European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2867

18.12.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2867 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Deireadh Fómhair 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na prionsabail agus na critéir threoracha a leagan amach lena sainítear na nósanna imeachta chun luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma inseirbhíse (fíorú inseirbhíse) a fhíorú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochta CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 13(4), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/631 déantar foráil maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla gluaisteán paisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála inseirbhíse a fhíorú (‘fíorú inseirbhíse’).

(2)

Ba cheart gach monaróir feithiclí a bheith faoi réir fíorú inseirbhíse, ach amháin i gcás na monaróirí a chuireann líon teoranta feithiclí ar an margadh, chun ualach iomarcach tástála a sheachaint, agus an tráth céanna gan difear suntasach a dhéanamh d’fheidhmíocht fhoriomlán astaíochtaí CO2.

(3)

Ba cheart na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a thaifeadfar sna deimhnithe comhréireachta a fhíorú tríd na nósanna imeachta tástála um ualach friotaíochta bóthair agus raon rollaigh a úsáid mar a leagtar amach i Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (2), ach chun láithreacht straitéisí lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha cineálcheadaithe a fhíorú, ba cheart tástálacha tiomnaithe breise a dhéanamh freisin.

(4)

Ionas gur lú seans go mbeidh coinbhleacht leasa ann, ba cheart do sheirbhís theicniúil nach raibh baint aici le tástálacha cineálcheadaithe na bhfeithiclí lena mbaineann na tástálacha fíoraithe inseirbhíse a dhéanamh. Ba cheart tástálacha raoin rollaigh a dhéanamh ag saoráid na seirbhíse teicniúla agus ní trí thástáil finné ag saoráid monaróra.

(5)

Chun ligean don údarás cineálcheadaithe deonaithe teacht ar chonclúid maidir leis na feithiclí gaolmhara uile lena mbaineann, ar bhonn thorthaí na dtástálacha maidir leis na feithiclí sampláilte, ba cheart modh meastóireachta staidrimh atá iomchuí a bhunú.

(6)

Ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go bhfuil na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh sna deimhnithe comhréireachta ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí inseirbhíse, ar luachanna iad a bheidh le fíorú ag an údarás cineálcheadaithe deonaithe. Chun na gníomhaíochtaí fíoraithe inseirbhíse sin a chistiú go leormhaith, ba cheart don údarás cineálcheadaithe deonaithe táillí comhréireacha a ghearradh ar na monaróirí.

(7)

Chun an t-ualach tástála agus na costais a laghdú, ba cheart na feithiclí nó na tástálacha céanna a úsáid, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, d’fhíorú inseirbhíse na n-astaíochtaí CO2 agus do sheiceálacha comhréireachta inseirbhíse maidir le hastaíochtaí truailleán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach leis an Rialachán seo na prionsabail agus na critéir threoracha lena sainítear na nósanna imeachta chun a fhíorú go bhfuil na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, arna dtaifeadadh sna deimhnithe comhréireachta, ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí inseirbhíse. Leagtar amach leis freisin na nósanna imeachta chun a fhíorú cé acu is ann nó nach ann d’aon straitéis infheithicle nó aon straitéis a bhaineann leis na feithiclí lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha arna ndéanamh chun críoch an chineálcheadaithe a fhíorú (‘fíorú inseirbhíse’).

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

feithiclí atá díolmhaithe ó thomhas na n-astaíochtaí CO2;

(b)

monaróirí atá, in éineacht leis na gnóthais uile atá nasctha leo, freagrach as níos lú ná 1 000 gluaisteán paisinéirí nua nó níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire dhá bhliain roimh an mbliain féilire ina roghnaítear na haicmí fíoruithe inseirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 3(1).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (3) agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/631.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘údarás cineálcheadaithe deonaithe’ an t-údarás cineálcheadaithe a dheonaigh an cineálcheadú astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nó i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(2)

ciallaíonn ‘aicme fíoraithe inseirbhíse’ feithiclí uile M1 nó N1, dár dheonaigh údarás cineálcheadaithe an cineálcheadú astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 nó, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ar bhonn na tástála Cineál 1 céanna faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 maidir le ‘huasphointe feithicle’ nó ‘íosphointe feithicle’;

(3)

ciallaíonn ‘aicme ualaigh friotaíochta bóthair’ aicme ualaigh friotaíochta bóthair nó aicme maitríse ualaigh friotaíochta bóthair mar a shainmhínítear i míreanna 6.3.3. agus 6.3.4. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe; i gcás na bhfeithiclí N1 arna gcinéalcheadú de réir Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, is iad feithiclí uile na haicme fíoraithe inseirbhíse lena mbaineann atá in aicme ualaigh friotaíochta bóthair;

(4)

ciallaíonn ‘straitéisí saorga’ straitéisí ar bord nó a bhaineann leis na feithiclí sampláilte lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha arna ndéanamh chun críoch an chineálcheadaithe.

Airteagal 3

Roghnú na n-aicmí fíoraithe inseirbhíse

Gach bliain, roghnóidh gach údarás cineálcheadaithe deonaithe sampla d’aicmí fíoraithe inseirbhíse ar eisigh sé cineálcheaduithe astaíochtaí ina leith. Áireofar leis an roghnú aon aicme fíoraithe inseirbhíse amháin ar a laghad in aghaidh an mhonaróra ar eisigh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe cineálcheaduithe astaíochtaí ina leith sna trí bliana féilire roimh an bhfíorú inseirbhíse.

