|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2859 |
20.12.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2859 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2023
lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé tábhachtach go mbíonn rochtain éasca agus struchtúrtha ann ar shonraí chun gur féidir le cinnteoirí, infheisteoirí gairmiúla agus miondíola, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí sóisialta agus comhshaoil, chomh maith le geallsealbhóirí eile sa gheilleagar agus sa tsochaí, cinntí infheistíochta a dhéanamh atá fónta, feasach agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de agus ón taobh sóisialta de agus a fhreastalaíonn ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Ar an gcaoi sin, tá soláthar foinsí iontaofa agus córasaithe faisnéise an-ábhartha freisin do thaighdeoirí agus do chleachtóirí sa saol acadúil, a bhíonn i mbun taighde eimpíreach nó teoiriciúil ar mhargaí airgeadais. Tá gá freisin le rochtain níos éasca ar fhaisnéis phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear ar fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn deonach, chun deiseanna a mhéadú a mhéid a bhaineann le fás agus infheictheacht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus a mhéid a bhaineann le nuálaíocht ag FBManna. Dá rollfaí amach spásanna coiteanna Aontais sonraí in earnálacha ríthábhachtacha, lena n-áirítear an earnáil airgeadais, d’fhreastalófaí ar an gcuspóir go soláthrófaí rochtain éasca ar fhoinsí iontaofa agus córasaithe faisnéise sna hearnálacha sin. |
|
(2) |
I dteachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses - new action plan [Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil - plean gníomhaíochta nua] (‘Plean Gníomhaíochta CMU’), mhol an Coimisiún feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais de chuid eintiteas trí phointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a chruthú. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A digital finance strategy for the EU [Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach] (‘an Straitéis Airgeadais Dhigitigh’), leagadh amach i dtéarmaí ginearálta conas a d’fhéadfadh an tAontas claochlú digiteach an airgeadais a chur chun cinn sna blianta amach romhainn, go háirithe conas is féidir maoiniú sonraíbhunaithe a chur chun cinn. Ina dhiaidh sin, i dteachtaireacht uaidh an 6 Iúil 2021 dar teideal Strategy for Financing the Transition to a Sustainable Economy [Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú], chuir an Coimisiún airgeadas inbhuanaithe i gcroílár an chórais airgeadais mar mhodh ríthábhachtach chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019. |
|
(3) |
Chun go n-éireoidh le haistriú glas gheilleagar an Aontais trí bhíthin airgeadas inbhuanaithe, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag infheisteoirí ar fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht na ngnólachtaí ionas go mbeidh siad níos eolaí agus cinntí á ndéanamh acu faoi infheistíochtaí. Chun na gcríoch sin, ní mór feabhas a chur ar an rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais eintiteas amhail cuideachtaí, gnólachtaí agus institiúidí airgeadais. Is modh éifeachtúil é chun é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ardán láraithe, ESAP, a bhunú, lena dtugtar rochtain phoiblí leictreonach ar an bhfaisnéis ábhartha uile. |
|
(4) |
Le ESAP, ba cheart a sholáthar don phobal rochtain láraithe éasca ar fhaisnéis faoi eintitis agus a dtáirgí, faisnéis a chuirtear ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil, don inbhuanaitheacht agus don éagsúlacht, ach níor cheart margú faisnéise a áireamh ann. Tá gá le rochtain den sórt sin chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar tháirgí airgeadais infheistithe agus éagsúlaithe a thagann faoin scáthbhrat comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus chun caipiteal a dhíriú i dtreo na dtáirgí sin. Tá sé beartaithe go mbeidh ESAP ina ardán réamhbhreathnaitheach lenar cheart go bhféadfaí faisnéis phoiblí atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil, don inbhuanaitheacht agus don éagsúlacht a eascraíonn as gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo a áireamh, amhail Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937. |
|
