Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2882 |
19.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2882 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2023
lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (2) ón gCoimisiún maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’), rialachán lena bhforáiltear maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custam breise ar allmhairí isteach san Aontas de líon áirithe táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe, mar a leanas:
|
(2) |
An 7 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 (3) ón gCoimisiún lena bhforáiltear maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe a allmhairítear isteach san Aontas, mar a leanas:
|
(3) |
An 31 Bealtaine 2021, de bhun an Ráitis Chomhpháirtigh ón Aontas Eorpach agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a foilsíodh an 17 Bealtaine 2021, inar gcomhaontaigh an AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ‘conair a leagan amach a chuirfeadh deireadh le díospóidí EDT tar éis do na Stáit Aontaithe taraifí ar allmhairí ón Aontas faoi roinn 232 a chur i bhfeidhm’, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/866 (4) ón gCoimisiún, rialachán a chuir ar fionraí cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise ar tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 go dtí an 30 Samhain 2021. |
(4) |
An 31 Deireadh Fómhair 2021, d’fhógair an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go ndéanfaidh siad socrú a chaibidliú laistigh de dhá bhliain, socrú ar a dtugtar an Socrú Domhanda maidir le Cruach agus Alúmanam Inbhuanaithe - chun aghaidh a thabhairt ar ró-acmhainn neamh-mhargaidh agus ar dhéine astaíochtaí na dtionscal cruach agus alúmanaim. Chiallódh a leithéid de shocrú go gcuirfear deireadh le taraifí na Stát Aontaithe ar allmhairí tháirgí cruach agus alúmanaim ón Aontas. An 31 Deireadh Fómhair 2021, d’fhógair na Stáit Aontaithe freisin go mbunófaí cuótaí ráta taraife (‘TRQanna’) ar allmhairí tháirgí cruach agus alúmanaim de chuid an AE isteach sna SA go dtí an 31 Nollaig 2023. Tar éis an fhógra sin, an 26 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2083 (5) ón gCoimisiún a chuir ar fionraí cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise, dleachtanna arna bhforchur le Rialacháin (AE) 2018/886 agus (AE) Uimh. 2020/502 go dtí an 31 Nollaig 2023. |
(5) |
Ag Cruinniú Mullaigh an 20 Deireadh Fómhair 2023, cé nár thug an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an chaibidlíocht chun críche i leith an tSocraithe Dhomhanda maidir le Cruach agus Alúmanam, d’aithin siad go raibh dul chun cinn mór déanta acu chun foinsí ró-acmhainn neamh-mhargaidh a shainaithint agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na huirlisí a thabharfadh ar dhéine astaíochtaí na dtionscal cruach agus alúmanaim. |
(6) |
Tar éis gur tugadh Cruinniú Mullaigh AE-SA an 20 Deireadh Fómhair 2023 i gcrích, chuir na Stáit Aontaithe an Coimisiún ar an eolas faoin rún a bhí acu fad a chur leis na TRQanna atá ann cheana ar allmhairí tháirgí cruach agus alúmanaim de chuid an AE a allmhairítear isteach sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse breise. |
(7) |
Féadfaidh an Coimisiún Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (6) agus (AE) 2020/502 (7), a leasú thar ceann an Aontais, más iomchuí sin dar leis, de bharr aon mhodhnú nó leasú ar bhearta coimirce na Stát Aontaithe. |
(8) |
Dá réir sin, ba cheart don Aontas cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise a chur ar fionraí, ar dleachtanna iad arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502, ar feadh tréimhse go dtí an 31 Márta 2025. |
(9) |
Meastar go bhfuil gá leis an bhfionraíocht sin i bhfianaise an fhaid a chuir na Stáit Aontaithe leis na TRQanna agus chun go gcuirfidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe a gcomhar leanúnach chun cinn, lena n-áirítear d’fhonn deireadh a chur lena gcuid taraifí. |
(10) |
Ba cheart don Choimisiún an fhionraíocht a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí, mar shampla forbairtí a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar staid allmhairí an Aontais atá fós faoi réir bhearta coimirce na Stát Aontaithe, lena n-áirítear na TRQanna. |
(11) |
Tá an fhionraíocht sin gan dochar do sheasamh an Aontais go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe ar neamhréir le Comhaontú EDT i gcónaí. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise ar ráta 10 %, 25 %, 35 % agus 50 % ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886, cuirfear ar fionraí é ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Márta 2025.
Airteagal 2
Cur i bhfeidhm na ndleachtanna ad valorem breise ar ráta 20 %, 7 %, agus 4,4 % ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Airteagal 1(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502, cuirfear ar fionraí é ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Márta 2025.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 50; arna leasú le Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 (IO L 158, 21.6.2018, lch. 5).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2020 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 109, 7.4.2020, lch. 10).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/866 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (IO L 190, 31.5.2021, lch. 94).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2083 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 (IO L 426, 29.11.2021, lch. 41).
(6) Aithris 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886.
(7) Aithris 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502.
(8) Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (códú) (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2882/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)