na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo, bearta riaracháin a ghlacadh amhail fionraíocht nó tarraingt siar an chreidiúnaithe, agus faireachas a dhéanamh ar fhíoraitheoirí.

(25)

Tá comhar éifeachtach idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe agus údaráis riaracháin fhreagracha fíor-riachtanach le haghaidh fheidhmiú cuí Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, lena n-áireofar astaíochtaí muiriompair ón tréimhse tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2024, agus le haghaidh maoirseacht ar cháilíocht an fhíorúcháin. Ar chúiseanna trédhearcachta, is gá a áirithiú go mbunaíonn na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe agus na húdaráis riaracháin fhreagracha modh éifeachtach chun faisnéis a mhalartú. Malartuithe faisnéise idir údaráis riaracháin fhreagracha agus idir údaráis riaracháin fhreagracha agus comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, ba cheart iad a rialú leis na ráthaíochtaí rúndachta agus rúndachta gairmiúla is doichte, agus iad a láimhseáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme.

(26)

I bhfianaise na hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a bheith san áireamh, i dtaca leis na rialacha chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnaithe is infheidhme maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil muiriompair a thugtar isteach leis an Rialachán seo, is gá tuilleadh ailínithe a áirithiú idir na rialacha sin agus na rialacha maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnúcháin a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnálacha eile a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, agus tréithe sonracha na hearnála muiriompair á gcur san áireamh san am céanna. Baineann ailíniú na rialacha go háirithe le rialacha maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin, lena n-áirítear cuairteanna ar an láithreán, maidir le malartú faisnéise, maidir le ceanglais d’fhíoraitheoirí agus maidir le ceanglais do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe.

(27)

De bharr mhéid na n-athruithe riachtanacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072, is iomchuí an Rialachán sin a aisghairm ina iomláine.

(28)

Baineann na forálacha sa Rialachán seo le gníomhaíochtaí fíorúcháin, formheasta agus creidiúnúcháin i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-astú ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Áiritheofar leo feidhmiú éifeachtach Chóras Trádála an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear astaíochtaí muiriompair ón tréimhse tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2024, agus áireamh astaíochtaí meatáin agus ocsaíde nítriúla laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2015/757 ón tréimhse tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2024. Is iomchuí dá bhrí sin feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí agus sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta. Leagtar síos ann freisin ceanglais i dtéarmaí inniúlachtaí agus nósanna imeachta.

Sonraítear a thuilleadh sa Rialachán seo na modhanna creidiúnaithe d’fhíoraitheoirí atá ag comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe agus na rialacha maidir le malartú faisnéise.

Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le formheas na bpleananna faireacháin agus na modhnuithe orthu sin arna ndéanamh ag na húdaráis riaracháin fhreagracha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘creidiúnú’ fianú ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe go gcomhlíonann fíoraitheoir ceanglais na gcaighdeán comhchuibhithe de réir bhrí Airteagal 2(9) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus ceanglais an Rialacháin seo, agus go bhfuil sé cáilithe dá réir chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagail 4 go 36;

(2)

ciallaíonn ‘tuarascáil astaíochtaí’ tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2015/757;

(3)

ciallaíonn ‘tuarascáil pháirteach astaíochtaí’ tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2015/757;

(4)

ciallaíonn ‘tuarascáil ar leibhéal cuideachta’ na sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (q), de Rialachán (AE) 2015/757;

(5)

ciallaíonn ‘neamhréireacht’ ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

chun measúnú a dhéanamh ar phlean faireacháin, nach gcomhlíonann an plean ceanglais faoi Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 ón gCoimisiún (10);

(b)

chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí agus ar thuarascáil pháirteach astaíochtaí, ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)

ní thuairiscítear na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus faisnéis ábhartha eile i gcomhréir leis an modheolaíocht faireacháin a ndéantar tuairisc uirthi sa phlean faireacháin, ar mheas fíoraitheoir creidiúnaithe í a bheith sásúil agus, i gcás inarb infheidhme, a bhí formheasta ag an údarás riaracháin freagrach;

(ii)

ní chomhlíonann na sonraí tuairiscithe na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928 ón gCoimisiún (11) ná an Rialachán seo;

(c)

chun tuarascáil ar leibhéal cuideachta a fhíorú, nach gcomhlíonann na sonraí tuairiscithe ceanglais faoi Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927;

(d)

chun críoch an chreidiúnaithe, aon ghníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag an bhfíoraitheoir, atá ag teacht salach ar cheanglais faoi Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE agus faoin Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn ‘dearbhú réasúnach’ ardleibhéal dearbhaithe nach dearbh-dhearbhú é, arna léiriú go dearfach sa ráiteas fíorúcháin, faoi cé acu atá nó nach bhfuil an tuarascáil astaíochtaí, an tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó an tuarascáil ar leibhéal cuideachta atá faoi réir fíoraithe saor ó mhíráitis ábhartha;

(7)

ciallaíonn ‘leibhéal dearbhaithe’ an méid dearbhaithe a sholáthraíonn an fíoraitheoir maidir leis an tuarascáil fíorúcháin ar bhonn an chuspóra an riosca fíorúcháin a laghdú de réir imthosca an chomhaontaithe fíorúcháin;

(8)

ciallaíonn ‘leibhéal ábharthachta’ an tairseach chainníochtúil nó an scoithphointe a measann an fíoraitheoir míráitis, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, a bheith ábhartha os a cionn;

(9)

ciallaíonn ‘riosca bunúsach’ soghabháltacht paraiméadair sa tuarascáil astaíochtaí, sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó sa tuarascáil ar leibhéal cuideachta i leith míráitis a d’fhéadfadh a bheith ina míráitis ábhartha, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, sula gcuirfear éifeacht aon ghníomhaíochta rialaithe gaolmhaire san áireamh;

(10)

ciallaíonn ‘riosca rialaithe’ soghabháltacht paraiméadair sa tuarascáil astaíochtaí, sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó sa tuarascáil ar leibhéal cuideachta i leith míráitis a d’fhéadfadh a bheith ina míráitis ábhartha, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, agus nach mbeidh á gcosc nó á mbrath agus á gceartú ar bhonn tráthúil ag an gcóras rialaithe;

(11)

ciallaíonn ‘riosca braite’ an riosca nach mbraithfeadh fíoraitheoir míráiteas ábhartha;

(12)

ciallaíonn ‘riosca fíoraithe’ an riosca (a thagann as riosca bunúsach, rialaithe agus braite) go léireodh an fíoraitheoir tuairim fhíorúcháin mhíchuí agus an tuarascáil astaíochtaí, an tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó an tuarascáil ar leibhéal cuideachta gan a bheith saor ó mhíráitis ábhartha;

(13)

ciallaíonn ‘míráiteas’ easnamh, mífhaisnéis nó earráid sna sonraí tuairiscithe, cé is moite den neamhchinnteacht is ceadmhach de bhun Rialachán (AE) 2015/757, agus na treoirlínte arna bhforbairt ag an gCoimisiún faoi na hábhair sin á gcur san áireamh;

(14)

ciallaíonn ‘míráiteas ábhartha’ míráitis lena sáraítear, i dtuairim an fhíoraitheora, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, an leibhéal ábharthachta nó d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shlí eile ar an líon iomlán astaíochtaí tuairiscithe nó ar fhaisnéis ábhartha eile;

(15)

ciallaíonn ‘láithreán’, chun measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin nó fíorú a dhéanamh ar an tuarascáil astaíochtaí nó ar an tuarascáil pháirteach astaíochtaí de chuid loinge, nó ar an tuarascáil ar leibhéal cuideachta, áit ina sainítear agus ina mbainistítear an próiseas faireacháin, lena n-áirítear áiteanna ina rialaítear agus ina stóráiltear na sonraí agus an fhaisnéis ábhartha;

(16)

ciallaíonn ‘doiciméadacht fíorúcháin inmheánach’ an doiciméadacht inmheánach uile atá tiomsaithe ag fíoraitheoir chun fianaise dhoiciméadach agus réasúnú gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích a thaifeadadh chun measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin nó chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí, ar thuarascáil pháirteach astaíochtaí nó ar thuarascáil ar leibhéal cuideachta de bhun an Rialacháin seo;

(17)

ciallaíonn ‘iniúchóir MRV loingis’ comhalta aonair d’fhoireann fíorúcháin atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin nó as fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí, ar thuarascáil pháirteach astaíochtaí nó ar tuarascáil ar leibhéal cuideachta, seachas an príomhiniúchóir MRV loingis;

(18)

ciallaíonn ‘príomhiniúchóir MRV loingis’ iniúchóir MRV loingis atá i gceannas ar an bhfoireann fíorúcháin a threorú agus a mhaoirsiú, atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin nó as fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí, ar thuarascáil pháirteach astaíochtaí nó ar thuarascáil ar leibhéal cuideachta, agus atá freagrach as tuairisciú ina leith;

(19)

ciallaíonn ‘athbhreithneoir neamhspleách’ duine arna shannadh ag an bhfíoraitheoir go sonrach chun gníomhaíochtaí athbhreithniúcháin inmheánaigh a dhéanamh, ar leis an eintiteas céanna é, ach nach ndearna aon cheann de na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá faoi réir athbhreithniúcháin;

(20)

ciallaíonn ‘saineolaí teicniúil’ duine a sholáthraíonn eolas mionsonraithe agus saineolas ar ábhar faoi leith de réir mar is gá chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh chun críocha Airteagail 4 go 36 agus gníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanamh chun críocha Airteagail 46 go 63;

(21)

ciallaíonn ‘measúnóir’ duine atá sannta ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe le measúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoir de bhun an Rialacháin seo, ina aonar nó mar bhall d’fhoireann mheasúnachta;

(22)

ciallaíonn ‘príomh-mheasúnóir’ measúnóir dá dtugtar freagracht fhoriomlán as measúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoir de bhun an Rialacháin seo;

(23)

ciallaíonn ‘foireann measúnachta’ measúnóir amháin nó níos mó atá ceaptha ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe chun measúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoir de bhun an Rialacháin seo;

(24)

ciallaíonn ‘inniúlacht’ an cumas eolas agus scileanna a chur i bhfeidhm le gníomhaíocht a dhéanamh;

(25)

ciallaíonn ‘nósanna imeachta anailíseacha’ an anailís ar luaineachtaí agus treochtaí sna sonraí lena n-áirítear anailís ar na gaolmhaireachtaí atá neamhréireach le faisnéis ábhartha eile nó a imíonn ón méid tuartha;

(26)

ciallaíonn ‘córas rialaithe’ measúnú riosca agus sraith iomlán gníomhaíochtaí rialaithe na cuideachta, lena n-áirítear an bhainistíocht leanúnach air sin, agus is córas é a dhéanann an chuideachta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun de bhun Chuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757;

(27)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí rialaithe’ aon ghníomh a dhéanann an chuideachta nó aon bheart a chuireann sí chun feidhme chun rioscaí bunúsacha a mhaolú.

Airteagal 3

Toimhde na comhréireachta

Aon fhíoraitheoir a léiríonn comhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, de réir bhrí Airteagal 2(9) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó codanna de, ar foilsíodh na tagairtí díobh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil ceanglais d’Airteagail 4 go 45 den Rialachán seo á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ FÍORÚCHÁIN

ROINN 1

Measúnú ar phleananna faireacháin

Airteagal 4

Faisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí

1.   Tabharfaidh cuideachtaí plean faireacháin a loinge don fhíoraitheoir trí úsáid a bhaint as teimpléad a chomhfhreagraíonn don cheann a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927. Más i dteanga eile seachas Béarla atá an plean faireacháin, soláthróidh siad aistriúchán go Béarla.

2.   Sula dtosaítear ar mheasúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin, tabharfaidh an chuideachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad don fhíoraitheoir:

(a)

doiciméadacht ábhartha nó tuairisc ar shuiteálacha na loinge, lena n-áirítear astaíochtaí deimhnithe d’fhoinsí astaíochtaí, sreabhmhéadair a úsáidtear (más infheidhme), nósanna imeachta agus próisis nó sreabhchairteacha a ullmhaítear agus a choinnítear ar bun lasmuigh den phlean, i gcás inarb infheidhme, dá ndéantar tagairt sa phlean, lena n-áirítear nósanna imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus gníomhaíochta rialaithe;

(b)

an measúnú riosca dá dtagraítear i gCuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757 agus achoimre ar an gcóras rialaithe foriomlán;

(c)

i gcás na n-athruithe sin ar an gcóras faireacháin agus tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointí (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2015/757, leaganacha ábhartha arna dtabhairt cothrom le dáta nó doiciméid nua lena gcumasaítear measúnú ar an bplean leasaithe;

(d)

i gcás inarb é an chuideachta an eagraíocht nó an duine, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir lánchostais, a ghlac freagracht as oibriú na loinge ón longúinéir agus, ar ghlacadh freagrachta den sórt sin, a d’aontaigh ceannas a ghlacadh ar na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur ag an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006, fianaise go bhfuil sainordú cuí tugtha ag an longúinéir don eagraíocht nó don duine sin chun na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2015/757 agus, i gcás inarb infheidhme, na bearta náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/87/CE agus an oibleagáid lamháltais a thabhairt suas faoi Airteagal 3gb agus 12 den Treoir sin (‘na hoibleagáidí CTA’), a chomhlíonadh.

3.   Chun críoch mhír 2, pointe (d), cuirfidh an eagraíocht nó an duine dá dtagraítear sa phointe sin doiciméad ar fáil don fhíoraitheoir ina dtugtar le fios go soiléir go bhfuil sainordú cuí faighte aige ón longúinéir chun na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2015/757 agus, i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí CTA a chomhlíonadh.

Síneoidh an longúinéir agus an eagraíocht nó an duine araon an doiciméad.

Má an doiciméad sin i dteanga eile seachas Béarla, soláthrófar aistriúchán Béarla.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad:

(a)

ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO na heagraíochta nó an duine ar thug an longúinéir sainordú dó;

(b)

tír chlárúcháin na heagraíochta nó an duine ar thug an longúinéir sainordú dó, mar a taifeadadh faoi Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO;

(c)

ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO an longúinéara;

(d)

an fhaisnéis seo a leanas maidir le teagmhálaí an longúinéara:

(i)

céadainm,

(ii)

sloinne,

(iii)

teideal an phoist,

(iv)

seoladh gnó,

(v)

uimhir theileafóin ghnó,

(vi)

seoladh ríomhphoist gnó;

(e)

dáta chur i bhfeidhm an tsainordaithe ón longúinéir chuig an eagraíocht nó an duine sin;

(f)

uimhir aitheantais loinge IMO na loinge.

4.   Cuirfidh an chuideachta, má iarrtar sin, aon fhaisnéis eile ar fáil a mheastar a bheith ábhartha chun a mheasúnú a dhéanamh ar an bplean.

Airteagal 5

Measúnú ar phleananna faireacháin

1.   Agus measúnú á dhéanamh ar an bplean faireacháin, tabharfaidh an fíoraitheoir aghaidh ar na dearbhuithe maidir le hiomláine, cruinneas agus ábharthacht na faisnéise a chuirtear ar fáil sa phlean faireacháin, chomh maith le comhréireacht an phlean le Rialachán (AE) 2015/757.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

measúnú a dhéanamh gur úsáid an chuideachta teimpléad an phlean faireacháin iomchuí agus go gcuirtear faisnéis ar fáil le haghaidh gach míre éigeantaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927;

(b)

a áirithiú gur comhionann an longúinéir agus an t-úinéir cláraithe mar a thaifeadtar faoi Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO;

(c)

a áirithiú gur comhionann tír chlárúcháin na cuideachta agus an ceann a thaifeadtar faoi Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO;

(d)

i gcás nach é an chuideachta an longúinéir, a áirithiú go bhfuil sainordú cuí faighte ag an gcuideachta ón longúinéir chun na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2015/757 a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí CTA;

(e)

a fhíorú go dtugtar tuairisc go cruinn agus go hiomlán sa phlean faireacháin ar na foinsí astaíochtaí agus an trealamh tomhais atá suiteáilte ar bord na loinge agus ar na córais agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha de bhun Rialachán (AE) 2015/757;

(f)

a áirithiú go ndéantar foráil maidir le socruithe leormhaithe faireacháin dá bhféachfadh an chuideachta chun tairbhiú den mhaolú ar fhaireachán ‘in aghaidh an mhuiraistir’ ar astaíochtaí breosla agus gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2015/757, agus an fhaisnéis riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (k), den Rialachán sin á cur san áireamh;

(g)

i gcás inarb infheidhme, measúnú a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a chuir an chuideachta isteach maidir le heilimintí, nósanna imeachta agus rialuithe mar chuid de chórais bhainistíochta na loinge atá ann faoi láthair, nó a chumhdaítear le caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha maidir le cáilíocht, comhshaol nó bainistíocht, cé acu atá nó nach bhfuil sí oiriúnach chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus faisnéis agus tuairisciú ábhartha eile de bhun Rialachán (AE) 2015/757 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928.

3.   Chun measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin, féadfaidh an fíoraitheoir dul i muinín fiosrúcháin, iniúchta doiciméad, breathnóireachta agus aon teicníce iniúchóireachta eile a mheastar a bheith iomchuí.