(5) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh leas ag infheisteoirí, rannpháirtithe sa mhargadh, comhairleoirí, an saol acadúil agus an pobal i gcoitinne i bhfaisnéis a fháil atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil, don inbhuanaitheacht agus don éagsúlacht, seachas an fhaisnéis a cheanglaítear a chur ar fáil don phobal faoi dhlí an Aontais, i gcás ina ndéanann an t-eintiteas an fhaisnéis sin inrochtana don phobal. D’fhéadfadh sé gur mhian le FBManna go háirithe níos mó den fhaisnéis atá acu a dhéanamh inrochtana don phobal chun go mbeidís níos infheicthe d’infheisteoirí ionchasacha agus, dá bhrí sin, deiseanna cistiúcháin a mhéadú agus a éagsúlú. D’fhéadfadh sé gur mhian le rannpháirtithe sa mhargadh freisin níos mó faisnéise a sholáthar ná mar a cheanglaítear le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, le ESAP, ba cheart a sholáthar freisin rochtain ar fhaisnéis atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil, don inbhuanaitheacht agus don éagsúlacht a chuireann aon eintiteas a rialaítear le dlí Ballstáit ar fáil don phobal ar bhonn deonach, i gcás ina roghnaíonn eintiteas den sórt sin an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana ar ESAP. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a thíolacadh ar bhonn deonach a luaithe a áiritheofar fóntacht oibríochtúil agus éifeachtúlacht ESAP, rud a dhéanfaí, i gcás ar bith, tar éis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtacht ESAP a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart faisnéis a thíolactar ar bhonn deonach a shainaithint go soiléir mar fhaisnéis den sórt sin. |
|
(6) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag faisnéis a thíolactar ar bhonn deonach a bheith aonfhoirmeach ó thaobh formáide agus inchomparáide ó thaobh substainte, luacha, fóntais agus iontaofachta leis an bhfaisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach. Chun inchomparáideacht mhéadaithe agus inúsáidteacht mhéadaithe na faisnéise a dhéantar inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach a áirithiú, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (ar a dtugtar le chéile ‘Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’), tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear na meiteashonraí atá le bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis sin agus, i gcás inarb infheidhme, na formáidí nó na teimpléid atá le húsáid chun faisnéis den sórt sin a tharraingt suas. Ba cheart don Chomhchoiste aon chaighdeáin atá ann cheana i ngníomhartha reachtacha earnála comhfhreagracha an Aontais agus go háirithe aon chaighdeáin atá saindeartha do FBManna a chur san áireamh freisin. |
|
(7) |
Níor cheart do ESAP aon cheanglais nua maidir le nochtadh a chruthú i dtéarmaí ábhair, ach ina ionad sin ba cheart dó cur leis na ceanglais atá ann cheana agus a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach tuairisciú dúbailte a sheachaint chun cosc a chur ar aon ualach breise riaracháin agus airgeadais a fhorchur ar eintitis, go háirithe FBManna. |
|
(8) |
Ba cheart a bheith in ann faisnéis stairiúil a áireamh freisin ar ESAP chun infhaighteacht agus inchomparáideacht na faisnéise a mhéadú. Ba cheart a chumhdach le faisnéis stairiúil faisnéis a cuireadh ar fáil don phobal tráth nach luaithe ná 5 bliana sular ceanglaíodh í a chur faoi bhráid ESAP. Chun tacair chomhsheasmhacha iomlána d’fhaisnéis stairiúil a áirithiú, ba cheart go leanfadh an cumas faisnéis stairiúil a dhéanamh inrochtana ar ESAP de bheith ina shaincheart ag na comhlachtaí bailiúcháin ar comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad. |
|
(9) |
Ba cheart ESAP a bhunú le tréimhse ama uaillmhianach, agus céimeanna idirmheánacha á nglacadh chun a fhóntacht oibríochtúil agus a éifeachtúlacht a áirithiú. Go háirithe, ba cheart am leordhóthanach a leithdháileadh chun ESAP a chur chun feidhme go teicniúil agus chun faisnéis a bhailiú atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit. Ba cheart céim thosaigh 12 mhí a bheith ag forbairt ESAP, chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus do ESMA chun bonneagar TF a bhunú agus chun é a thástáil ar bhonn líon teoranta sreafaí faisnéise a bhailiú. Ina dhiaidh sin, ba cheart, le himeacht ama, líon breise sreafaí faisnéise agus feidhmiúlachtaí a ionchorprú de réir a chéile i bhforbairt ESAP, ar luas lenar féidir ESAP a fhorbairt ar bhealach fónta éifeachtúil. Ba cheart measúnú rialta a dhéanamh ar fheidhmiú ESAP le linn a chur chun feidhme agus a oibríochta chun go bhféadfaí aon choigeartuithe a dhéanamh chun freastal ar riachtanais a chuid úsáideoirí agus chun a éifeachtúlacht theicniúil a áirithiú. |