Airteagal 4

Tástálacha fíoraithe inseirbhíse

1.   Roghnóidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe, le haghaidh gach aicme fíoraithe inseirbhíse a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3 agus chun críoch na dtástálacha dá dtagraítear i mír 2, feithiclí inseirbhíse a bhfuil an chuma orthu gur coinníodh agus gur úsáideadh mar is ceart iad, agus a bhfuil saintréithe acu a taifeadadh sa deimhniú comhréireachta.

2.   Fíoróidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go bhfuil na luachanna sonracha i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh i ndeimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí a roghnaíodh i gcomhréir le mír 1 ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí inseirbhíse, agus fíoróidh sé freisin láithreacht straitéisí saorga, trí bhíthin aon cheann de na tástálacha seo a leanas:

(a)

le haghaidh líon feithiclí a chinnfear ar bhonn modh meastóireachta staidrimh: tástálacha raoin rollaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn B6 agus Iarscríbhinn B8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe;

(b)

le haghaidh líon feithiclí a chinnfear ar bhonn modh meastóireachta staidrimh agus atá ina gcuid d’aon aicme ualaigh friotaíochta bóthair amháin: tástálacha ualaigh friotaíochta bóthair i gcomhréir le hIarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe;

(c)

le haghaidh líon leordhóthanach feithiclí: tástálacha tiomnaithe ina n-úsáidtear modhanna tástála fíorúla nó fisiciúla.

3.   Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe cúraimí na dtástálacha dá dtagraítear i mír 2 ar sheirbhís theicniúil nach ndearna tástáil Chineál 1 le haghaidh na haicme fíoraithe inseirbhíse lena mbaineann, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 chun críche cineálcheadaithe astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 nó, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

4.   Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe meastóireacht ar thorthaí thástálacha na bhfeithiclí aonair tástála agus suífidh sé an bhfuil luachanna astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí inseirbhíse níos airde ná na hastaíochtaí sonracha CO2 agus luachanna i ndáil le hídiú breosla arna dtaifeadadh sna deimhnithe comhréireachta, agus meastóireacht staidrimh na dtástálacha dá dtagraítear i mír 2(a) agus (b) á cur san áireamh, agus suífidh sé freisin cé acu is ann nó nach ann do straitéisí saorga.

5.   Arna iarraidh sin, soláthróidh gach monaróir an fhaisnéis, an doiciméadacht agus na sonraíochtaí teicniúla nó an tacaíocht theicniúil uile atá ag teastáil don údarás cineálcheadaithe deonaithe agus d’aon eintiteas a dhéanann na tástálacha fíoraithe inseirbhíse chun an fíorú inseirbhíse a dhéanamh go leormhaith.

Airteagal 5

Doiciméadacht, dualgas maidir le cur ar an eolas agus conclúid an údaráis cineálcheadaithe deonaithe

1.   Áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go ndoiciméadaítear na tástálacha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4, agus go gcuirtear tuairiscí na dtástálacha ar fáil don Choimisiún, do mhonaróir na bhfeithiclí lena mbaineann agus, arna iarraidh sin, d’údaráis chineálcheadaithe eile, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus do thríú páirtithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún (6).

2.   Tiocfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe ar chonclúid, laistigh de 10 mí tar éis tástáil a thosú, maidir le cé acu a shainaithin nó nár shainaithin an fíorú inseirbhíse easpa comhfhreagrais idir luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí inseirbhíse agus na luachanna arna dtaifeadadh sna deimhnithe comhréireachta, nó láithreacht straitéisí saorga.

3.   Beidh feidhm ag conclúid an údaráis cineálcheadaithe, i gcomhréir le mír 2, maidir le feithiclí uile na haicme fíoraithe inseirbhíse lena mbaineann, nó, i gcás ina mbunaítear ar thorthaí thástálacha ualaigh friotaíochta bóthair é, beidh feidhm ag an gconclúid maidir le feithiclí uile na haicme ualaigh friotaíochta bóthair lena mbaineann atá i ndiaidh teacht i seirbhís san Aontas den chéad uair.

Airteagal 6

Ná fíoruithe inseirbhíse a chistiú

Áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na costais a bhaineann le fíorú inseirbhíse a chumhdach. Na costais sin, gnóthófar iad le táillí ar féidir leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe iad a thobhach ar an monaróir. Cumhdófar leis na táillí na céimeanna den fhíorú inseirbhíse atá ag teastáil chun gur féidir leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe teacht ar chonclúid dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.

(2)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim maidir le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus ídiú breosla agus/nó tomhas an ídithe fuinnimh leictrigh agus an raoin leictrigh (WLTP), (IO L 290, 10.11.2022, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus cothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún, (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus cothabháil feithiclí, (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus i dtaca le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus cothabháil feithiclí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/1269/CEE, 2005/55/CE agus 2005/78/CE, (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fheidhmiúla maidir le faireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla faoi leith, (IO L 27, 8.2.2022, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2867/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)