Airteagal 6

Cuairteanna ar an láithreán

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an láithreán chun tuiscint leormhaith a fháil ar na nósanna imeachta sa phlean faireacháin agus bailíochtóidh sé go bhfuil an fhaisnéis iontu sin cruinn.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir suíomh nó suíomhanna na cuairte ar an láithreán tar éis an áit a stóráiltear mais chriticiúil na sonraí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha agus crua de dhoiciméid a gcoinnítear na bunchóipeanna díobh ar an long, agus an áit ina ndéantar na gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus rialaithe.

3.   Cinnfidh an fíoraitheoir freisin na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh agus an t-am is gá don chuairt ar an láithreán.

4.   Tabharfaidh an chuideachta rochtain don fhíoraitheoir ar a cuid láithreán, lena n-áirítear ar a suíomhanna ábhartha ar an gcladach agus ar an long ábhartha.

5.   Féadfaidh an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tuiscint leormhaith ag an bhfíoraitheoir ar chórais faireacháin agus tuairiscithe na loinge, lena n-áirítear iad a bheith ann, a gcur chun feidhme agus a n-oibriú éifeachtach ag an gcuideachta;

(b)

ní gá cuairt fhisiceach ar an láithreán i bhfianaise chineál agus leibhéal castachta chóras faireacháin agus tuairiscithe na loinge;

(c)

is féidir leis an bhfíoraitheoir gach faisnéis riachtanach a fháil agus a mheasúnú go cianda;

(d)

i gcás ina bhfuil imthosca tromchúiseacha, urghnácha agus neamh-intuartha ann, lasmuigh de rialú na cuideachta, a choisceann an fíoraitheoir ar chuairt fhisiceach ar an láithreán a dhéanamh agus i gcás nach féidir na himthosca sin a shárú, tar éis gach iarracht réasúnach a úsáid.

Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757.

Déanfar an cinneadh chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh tar éis a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh. Cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh agus gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh.

6.   Féadfaidh an fíoraitheoir cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5, ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha a leagtar síos i mír 5, pointí (a), (b) agus (c) a chomhlíonadh go carnach.

Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757.

Déanfar an cinneadh chun cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh tar éis cinneadh a dhéanamh gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairteanna ar an láithreán a tharscaoileadh. Cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh chun cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh agus gur comhlíonadh na coinníollacha chun na cuairteanna ar an láithreán a tharscaoileadh.

7.   Ní tharscaoilfear cuairt ar an láithreán dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a dhéanann an fíoraitheoir measúnú ar phlean faireacháin loinge den chéad uair;

(b)

más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, go ndearnadh modhnuithe ar an bplean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2015/757.

8.   Má thugann an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an láithreán de bhun mhír 5 nó má tharscaoileann sé cuairt ar an láithreán de bhun mhír 6, tabharfaidh sé réasúnú chun déanamh amhlaidh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

Airteagal 7

Aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí sa phlean faireacháin

1.   I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir neamhréireachtaí le linn measúnú ar an bplean faireacháin, cuirfidh sé an chuideachta ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí, agus iarrfaidh sé go ndéanfar ceartúcháin ábhartha laistigh de thráthchlár molta.

2.   Ceartóidh an chuideachta gach neamhréireacht a chuireann an fíoraitheoir in iúl, agus cuirfidh sí plean faireacháin leasaithe isteach chuig an bhfíoraitheoir i gcomhréir leis an tráthchlár aontaithe, rud a cheadóidh don fhíoraitheoir athmheasúnú a dhéanamh air roimh thús na tréimhse tuairiscithe.

3.   Déanfaidh an fíoraitheoir gach neamhréireacht a ceartaíodh le linn an mheasúnaithe ar an bplean faireacháin a dhoiciméadú sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach, agus iad uile marcáilte mar neamhréireachtaí réitithe.

Airteagal 8

Athbhreithniú neamhspleách ar mheasúnú an phlean faireacháin

1.   Cuirfidh an fhoireann fíorúcháin an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus na dréacht-chonclúidí ón measúnú ar an bplean chuig athbhreithneoir neamhspleách gan mhoill agus sula gcuirfear in iúl don chuideachta iad.

2.   Déanfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách athbhreithniú chun a áirithiú go ndearnadh an plean faireacháin a mheasúnú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go ndearnadh cúram agus breithiúnas gairmiúil cuí.

3.   Cuimseofar le raon feidhme an athbhreithnithe neamhspleách an próiseas measúnúcháin iomlán ar a dtugtar tuairisc in Airteagail 4 go 9.

4.   Áireoidh an fíoraitheoir torthaí an athbhreithnithe neamhspleách sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

Airteagal 9

Conclúidí an fhíoraitheora maidir le measúnú an phlean faireacháin

Ar bhonn na faisnéise a bailíodh le linn an mheasúnaithe ar an bplean faireacháin, tabharfaidh an fíoraitheoir na conclúidí ar ar thángthas i scríbhinn don chuideachta gan mhoill. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna conclúidí:

(a)

ráiteas maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an plean faireacháin a mheasúnú a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 agus, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2003/87/CE, nó maidir le cé acu atá nó nach bhfuil neamhréireachtaí ann a fhágann nach bhfuil sé i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 agus, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2003/87/CE;

(b)

tuairisc ar neamhréireachtaí gan cheartú, más ann dóibh;

(c)

achoimre ar nósanna imeachta an fhíoraitheora, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuairteanna ar an láithreán, maidir leis na fáthanna chun cuairteanna fíorúla ar an láithreán a dhéanamh nó maidir leis na fáthanna ar tarscaoileadh iad;

(d)

i gcás ina ndéantar plean faireacháin a mheasúnú tar éis athruithe ar an bplean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2015/757, achoimre ar na hathruithe sin le linn na tréimhse tuairiscithe lena mbaineann;

(e)

aon eilimint ábhartha eile a aimsíodh i gcaitheamh an mheasúnaithe ar an bplean faireacháin.

ROINN 2

Fíorú tuarascálacha astaíochtaí agus tuarascálacha páirteacha astaíochtaí

Airteagal 10

Faisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí

1.   Sula dtosaítear ar fhíorú a dhéanamh ar an tuarascáil astaíochtaí agus ar an tuarascáil pháirteach astaíochtaí, tabharfaidh cuideachtaí an fhaisnéis tacaíochta seo a leanas don fhíoraitheoir:

(a)

liosta muiraistear arna gcur i gcrích ag an long faoi thrácht le linn na tréimhse tuairiscithe nó, a mhéid a bhaineann le tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, le linn na tréimhse ina raibh an long faoi fhreagracht na cuideachta, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/757;

(b)

i gcás inar tharla bearnaí sonraí le linn na tréimhse tuairiscithe:

(i)

an líon muiraistear a raibh bearnaí sonraí ann ina leith, agus na himthosca agus na fáthanna leis na bearnaí sonraí sin;

(ii)

an modh meastacháin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na sonraí ionadacha, dá dtagraítear i gCuid C, pointe 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757 agus, i gcás inarb infheidhme, sa phlean faireacháin;

(iii)

an líon astaíochtaí arna ríomh ar bhonn na sonraí ionadacha;

(c)

cóip den tuarascáil astaíochtaí ón mbliain roimhe sin i gcás inarb iomchuí, mura ndearna an fíoraitheoir an tuarascáil sin a fhíorú;

(d)

cóip den phlean faireacháin nó de na pleananna faireacháin a cuireadh i bhfeidhm, maille leis na conclúidí ón measúnú a rinne an fíoraitheoir creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, fianaise ar na bhformheas a rinne an t-údarás riaracháin freagrach, in éineacht leis an bhfógra arna sheoladh chuig an gcuideachta ag an údarás riaracháin freagrach.

2.   A luaithe a bheidh cuid shonrach/codanna sonracha nó doiciméad sonrach/doiciméid shonracha aitheanta ag an bhfíoraitheoir, a mheastar a bheith ábhartha chun críoch a fhíoraithe, cuirfidh cuideachtaí an fhaisnéis tacaíochta seo a leanas ar fáil freisin:

(a)

cóipeanna de logleabhar oifigiúil agus de leabhar taifead ola na loinge (más dhá leabhar ar leithligh iad);

(b)

cóipeanna de dhoiciméid bhuncaeireachta;

(c)

cóipeanna d’aon deimhniú ábhartha a bhaineann le breoslaí chun fachtóirí astaíochta a chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó Cuid C, pointe 1.2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757;

(d)

cóipeanna de dhoiciméid ina bhfuil faisnéis maidir le líon na bpaisinéirí arna n-iompar agus méid an lastais arna iompar, an fad a thaistealaítear, agus an t-am a chaitear ar farraige maidir le muiraistir na loinge le linn na tréimhse tuairiscithe.

3.   Ina theannta sin, agus más infheidhme ar bhonn an mhodha faireacháin a chuirtear i bhfeidhm, féadfaidh fíoraitheoirí iarraidh ar an gcuideachta an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

forbhreathnú ar an tírdhreach TF ina dtaispeántar an sreabhadh sonraí don long ábhartha;

(b)

fianaise ar chothabháil agus cruinneas/neamhchinnteacht an trealaimh tomhais/na sreabhmhéadar (e.g. deimhnithe calabrúcháin);

(c)

sliocht de shonraí gníomhaíochta maidir le hídiú breosla ó shreabhmhéadair;

(d)

cóipeanna d’fhianaise ar léamha méadair an umair breosla;

(e)

sliocht de shonraí gníomhaíochta ó chórais tomhaiste astaíochtaí díreacha;

(f)

aon fhaisnéis eile atá ábhartha d’fhíorú na tuarascála astaíochtaí nó na tuarascála páirtí astaíochtaí.

4.   I gcás go n-athrófaí an chuideachta, feidhmeoidh na cuideachtaí lena mbaineann dícheall cuí lena chur ar fáil don fhíoraitheoir, arna iarraidh sin dó, na doiciméid tacaíochta nó an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 i ndáil leis na muiraistir a dhéantar faoina bhfreagrachtaí faoi seach.

5.   Coinneoidh cuideachtaí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 le haghaidh na dtréimhsí a shocraítear faoi Choinbhinsiún Idirnáisiúnta 1973 um Thruailliú ó Longa a Chosc (Coinbhinsiún MARPOL) agus faoi Choinbhinsiún Idirnáisiúnta 1988 um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS). Ar feitheamh eisiúint an Doiciméid comhlíontachta i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2015/757 nó, i gcás tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, ar feitheamh eisiúint na tuarascála fíorúcháin, féadfaidh an fíoraitheoir aon chuid den fhaisnéis a iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3.

Airteagal 11

Anailís straitéiseach

1.   Ag tús an fhíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chineál, scála agus castacht dhóchúil na gcúraimí fíorúcháin trí anailís straitéiseach a dhéanamh ar gach gníomhaíocht atá ábhartha don long.

2.   Chun tuiscint a fháil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an chuideachta, baileoidh agus athbhreithneoidh an fíoraitheoir an fhaisnéis atá de dhíth le measúnú a dhéanamh go bhfuil dóthain inniúlachtaí ag an bhfoireann fíorúcháin an fíorúchán a dhéanamh, chun cinneadh a dhéanamh gur socraíodh an leithdháileadh ama a thugtar le fios sa chonradh i gceart agus chun a áirithiú gur féidir leis an anailís riosca riachtanach a dhéanamh. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis sin ar a laghad:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2);

(b)

an fhaisnéis a fuarthas ón bhfíorú i mblianta roimhe seo, má tá an fíorú á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir don chuideachta chéanna.

3.   Le linn don fhíoraitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a athbhreithniú, déanfaidh sé na gnéithe seo a leanas a mheasúnú ar a laghad:

(a)

innill na long agus na cineálacha breoslaí a úsáidtear, chomh maith leis an líon muiraistear a dhéanann an long atá i gceist le linn na tréimhse tuairiscithe;

(b)

an plean faireacháin arna mheasúnú ag an bhfíoraitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, arna fhormheas ag an údarás riaracháin freagrach;

(c)

na gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus an córas rialaithe.

4.   Le linn don fhíoraitheoir an anailís straitéiseach a dhéanamh, ba cheart dó na nithe seo a leanas a sheiceáil:

(a)

cé acu is é nó nach é an plean faireacháin a chuirtear faoina bhráid an leagan is déanaí agus, i gcás inar gá i gcomhréir le hAirteagal 6(8) agus Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2015/757, cé acu atá nó nach bhfuil sé formheasta ag an údarás riaracháin freagrach;

(b)

cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon mhodhnú ar an bplean faireacháin le linn na tréimhse tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2015/757 agus, i gcás inarb infheidhme, cé acu atá nó nach bhfuil siad formheasta ag an údarás riaracháin freagrach.

Airteagal 12

Anailís riosca atá le déanamh ag fíoraitheoirí

1.   I dteannta na n-eilimintí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2015/757, sainaithneoidh agus déanfaidh an fíoraitheoir anailís ar an méid seo a leanas:

(a)

na rioscaí bunúsacha;

(b)

na rioscaí rialaithe;

(c)

na rioscaí braite.

Le linn don fhíoraitheoir na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint agus a anailísiú, déanfaidh sé machnamh ar na torthaí ón anailís straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

2.   Le linn don fhíoraitheoir anailís riosca a dhéanamh, déanfaidh sé machnamh ar aon réimsí lena mbaineann riosca fíorúcháin níos airde, agus ar na nithe seo a leanas ar a laghad: sonraí muiraistir, ídiú breosla, cineálacha breoslaí a úsáidtear, cur i bhfeidhm aon mhaolaithe ó Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE dá ndéantar foráil in Airteagail 12(3a), 12(3b) agus 12(3-e) go 12(3-b) den Treoir sin, astaíochtaí gás ceaptha teasa, fad taistealaithe, am caite ar farraige, lasta iompartha, agus comhiomlánú sonraí sa tuarascáil astaíochtaí nó sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí.

3.   Le linn don fhíoraitheoir na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 a shainaithint agus a anailísiú, déanfaidh sé machnamh ar iomláine, cruinneas, comhsheasmhacht, trédhearcacht agus ábharthacht na faisnéise tuairiscithe agus gur ann don fhaisnéis sin.

4.   I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise na faisnéise a fuarthas le linn an fhíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir an anailís riosca a athbhreithniú agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bheidh le déanamh a mhodhnú nó a athdhéanamh.

Airteagal 13

Plean fíorúcháin

Dréachtóidh an fíoraitheoir plean fíorúcháin a bheidh ag teacht leis an bhfaisnéis a gheofar agus na rioscaí a shainaithneofar le linn na hanailíse riosca. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean fíorúcháin:

(a)

clár fíorúcháin ina dtugtar tuairisc ar chineál agus ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíorúcháin agus ar an am agus ar an mbealach a dhéanfar iad;

(b)

plean trialach ina leagtar amach an raon feidhme agus na modhanna chun na gníomhaíochtaí rialaithe a thástáil chomh maith leis na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí rialaithe;

(c)

plean samplála sonraí ina leagtar amach raon feidhme agus modhanna na samplála sonraí i ndáil le pointí sonraí atá faoi bhun na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa comhiomlánaithe, an ídithe breosla nó faisnéis ábhartha eile sa tuarascáil astaíochtaí nó sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí.

Airteagal 14

Próiseas fíorúcháin a bhaineann leis an tuarascáil astaíochtaí agus leis an tuarascáil pháirteach astaíochtaí

1.   Cuirfidh an fíoraitheoir an plean fíorúcháin chun feidhme agus, ar bhonn na hanailíse riosca, fíoróidh sé cé acu is ann nó nach ann do na córais faireacháin agus tuairiscithe sa chleachtas, mar a thugtar tuairisc orthu sa phlean faireacháin a measadh a bheith sásúil, agus cé acu atá nó nach bhfuil siad curtha chun feidhme i gceart.

Chuige sin, déanfaidh an fíoraitheoir machnamh ar na cineálacha próiseas seo a leanas a dhéanamh:

(a)

fiosrú leis an bhfoireann ábhartha;

(b)

iniúchadh doiciméad;

(c)

breathnóireacht agus nósanna imeachta céim ar chéim.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

na gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus na córais a úsáidtear sa sreabhadh sonraí, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil doiciméadacht iomchuí ann i leith na ngníomhaíochtaí rialaithe, cé acu atá nó nach bhfuil siad curtha chun feidhme, coinnithe ar bun agus éifeachtach chun na rioscaí bunúsacha a mhaolú;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil na nósanna imeachta a liostaítear sa phlean faireacháin éifeachtach mar mhaolú ar na rioscaí bunúsacha agus na rioscaí rialaithe, agus cé acu atá nó nach bhfuil na nósanna imeachta curtha chun feidhme, doiciméadaithe go leormhaith agus coinnithe ar bun go hiomchuí.

Chun críocha phointe (a), déanfaidh an fíoraitheoir rianú ar an sreabhadh sonraí agus é ag leanúint sheicheamh agus idirghníomhú na ngníomhaíochtaí sreafa sonraí idir na príomhshonraí foinseacha agus tiomsú na tuarascála astaíochtaí nó na tuarascála páirtí astaíochtaí.