|
(10) |
Maidir leis an bhfaisnéis atá le déanamh inrochtana don phobal ar ESAP, ba cheart í a bheith bailithe ag comhlachtaí bailiúcháin a ainmnítear chun an fhaisnéis a bhailiú a bhfuil na heintitis faoi cheangal í a chur ar fáil don phobal, nó ba cheart í a bheith bailithe ag comhlachtaí bailiúcháin a ainmnítear chun faisnéis a bhailiú a thíolacann eintitis ar bhonn deonach. Chun feidhmiú iomlán agus costéifeachtúil ESAP a áirithiú, ba cheart do chomhlachtaí bailiúcháin an fhaisnéis a chur ar fáil do ESAP ar bhealach uathoibrithe trí chomhéadan feidhmchláir aonair (API). Ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin leas a bhaint, a mhéid is féidir, as na nósanna imeachta agus as an mbonneagar atá ann cheana maidir le bailiú faisnéise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun faisnéis a tharchur chuig ESAP gan moill mhíchuí. Níor cheart aon oibleagáid a bheith ann an fhaisnéis a dhéanamh inrochtana ar ESAP sula gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal de bhun ghníomhartha reachtacha earnála an Aontais is infheidhme. Chun faisnéis a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin an fhaisnéis arna tíolacadh ag na heintitis nó arna giniúint ag na comhlachtaí bailiúcháin féin a stóráil, mura bhforáiltear cheana féin faoi dhlí an Aontais do shásraí stórála iomchuí eile. Níor cheart ceangal a chur ar na comhlachtaí bailiúcháin sásraí stórála nua a bhunú i gcás inar féidir brath ar shásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis a stóráil. Ba cheart do na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad a ainmniú chun faisnéis a thíolacann eintitis ar bhonn deonach a bhailiú, agus d’fhéadfadh sé gurb ionann na comhlachtaí bailiúcháin sin agus na comhlachtaí a bhailíonn faisnéis a thíolacann eintitis ar bhonn éigeantach. |
|
(11) |
Chun feidhmiú costéifeachtúil a bhaint amach, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin a bheith in ann a gcúraimí a tharmligean chuig tríú páirtí. Ba cheart tarmligean den sórt sin a bheith faoi réir coimircí iomchuí agus níor cheart é a fheidhmiú a mhéid nach ndéantar ach ‘eintiteas bosca poist’ den chomhlacht bailiúcháin. Níor cheart é a bheith indéanta an cúram a tharmligean maidir le cinneadh lánroghnach a dhéanamh diúltú d’fhaisnéis atá go follasach míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó í a bhaint. Mar sin féin, ní chuireann sé sin cosc ar tharmligí diúltú d’fhaisnéis den sórt sin nó faisnéis den sórt sin a bhaint i gcomhréir le cinneadh lánroghnach den sórt sin arna dhéanamh ag an gcomhlacht bailiúcháin. |
|
(12) |
Chun gur féidir an fhaisnéis atá inrochtana don phobal ar ESAP a úsáid go digiteach, ba cheart d’eintitis an fhaisnéis sin a chur ar fáil i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint nó, i gcás ina gceanglaítear a leithéid le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite. I bhformáidí ónar féidir sonraí a asbhaint, ní gá go mbeadh an fhaisnéis leagtha amach ar bhealach a fhágann go bhfuil sí meaisín-inléite, cé gurb é atá i gceist le formáidí meaisín-inléite formáidí comhaid atá leagtha amach ar bhealach gur féidir le feidhmchláir bogearraí sonraí sonracha a shainaithint, a aithint agus a asbhaint astu gan dua, lena n-áirítear ráitis aonair fíoras, agus struchtúr inmheánach na sonraí sin. Ba cheart an dá fhormáid a bheith ar oscailt chun gur féidir an úsáid is leithne is féidir a bhaint astu. Ba cheart a thuiscint go bhfuil formáidí oscailte neamhspleách ar ardáin agus go gcuirtear ar fáil don phobal iad gan aon srian a chuirfeadh bac ar athúsáid na faisnéise atá iontu. Ba cheart do ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a tharraingt suas lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin, agus lena sonraítear saintréithe na bhformáidí meaisín-inléite agus na bhformáidí ónar féidir sonraí a asbhaint agus lena gcuirtear san áireamh aon treochtaí nó caighdeáin teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn. Chun a áirithiú go dtíolacann na heintitis an fhaisnéis san fhormáid cheart agus chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ag eintitis, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin bailíochtú uathoibrithe a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cúnamh a thabhairt do na heintitis a thíolacann faisnéis, i gcás inar gá. |
