European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2889

22.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2889 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2023

lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Marchfeldspargel’

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leanfaidh na rialacha is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021 d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge a gheobhaidh an Coimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 roimh an 8 Meitheamh 2022.

(2)

An 25 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún iarratas ón Ostair ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Marchfeldspargel’, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún (3), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 564/2002 (4).

(3)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar iarratas na hOstaire i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, den Rialachán sin de réir mar is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021.

(4)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, de réir mar is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (5).

(5)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Marchfeldspargel’, is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(3)   IO L 163, 2.7.1996, lch. 19.

(4)   IO L 86, 3.4.2002, lch. 7.

(5)   IO C 306, 30.8.2023, lch. 5.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2889/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)