Chun críocha phointí (b) agus (c), féadfaidh an fíoraitheoir úsáid a bhaint as modhanna samplála atá sonrach maidir le long ar choinníoll, ar bhonn na hanailíse riosca, go bhfuil bonn cirt leis an tsampláil.

Airteagal 15

Sonraí tuairiscithe a fhíorú

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir na sonraí a thuairiscítear sa tuarascáil astaíochtaí nó sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí a fhíorú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tástáil mhionsonraithe, lena n-áirítear trí na sonraí a rianú siar go dtí foinse na sonraí príomhúla;

(b)

na sonraí a chros-seiceáil le foinsí seachtracha sonraí, lena n-áirítear sonraí rianaithe long;

(c)

réitigh a dhéanamh;

(d)

tairseacha a dhéanamh a mhéid a bhaineann le sonraí iomchuí;

(e)

athríomhanna a dhéanamh.

2.   Mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

iomláine na bhfoinsí astaíochtaí mar a thugtar tuairisc orthu sa phlean faireacháin;

(b)

iomláine na sonraí, lena n-áirítear iad siúd ar mhuiraistir a dtuairiscítear ina leith go dtagann siad faoi réir Rialachán (AE) 2015/757;

(c)

iomláine agus comhsheasmhacht na sonraí a bhaineann le hastaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear iomláine agus comhsheasmhacht a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an mhéid seo a leanas:

(i)

an raon feidhme mar a leagtar amach in Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE;

(ii)

céimniú isteach na gceanglas géillte mar a leagtar amach in Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE;

(iii)

maoluithe ó Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE dá ndéantar foráil in Airteagail 12(3a), 12(3b) agus 12(3-e) go 12(3-b) den Treoir sin;

(d)

an chomhsheasmhacht idir sonraí tuairiscithe comhiomlánaithe agus sonraí ó dhoiciméadacht ábhartha nó ó phríomhfhoinsí;

(e)

an chomhsheasmhacht idir ídiú breosla comhiomlánaithe agus breosla ceannaithe nó arna sholáthar ar bhealach eile don long atá i gceist, más infheidhme;

(f)

iontaofacht agus cruinneas na sonraí.

Airteagal 16

Fíorú na modhanna a cuireadh i bhfeidhm ar shonraí in easnamh

1.   I gcás inar úsáideadh modhanna a leagtar síos sa phlean faireacháin arna mheasúnú ag an bhfíoraitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, arna fhormheas ag an údarás riaracháin freagrach chun sonraí in easnamh a chomhlánú de bhun Chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757, déanfaidh an fíoraitheoir fíorú cé acu a bhí nó nach raibh na modhanna a úsáideadh iomchuí don chás sonrach, agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh i bhfeidhm i gceart iad.

2.   I gcás nach ndearnadh na modhanna dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú ná a fhormheas roimh ré, déanfaidh an fíoraitheoir a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear, leis an gcur chuige a úsáideann an chuideachta chun na sonraí atá in easnamh a chomhlánú, nach ndéantar gannmheastachán ar na hastaíochtaí agus nach n-eascraíonn míráitis ábhartha as an gcur chuige.

Airteagal 17

Tairseach ábharthachta

1.   Chun na sonraí maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tuarascáil astaíochtaí agus sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí a fhíorú, is leibhéal ábharthachta 5 % den iomlán a bheidh sa leibhéal a thuairiscítear le haghaidh gach míre sa tréimhse tuairiscithe.

2.   Chun faisnéis ábhartha eile sa tuarascáil astaíochtaí agus sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí a fhíorú maidir le lasta iompartha, obair iompair, fad a thaistealaítear agus am caite ar muir, is leibhéal ábharthachta 5 % den iomlán a bheidh sa leibhéal a thuairiscítear le haghaidh gach míre sa tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 18

Cuairteanna ar an láithreán

1.   Tabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an láithreán chun tuiscint leormhaith a fháil ar an gcuideachta agus ar chóras faireacháin agus tuairiscithe na loinge mar a thuairiscítear sa phlean faireacháin.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir suíomh nó suíomhanna na cuairte ar an láithreán a chinneadh ar bhonn thorthaí na hanailíse riosca agus tar éis dó an áit a stóráiltear formhór na sonraí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha nó crua de dhoiciméid a gcoinnítear na bunchóipeanna díobh ar an long, agus an áit ina ndéantar na gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus na gníomhaíochtaí rialaithe.

3.   Ar bhonn an toraidh ar chuairt láithreáin chuig suíomh ar an gcladach, i gcás ina dtagann an fíoraitheoir ar an gconclúid go bhfuil gá le fíorúchán ar bord chun an riosca míráiteas ábhartha sa tuarascáil astaíochtaí nó sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí a laghdú, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh cuairt a thabhairt ar an long.

4.   Cinnfidh an fíoraitheoir freisin na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh agus an t-am is gá don chuairt ar an láithreán.

5.   Tabharfaidh an chuideachta rochtain don fhíoraitheoir ar a suíomhanna, lena n-áirítear a suíomhanna ábhartha faoin gcladach agus ar an long ábhartha.

6.   Féadfaidh an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh ar choinníoll, ar bhonn thoradh na hanailíse riosca, go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tuiscint leormhaith ag an bhfíoraitheoir ar chórais faireacháin agus tuairiscithe na loinge, lena n-áirítear iad a bheith ann, a gcur chun feidhme agus a n-oibriú éifeachtach ag an gcuideachta;

(b)

ní gá cuairt fhisiceach ar an láithreán i bhfianaise chineál agus leibhéal castachta chóras faireacháin agus tuairiscithe na loinge;

(c)

tá an fíoraitheoir in ann gach faisnéis riachtanach a fháil agus a mheasúnú go cianda, lena n-áirítear cur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta ar a dtugtar tuairisc sa phlean faireacháin agus fíorú na sonraí a thuairiscítear sa tuarascáil astaíochtaí nó sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí;

(d)

i gcás ina bhfuil imthosca tromchúiseacha, urghnácha agus neamh-intuartha ann, lasmuigh de rialú na cuideachta, a choisceann an fíoraitheoir ar chuairt fhisiceach ar an láithreán a dhéanamh agus i gcás nach féidir na himthosca sin a shárú, tar éis gach iarracht réasúnach a úsáid.

Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí nó an tuarascáil pháirteach astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757.

Gan dochar don chéad fhomhír, pointe (d), ní dhéanfaidh an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an suíomh mura ndearnadh aon chuairt fhisiceach ar an láithreán sna trí thréimhse tuairiscithe díreach roimh an tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair. Déanfar tagairt leis an tréimhse 3 bliana do thrí thréimhse tuairiscithe as a chéile a thosaíonn tar éis 1 Eanáir 2024, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe ina ndearnadh cuairteanna ar an láithreán de bhun na chéad fhomhíre, pointe (d).

Déanfar an cinneadh chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh tar éis a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh. Cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh agus gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh.

7.   Féadfaidh an fíoraitheoir cinneadh a dhéanamh cuairt ar an láithreán dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 a tharscaoileadh ar choinníoll go gcomhlíontar go carnach na coinníollacha dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b) agus (c).

Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí nó an tuarascáil pháirteach astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757.

Déanfar an cinneadh chun cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh tar éis cinneadh a dhéanamh gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairteanna ar an láithreán a tharscaoileadh. Cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh chun cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh agus gur comhlíonadh na coinníollacha chun na cuairteanna ar an láithreán a tharscaoileadh.

8.   Ní tharscaoilfear cuairt ar an láithreán dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil an tuarascáil astaíochtaí nó an tuarascáil pháirteach astaíochtaí á fíorú den chéad uair ag an bhfíoraitheoir;

(b)

i gcás nach ndearna fíoraitheoir cuairt ar an láithreán in dhá thréimhse thuairiscithe go díreach roimh an tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair.

9.   Maidir le longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, cuirfidh an chuideachta a húdarás riaracháin freagrach ar an eolas gan moill mhíchuí faoi chinneadh an fhíoraitheora chun an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh.

Féadfaidh an t-údarás riaracháin freagrach agóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh an fhíoraitheora an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh, agus na heilimintí seo a leanas uile á gcur san áireamh:

(a)

an fhaisnéis a chuireann an fíoraitheoir ar fáil maidir le toradh na hanailíse riosca;

(b)

faisnéis gur féidir gach faisnéis riachtanach a fháil agus a mheasúnú go cianda;

(c)

fianaise go gcomhlíontar gach coinníoll chun an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh i gcomhréir le míreanna 7 agus 8.

I gcás agóide, tabharfaidh an t-údarás riaracháin freagrach fógra don chuideachta maidir leis an agóid agus na cúiseanna leis an agóid sin laistigh de thréimhse réasúnach, ach tráth nach déanaí ná 2 mhí ón dáta a cuireadh in iúl dó cinneadh an fhíoraitheora an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh.

10.   Má thugann an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an láithreán de bhun mhír 6 nó má tharscaoileann sé cuairt ar an láithreán de bhun mhír 7, tabharfaidh sé réasúnú chun déanamh amhlaidh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

Airteagal 19

Aghaidh a thabhairt ar mhíráitis agus neamhréireachtaí sa tuarascáil astaíochtaí agus sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí

1.   I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir míráitis nó neamhréireachtaí le linn fhíorú na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála páirtí astaíochtaí, cuirfidh sé an chuideachta ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí, agus iarrfaidh sé ceartúcháin ábhartha laistigh de sprioc-am réasúnach.

Ceartóidh an chuideachta aon mhíráiteas ná neamhréireacht a cuireadh in iúl.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach a dhoiciméadú, agus marcálfaidh sé gach míráiteas nó neamhréireacht a ceartaíodh le linn an fhíoraithe leis an stádas réitithe.

3.   I gcás nach ndéanann an chuideachta na míráitis nó na neamhréireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a cheartú, iarrfaidh an fíoraitheoir ar an gcuideachta, sula n-eiseoidh sé an tuarascáil fíorúcháin, príomhchúiseanna na míráiteas nó na neamhréireachtaí a mhíniú.

4.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cé acu a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag na míráitis neamhcheartaithe, go haonarach nó in éineacht le míráitis eile, ar na hastaíochtaí iomlána a thuairiscítear nó ar fhaisnéis ábhartha eile agus cé acu a thagann nó nach dtagann míráitis ábhartha as an tionchar sin.

Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cé acu a imríonn nó nach n-imríonn an neamhréireacht neamhcheartaithe tionchar, go haonarach nó nuair a dhéantar í a chomhcheangal le neamhréireachtaí eile, ar na sonraí tuairiscithe agus cé acu a thagann nó nach dtagann míráiteas ábhartha as sin.

5.   Déanfaidh an fíoraitheoir machnamh ar mhíráitis nó neamhréireachtaí atá, go haonarach nó in éineacht le míráitis eile, faoi bhun an leibhéil ábharthachta a shocraítear in Airteagal 17 mar mhíráitis ábhartha i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr a scála agus a gcineáil nó de bharr imthosca ar leith a bhaineann lena dtarlú.

Airteagal 20

Críochnú an fhíoraithe ar an tuarascáil astaíochtaí agus ar an tuarascáil pháirteach astaíochtaí

Le fíorúchán na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála páirtí astaíochtaí a chomhlíonadh, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:

(a)

deimhneoidh sé go bhfuil na gníomhaíochtaí fíorúcháin uile déanta;

(b)

déanfaidh sé nósanna imeachta anailíse deiridh ar na sonraí comhiomlánaithe chun a áirithiú go bhfuil siad saor ó mhíráitis ábhartha;

(c)

fíoróidh sé cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fhaisnéis sa tuarascáil na ceanglais a bhaineann le Rialachán (AE) 2015/757 agus, i gcás inarb infheidhme, le Threoir 2003/87/CE;

(d)

sula n-eiseoidh sé an tuarascáil fíorúcháin, ullmhóidh sé an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus an dréacht-tuarascáil agus cuirfidh sé faoi bhráid an athbhreithneora neamhspleách í i gcomhréir le hAirteagal 23;

(e)

duine a údarú chun an tuarascáil a fhíordheimhniú ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an t-athbhreithneoir neamhspleách orthu agus fianaise maidir leis an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach, agus fógra a thabhairt don chuideachta faoi sin.

Airteagal 21

Moltaí maidir le feabhsúchán

1.   Cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta moltaí maidir le feabhsú i ndáil le míráitis neamhcheartaithe agus neamhréireachtaí nach dtagann míráitis ábhartha astu.

2.   Féadfaidh an fíoraitheoir moltaí eile maidir le feabhsúchán a mheasann sé a bheith ábhartha a chur in iúl, i bhfianaise thoradh na ngníomhaíochtaí fíorúcháin.

3.   Le linn dó moltaí a chur in iúl don chuideachta, fanfaidh an fíoraitheoir neamhchlaonta vis-à-vis an chuideachta, an long agus an córas faireacháin agus tuairiscithe. Ní dhéanfaidh sé a neamhchlaontacht a chur i mbaol trí chomhairle a thabhairt nó trí chodanna den phróiseas faireacháin agus tuairiscithe a fhorbairt de bhun Rialachán (AE) 2015/757.

4.   Le linn an fhíorúcháin tar éis bliana ina ndearnadh moltaí maidir le feabhsúchán i dtuarascáil fíorúcháin, fíoróidh an fíoraitheoir cé acu atá nó nach bhfuil na moltaí sin maidir le feabhsúchán curtha chun feidhme ag an gcuideachta agus an bealach ina ndearnadh sin. Mura bhfuil na moltaí sin curtha chun feidhme ag an gcuideachta, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cibé acu a mhéadaítear nó nach méadaítear leis sin an riosca míráiteas nó a fhéadfaí an riosca míráiteas a mhéadú.

Airteagal 22

Tuarascáil fíorúcháin ar thuarascáil astaíochtaí nó tuarascáil pháirteach astaíochtaí

1.   Ar bhonn na faisnéise a bailíodh, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin i leith gach tuarascála astaíochtaí nó tuarascála páirtí astaíochtaí atá faoi réir fíorúcháin, agus tarchuirfidh an tuarascáil fíorúcháin sin chuig an gcuideachta.

2.   Ar fháil na tuarascála fíorúcháin de bhun mhír 1, cuirfidh an chuideachta an tuarascáil fíorúcháin in éineacht leis an tuarascáil astaíochtaí nó an tuarascáil pháirteach astaíochtaí faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, más infheidhme. Cuirfear an tuarascáil astaíochtaí isteach trí úsáid a bhaint as córais uathoibríocha agus as formáidí malartaithe sonraí.

3.   Áireofar sa tuarascáil fíorúcháin ráiteas ina bhfíoraítear an tuarascáil astaíochtaí nó an tuarascáil pháirteach astaíochtaí a bheith sásúil nó míshásúil.

4.   Chun críocha mhír 3, ní mheasfar an tuarascáil astaíochtaí ná an tuarascáil pháirteach astaíochtaí a bheith fíoraithe ina tuarascáil shásúil ach amháin má tá sí saor ó mhíráitis ábhartha. Ní dhéanfar an tuarascáil astaíochtaí ná an tuarascáil pháirteach astaíochtaí a fhíorú mar shásúil i gcás ina bhfuil míráitis ábhartha ann nár ceartaíodh sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin.

5.   Beidh na heilimintí seo a leanas sa tuarascáil fíorúcháin:

(a)

ainm na cuideachta maille lena huimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO, agus aitheantas na loinge;

(b)

teideal lena soiléirítear gur tuarascáil fíorúcháin atá inti;

(c)

aitheantas an fhíoraitheora, lena n-áirítear ainm agus seoladh ríomhphoist gnó an teagmhálaí;

(d)

cuspóirí agus raon feidhme an fhíorúcháin;

(e)

tagairt don tuarascáil astaíochtaí agus don tréimhse tuairiscithe atá faoi réir fíorú nó don tuarascáil pháirteach astaíochtaí agus don tréimhse a raibh an long faoi fhreagracht na cuideachta lena linn atá faoi réir fíorú;

(f)

i gcás inarb infheidhme, iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa comhiomlánaithe na loinge a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin;

(g)

tagairt do phlean faireacháin amháin nó níos mó ar measadh iad a bheith sásúil agus, i gcás inarb infheidhme, tásc faoi cé acu a d’fhormheas nó nár fhormheas an t-údarás riarachán freagrach an plean faireacháin ábhartha sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin;

(h)

tagairt do na caighdeáin fíorúcháin a úsáideadh;

(i)

achoimre ar nósanna imeachta an fhíoraitheora, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na cuairteanna ar an láithreán agus dátaí na gcuairteanna, faisnéis maidir leis na fáthanna chun cuairteanna fíorúla ar an láithreán a dhéanamh nó maidir leis na fáthanna ar tarscaoileadh iad;

(j)

achoimre ar na hathruithe ar an bplean faireacháin agus na sonraí gníomhaíochta sa tréimhse tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2015/757, i gcás inarb infheidhme;

(k)

ráiteas fíorúcháin;

(l)

tuairisc ar mhíráitis neamhcheartaithe agus neamhréireachtaí, lena n-áirítear a gcineál agus a scála, cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ábhartha acu agus na heilimintí den tuarascáil astaíochtaí nó den tuarascáil pháirteach astaíochtaí lena mbaineann siad, más ann dóibh;

(m)

tuairisc ar aon neamhréireacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5)(b)(ii), a tháinig chun solais le linn an fhíorúcháin;

(n)

líon na muiraistear ag a bhfuil bearnaí sonraí, más ann dóibh, agus an méid comhfhreagrach d’astaíochtaí;

(o)

i gcás inarb infheidhme, moltaí maidir le feabhsúchán;

(p)

ainmneacha an phríomhiniúchóra MRV loingis, an athbhreithneora neamhspleách agus, i gcás inarb infheidhme, an t-iniúchóir MRV loingis agus an saineolaí teicniúil a bhí páirteach i bhfíorú na tuarascála astaíochtaí nó na tuarascála páirtí astaíochtaí;

(q)

dáta na tuarascála fíorúcháin agus síniú duine údaraithe thar ceann an fhíoraitheora, lena n-áirítear ainm an duine sin.