|
(13) |
Eintitis a chuireann faisnéis agus meiteashonraí faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin, ba cheart dóibh leanúint de bheith freagrach as cruinneas agus iomláine na faisnéise sa teanga ina dtíolactar í agus as iontaofacht na faisnéise agus na meiteashonraí sin. De bhun phrionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí, ba cheart d’eintitis a áirithiú nach mbeidh aon sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis atá á tíolacadh, seachas i gcás inar cuid riachtanach iad na sonraí sin den fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha na n-eintiteas, lena n-áirítear i gcás inarb ionann ainm an eintitis agus ainm an úinéara. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis a thíolactar, ba cheart do na heintitis a áirithiú gur féidir leo, i leith nochtadh na sonraí pearsanta sin, a bheith ag brath ar cheann de na forais dhleathacha le haghaidh próiseála a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(14) |
Is é is cuspóir do ESMA leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú le cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnólachtaí. Sa chomhthéacs sin, rannchuidíonn ESMA go háirithe le sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú. Tá sé de chúram air, i measc cúraimí eile, feabhas a chur ar chosaint infheisteoirí. Dá réir sin, ba cheart an cúram maidir le ESAP a bhunú agus a oibriú a thabhairt do ESMA. |
|
(15) |
Chun é a chur ar a gcumas d’eintitis agus don phobal na comhlachtaí bailiúcháin a sholáthraíonn faisnéis do ESAP a shainaithint, ba cheart do ESMA liosta na gcomhlachtaí bailiúcháin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus an liosta sin a choinneáil cothrom le dáta. Más gá athruithe a dhéanamh ar an liosta, ba cheart na hathruithe sin a dhéanamh laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir. |
|
(16) |
D’fhéadfadh ESAP a bheith faoi réir sáruithe rúndachta, rioscaí sláine agus rioscaí a bhaineann lena infhaighteacht féin agus le hinfhaighteacht na faisnéise a phróiseáiltear ann. Áirítear ar na rioscaí sin tionóiscí, earráidí, ionsaithe d’aon ghnó agus imeachtaí nádúrtha, agus ní mór iad a aithint mar rioscaí oibriúcháin. Ba cheart do ESMA agus do na comhlachtaí bailiúcháin beartais iomchuí agus chomhréireacha, lena n-áirítear athbhreithnithe rialta, a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcosnaíonn ESAP an fhaisnéis arna próiseáil agus go bhfeidhmíonn sé ar an gcaighdeán is iomchuí is airde. |
|
(17) |
Chun cuardach, aimsiú, aisghabháil agus úsáid sonraí a éascú, ba cheart do ESMA a áirithiú go gcuirfí ar fáil le ESAP tacar feidhmiúlachtaí, lena n-áirítear feidhm chuardaigh, seirbhís meaisínaistriúcháin agus an fhéidearthacht chun faisnéis a asbhaint, mar aon le gnéithe ríomh-inrochtaineachta atá saindeartha do dhaoine faoi lagamharc agus daoine faoi mhíchumas a bhfuil riachtanais rochtana acu. Ba cheart an fheidhm chuardaigh a sholáthar i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus ba cheart di cur, ar a laghad, leis na meiteashonraí a sholáthraítear de bhun ghníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an comhéadan úsáideora agus an fheidhm chuardaigh in ESAP a dhearadh ar bhealach atá chomh furasta le húsáid agus is féidir, le leibhéal ard inchomparáideachta sonraí, agus a fhreastalaíonn ar raon leathan úsáideoirí ionchasacha, amhail infheisteoirí gairmiúla agus miondíola, institiúidí acadúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
|
(18) |
Tríd an bhfaisnéis atá inrochtana don phobal ar ESAP a úsáid agus a athúsáid, is féidir feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus forbairt seirbhísí nua a chomhcheanglaíonn agus a úsáideann faisnéis den sórt sin a chur chun cinn. Is gá, dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais cuspóra ar mhaithe le leas an phobail, úsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP a cheadú chun críoch eile seachas na críocha sin ar tarraingíodh suas an fhaisnéis lena n-aghaidh. Mar sin féin, ba cheart úsáid agus athúsáid faisnéise den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Sa bhreis air sin, ba cheart feidhm, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag coinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh sin