European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2891

28.12.2023

CINNEADH UIMH. 1/2023 ÓN GCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BHUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

an 21 Nollaig 2023

i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe [2023/2891]

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 68 de agus Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis, maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe.

(2)

Cuireadh ábhair imní in iúl faoi na dúshláin a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha sin maidir le cóimeáil feithiclí leictreacha san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe.

(3)

Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh go dtí an 31 Nollaig 2026 a chur le cur i bhfeidhm na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023. Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i bhfeidhm.

(4)

Is é is aidhm do na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, go ndreasófar an infheistíocht in acmhainn mhonaraithe san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. Níor cheart na rialacha atá ag teacht isteach a chur siar a thuilleadh in aon chor. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an leasaithe atá beartaithe, deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfar athruithe breise ar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe go dtí an 1 Eanáir 2032.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68 den Chomhaontú Trádála agus Comhair:

‘Article 68

Leasú ar an gCaibidil seo agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann léi

1.   Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an Chaibidil seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú, faoi réir mhír 2.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(b)

na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 maidir le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, go dtí an 1 Eanáir 2032; agus

(c)

an tAirteagal seo, a mhéid a bhaineann sé le hIarscríbhinn 3 i gcás táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, agus le hIarscríbhinn 5, go dtí an 1 Eanáir 2032;

Mar sin féin, beidh feidhm ag mír 1 i gcás ina leasófar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 maidir le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, nó in Iarscríbhinn 5 de bharr nuashonruithe ar an gCóras Comhchuibhithe.’

Airteagal 2

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an 21 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

David CAMERON


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN 5

RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA TÁIRGESHONRACHA LE hAGHAIDH TAISC-CHEALLRAÍ LEICTREACHA AGUS FEITHICLÍ LEICTRITHE

Rialacha eatramhacha táirgeshonracha is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026

Maidir leis na táirgí a liostaítear i gcolún 1 thíos, beidh feidhm ag an riail tháirgeshonrach agus a liostaítear i gcolún 2 ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026.

Colún 1

An Córas Comhchuibhithe um Aicmiú (2017) lena n-áirítear tuairisc shonrach

Colún 2

An riail tionscnaimh tháirgeshonrach is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026

85.07

 

Taisc-cheallraí ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de mhodúil cheallra nó ceallra agus an ciorcadra chun iad a idirnascadh eatarthu féin, dá ngairtear go minic ‘pacaí ceallraí’, de chineál a úsáidtear mar phríomhfhoinse cumhachta leictrí chun feithiclí faoi cheannteidil 87.02, 87.03 agus 87.04 a thiomáint

CTSH;

Paicéid cheallra a chóimeáil ó chealla ceallra nó ó mhodúil cheallraí neamhthionscnaimh;

MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha)

Cealla ceallraí, módúil ceallraí, agus páirteanna díobh, atá ceaptha lena n-ionchorprú i gcnuasaitheoir leictreach de chineál a úsáidtear mar phríomhfhoinse cumhachta leictrí chun feithiclí faoi cheannteidil 87.02, 87.03 agus 87.04 a thiomáint

CTH;

MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha)

87.02-87.04

 

feithiclí ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh spréach-adhainte agus mótar leictreach araon mar mhótair le haghaidh tiomána, agus a d’fhéadfaí a luchtú trína gceangal le foinse sheachtrach cumhachta leictreachais (‘hibrid’);

feithiclí eile, ina bhfuil inneall loiní frithingeacha dócháin inmheánaigh spréach-adhainte agus mótar leictreach araon mar mhótair le haghaidh tiomána, agus a d’fhéadfaí a luchtú trína gceangal le foinse sheachtrach cumhachta leictreachais(‘hibrid inluchtaithe’);

feithiclí eile, ina bhfuil mótar leictreach, agus é sin amháin, le haghaidh tiomána

MaxNOM 60 % (Praghas díreach ón monarcha)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2891/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)