6.   Tabharfaidh an fíoraitheoir tuairisc ar na míráitis agus neamhréireachtaí trí mhionsonraí leordhóthanacha sa tuarascáil fíorúcháin, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:

(a)

méid agus cineál an mhíráitis nó na neamhréireachta;

(b)

cén fáth a bhfuil éifeacht ábhartha ag an míráiteas, nó nach bhfuil;

(c)

an eilimint de thuarascáil na cuideachta dá dtagraíonn an míráiteas, nó an eilimint den phlean faireacháin, nó na ceanglais dlí dá dtagraíonn an neamhréireacht.

Airteagal 23

Athbhreithniú neamhspleách ar an tuarascáil astaíochtaí agus an tuarascáil pháirteach astaíochtaí

1.   Déanfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách athbhreithniú ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus ar an dréacht-tuarascáil fíorúcháin chun a fhíorú go ndearnadh an próiseas fíorúcháin i gcomhréir leis an Rialachán sin agus gur feidhmíodh cúram agus breithiúnas gairmiúil cuí.

2.   Cuimseoidh raon feidhme an athbhreithnithe neamhspleách an próiseas fíorúcháin iomlán a leagtar síos in Airteagail 10 go 22.

3.   Tar éis fíordheimhniú a bheith déanta ar an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 20, pointe (e), áireoidh an fíoraitheoir torthaí an athbhreithnithe neamhspleách sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do bhratstát na loinge i dtaobh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha chun an doiciméad comhlíontachta a eisiúint.

ROINN 3

Tuarascálacha ar leibhéal cuideachta a fhíorú

Airteagal 24

Faisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí

1.   Sula gcuirfear tús le fíorú a dhéanamh ar an tuarascáil ar leibhéal cuideachta, soláthróidh cuideachtaí an fhaisnéis seo a leanas don fhíoraitheoir:

(a)

an tuarascáil ar leibhéal cuideachta don tréimhse tuairiscithe atá le fíorú agus, i gcás inarb infheidhme, cóip den tuarascáil fhíoraithe ar leibhéal cuideachta agus den tuarascáil fíorúcháin ar leibhéal cuideachta ón mbliain roimhe sin, mura ndearna an fíoraitheoir céanna an fíorú;

(b)

na tuarascálacha astaíochtaí agus na tuarascálacha páirteacha astaíochtaí in éineacht leis na tuarascálacha fíorúcháin maidir le gach long a bhí faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe;

(c)

i gcás inarb infheidhme, más rud é sa bhliain roimhe sin nach ndearna an fíoraitheoir céanna an tuarascáil ar leibhéal cuideachta a fhíorú, tuarascálacha astaíochtaí agus tuarascálacha páirteacha astaíochtaí ón mbliain roimhe sin, in éineacht leis na tuarascálacha fíorúcháin ábhartha, i leith na long uile a bhí faoi fhreagracht na cuideachta le linn na bliana roimhe sin;

(d)

liosta de longa uile na cuideachta ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 nó níos mó, agus a n-uimhir aitheantais loinge IMO, le linn tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear an tréimhse a raibh an long faoi úinéireacht na cuideachta nó faoi fhreagracht na cuideachta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 336/2006.

2.   Féadfaidh fíoraitheoirí iarraidh ar an gcuideachta aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le fíorú a dhéanamh ar an tuarascáil ar leibhéal cuideachta a sholáthar, lena n-áirítear cóip de phleananna faireacháin na long atá faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe agus, más infheidhme, fianaise ar an athrú cuideachta lena n-áirítear fianaise maidir leis an dáta athraithe.

Airteagal 25

Anailís straitéiseach

1.   Ag tús an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir cineál, scála agus castacht dhóchúil na gcúraimí fíorúcháin a mheasúnú trí anailís straitéiseach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile is ábhartha don chuideachta.

2.   Chun críocha na ngníomhaíochtaí a dhéanann an chuideachta a thuiscint, baileoidh agus athbhreithneoidh an fíoraitheoir an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú go bhfuil inniúlacht leormhaith ag an bhfoireann fíorúcháin chun an fíorú a dhéanamh, chun a chinneadh go bhfuil an leithdháileadh ama a shonraítear sa chonradh socraithe i gceart agus chun a áirithiú go bhfuil sí in ann an anailís riosca is gá a dhéanamh. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

an fhaisnéis dá tagraítear in Airteagal 24(1);

(b)

an fhaisnéis a fuarthas ón bhfíorú i mblianta roimhe seo, má tá an fíorú á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir don chuideachta chéanna.

Airteagal 26

Anailís riosca atá le déanamh ag fíoraitheoirí

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar iomláine agus comhsheasmhacht na sonraí tuairiscithe de bhun Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2015/757, breithneoidh an fíoraitheoir réimsí ina bhfuil riosca fíorúcháin níos airde agus eilimintí amhail iad seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

an líon long a bhí faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe;

(b)

an líon athruithe cuideachta maidir le longa a bhí faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe;

(c)

éagsúlacht na n-inneall long agus na gcineálacha breosla a úsáidtear;

(d)

an líon bratstát éagsúil;

(e)

raon na bhfíoraitheoirí éagsúla a bhfuil fíorú déanta acu ar thuarascálacha astaíochtaí long a bhí faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe;

(f)

an líon pleananna faireacháin maidir le longa a bhí faoi fhreagracht na cuideachta nár fhormheas an t-údarás riaracháin freagrach sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin do na tuarascálacha astaíochtaí ábhartha nó do na tuarascálacha páirteacha astaíochtaí ábhartha;

(g)

an líon míráiteas, agus cineál agus scála na míráiteas agus na neamhréireachta a bhaineann le tuarascálacha astaíochtaí nó tuarascálacha páirteacha astaíochtaí long a bhí faoi fhreagracht na cuideachta, mar a thuairiscítear sna tuarascálacha fíorúcháin comhfhreagracha.

2.   I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise na faisnéise a fuarthas le linn an fhíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir an anailís riosca a athbhreithniú agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bheidh le déanamh a mhodhnú nó a athdhéanamh.

Airteagal 27

Plean fíorúcháin ar leibhéal cuideachta

Dréachtóidh an fíoraitheoir plean fíorúcháin a bheidh ag teacht leis an bhfaisnéis a gheofar agus na rioscaí a shainaithneofar le linn na hanailíse riosca.

Áireofar sa phlean fíorúcháin clár fíorúcháin ina dtabharfar tuairisc ar chineál agus ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíorúcháin agus ar an am agus ar an mbealach a ndéanfar iad, agus, i gcás inarb iomchuí, plean samplála sonraí.

Airteagal 28

Próiseas fíorúcháin maidir leis an tuarascáil ar leibhéal cuideachta

Ar bhonn na hanailíse riosca, breithneoidh an fíoraitheoir na cineálacha próisis seo a leanas a dhéanamh:

(a)

fiosrú leis an bhfoireann ábhartha;

(b)

iniúchadh doiciméad;

(c)

breathnóireacht agus nósanna imeachta céim ar chéim.

Airteagal 29

Fíorú a dhéanamh ar na sonraí tuairiscithe ar leibhéal cuideachta

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iomláine agus comhsheasmhacht na sonraí a thuairiscítear sa tuarascáil ar leibhéal cuideachta ar na bealaí seo a leanas:

(a)

tástáil mhionsonraithe, lena n-áirítear na sonraí a rianú siar go dtí an fhoinse sonraí ábhartha;

(b)

na sonraí a chros-seiceáil le sonraí ó na tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe agus, más gá, foinsí seachtracha sonraí, lena n-áirítear sonraí maidir le rianú long;

(c)

réitigh a dhéanamh;

(d)

athríomhanna a dhéanamh.

2.   Mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

iomláine na tuarascála ar leibhéal cuideachta, agus áirítear leis sin gach long a bhí faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe agus a n-astaíochtaí comhfhreagracha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE a bheith san áireamh sa tuarascáil;

(b)

cruinneas na ríomhanna as a dtiocfaidh na sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta.

Airteagal 30

Leibhéal ábharthachta maidir le tuarascálacha ar leibhéal cuideachta

1.   Chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil ar leibhéal cuideachta, i gcás inarb airde suim iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa comhiomlánaithe na long uile, atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE mar a chinntear ar leibhéal na loinge i gcomhréir le Cuid C, pointí 1.1 go 1.7, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757, ná 500 000 tona de choibhéis CO2, beidh an leibhéal ábharthachta cothrom le 2 % de na sonraí astaíochtaí sin sa tréimhse tuairiscithe.

2.   Chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil ar leibhéal cuideachta, nuair nach mó an méid dá dtagraítear i mír 1 ná 500 000 tona de choibhéis CO2, beidh an leibhéal ábharthachta cothrom le 5 % de na sonraí astaíochtaí sa tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 31

Cuairteanna ar an láithreán

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar láithreáin chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil ar leibhéal cuideachta, go háirithe bunaithe ar thoradh na hanailíse riosca de bhun Airteagal 26, agus an áit ina stóráiltear mais chriticiúil na sonraí ábhartha á cur san áireamh, mar aon leis an áit ina ndéantar gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus gníomhaíochtaí rialaithe.

2.   Cinnfidh an fíoraitheoir freisin na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh agus an t-am is gá don chuairt ar an láithreán.

3.   Soláthróidh an chuideachta rochtain don fhíoraitheoir ar a láithreáin, lena n-áirítear ar a suíomhanna ábhartha ar tír agus ar a longa ábhartha.

4.   Féadfaidh an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh ar choinníoll, ar bhonn thoradh na hanailíse riosca, gur comhlíonadh ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an fíoraitheoir in ann an fhaisnéis uile is gá a fháil agus a mheasúnú go cianda;

(b)

i gcás ina bhfuil imthosca tromchúiseacha, urghnácha agus neamh-intuartha ann, lasmuigh de rialú na cuideachta, a choisceann an fíoraitheoir ar chuairt fhisiceach ar an láithreán a dhéanamh agus i gcás nach féidir na himthosca sin a shárú, tar éis gach iarracht réasúnach a úsáid.

Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú go leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil ar leibhéal cuideachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757.

Déanfar an cinneadh chun cuairt fhíorúil a dhéanamh ar an láithreán tar éis a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh. Cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh agus gur comhlíonadh na coinníollacha chun cuairt fhíorúil ar an láithreán a dhéanamh.

5.   Ar bhonn thoradh na hanailíse riosca, féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh cuairt ar an láithreán dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 a tharscaoileadh ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha thíos go carnach:

(a)

tá an fíoraitheoir in ann an fhaisnéis uile is gá a fháil agus a mheasúnú go cianda;

(b)

ní hé seo an chéad uair a fhíoraíonn an fíoraitheoir tuarascáil ar leibhéal cuideachta don chuideachta sin;

(c)

is féidir an fíorú a dhéanamh le dearbhú réasúnach gan aon chuairt den sórt sin ar an láithreán.

Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú go leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil ar leibhéal cuideachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757.

Déanfar an cinneadh cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh tar éis a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha chun an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh. Cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh cuairt ar an láithreán a tharscaoileadh agus gur comhlíonadh na coinníollacha chun an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh.

6.   Maidir le longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, cuirfidh an chuideachta a húdarás riaracháin freagrach ar an eolas gan moill mhíchuí faoi chinneadh an fhíoraitheora chun an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh.

Féadfaidh an t-údarás riaracháin freagrach agóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh an fhíoraitheora an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh, agus na heilimintí seo a leanas uile á gcur san áireamh:

(a)

an fhaisnéis a chuireann an fíoraitheoir ar fáil maidir le toradh na hanailíse riosca;

(b)

fianaise gur comhlíonadh na coinníollacha uile chun an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 5.

I gcás agóide, tabharfaidh an t-údarás riaracháin freagrach fógra don chuideachta maidir leis an agóid agus na cúiseanna leis an agóid sin laistigh de thréimhse réasúnach, ach tráth nach déanaí ná 2 mhí ón dáta a cuireadh in iúl dó cinneadh an fhíoraitheora an chuairt ar an láithreán a tharscaoileadh.

7.   Má thugann an fíoraitheoir cuairt fhíorúil ar an láithreán de bhun mhír 4 nó má tharscaoileann sé cuairt ar an láithreán de bhun mhír 5, tabharfaidh sé réasúnú chun déanamh amhlaidh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

Airteagal 32

Aghaidh a thabhairt ar mhíráitis agus neamhréireachtaí sa tuarascáil ar leibhéal cuideachta

1.   I gcás ina sainaithneoidh an fíoraitheoir míráitis nó neamhréireachtaí sa tuarascáil ar leibhéal cuideachta le linn a fíorúcháin, cuirfidh sé an chuideachta ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí agus iarrfaidh sé ceartúcháin ábhartha laistigh de sprioc-am réasúnach.

Ceartóidh an chuideachta aon mhíráiteas ná neamhréireacht a cuireadh in iúl.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir, sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach, na míráitis nó neamhréireachtaí uile a ceartaíodh le linn an fhíorúcháin a dhoiciméadú, agus marcálfaidh sé iad mar réitithe.

3.   I gcás nach ndéanann an chuideachta na míráitis nó na neamhréireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a cheartú, iarrfaidh an fíoraitheoir ar an gcuideachta, sula n-eiseoidh sé an tuarascáil fíorúcháin, príomhchúiseanna na míráiteas nó na neamhréireachtaí a mhíniú.

4.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cé acu a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag na míráitis neamhcheartaithe, go haonarach nó in éineacht le míráitis eile, ar na hastaíochtaí iomlána a thuairiscítear nó ar fhaisnéis ábhartha eile agus cé acu a thagann nó nach dtagann míráitis ábhartha as an tionchar sin.

Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh cé acu a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag an neamhréireacht neamhcheartaithe, go haonarach nó nuair a dhéantar í a chomhcheangal le neamhréireachtaí eile, ar na sonraí tuairiscithe agus i dtaobh cé acu a thagann nó nach dtagann míráiteas ábhartha as sin.

5.   Breithneoidh an fíoraitheoir míráitis nó neamhréireachtaí atá, go haonarach nó in éineacht le míráitis eile, faoi bhun an leibhéil ábharthachta a leagtar síos in Airteagal 30 mar mhíráitis ábhartha i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr a scála agus a gcineál nó de bharr imthosca ar leith a tharla.

Airteagal 33

Conclúidí maidir le fíorú na tuarascála ar leibhéal cuideachta

Chun fíorú na tuarascála a chur i gcrích ar leibhéal cuideachta, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:

(a)

deimhneoidh sé go bhfuil na gníomhaíochtaí fíorúcháin uile déanta;

(b)

déanfaidh sé nósanna imeachta anailíse deiridh ar na sonraí comhiomlánaithe chun a áirithiú go bhfuil siad saor ó mhíráitis ábhartha;

(c)

fíoróidh sé cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fhaisnéis sa tuarascáil ceanglais Rialachán (AE) 2015/757 agus Threoir 2003/87/CE;

(d)

sula n-eiseoidh sé an tuarascáil fíorúcháin, ullmhóidh sé an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus an dréacht-tuarascáil agus cuirfidh sé faoi bhráid an athbhreithneora neamhspleách iad i gcomhréir le hAirteagal 36;

(e)

duine a údarú chun an tuarascáil a fhíordheimhniú ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an t-athbhreithneoir neamhspleách orthu agus fianaise maidir leis an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach, agus fógra a thabhairt don chuideachta faoi sin.

Airteagal 34

Moltaí maidir le feabhsúchán

1.   Cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta moltaí maidir le feabhsú i ndáil le míráitis neamhcheartaithe agus neamhréireachtaí nach dtagann míráitis ábhartha astu.

2.   Féadfaidh an fíoraitheoir moltaí eile maidir le feabhsúchán a mheasann sé a bheith ábhartha a chur in iúl, i bhfianaise thoradh na ngníomhaíochtaí fíorúcháin.

3.   Agus moltaí á gcur in iúl don chuideachta, fanfaidh an fíoraitheoir neamhchlaonta i leith na cuideachta, na long agus an chórais faireacháin agus tuairiscithe. Ní dhéanfaidh sé a neamhchlaontacht a chur i mbaol trí chomhairle a thabhairt nó trí chodanna den phróiseas faireacháin agus tuairiscithe a fhorbairt de bhun Rialachán (AE) 2015/757.