a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte de réir bhrí Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), sa chaoi gur féidir le haon duine sonraí agus ábhar a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian chun aon chríche. Níor cheart d’eintitis a chuireann a bhfaisnéis faoi bhráid comhlacht bailiúcháin chun é a dhéanamh inrochtana ar ESAP teorainn a chur le húsáid agus athúsáid na faisnéise sin chun críoch rialála agus neamhthráchtála ar bhonn ceart sui generis, gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara eile. Níor cheart aon dliteanas a bheith ar ESMA ná ar na comhlachtaí bailiúcháin maidir le rochtain, úsáid nó athúsáid faisnéise atá inrochtana ar ESAP, gan dochar do phrionsabail an dliteanais neamhchonarthaigh a leagtar síos in Airteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(19) |
Ba cheart an fhaisnéis atá ar fáil do ESAP a dhéanamh inrochtana don phobal go tráthúil. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis a sholáthraíonn na comhlachtaí bailiúcháin do ESAP a dhéanamh inrochtana gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir. Chun cáilíocht aonfhoirmeach na faisnéise a áirithiú, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin bailíochtú uathoibrithe a dhéanamh agus diúltú d’fhaisnéis arna tíolacadh i gcás nach gcomhlíonann sí na ceanglais is gá. Níor cheart baint a bheith ag an mbailíochtú uathoibrithe le hábhar na faisnéise. Chomh maith leis an mbailíochtú uathoibrithe, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin diúltú d’fhaisnéis nó í a bhaint má chinneann siad, mar shampla tar éis faisnéis a fháil ó gheallsealbhóir, go dtagann sí lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, nó go n-áirítear inti ábhar atá go follasach míchuí nó maslach. Ní cheanglaítear ar na comhlachtaí bailiúcháin a sheiceáil de láimh ná go huathoibríoch an dtagann faisnéis lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó an bhfuil sí go follasach míchuí nó maslach. Ba cheart do na heintitis leanúint de bheith freagrach as an ábhar. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na dualgais eile a d’fhéadfadh a bheith ag na comhlachtaí bailiúcháin faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta. |
|
(20) |
Le ESAP, ba cheart rochtain saor in aisce agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis a sholáthar d’úsáideoirí agus ba cheart a chur ar chumas na n-úsáideoirí faisnéis a chuardach in ESAP, rochtain a fháil uirthi ar ESAP agus í a íoslódáil ó ESAP. Mar sin féin, chun ESMA a chosaint ar ualach iomarcach airgeadais i ndáil le costais arna dtabhú de thoradh freastal ar riachtanais aon dianúsáideoirí, ba cheart cead a thabhairt do ESMA ioncam a ghiniúint. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an bprionsabal ginearálta gur cheart faisnéis a bheith inrochtana saor in aisce, ba cheart a cheadú do ESMA táillí a ghearradh as seirbhísí sonracha, lena n-áirítear as seirbhísí a bhfuil costais arda chothabhála nó tacaíochta i gceist leo de bharr na gcuardach ar mhéideanna móra faisnéise nó íoslódáil méideanna móra faisnéise nó de bharr rochtain ar ardmhinicíocht ar fhaisnéis a dhéantar inrochtana ar ESAP, go háirithe más chun críoch tráchtála a úsáidtear faisnéis den sórt sin. Níor cheart, áfach, d’aon chostais a fhorchuirtear dul thar na costais arna dtabhú ag ESMA as na seirbhísí sonracha sin a sholáthar. Ba cheart aon táillí a bhailítear a leithdháileadh ar fheidhmiú foriomlán ESAP. Níor cheart roinnt úsáideoirí, lena n-áirítear an saol acadúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith faoi réir aon táillí. Ba cheart ríomh na dtáillí a bheith trédhearcach agus bunaithe ar phrionsabail shoiléire. |
|
(21) |
Chun nuálaíocht shonraíbhunaithe san earnáil airgeadas a chur chun cinn, chun cuidiú le margaí caipitil a chomhtháthú san Aontas, chun infheistíochtaí a threorú chuig gníomhaíochtaí inbhuanaithe agus chun éifeachtúlachtaí a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, ba cheart do ESAP feabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis phoiblí ina bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh. Mar sin féin, níor cheart do ESAP feabhas a chur ach amháin ar an rochtain ar na sonraí pearsanta sin atá i bhfaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal de bhun oibleagáid dhlíthiúil nó, i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil