|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2909 |
22.12.2023 |
CINNEADH (ae) 2023/2909 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2023
lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó rialtas na hÍsiltíre,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 27 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/1347 (3), lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Ufuk KÂHYA a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Marina Caroline STARMANS-GELIJNS a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol Rialtas na hÍsiltíre Guido Pascal RINK, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus é freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Wethouder gemeente Emmen (Leasmhéara bhardas Emmen), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Mhol Rialtas na hÍsiltíre, ar bhonn sainordú náisiúnta éagsúil, Marina Caroline STARMANS-GELIJNS, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus í freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Burgemeester van de gemeente Etten-Leur (Méara bhardas Etten-Leur), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhalta:
agus |
|
(b) |
mar chomhalta malartach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. RIBERA RODRÍGUEZ
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(3) Cinneadh (AE) 2023/1347 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún (IO L 168, 3.7.2023, lch. 38).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2909/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)