4.   Le linn an fhíorúcháin tar éis bliana ina ndearnadh moltaí maidir le feabhsúchán i dtuarascáil fíorúcháin, fíoróidh an fíoraitheoir cé acu atá nó nach bhfuil na moltaí sin maidir le feabhsúchán curtha chun feidhme ag an gcuideachta agus an bealach a ndearnadh sin. Mura bhfuil na moltaí sin curtha chun feidhme ag an gcuideachta, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn sé sin an riosca maidir le míráitis nó an bhféadfadh sé é a mhéadú.

Airteagal 35

Tuarascáil fíorúcháin ar leibhéal cuideachta

1.   Ar bhonn na faisnéise a bhailítear, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin ar an tuarascáil ar leibhéal cuideachta faoi réir fíorúcháin agus tarchuirfidh sé an tuarascáil fíorúcháin sin chuig an gcuideachta.

2.   Ar an tuarascáil fíorúcháin a fháil de bhun mhír 1, cuirfidh an chuideachta an tuarascáil fíorúcháin in éineacht leis an tuarascáil ar leibhéal cuideachta faoi bhráid an údaráis riaracháin atá freagrach. Cuirfear na tuarascálacha isteach trí úsáid a bhaint as córais uathoibrithe agus as formáidí malartaithe sonraí.

3.   Áireofar sa tuarascáil fíorúcháin ráiteas lena bhfíorófar an tuarascáil ar leibhéal cuideachta mar thuarascáil shásúil nó mhíshásúil.

4.   Chun críocha mhír 3, ní mheasfar go mbeidh an tuarascáil ar leibhéal cuideachta fíoraithe mar shásúil ach amháin má tá sí saor ó mhíráitis ábhartha. Ní fhíorófar go bhfuil an tuarascáil ar leibhéal cuideachta sásúil i gcás ina bhfuil míráitis ábhartha inti nár ceartaíodh sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin.

5.   Beidh na heilimintí seo a leanas sa tuarascáil fíorúcháin:

(a)

ainm na cuideachta agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO;

(b)

teideal lena soiléirítear gur tuarascáil fíorúcháin atá inti;

(c)

aitheantas an fhíoraitheora, lena n-áirítear ainm agus seoladh ríomhphoist gnó an teagmhálaí;

(d)

cuspóirí agus raon feidhme an fhíorúcháin;

(e)

tagairt don tuarascáil ar leibhéal cuideachta agus don tréimhse tuairiscithe atá faoi réir fíorúcháin;

(f)

na sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta, chomh maith leis na sonraí astaíochtaí atá le cur isteach, agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (12);

(g)

tagairt do na caighdeáin fíorúcháin a úsáideadh;

(h)

achoimre ar nósanna imeachta an fhíoraitheora, lena n-áirítear faisnéis faoi chuairteanna ar an láithreán agus dátaí na gcuairteanna sin, faisnéis faoi na cúiseanna atá le cuairteanna fíorúla ar láithreáin a dhéanamh nó na cúiseanna lena dtarscaoileadh de bhun Airteagal 31;

(i)

ráiteas fíorúcháin;

(j)

tuairisc ar mhíráitis neamhcheartaithe agus ar neamhréireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 32, lena n-áirítear a gcineál agus a scála, cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ábhartha acu agus na heilimintí den tuarascáil ar leibhéal cuideachta lena mbaineann siad, más ann dóibh;

(k)

tuairisc ar aon saincheist neamhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5), pointe (c), a tháinig chun solais le linn an fhíorúcháin;

(l)

i gcás inarb infheidhme, moltaí maidir le feabhsúchán;

(m)

ainmneacha an phríomhiniúchóra MRV loingis, an t-athbhreithneoir neamhspleách agus, i gcás inarb infheidhme, an t-iniúchóir MRV loingis agus an saineolaí teicniúil a bhí páirteach i bhfíorú a dhéanamh ar an tuarascáil ar leibhéal cuideachta;

(n)

dáta na tuarascála fíorúcháin agus síniú duine údaraithe thar ceann an fhíoraitheora, lena n-áirítear ainm an duine sin.

6.   Tabharfaidh an fíoraitheoir tuairisc atá mionsonraithe go leordhóthanach ar na míráitis nó na neamhréireachtaí sa tuarascáil fíorúcháin, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:

(a)

méid agus cineál an mhíráitis nó na neamhréireachta;

(b)

cén fáth a bhfuil éifeacht ábhartha ag an míráiteas, nó nach bhfuil;

(c)

cén eilimint den tuarascáil a dtagraíonn an míráiteas di, nó cé na ceanglais dhlíthiúla a dtagraíonn an neamhréireacht dóibh.

Airteagal 36

Athbhreithniú neamhspleách ar an tuarascáil ar leibhéal na cuideachta

1.   Déanfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách athbhreithniú ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus ar an dréacht-tuarascáil fíorúcháin chun a fhíorú go ndearnadh an próiseas fíorúcháin i gcomhréir leis an Rialachán sin agus gur feidhmíodh cúram agus breithiúnas gairmiúil cuí.

2.   Cuimseoidh raon feidhme an athbhreithnithe neamhspleách an próiseas fíorúcháin iomlán a leagtar síos in Airteagail 24 go 35.

3.   Tar éis fíordheimhniú a bheith déanta ar an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 33, pointe (e), áireoidh an fíoraitheoir torthaí an athbhreithnithe neamhspleách sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

CAIBIDIL III

CEANGLAIS MAIDIR LE FÍORAITHEOIRÍ

Airteagal 37

Próiseas inniúlachta leanúnach

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir próiseas inniúlachta leanúnach a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go mbeidh an pearsanra uile ar a gcuirtear gníomhaíochtaí fíorúcháin ar a n-iontaoibh inniúil le haghaidh na cúraimí a leithdháiltear orthu.

2.   Chun críocha an phróisis inniúlachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an fíoraitheoir na gnéithe seo a leanas a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun:

(a)

critéir ghinearálta inniúlachta don phearsanra uile atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin;

(b)

critéir shonracha inniúlachta le haghaidh gach feidhme laistigh den fhíoraitheoir a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin, go háirithe maidir leis an bpríomhiniúchóir MRV loingis, an t-iniúchóir MRV loingis, an t-athbhreithneoir neamhspleách agus an saineolaí teicniúil;

(c)

modh chun inniúlacht leanúnach agus meastóireacht thráthrialta ar fheidhmíocht an phearsanra uile atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin a áirithiú;

(d)

próiseas chun oiliúint leanúnach a áirithiú don phearsanra atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin;

(e)

próiseas chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a thagann nó nach dtagann an comhaontú fíorúcháin faoi raon feidhme chreidiúnú an fhíoraitheora, agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an inniúlacht, an pearsanra agus na hacmhainní is gá ag an bhfíoraitheoir chun an fhoireann fíorúcháin a roghnú agus chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin a chur i gcrích go rathúil laistigh den tráthchlár is gá.

Le linn dó inniúlacht an phearsanra a mheas de bhun na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfaidh an fíoraitheoir an inniúlacht sin a mheasúnú in aghaidh na gcritéar inniúlachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

Áireofar freisin sa phróiseas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), próiseas chun measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an inniúlacht agus an pearsanra uile is gá ag an bhfoireann fíorúcháin chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh le haghaidh cuideachta shonrach.

Forbróidh an fíoraitheoir critéir inniúlachta ghinearálta agus shonracha a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 38(4) agus in Airteagail 39, 40 agus 41.

3.   Déanfaidh an fíoraitheoir faireachán go tráthrialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, ar fheidhmíocht an phearsanra uile a bheidh i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin chun a n-inniúlacht leanúnach a dheimhniú.

4.   Déanfaidh an fíoraitheoir athbhreithniú go tráthrialta ar an bpróiseas inniúlachta leanúnach dá dtagraítear i mír 1 chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

tá na critéir inniúlachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, pointí (a) agus (b),forbartha i gcomhréir leis na ceanglais inniúlachta faoin Rialachán sin;

(b)

tugtar aghaidh ar na saincheisteanna uile a fhéadfar a shainaithint a bhaineann le critéir inniúlachta ghinearálta agus shonracha a shocrú de bhun mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b);

(c)

déantar na ceanglais uile sa phróiseas inniúlachta a thabhairt cothrom le dáta agus a choinneáil ar bun de réir mar is iomchuí.

5.   Beidh córas ag an bhfíoraitheoir chun torthaí na ngníomhaíochtaí a dhéantar sa phróiseas inniúlachta dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh.

6.   Déanfaidh meastóir a bhfuil inniúlacht leormhaith aige measúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht iniúchóra MRV loingis agus príomhiniúchóra MRV loingis.

Déanfaidh an meastóir inniúil faireachán ar na hiniúchóirí sin le linn tuarascáil astaíochtaí nó tuarascáil pháirteach astaíochtaí a fhíorú ar láithreán na cuideachta de réir mar is iomchuí, chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na critéir inniúlachta.

7.   Mura n-éiríonn le ball den phearsanra a léiriú gur comhlíonadh go hiomlán na critéir inniúlachta maidir le cúram sonrach a leithdháileadh air, déanfaidh an fíoraitheoir oiliúint bhreise nó taithí oibre faoi mhaoirseacht a shainaithint agus a eagrú. Déanfaidh an fíoraitheoir faireachán ar an gcomhalta sin go dtí go léireoidh an comhalta don fhíoraitheoir go gcomhlíonann an comhalta na critéir inniúlachta.

Airteagal 38

Foireann fíorúcháin

1.   I gcás gach comhaontaithe fíorúcháin ar leith, baileoidh an fíoraitheoir foireann fíorúcháin a bheidh in ann na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 go 36 a dhéanamh.

2.   Beidh an fhoireann fíorúcháin comhdhéanta de phríomhiniúchóir MRV loingis amháin agus, i gcás inarb iomchuí i bhfianaise thuiscint an fhíoraitheora ar chastacht na gcúraimí a bheidh le déanamh agus a chumas an anailís riosca is gá a dhéanamh, líon oiriúnach iniúchóirí MRV loingis agus saineolaithe teicniúla.

3.   Chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bhaineann le comhaontú fíorúcháin ar leith, ceapfaidh an fíoraitheoir athbhreithneoir neamhspleách nach mbeidh ina chuid den fhoireann fíorúcháin.

4.   Beidh tuiscint shoiléir ag comhaltaí na foirne ar a ról sonrach sa phróiseas fíorúcháin agus beidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach sa teanga is gá chun a gcúraimí fíorúcháin a chomhlíonadh agus chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuirfidh an chuideachta isteach.

5.   I gcás ina mbeidh duine amháin ar an bhfoireann fíorúcháin, comhlíonfaidh an duine sin na ceanglais inniúlachta uile maidir leis an iniúchóir MRV loingis agus an príomhiniúchóir MRV loingis agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos i mír 4.

Airteagal 39

Ceanglais inniúlachta d’iniúchóirí MRV loingis agus príomhiniúchóirí MRV loingis

1.   Beidh an inniúlacht ag iniúchóirí MRV loingis pleananna faireacháin a mheasúnú agus fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE agus an Rialachán seo.

2.   Chuige sin, beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ag iniúchóirí MRV loingis:

(a)

eolas ar Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE, an Rialachán seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928, reachtaíocht ábhartha eile, caighdeáin agus treoirlínte is infheidhme, chomh maith le treoirlínte ábhartha agus reachtaíocht arna n-eisiúint ag an mBallstát ina bhfuil an fíoraitheoir bunaithe nó ag Ballstát an údaráis riaracháin atá freagrach as an gcuideachta a bhfuil an fíoraitheoir ag déanamh an fhíorúcháin thar a ceann;

(b)

eolas agus taithí ar iniúchóireacht sonraí agus faisnéise, lena n-áirítear:

(i)

modheolaíochtaí iniúchóireachta sonraí agus faisnéise, cur i bhfeidhm an leibhéil ábharthachta agus measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na míráiteas;

(ii)

anailís a dhéanamh ar rioscaí dúchasacha agus rialaithe;

(iii)

teicnící samplála i ndáil le gníomhaíochtaí rialaithe samplála agus seiceála sonraí;

(iv)

measúnú a dhéanamh ar chórais sonraí agus faisnéise, ar chórais TF, ar ghníomhaíochtaí sreafa sonraí, ar ghníomhaíochtaí rialaithe, ar chórais rialaithe agus ar nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí rialaithe;

(c)

an cumas na gníomhaíochtaí a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó tuarascáil astaíochtaí ar leibhéal cuideachta mar a cheanglaítear le hAirteagail 4 go 36.

3.   Ina theannta sin, déanfaidh fíoraitheoirí eolas agus taithí earnáil-sonrach ar ghnéithe ábhartha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus chun fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta.

4.   Comhlíonfaidh príomhiniúchóir MRV loingis na ceanglais inniúlachta maidir le hiniúchóir MRV loingis agus beidh inniúlacht léirithe aige chun foireann fíorúcháin a threorú agus a bheith freagrach as na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 40

Ceanglais inniúlachta d’athbhreithneoirí neamhspleácha

1.   Beidh an t-údarás iomchuí ag an athbhreithneoir neamhspleách chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dréacht-chonclúidí maidir le measúnú ar an bplean faireacháin, ar an dréacht-tuarascáil fíorúcháin agus ar dhoiciméadacht fhíorúcháin inmheánach de bhun Airteagail 8, 23 agus 36.

2.   Comhlíonfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách na ceanglais inniúlachta is infheidhme maidir le príomhiniúchóirí MRV loingis, dá dtagraítear in Airteagal 39(4).

3.   Chun measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach iomlán agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil fianaise leormhaith bailithe le linn na ngníomhaíochtaí fíorúcháin, beidh an inniúlacht is gá ag an athbhreithneoir neamhspleách chun:

(a)

anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraítear agus a hiomláine agus a sláine a dheimhniú;

(b)

agóid a dhéanamh maidir le faisnéis atá in easnamh nó contrártha;

(c)

rianta sonraí a sheiceáil chun measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó bhfuil an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach iomlán agus i dtaobh cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn sí faisnéis leordhóthanach chun tacú leis na dréacht-chonclúidí maidir le measúnú ar an bplean faireacháin, ar an dréacht-tuarascáil fíorúcháin agus ar na conclúidí a scrúdaíodh san athbhreithniú inmheánach.

Airteagal 41

Úsáid saineolaithe teicniúla

1.   Agus gníomhaíochtaí fíorúcháin á ndéanamh ag fíoraitheoir, féadfaidh sé saineolaithe teicniúla a úsáid chun eolas mionsonraithe agus saineolas a sholáthar ar ábhar sonrach is gá chun tacú leis an iniúchóir MRV loingis agus leis an bpríomhiniúchóir MRV loingis agus iad ag déanamh a ngníomhaíochtaí fíorúcháin.

2.   I gcás nach bhfuil an inniúlacht ag an athbhreithneoir neamhspleách saincheist áirithe a mheasúnú sa phróiseas athbhreithnithe, iarrfaidh an fíoraitheoir tacaíocht ó shaineolaí teicniúil.

3.   Beidh an inniúlacht agus an saineolas is gá ag an saineolaí teicniúil chun tacú go héifeachtach leis an iniúchóir MRV loingis agus leis an bpríomhiniúchóir MRV loingis, nó leis an athbhreithneoir neamhspleách, i gcás inar gá, ar an ábhar a n-iarrtar a gcuid eolais agus saineolais ina leith. Ina theannta sin, beidh tuiscint leormhaith ag an saineolaí teicniúil ar na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 39.

4.   Déanfaidh an saineolaí teicniúil cúraimí sonraithe faoi stiúir agus faoi lánfhreagracht an athbhreithneora neamhspleách nó phríomhiniúchóir MRV loingis na foirne fíorúcháin ina bhfuil an saineolaí teicniúil ag feidhmiú.

Airteagal 42

Nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin

1.   Déanfaidh fíoraitheoirí nós imeachta agus próiseas amháin nó níos mó a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun le haghaidh na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a dtugtar tuairisc orthu in Airteagail 4 go 36.

2.   Agus nósanna imeachta agus próisis den sórt sin á mbunú agus á gcur chun feidhme aige, déanfaidh an fíoraitheoir na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le ceanglais le haghaidh comhlachtaí bailíochtaithe agus fíoraithe gás ceaptha teasa lena n-úsáid i gcreidiúnú nó i bhfoirmeacha eile aitheantais (13).

3.   Déanfaidh fíoraitheoirí córas bainistíochta cáilíochta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go ndéanfar forbairt, cur chun feidhme, feabhsú agus athbhreithniú comhsheasmhach ar na nósanna imeachta agus ar na próisis i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i mír 2.

Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa chóras bainistíochta cáilíochta:

(a)

beartais agus freagrachtaí;

(b)

athbhreithniú bainistíochta;

(c)

iniúchtaí inmheánacha;

(d)

gníomhaíocht cheartaitheach;

(e)

gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna agus chun gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh;

(f)

rialú faisnéise doiciméadaithe.