don phobal go deonach, ar na sonraí pearsanta sin a phróiseáiltear ar fhorais dhleathacha de bhun Rialachán (AE) 2016/679. I gcás aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs faisnéis a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ba cheart do ESMA, ina cháil mar rialaitheoir sonraí ESAP, agus do na comhlachtaí bailiúcháin a áirithiú go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart d’eintitis a thíolacann faisnéis a bheith freagrach as a shainaithint an ann d’aon sonraí pearsanta san fhaisnéis arna tíolacadh agus as sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil ar bhonn ceann de na forais dhleathacha le haghaidh próiseála de bhun Rialachán (AE) 2016/679. Níor cheart do na comhlachtaí bailiúcháin ná do ESAP faisnéis lena ngabhann meiteashonraí lena sonraítear go bhfuil sonraí pearsanta inti a choinneáil go ceann tréimhse níos faide ná mar is gá agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(22) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 19 Eanáir 2022. |
|
(23) |
Thug an Banc Ceannais Eorpach tuairim uaidh an 7 Meitheamh 2022 (9). |
|
(24) |
Chun muinín an phobail as ESAP a chothú agus a choinneáil ar bun agus chun gach eintiteas a chosaint ó athrú míchuí a fhaisnéise, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin sláine sonraí agus inchreidteacht fhoinse na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis a áirithiú. Go sonrach, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin leibhéil iomchuí bharántúlachta, infhaighteachta, sláine agus neamhshéanta na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis a áirithiú, ar faisnéis í atá le cur ar fáil do ESAP agus atá le déanamh inrochtana air. Ciallaíonn neamhshéanadh faisnéise gur cheart dearbhú réasúnach a thabhairt don eintiteas gur éirigh lena tíolacadh agus go bhfuil cruthúnas ag an bhfaighteoir ar chéannacht an eintitis. D’fhéadfaí ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a úsáid chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ba cheart aitheantóir sonrach eintitis dhlítheanaigh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, a bheith ina shaintréith éigeantach den fhaisnéis a thíolactar. |
|
(25) |
Chun go mbeidh an fhaisnéis ar ESAP inchomparáide le himeacht ama, ba cheart rochtain a bheith ag úsáideoirí ar fhaisnéis roimhe seo freisin, lena n-áirítear faisnéis stairiúil. Mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart do ESAP rochtain ar fhaisnéis a sholáthar ar feadh tréimhse réasúnta ama. Chun na críche sin, ba cheart do ESMA a áirithiú nach gcoinneofar sonraí pearsanta ar ESAP ná nach ndéanfar inrochtana ar ESAP iad ar feadh tréimhse is faide ná mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais agus, in aon chás, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(26) |
Ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin ESMA a chur ar an eolas faoi aon deacrachtaí suntasacha praiticiúla arna sainaithint i ndáil le comhlíonadh a gcúraimí. Ba cheart do ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ESAP agus tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leith, agus é mar aidhm aige sin a áirithiú go mbeidh fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann trédhearcach agus gur féidir gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá. Trí tharraingt suas na tuarascála bliantúla maidir le feidhmiú ESAP ag ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, cuideofar freisin lena áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla rannpháirteach agus go rachfar i gcomhairle le geallsealbhóirí eile tríd an tascfhórsa, grúpa nó coiste ad hoc, de réir mar is iomchuí, atá le bunú ag ESMA. |
|
(27) |
I bhfianaise ábharthacht na tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtacht ESAP i dtaca leis an bhféidearthacht gníomh tarmligthe a ghlacadh chun a chur siar go n-áireofaí faisnéis ar ESAP, ar faisnéis í nach gceanglaítear í a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin de bhun an Rialacháin seo go fóill agus Treoir (AE) 2023/2864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2023/2869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) á gcur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go n-úsáidfeadh an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla maidir le feidhmiú ESAP arna dtarraingt suas ag ESMA agus go ndéanfadh sé comhairliúcháin iomchuí leis na comhlachtaí bailiúcháin agus leis na sainghrúpaí ábhartha, go háirithe Sainghrúpa an Choiste Eorpaigh um Urrúis. Ba cheart neart deiseanna a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, i gcás ina measann siad gurb iomchuí sin, chun an tuarascáil ón gCoimisiún a phlé. |