4.   Ina theannta sin, bunóidh fíoraitheoirí na nósanna imeachta, na próisis agus na socruithe seo a leanas i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i mír 2:

(a)

próiseas agus beartas chun cumarsáid a dhéanamh leis an gcuideachta;

(b)

socruithe leordhóthanacha chun rúndacht na faisnéise a fhaightear a chosaint;

(c)

próiseas chun déileáil le hachomhairc na gcuideachtaí;

(d)

próiseas chun déileáil le gearáin (lena n-áirítear scála ama táscach) na gcuideachtaí;

(e)

próiseas chun tuarascáil fíorúcháin athbhreithnithe a eisiúint i gcás ina sainaithnítear earráid sa tuarascáil fíorúcháin, sa tuarascáil astaíochtaí, sa tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó sa tuarascáil ar leibhéal cuideachta tar éis don fhíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin a chur faoi bhráid na cuideachta;

(f)

nós imeachta nó próiseas chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a sheachfhoinsiú chuig eagraíochtaí eile;

(g)

nós imeachta nó próiseas chun a áirithiú go nglacann an fíoraitheoir freagracht iomlán as gníomhaíochtaí fíorúcháin arna ndéanamh ag daoine aonair ar conradh;

(h)

próisis lena n-áirithítear feidhmiú cuí an chórais bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear:

(i)

próisis chun an córas bainistíochta a athbhreithniú uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus nach mbeidh níos mó ná 15 mhí idir athbhreithnithe bainistíochta;

(ii)

próisis chun iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus nach mbeidh níos mó ná 15 mhí idir iniúchtaí inmheánacha;

(iii)

próisis chun neamhréireachtaí i ngníomhaíochtaí an fhíoraitheora a shainaithint agus a bhainistiú agus chun gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na neamhréireachtaí sin;

(iv)

próisis chun rioscaí agus deiseanna i ngníomhaíochtaí an fhíoraitheora a shainaithint agus chun gníomhaíochtaí coisctheacha a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú;

(v)

próisis chun faisnéis dhoiciméadaithe a rialú.

Airteagal 43

Doiciméadacht fíorúcháin inmheánach

1.   Ullmhóidh agus tiomsóidh an fíoraitheoir doiciméadacht fíorúcháin inmheánach ina mbeidh na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

torthaí na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a rinneadh;

(b)

an plean fíorúcháin, an anailís straitéiseach agus an anailís riosca;

(c)

faisnéis leordhóthanach chun tacú leis an measúnú ar an bplean faireacháin agus ar an dréacht-tuarascáil fíorúcháin, lena n-áirítear réasúnuithe maidir le breithiúnais i dtaobh cé acu a bhí nó nach raibh na míráitis ábhartha.

2.   Dréachtófar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach ar bhealach ina mbeidh an t-athbhreithneoir neamhspleách dá dtagraítear in Airteagail 8, 23 agus 36 agus an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe in ann measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an fíorú déanta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an fíoraitheoir, arna iarraidh sin, rochtain ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus ar fhaisnéis ábhartha eile a sholáthar don údarás riaracháin atá freagrach chun meastóireacht ar an bhfíorú ag an údarás riaracháin atá freagrach a éascú. Féadfaidh an t-údarás riaracháin atá freagrach tráthchlár a shocrú a soláthróidh an fíoraitheoir rochtain ar an doiciméadacht sin laistigh de.

Airteagal 44

Taifid agus cumarsáid

1.   Déanfaidh fíoraitheoirí taifid a choinneáil ar bun agus a bhainistiú chun comhlíontacht an Rialacháin seo a léiriú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinniúlacht agus neamhchlaontacht a bpearsanra.

2.   Déanfaidh fíoraitheoir, ar bhonn tráthrialta, faisnéis a chur ar fáil don chuideachta i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

3.   Cosnóidh fíoraitheoirí rúndacht na faisnéise a fhaightear le linn an fhíorúcháin, i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

Airteagal 45

Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas

1.   Beidh fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta agus beidh sé neamhchlaonta agus é ag déanamh a ghníomhaíochtaí fíorúcháin.

Chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a áirithiú, ní bheidh an fíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlítheanach céanna ina chuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (d), de Rialachán (AE) 2015/757, úinéir cuideachta den sórt sin nó faoi úinéireacht cuideachta den sórt sin, ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir leis an gcuideachta, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht. Beidh an fíoraitheoir neamhspleách freisin ar chomhlachtaí a thrádálann lamháltais astaíochtaí faoin gcóras trádála lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bunaíodh de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/87/CE.

2.   Eagrófar fíoraitheoirí sa chaoi go gcosnófar a n-oibiachtúlacht, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

3.   Ní dhéanfaidh fíoraitheoirí gníomhaíochtaí fíorúcháin thar ceann cuideachta a chruthaíonn riosca do-ghlactha dá neamhchlaontacht nó a bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith. Ní úsáidfidh an fíoraitheoir pearsanra nó daoine ar conradh chun measúnú a dhéanamh ar phlean faireacháin nó chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí, tuarascáil pháirteach astaíochtaí nó tuarascáil ar leibhéal cuideachta lena mbaineann coinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha. Áiritheoidh an fíoraitheoir freisin nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí pearsanra nó eagraíochtaí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht an fhíorúcháin. Chun na críche sin, déanfaidh an fíoraitheoir faireachán ar na rioscaí don neamhchlaontacht agus déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

4.   Measfar gur tháinig riosca do-ghlactha don neamhchlaontacht nó coinbhleacht leasa chun cinn, inter alia, i gcás ina soláthraíonn fíoraitheoir, nó aon chuid den eintiteas dlítheanach céanna, an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí sainchomhairleoireachta chun cuid den phróiseas faireacháin agus tuairiscithe ar a dtugtar tuairisc sa phlean faireacháin a fhorbairt, lena n-áirítear forbairt na modheolaíochta faireacháin, dréachtú na tuarascála astaíochtaí, na tuarascála páirtí astaíochtaí nó na tuarascála ar leibhéal cuideachta, agus dréachtú an phlean faireacháin;

(b)

cúnamh teicniúil chun an córas faireacháin agus tuairiscithe astaíochtaí nó faisnéis ábhartha eile faoi Rialachán (AE) 2015/757 a fhorbairt nó a choinneáil ar bun.

5.   Measfar gur tháinig coinbhleacht leasa chun cinn maidir le fíoraitheoir sa chaidreamh idir é agus an chuideachta, go háirithe i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil an caidreamh idir an fíoraitheoir agus an chuideachta bunaithe ar chomhúinéireacht, ar rialachas coiteann, ar chomhbhainistíocht nó ar phearsanra coiteann, ar acmhainní comhroinnte, ar mhaoiniú coiteann agus ar chomhchonarthaí nó ar mhargaíocht choiteann;

(b)

i gcás ina bhfuil seirbhísí comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 4, pointe (a) nó cúnamh teicniúil dá dtagraítear i mír 4, pointe (b) den mhír sin faighte ag an gcuideachta ó chomhlacht comhairleach, ó chomhlacht cúnaimh theicniúil nó ó eagraíocht eile a bhfuil caidreamh aici leis an bhfíoraitheoir agus a chruthaíonn riosca maidir le neamhchlaontacht an fhíoraitheora.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), measfar go bhfuil neamhchlaontacht an fhíoraitheora i mbaol i gcás ina bhfuil an caidreamh idir an fíoraitheoir agus an comhlacht comhairleach, an comhlacht cúnaimh theicniúil nó an eagraíocht eile bunaithe ar chomhúinéireacht, ar rialachas coiteann, ar chomhbhainistíocht nó ar phearsanra coiteann, ar acmhainní comhroinnte, ar mhaoiniú coiteann, ar chomhchonarthaí nó margaíocht choiteann agus íocaíocht choiteann ar choimisiún díolacháin nó dreasú eile chun cliaint nua a tharchur.

6.   Ní dhéanfaidh fíoraitheoirí an t-athbhreithniú neamhspleách ná eisiúint na dtuarascálacha fíorúcháin a sheachfhoinsiú.

7.   I gcás ina ndéanann fíoraitheoirí gníomhaíochtaí fíorúcháin eile a sheachfhoinsiú, comhlíonfaidh siad na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

Mar sin féin, chun críocha na chéad fhomhíre, ní hionann daoine aonair a chur faoi chonradh chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, má ghlacann an fíoraitheoir, le linn dó na daoine sin a chur faoi chonradh, freagracht iomlán as na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanann pearsanra ar conradh. Nuair a bheidh daoine aonair ar conradh chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, cuirfidh an fíoraitheoir de cheangal ar na daoine aonair sin comhaontú i scríbhinn a shíniú go gcomhlíonann siad nósanna imeachta an fhíoraitheora agus nach bhfuil coinbhleacht leasa ann agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin sin á ndéanamh.

8.   Déanfaidh fíoraitheoirí próiseas a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a neamhchlaontacht agus a neamhspleáchas leanúnach, agus neamhchlaontacht agus neamhspleáchas na gcodanna den eintiteas dlítheanach céanna, d’eagraíochtaí eile dá dtagraítear i mír 5, agus gach pearsanra agus gach duine ar conradh a bhfuil baint acu leis an bhfíorú a áirithiú. Áireofar sa phróiseas sin sásra chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an fhíoraitheora a chosaint agus chun na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 42(2) a chomhlíonadh.

9.   Nuair a bheidh an chuideachta chéanna agus an bhliain roimhe sin á fíorú, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an riosca don neamhchlaontacht agus déanfaidh sé bearta chun an riosca don neamhchlaontacht a laghdú.

10.   Má dhéanann an príomhiniúchóir MRV loingis fíorúcháin bhliantúla ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta ar feadh tréimhse 6 bliana as a chéile do chuideachta ar leith, tógfaidh an príomhiniúchóir MRV loingis sos 3 bliana as a chéile ó fhíorú tuarascálacha ar leibhéal cuideachta a sholáthar don chuideachta chéanna sin. Áirítear leis an uastréimhse 6 bliana fíorúcháin ar thuarascálacha ar leibhéal cuideachta arna ndéanamh don chuideachta ag tosú tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

CREIDIÚNÚ NA BHFÍORAITHEOIRÍ

Airteagal 46

Creidiúnú na bhfíoraitheoirí

1.   I gcás nach leagtar síos, sa Rialachán seo ná i Rialachán (AE) 2015/757, forálacha sonracha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.   Maidir leis na híoscheanglais i dtaca le creidiúnú agus na ceanglais maidir le comhlachtaí creidiúnaithe, beidh feidhm ag an gcaighdeán comhchuibhithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le ceanglais ghinearálta do chomhlachtaí creidiúnaithe a thugann creidiúnú do chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta (14).

Airteagal 47

Raon feidhme an chreidiúnúcháin

Cumhdóidh raon feidhme creidiúnúcháin na bhfíoraitheoirí measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta.

Airteagal 48

Cuspóirí an phróisis creidiúnúcháin

Le linn an phróisis creidiúnúcháin agus an fhaireachais bhliantúil ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 50 go hAirteagal 55, déanfaidh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fíoraitheoir agus a phearsanra atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin na critéir seo a leanas:

(a)

tá an inniúlacht aige measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

bíonn pleananna faireacháin á measúnú acu agus bíonn siad ag fíorú tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

comhlíonann siad na ceanglais maidir le fíoraitheoirí dá dtagraítear in Airteagail 37 go 45, lena n-áirítear na ceanglais maidir le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas.

Airteagal 49

Iarrataí ar chreidiúnú

1.   Beidh an fhaisnéis a bhfuil gá léi ar bhonn an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2) sna hiarrataí ar chreidiúnú.

2.   Ina theannta sin, roimh thús an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 50, cuirfidh an t-iarratasóir ar chreidiúnú (‘an t-iarratasóir’) faisnéis ar fáil don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus próisis dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus an córas bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 42(3);

(b)

na critéir inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 37(2), pointí (a) agus (b), torthaí an phróisis inniúlachta leanúnaigh dá dtagraítear san Airteagal sin agus doiciméadacht ábhartha eile maidir le hinniúlacht an phearsanra uile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 39 agus 40;

(c)

an próiseas chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach a áirithiú, dá dtagraítear in Airteagal 45(8), lena n-áirítear taifid ábhartha ar neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an iarratasóra agus a phearsanra;

(d)

na saineolaithe teicniúla agus príomhphearsanra a bhfuil baint acu le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta;

(e)

na nósanna imeachta agus na próisis chun fíorú iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear iad sin a bhaineann leis an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 43;

(f)

taifid ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 44;

(g)

gach faisnéis eile arna hiarraidh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

Airteagal 50

Measúnú

1.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 48, déanfaidh an fhoireann measúnachta a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 57 na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)

déanfaidh sí athbhreithniú ar na doiciméid agus na taifid ábhartha uile arna soláthar ag an iarratasóir de bhun Airteagal 49;

(b)

déanfaidh sí cuairt ar an láthair chun athbhreithniú a dhéanamh ar shampla ionadaíoch den doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chóras bainistíochta cáilíochta an iarratasóra agus na nósanna imeachta nó na próisis le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42;

(c)

déanfaidh sí fianaise le feidhmíocht agus le hinniúlacht líon ionadaíoch d’fhoireann an iarratasóra a bhfuil baint acu le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta chun a áirithiú go bhfeidhmíonn siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an fhoireann measúnachta na gníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

3.   Déanfaidh an fhoireann measúnachta a torthaí agus aon neamhréireachtaí a thuairisciú don iarratasóir agus iarrfaidh sí freagra, i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

4.   Déanfaidh an t-iarratasóir gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireacht arna tuairisciú de bhun mhír 3 agus cuirfidh sé freagra isteach ina mbeidh léiriú ar an ngníomhaíocht atá déanta aige, nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh laistigh d’am a shocróidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, chun iad a réiteach.

5.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe athbhreithniú ar an bhfreagra a chuirfidh an t-iarratasóir isteach de bhun mhír 4.

6.   I gcás ina gcinnfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe go bhfuil freagra an iarratasóra nó an ghníomhaíocht a rinneadh neamh-leordhóthanach nó neamhéifeachtach, iarrfaidh sé ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise a chur isteach nó déanfaidh sé gníomhaíocht bhreise.

7.   Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fianaise ar chur chun feidhme iarbhír na gníomhaíochta ceartaithí a iarraidh freisin, nó measúnú leantach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin.

Airteagal 51

Cinneadh maidir le creidiúnú agus an deimhniú creidiúnaithe

1.   Agus an cinneadh á ullmhú agus á dhéanamh aige maidir le cé acu is ceart nó nár cheart creidiúnú iarratasóra a dheonú, a shíniú nó a athnuachan, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2) san áireamh.

2.   I gcás ina gcinnfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú iarratasóra a dheonú nó a athnuachan, eiseoidh sé deimhniú creidiúnaithe chuige sin. Deonófar an deimhniú creidiúnaithe do gach gníomhaíocht fíorúcháin de bhun Rialachán (AE) 2015/757.

3.   Beidh ar a laghad an fhaisnéis is gá ar bhonn an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2) sa deimhniú creidiúnaithe.

4.   Beidh an deimhniú creidiúnaithe bailí go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis an dáta a d’eisigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an deimhniú sin.

Airteagal 52

Faireachas bliantúil

1.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe faireachas bliantúil ar gach fíoraitheoir a bhfuil deimhniú creidiúnaithe eisithe aige dó. Cuimseofar san fhaireachas sin na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)

cuairt ar an láithreán dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (b);

(b)

fianaise a thabhairt le feidhmíocht líon ionadaíoch d’fhoireann an fhíoraitheora agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na foirne sin i gcomhréir le hAirteagal 50(1), pointe (c).

2.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an chéad fhaireachas ar fhíoraitheoir i gcomhréir le mír 1 laistigh de 12 mhí ón dáta a eisíodh a dheimhniú creidiúnaithe.

3.   Ceadófar leis an bpleanáil faireachais don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe samplaí ionadaíocha de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora faoi raon feidhme an deimhnithe creidiúnaithe agus na foirne a bhfuil baint aici leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin a mheasúnú, i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

4.   Ar bhonn thorthaí an fhaireachais, cinnfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe cé acu an ndeimhneofar nó nach ndeimhneofar go leanfar den chreidiúnú.

5.   I gcás ina ndéanann fíoraitheoir fíorú thar ceann cuideachta atá sannta don údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta de chuid Ballstáit seachas Ballstát an chomhlachta náisiúnta chreidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige, féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige iarraidh ar chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe an Bhallstáit eile sin gníomhaíochtaí faireachais a dhéanamh thar a cheann agus faoina fhreagracht.

Airteagal 53

Athmheasúnú

1.   Sula rachaidh deimhniú creidiúnaithe a d’eisigh sé in éag, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an fíoraitheoir atá i gceist a athmheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé acu is féidir nó nach féidir bailíocht an deimhnithe a shíniú.

2.   Áiritheoidh an phleanáil athmheasúnaithe go ndéanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú ar shampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora a chumhdaítear leis an deimhniú.

3.   Agus an t-athmheasúnú á phleanáil agus á dhéanamh aige, comhlíonfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 54

Measúnú urghnách

1.   Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú urghnách a dhéanamh ar an bhfíoraitheoir tráth ar bith chun a áirithiú go leanann sé de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

2.   Chun é a chur ar a chumas don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le measúnú urghnách, cuirfidh an fíoraitheoir an comhlacht sin ar an eolas láithreach faoi aon athrú suntasach is ábhartha dá chreidiúnú maidir le haon ghné dá stádas nó dá oibríocht.

Áireofar ar na hathruithe suntasacha sin athruithe a luaitear sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 55

Bearta riaracháin

1.   Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás ina n-iarrann an fíoraitheoir amhlaidh.

3.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nós imeachta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun an creidiúnú a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

4.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas déanta ag an bhfíoraitheoir:

(a)

go ndearna sé sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo;

(b)

gur theip sé go leanúnach agus arís agus arís eile ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(c)

gur sháraigh sé aon téarma agus coinníoll sonrach eile arna leagan síos ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

5.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a tharraingt siar i gcás:

(a)

gur theip ar an bhfíoraitheoir na forais le cinneadh an deimhniú creidiúnaithe a chur ar fionraí a leigheas;

(b)

go bhfuarthas comhalta d’ardbhainistíocht an fhíoraitheora nó d’fhoireann an fhíoraitheora a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí fíorúcháin faoin Rialachán seo ciontach i gcalaois;

(c)

gur sholáthair an fíoraitheoir faisnéis bhréagach d’aon ghnó nó go bhfuil faisnéis folaithe aige d’aon ghnó.

6.   Beidh cinntí comhlachta náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le míreanna 1, 4 agus 5 faoi réir achomhairc i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

7.   Maidir le cinntí comhlachta náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, beidh éifeacht acu nuair a thabharfar fógra don fhíoraitheoir fúthu. Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an tionchar ar ghníomhaíochtaí a rinneadh roimh na cinntí sin a bhreithniú i bhfianaise chineál na neamhchomhlíontachta.

8.   Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fionraíocht an deimhnithe creidiúnaithe a fhoirceannadh i gcás ina bhfuil faisnéis shásúil faighte aige agus ina dtagann sé ar an gconclúid go gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo.

CAIBIDIL V

CEANGLAIS AR CHOMHLACHTAÍ CREIDIÚNAITHE NÁISIÚNTA

Airteagal 56

CEANGLAIS AR CHOMHLACHTAÍ CREIDIÚNAITHE NÁISIÚNTA

1.   I gcás nach leagtar síos, sa Rialachán seo ná i Rialachán (AE) 2015/757, forálacha sonracha maidir leis na ceanglais ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe a cheaptar de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, déanfaidh siad a bhfeidhmeanna i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 57

Foireann measúnachta

1.   Ceapfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe foireann measúnachta le haghaidh gach measúnaithe a dhéanfar faoi cheanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

2.   Beidh an fhoireann measúnachta comhdhéanta de phríomh-mheasúnóir a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, i gcás inar gá, líon oiriúnach measúnóirí nó saineolaithe teicniúla a mbeidh eolas agus taithí ábhartha acu maidir le raon feidhme sonrach an chreidiúnaithe.

3.   Áireofar ar an bhfoireann measúnachta duine amháin, ar a laghad, a mbeidh na scileanna seo a leanas aige:

(a)

eolas leormhaith ar Rialachán (AE) 2015/757, ar Threoir 2003/87/CE, ar an Rialachán seo agus ar reachtaíocht ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a);

(b)

an inniúlacht agus an tuiscint a bhfuil gá leo chun measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 go 36 agus eolas leormhaith ar shaintréithe na gcineálacha éagsúla soithí agus ar fhaireachán agus ar thuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa, ídiú breosla agus faisnéis ábhartha eile de bhun Rialachán (AE) 2015/757.

Airteagal 58

Ceanglais inniúlachta le haghaidh measúnóirí

1.   Beidh an inniúlacht ag measúnóirí na gníomhaíochtaí faoi Airteagail 50 go 55 a dhéanamh. Chuige sin, beidh an méid seo a leanas bainte amach ag an measúnóir:

(a)

comhlíonfaidh sé ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2);

(b)

beidh eolas leormhaith acu ar iniúchóireacht sonraí agus faisnéise, dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (b), a fhaightear trí oiliúint nó trí rochtain ar dhuine a bhfuil eolas agus taithí aige ar shonraí agus ar fhaisnéis den sórt sin;

(c)

beidh eolas leormhaith acu ar an reachtaíocht ábhartha chomh maith leis na treoirlínte is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a).

2.   I dteannta na gceanglas inniúlachta a leagtar amach i mír 1, léireoidh príomh-mheasúnóirí inniúlacht chun foireann measúnachta a threorú agus beidh siad freagrach as measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   I dteannta na gceanglas inniúlachta a leagtar amach i mír 1, beidh eolas agus taithí leormhaith ag athbhreithneoirí inmheánacha agus ag daoine a dhéanann cinntí maidir le creidiúnú a dheonú, a shíniú nó a athnuachan chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcreidiúnú.

Airteagal 59

Saineolaithe teicniúla

1.   Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe saineolaithe teicniúla a áireamh san fhoireann measúnachta chun eolas agus saineolas mionsonraithe a sholáthar ar ábhar sonrach is gá chun tacú leis an bpríomh-mheasúnóir nó leis an measúnóir.

2.   Beidh an inniúlacht is gá ag saineolaí teicniúil chun tacú go héifeachtach leis an bpríomh-mheasúnóir agus leis an measúnóir ar an ábhar a n-iarrtar eolas agus saineolas ar shaineolaí den sórt sin ina leith. Ina theannta sin, beidh an méid seo a leanas bainte amach ag an saineolaí teicniúil:

(a)

beidh eolas leormhaith acu ar an reachtaíocht ábhartha chomh maith leis na treoirlínte is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a);

(b)

beidh tuiscint leormhaith aige ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin.

3.   Déanfaidh saineolaithe teicniúla cúraimí sonraithe faoi stiúir agus faoi lánfhreagracht phríomh-mheasúnóir na foirne measúnachta atá i gceist.

Airteagal 60

Gearáin

I gcás ina bhfuil gearán maidir leis an bhfíoraitheoir faighte ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe ón údarás riaracháin maidir le cuideachta loingseoireachta, cuideachta, an bratstát lena mbaineann maidir le longa a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, nó páirtithe leasmhara eile, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an méid seo a leanas laistigh de thréimhse réasúnach ach tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fuarthas é:

(a)

cinneadh a dhéanamh maidir le bailíocht an ghearáin;

(b)

a áirithiú go dtabharfar deis don fhíoraitheoir lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach;

(c)

gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngearán;

(d)

an gearán agus an ghníomhaíocht a rinneadh a thaifeadadh;

(e)

freagra a thabhairt don ghearánach.

Airteagal 61

Measúnú piaraí

1.   I gcásanna ina bhfuil comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe faoi réir measúnú piaraí rialta i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, cuirfidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 critéir iomchuí maidir le measúnú piaraí agus próiseas measúnaithe piaraí neamhspleách chun feidhme d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí creidiúnaithe déanta ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe, agus é faoi réir an mheasúnaithe piaraí, i gcomhréir le hAirteagail 46 go 55;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 56 go 63 comhlíonta ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe atá faoi réir an mheasúnaithe piaraí.

Áireofar leis na critéir ceanglais inniúlachta maidir le piarmheastóirí agus foirne measúnaithe piaraí a bhaineann go sonrach le Rialachán (AE) 2015/757 agus leis an gcóras trádála lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa arna bhunú le Treoir 2003/87/CE.

2.   Foilseoidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 toradh an mheasúnaithe piaraí ar chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe sna Ballstáit, agus do na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta nó an pointe fócasach dá dtagraítear in Airteagal 64 den Rialachán seo.

3.   D’ainneoin Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i gcás ina bhfuil measúnú piaraí déanta go rathúil ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, arna eagrú ag an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe díolmhaithe ó mheasúnú piaraí nua a dhéanamh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo más féidir leis comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú.

Chuige sin, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena mbaineann iarraidh agus an doiciméadacht is gá faoi bhráid an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Déanfaidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 cinneadh maidir le cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha chun díolúine a dheonú.

Beidh feidhm ag an díolúine go ceann tréimhse nach faide ná 3 bliana ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

Airteagal 62

Aitheantas frithpháirteach fíoraitheoirí

D’ainneoin Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i gcás nach bhfuil an próiseas iomlán measúnaithe piaraí déanta ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, glacfaidh na Ballstáit le deimhnithe creidiúnaithe fíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin, ar choinníoll go bhfuil measúnú piaraí tosaithe ag an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin agus ar choinníoll nár shainaithin an comhlacht sin aon neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo arna dhéanamh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

Airteagal 63

Faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthraítear

I gcás inar bhunaigh Ballstát, le linn cigireachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), nach bhfuil fíoraitheoir ag comhlíonadh an Rialacháin seo, tabharfaidh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta nó comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de chuid an Bhallstáit sin an méid sin le fios don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige.

Déileálfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige le cur in iúl na faisnéise sin mar ghearán de réir bhrí Airteagal 60 agus glacfaidh sé beart iomchuí agus tabharfaidh sé freagra don údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta nó i leith an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 67(2), an dara fomhír de.

CAIBIDIL VI

MALARTÚ FAISNÉISE

Airteagal 64

Malartú faisnéise agus pointí fócasacha

1.   Bunóidh an Ballstát malartú éifeachtach faisnéise iomchuí agus comhar éifeachtach idir a chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe agus an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta.

2.   I gcás ina n-ainmnítear níos mó ná údarás amháin de bhun Airteagal 18 de Threoir 2003/87/CE i mBallstát, údaróidh an Ballstát sin ceann de na húdaráis sin a bheith mar phointe fócasach don mhalartú faisnéise, chun an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chomhordú, agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 64 go 71.

Airteagal 65

Clár oibre creidiúnaithe agus tuarascáil bhainistíochta

1.   Faoin 31 Nollaig gach bliain, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe clár oibre creidiúnaithe ar fáil don údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta de chuid gach Ballstáit ina mbeidh liosta na bhfíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le gach fíoraitheoir sa chlár oibre creidiúnaithe:

(a)

faisnéis faoi ghníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe don fhíoraitheoir sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faireachais agus athmheasúnaithe;

(b)

dátaí na n-iniúchtaí finné lena bhfuil coinne a bheidh le déanamh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe chun an fíoraitheoir a mheasúnú;

(c)

faisnéis ar cé acu a d’iarr nó nár iarr an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe ar an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe ó Bhallstát eile na gníomhaíochtaí faireachais de bhun Airteagal 52(5) a dhéanamh.

I gcás ina dtarlaíonn athruithe san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe clár oibre nuashonraithe faoi bhráid an údaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta faoin 31 Eanáir gach bliain.

2.   I ndiaidh an clár oibre creidiúnaithe a chur isteach i gcomhréir le mír 1, soláthróidh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta aon fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear aon reachtaíocht náisiúnta agus treoirlínte is infheidhme, don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

3.   Faoin 1 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe tuarascáil bhainistíochta ar fáil don údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta. Is é a bheidh sa tuarascáil bhainistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach fíoraitheoir a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe:

(a)

mionsonraí creidiúnaithe fíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe den chéad uair;

(b)

torthaí achoimrithe na ngníomhaíochtaí faireachais agus athmheasúnaithe a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe;

(c)

torthaí achoimrithe ar mheasúnaithe urghnácha a tharla, lena n-áirítear cúiseanna leis na measúnuithe urghnácha sin a thionscnamh;

(d)

aon ghearán a rinneadh in aghaidh an fhíoraitheora ó bhí an tuarascáil bhainistíochta dheireanach ann agus na gníomhaíochtaí a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe;

(e)

mionsonraí maidir le gníomh arna dhéanamh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe mar fhreagairt ar an bhfaisnéis a roinntear ag an údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta.

Airteagal 66

Malartú faisnéise maidir le bearta riaracháin

Má d’fhorchuir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe bearta riaracháin ar an bhfíoraitheoir de bhun Airteagal 55 nó má foirceannadh fionraíocht an chreidiúnaithe nó má freaschuireadh, le cinneadh mar thoradh ar achomharc, cinneadh an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe chun bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 55 a fhorchur, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an t-údarás riarachán i leith cuideachta loingseoireachta agus comhlacht náisiúnta creidiúnaithe gach Ballstáit ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 67

Malartú faisnéise ag an údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta

1.   Cuirfidh an t-údarás riaracháin atá freagrach an méid seo a leanas ar a laghad in iúl go bliantúil don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir a bhfuil an fíorúchán á dhéanamh aige do chuideachta faoina fhreagracht:

(a)

torthaí ábhartha ón tuarascáil astaíochtaí, ó na tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, tuarascálacha ar leibhéal na cuideachta agus na tuarascálacha fíorúcháin a sheiceáil, go háirithe ar aon ábhar maidir le sonraí a tuairiscíodh nár chomhlíon na ceanglais faoin Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928 ná faoin Rialachán seo;

(b)

torthaí ó iniúchadh an chuideachta i gcás ina bhfuil na torthaí sin ábhartha don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe maidir le creidiúnú agus faireachas an fhíoraitheora nó i gcás ina n-áirítear leis na torthaí sin aon saincheist a sainaithníodh nár chomhlíon na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928 nó faoin Rialachán seo;

(c)

torthaí ón meastóireacht ar dhoiciméadacht fíorúcháin inmheánach an fhíoraitheora sin i gcás ina ndearnadh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta meastóireacht ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach de bhun Airteagal 43(3);

(d)

gearáin a fhaigheann an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta maidir leis an bhfíoraitheoir.

2.   I gcás ina soláthraítear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 fianaise gur shainaithin an t-údarás riaracháin i leith cuideachtaí loingseoireachta saincheisteanna sna sonraí a tuairiscíodh nár chomhlíon ceanglais faoi Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928 ná faoin Rialachán seo, déileálfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe le cumarsáid na faisnéise sin mar ghearán ag an údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta maidir leis an bhfíoraitheoir sin de réir bhrí Airteagal 60.

Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe gach gníomhaíocht iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus freagra a thabhairt don údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta laistigh de thréimhse réasúnach ama, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fhaightear é. Cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta ar an eolas faoina fhreagra maidir leis an ngníomhaíocht a rinne sé agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta riaracháin a forchuireadh ar an bhfíoraitheoir.

Airteagal 68

Malartú faisnéise maidir le faireachas

1.   I gcás inar iarradh ar chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe an Bhallstáit atá freagrach as cuideachta a ndéanann an fíoraitheoir fíorúchán ina leith, de bhun Airteagal 52(5), chun gníomhaíochtaí faireachais a dhéanamh, tuairisceoidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a gcuid torthaí don chomhlacht náisiúnta a chreidiúnaigh an fíoraitheoir, ach amháin mura gcomhaontaíonn an dá chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a mhalairt.

2.   Cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir na torthaí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh nuair a dhéantar measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo.

3.   I gcás ina léirítear na torthaí dá dtagraítear i mír 1 fianaise nach bhfuil an fíoraitheoir ag comhlíonadh an Rialacháin seo, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir gníomhaíocht iomchuí de bhun an Rialacháin seo agus cuirfidh sé an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a rinne na gníomhaíochtaí faireachais ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

an ghníomhaíocht a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir;

(b)

i gcás inarb iomchuí, conas a réitigh an fíoraitheoir na torthaí;

(c)

i gcás inarb ábhartha, na bearta a forchuireadh ar an bhfíoraitheoir.

Airteagal 69

Malartú faisnéise le Ballstát ina bhfuil an fíoraitheoir bunaithe

I gcás inar dheonaigh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú d’fhíoraitheoir i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil fíoraitheoir bunaithe, soláthrófar an clár oibre creidiúnaithe agus an tuarascáil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 65 chomh maith don údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta an Bhallstáit ina bhfuil an fíoraitheoir bunaithe.

Airteagal 70

Bunachair sonraí fíoraitheoirí creidiúnaithe

1.   Bunóidh agus bainisteoidh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe bunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

(a)

ainm, uimhir creidiúnaithe agus seoladh gnó gach fíoraitheora arna chreidiúnú ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin;

(b)

an dáta a deonaíodh an creidiúnú agus a dháta éaga;

(c)

faisnéis ar na bearta riaracháin a forchuireadh ar an bhfíoraitheoir.

2.   Cuirfear aon athrú maidir le stádas na bhfíoraitheoirí in iúl don Choimisiún trí theimpléad caighdeánaithe ábhartha a úsáid.

3.   Éascóidh agus comhchuibheoidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 rochtain ar bhunachair shonraí chun cumarsáid éifeachtúil agus costéifeachtach a chumasú idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, fíoraitheoirí, cuideachtaí agus údaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta. Féadfaidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 na bunachair shonraí sin a chumasc i mbunachar sonraí aonair agus láraithe.

Airteagal 71

Fógra á thabhairt ag fíoraitheoirí

1.   Chun an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chumasú chun an clár oibre creidiúnaithe agus an tuarascáil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 65 a dhréachtú, seolfaidh fíoraitheoir faoin 15 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas chuig an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir sin:

(a)

am agus áit phleanáilte na bhfíorúchán atá le déanamh ag an bhfíoraitheoir;

(b)

seoladh gnó agus sonraí teagmhála na gcuideachtaí a bhfuil pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí nó tuarascálacha ar leibhéal na cuideachta faoi réir a fhíoraithe;

(c)

ainmneacha chomhaltaí na foirne fíorúcháin.

2.   I gcás ina dtarlaíonn athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chomhlacht creidiúnaithe maidir leis na hathruithe sin laistigh de thráthchlár a comhaontaíodh leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin.

CAIBIDIL VII

FORMHEAS AR PHLEANANNA FAIREACHÁIN AG ÚDARÁIS RIARACHÁIN

ROINN 1

Formheas ar phleananna faireacháin

Airteagal 72

Rialacha ginearálta maidir leis an bhformheas ar phleananna faireacháin ag údaráis riaracháin atá freagrach

Chun pleananna faireacháin a fhormheas de bhun Airteagal 6(8) de Rialachán (AE) 2015/757, déanfaidh gach údarás riaracháin atá freagrach na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na pleananna faireacháin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 agus Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus conclúidí an fhíoraitheora maidir le measúnú na bpleananna faireacháin á gcur san áireamh go hiomchuí.

Airteagal 73

Faisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí do na húdaráis riaracháin atá freagrach

Soláthróidh an chuideachta conclúidí an fhíoraitheora maidir le measúnú ar an bplean faireacháin don údarás riaracháin agus aon fhaisnéis bhreise a chuireann ar a chumas dó na nósanna imeachta formheasa a dhéanamh.

Airteagal 74

Próiseas formheasta

1.   Tabharfaidh an t-údarás riaracháin atá freagrach fógra don chuideachta maidir le formheas ar an bplean faireacháin gan moill mhíchuí, agus úsáid á baint as córais uathoibrithe agus formáidí malartaithe sonraí.

2.   I gcás nach bhformheasann an t-údarás riaracháin an plean faireacháin, cuirfidh sé an chuideachta ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí, agus na cúiseanna leis an neamh-fhormheas á míniú aige, chun a chur ar a cumas don chuideachta a plean faireacháin a athbhreithniú.

Athbhreithneoidh an chuideachta lena mbaineann a plean faireacháin dá réir sin. Cuirfidh an chuideachta an plean faireacháin athbhreithnithe isteach lena athmheasúnú ag an bhfíoraitheoir mar aon leis na cúiseanna maidir leis an neamh-fhormheas a rinne an t-údarás riaracháin atá freagrach. Nuair a bheidh measúnú déanta ar an bplean faireacháin athbhreithnithe ag an bhfíoraitheoir á rá go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2015/757, athchuirfidh an chuideachta é faoi bhráid an údaráis atá freagrach lena fhormheas.

ROINN 2

Formheas ar mhodhnuithe ar phleananna faireacháin

Airteagal 75

Rialacha ginearálta maidir leis an bhformheas ar phleananna faireacháin ag údaráis riaracháin atá freagrach

1.   Cuirfidh an chuideachta gan moill mhíchuí a plean faireacháin modhnaithe faoi bhráid an údaráis riaracháin atá freagrach nuair a bheidh fógra faighte aici ón bhfíoraitheoir go bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir, nó, a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar an bplean faireacháin de bhun Airteagal 7(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2015/757, nuair a bheidh fógra tugtha do na fíoraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán sin.

2.   Chun pleananna faireacháin a fhormheas de bhun Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2015/757, déanfaidh gach údarás riaracháin atá freagrach na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na pleananna faireacháin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 agus Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus conclúidí an fhíoraitheora maidir leis an measúnú ar phleananna faireacháin á gcur san áireamh.

Airteagal 76

Faisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí do na húdaráis riaracháin atá freagrach

1.   Soláthróidh an chuideachta conclúidí an mheasúnaithe maidir leis an bplean faireacháin don údarás riaracháin agus aon fhaisnéis bhreise a chuireann ar a chumas dó na nósanna imeachta formheasa a dhéanamh.

2.   Maidir le modhnuithe de bhun Airteagal 7(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2015/757, cuirfidh an chuideachta fianaise ar athrú cuideachta faoi bhráid an údaráis riaracháin atá freagrach, mar aon le scéala faoi cé acu a d’fhormheas nó nár fhormheas an t-údarás riaracháin atá freagrach an plean faireacháin roimh an athrú cuideachta, in éineacht le fianaise thacaíochta, ar eagla nach é an t-údarás riaracháin céanna atá i gceist.

Airteagal 77

Próiseas formheasta

1.   Tabharfaidh an t-údarás riaracháin atá freagrach fógra don chuideachta maidir le formheas ar an bplean faireacháin modhnaithe gan moill mhíchuí, ag bain úsáid as córais uathoibrithe agus formáidí malartaithe sonraí.

2.   I gcás nach bhformheasann an t-údarás riaracháin an plean faireacháin, cuirfidh sé an chuideachta ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí, agus na cúiseanna leis an neamh-fhormheas á míniú aige, chun a chur ar a cumas don chuideachta a plean faireacháin a athbhreithniú.

Athbhreithneoidh an chuideachta lena mbaineann a plean faireacháin dá réir sin. Cuirfidh an chuideachta an plean faireacháin athbhreithnithe isteach lena athmheasúnú ag an bhfíoraitheoir mar aon leis na cúiseanna maidir leis an neamh-fhormheas a rinne an t-údarás riaracháin atá freagrach. Nuair a bheidh measúnú déanta ar an bplean faireacháin athbhreithnithe á rá go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2015/757, athchuirfidh an chuideachta faoi bhráid an údaráis atá freagrach é lena fhormheas.

Airteagal 78

Cur chun feidhme agus coimeád taifead na modhnaithe

1.   Sula bhformheasann an t-údarás riaracháin atá freagrach an plean faireacháin modhnaithe i gcomhréir le hAirteagail 77, féadfaidh an chuideachta faireachán agus tuairisciú a dhéanamh agus an plean faireacháin modhnaithe á úsáid aici, i gcás ina mbeadh sonraí astaíochtaí neamhiomlána mar thoradh ar fhaireachán i gcomhréir leis an bplean faireacháin bunaidh.

I gcás ina mbeidh amhras ann, úsáidfidh an chuideachta an plean modhnaithe agus an plean bunaidh araon i gcomhthráth chun an faireachán agus tuairisciú uile a dhéanamh i gcomhréir leis an dá phlean, agus coimeádfaidh sí taifid den dá thoradh faireacháin.

2.   Ar fhormheas a fháil i gcomhréir le hAirteagal 77, ní úsáidfidh an chuideachta ach na sonraí a bhaineann leis an bplean faireacháin modhnaithe agus ní úsáidfidh sí ach an plean faireachán modhnaithe, agus an faireachán agus tuairisciú uile á ndéanamh aici ón dáta óna bhfuil an leagan sin den phlean faireacháin infheidhme.

3.   Coimeádfaidh an chuideachta taifid ar gach modhnú ar an bplean faireacháin. Maidir le gach modhnú, beidh an méid seo a leanas sa taifead:

(a)

tuairisc thrédhearcach ar an modhnú;

(b)

réasúnú leis an modhnú;

(c)

i gcás inarb infheidhme, conclúidí an fhíoraitheora maidir leis an measúnú ar an bplean faireacháin athbhreithnithe;

(d)

an dáta a cuireadh an plean faireacháin modhnaithe faoi bhráid an údaráis riaracháin atá freagrach;

(e)

dáta tosaigh chur chun feidhme an phlean faireacháin modhnaithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 79

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.

2.   Déanfar tagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 80

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 123, 19.5.2015, lch. 55.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2016 maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (IO L 320, 26.11.2016, lch. 5).

(3)  Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long (IO L 130, 16.5.2023, lch. 105).

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2599 an 22 Samhain 2023 ón gCoimisiún ina leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riar cuideachtaí loingseoireachta ag údaráis riaracháin i ndáil le cuideachta loingseoireachta, is féidir an doiciméad sin a chur ar fáil don fhíoraitheoir le measúnú a dhéanamh ar an bplean faireacháin (IO L, 2023/2599, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2599/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2849 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh (IO L, 2023/2849, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2849/oj).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(9)  Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le Seirbhísí na Sochaí Faisnéise, IO L 204, 21.7.1998, lch. 37).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid comhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (IO L 299, 5.11.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le lastas a iompraítear i ndáil le catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádán a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (IO L 299, 5.11.2016, lch. 22).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).

(13)  ISO 14065 2020 maidir le prionsabail agus ceanglais ghinearálta le haghaidh comhlachtaí a mbíonn faisnéis chomhshaoil á bailíochtú agus á fíorú acu.

(14)  ISO/IEC 17029:2019 maidir le Measúnú comhréireachta — Prionsabail agus ceanglais ghinearálta le haghaidh comhlachtaí bailíochtaithe agus fíoraithe, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1835 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le creidiúnú agus measúnú comhréireachta (IO L 408. 4.12.2020, lch. 6).

(15)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).


IARSCRÍBHINN I

EOLAS AGUS TAITHÍ A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN EARNÁIL MHUIRÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 39(3)

Chun críocha Airteagal 39(3), tabharfar san áireamh eolas agus taithí ar an méid seo a leanas:

(a)

tuiscint ar na rialacháin ábhartha faoi Choinbhinsiún MARPOL agus faoi Choinbhinsiún SOLAS amhail na rialacháin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i dtaca le longa (1), Cód Teicniúil NOx (2), an Rialachán maidir le hOcsaídí Sulfair (3), an Rialachán maidir le Cáilíocht na hOla Breosla (4), an Cód um Chobhsaíocht Shlán 2008 agus na treoirlínte ábhartha (amhail treoraíocht maidir le Plean Bainistíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar bord Loinge (SEEMP) (5));

(b)

sineirgí féideartha idir an faireachán agus an tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 agus na córais bainistíochta atá ann cheana a bhaineann go sonrach leis an earnáil mhuirí (lena n-áirítear Cód ISM) agus treoraíocht earnáil-sonrach ábhartha eile (amhail treoraíocht maidir le forbairt SEEMP);

(c)

foinsí astaíochtaí ar bord na loinge;

(d)

clárú muiraistear agus nósanna imeachta lena n-áirithítear iomláine agus cruinneas an liosta muiraistear agus an liosta long (arna chur isteach ag an gcuideachta);

(e)

foinsí seachtracha iontaofa (lena n-áirítear sonraí rianaithe long) a d’fhéadfadh feidhmiú chun faisnéis a chros-seiceáil in aghaidh sonraí ó longa;

(f)

modhanna ríomha ídithe breosla, arna gcur i bhfeidhm ag longa sa chleachtas;

(g)

leibhéil neamhchinnteachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 agus leis an treoraíocht ábhartha;

(h)

fachtóirí astaíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh gach breosla agus foinse astaíochtaí a úsáidtear ar bord na loinge, agus le haghaidh gach gáis ceaptha teasa a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/757;

(i)

eolas ar na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2003/87/CE, go háirithe i ndáil leis an gcaoi le hastaíochtaí ó bhithbhreoslaí, astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí nialas-rátaithe agus d’fhoinsí nach bhfuil nialas-rátaithe, agus astaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte;

(j)

tuiscint ar dheimhniú breoslaí de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(k)

láimhseáil breosla, glanadh breosla, córais tancanna;

(l)

cothabháil/rialú cáilíochta maidir le trealamh méadraithe;

(m)

doiciméad lastála umair, lena n-áirítear nótaí seachadta umair;

(n)

logleabhair oibríochtúla, achoimrí muiraistir agus achoimrí calafoirt, logleabhair deice loinge;

(o)

doiciméadacht tráchtála, amhail comhaontuithe páirtithe cairtfhostaithe, billí luchta;

(p)

ceanglais reachtúla atá ann cheana;

(q)

oibriú chórais lastála umair na loinge;

(r)

dlús breosla a chinneadh ag longa sa chleachtas;

(s)

próisis agus gníomhaíochtaí sreafa sonraí chun an lastas a iompraítear a ríomh (ó thaobh toirte nó maise de), arna gcur i bhfeidhm ar chineálacha agus gníomhaíochtaí loinge faoi Rialachán (AE) 2015/757;

(t)

coincheap an mheá-lasta ar iompar de réir mar is infheidhme maidir le cineálacha agus gníomhaíochtaí loinge faoi Rialachán (AE) 2015/757 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928;

(u)

próisis sreafa sonraí a úsáidtear chun an fad a thaistealaítear agus an t-am ar muir a ríomh maidir le muiraistir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757;

(v)

innealra agus córais theicniúla a úsáidtear ar bord na loinge chun an t-ídiú breosla, obair iompair agus faisnéis ábhartha eile a chinneadh.


(1)  Rialachán 22, Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

(2)  Cód teicniúil athbhreithnithe um Astú Ocsaídí Nítrigine ó Innill Díosail Mhuirí a Rialú, (Rún MEPC.176(58), arna leasú le rún MEPC.177(58)).

(3)  Rialachán 14, Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

(4)  Rialachán 18, Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

(5)  Rialachán 22, Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

(6)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2, pointí (4) go (13)

Airteagal 2, pointí (8) go (17)

Airteagal 2, pointí (14) go (17)

Airteagal 2, pointí (19) go (22)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal (4)1

Airteagal (4)1

Airteagal (4)2

Airteagal (4)2, pointí (a) agus (c)

Airteagal (4)3

Airteagal (4)4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6(1), (2) agus (3)

Airteagal 6(1), (2) agus (3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 6(6)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(8)

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12, pointe (a)

Airteagal 13, pointe (a)

Airteagal 12, pointe (b)

Airteagal 13, pointe (c)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 14(2), pointe (a)

Airteagal 15(2), pointe (a)

Airteagal 14(2), pointe (b)

Airteagal 15(2), pointe (b)

Airteagal 14(2, pointe (c)

Airteagal 15(2, pointe (d)

Airteagal 14(2), pointe (d)

Airteagal 15(2), pointe (e)

Airteagal 14(2), pointe (e)

Airteagal 15(2), pointe (f)

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 18(4)

Airteagal 16(4)

Airteagal 18(7)

Airteagal 16(5)

Airteagal 18(3)

Airteagal 16(6)

Airteagal 18(10)

Airteagal 17

Airteagal 19

Airteagal 18, pointí (a) go (e)

Airteagal 20, pointí (a) go (e)

Airteagal 18, pointe (f)

Airteagal 23(3)

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 20(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 20(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 20(4), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 22(5), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 20(4), pointe (d)

Airteagal 22(5), pointe (e)

Airteagal 20(4), pointe (e) go (j)

Airteagal 22(5), pointe (g) go (l)

Airteagal 20(4), pointe (k)

Airteagal 22(5), pointe (o)

Airteagal 20(4), pointe (l)

Airteagal 22(5), pointe (q)

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 37

Airteagal 23(1)

Airteagal 38(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 38(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 38(4)

Airteagal 24

Airteagal 39

Airteagal 25(1)

Airteagal 40(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 40(3)

Airteagal 26(1)

Airteagal 41(1)

Airteagal 26(2)

Airteagal 41(3)

Airteagal 27

Airteagal 42

Airteagal 28

Airteagal 43

Airteagal 29(1)

Airteagal 44(1)

Airteagal 29(2)

Airteagal 44(3)

Airteagal 30(1)

Airteagal 45(2)

Airteagal 30(2)

Airteagal 45(3)

Airteagal 30(3)

Airteagal 45(4)

Airteagal 30(4)

Airteagal 45(6)

Airteagal 30(5)

Airteagal 45(7)

Airteagal 30(6)

Airteagal 45(8)

Airteagal 31

Airteagal 47

Airteagal 32

Airteagal 48

Airteagal 33

Airteagal 46(2)

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 49

Airteagal 36

Airteagal 50

Airteagal 37

Airteagal 51

Airteagal 38

Airteagal 52

Airteagal 39(1)

Airteagal 53(1)

Airteagal 39(2)

Airteagal 53(2) agus (3)

Airteagal 40

Airteagal 54

Airteagal 41(1), (2) agus (3)

Airteagal 55(1), (2) agus (3)

Airteagal 41(4), pointe (a)

Airteagal 55(4), pointe (b)

Airteagal 41(4), pointe (b)

Airteagal 55(4), pointe (c)

Airteagal 41(5) agus (8)

Airteagal 55(5) agus (8)

Airteagal 42

Airteagal 56(2)

Airteagal 43

Airteagal 57

Airteagal 44

Airteagal 58

Airteagal 45(1)

Airteagal 59(1)

Airteagal 45(2)

Airteagal 59(3)

Airteagal 46(1), pointe (a)

Airteagal 70(1), pointe (a)

Airteagal 46(1), pointe (b)

Airteagal 46(1), pointe (c)

Airteagal 70(1), pointe (b)

Airteagal 46(1), pointe (d)

Airteagal 70(1), pointe (c)

Airteagal 46(2)

Airteagal 70(2)

Airteagal 46(3)

Airteagal 70(3)

Airteagal 47

Airteagal 80


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2917/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)