|
(28) |
Chun a chur siar, i gcás inar gá, go n-áireofaí faisnéis áirithe ar ESAP ba cheart a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an dáta ónar cheart an fhaisnéis sin a thíolacadh le haghaidh inrochtaineacht ar ESAP. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(29) |
Chun próiseáil rianúil a áirithiú ar an bhfaisnéis a fhaigheann nó a tharraingíonn suas na comhlachtaí bailiúcháin agus a chuirtear ar fáil do ESAP, is gá ceanglais áirithe shoiléire agus mhionsonraithe a leagan síos lena sonraítear formáid agus meiteashonraí na faisnéise sin agus cé acu comhlachtaí bailiúcháin ba cheart í a bhailiú. Chun go n-áiritheofaí cáilíocht na faisnéise a chuireann na comhlachtaí bailiúcháin faoi bhráid ESAP, is gá a shainiú freisin saintréithe an bhailíochtaithe uathoibrithe atá le déanamh i ndáil le gach mír faisnéise a chuireann eintitis faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin, lena n-áirítear saintréithe an ríomhshéala cháilithe atá le cur i gceangal leis an bhfaisnéis sin, i gcás ina gceanglaíonn na comhlachtaí bailiúcháin sin. Chun úsáid agus athúsáid na sonraí ar ESAP a áirithiú, is gá liosta na gceadúnas caighdeánach oscailte atá ainmnithe a bhunú. Chun go n-éascófaí sonraí a chuardach, a aimsiú agus a aisghabháil go tráthúil, is gá saintréithe API agus saintréithe na meiteashonraí atá le cur chun feidhme a bhunú freisin. Ba cheart ceanglais bhreise maidir le feidhm chuardaigh éifeachtúil a chur chun feidhme freisin, amhail aitheantóir sonrach eintitis dhlítheanaigh an eintitis, aicmiú an chineáil faisnéise arna tíolacadh ag an eintiteas agus méid an eintitis de réir catagóire. Chuige sin, ba cheart do na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme á ndréachtú acu, ba cheart do na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dul i gcomhairle leis na comhlachtaí bailiúcháin roimh ré agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh, go háirithe, ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo. Ina theannta sin, ba cheart do ESMA a bheith in ann dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun cineál agus méid na seirbhísí sonracha a bhféadfaí táillí a ghearradh astu agus struchtúr na dtáillí lena mbaineann a chinneadh. D’fhágfadh dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme den sórt sin go bhféadfaí rochtain uilíoch agus idir-inoibritheach a fháil ar fhaisnéis eintiteas. Maidir leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta, ba cheart do na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, idirchaidreamh a dhéanamh le EFRAG maidir le forbairt na ndréachtchaighdeán sin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
|
(30) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú trí rochtain láraithe éasca a sholáthar ar fhaisnéis phoiblí faoi eintitis agus faoina dtáirgí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(31) |
Is é ESAP an chéad ghníomhaíocht i bPlean Gníomhaíochta CMU nua agus cur i gcrích nithiúil na Straitéise Airgeadais Dhigitigh. Dá bhrí sin, is mórthionscadal ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne i réimse an airgeadais dhigitigh é ESAP. Ar an gcúis sin, ba cheart a mhéid cistithe agus is féidir a lorg ón gClár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), go háirithe le linn luathchéimeanna forbartha ESAP, i gcomhréir leis na méideanna a cuireadh i láthair i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 25 Samhain 2021. Leithdháiltear na cistí sin ar an gCoimisiún le linn luathfhorbairt ESAP, d’fhonn a áirithiú gurb é ESMA úinéir deiridh aon sócmhainní a thiocfaidh as sin. Nuair a bheidh an ranníocaíocht ón gClár don Eoraip Dhigiteach ídithe, ba cheart do chistiú ESAP an tsamhail a soláthraíodh do chistiú ESMA a leanúint go dtí an 31 Nollaig 2027. Níor cheart ranníocaíochtaí na n-údarás inniúil faoin tsamhail chistiúcháin sin a bheith níos mó ná EUR 6 968 000 ar an iomlán. Mar sin féin, níl leithdháileadh cistiúcháin na mBallstát ag brath ar shárú féideartha ar na meastacháin ar chostais a cuireadh i láthair i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 25 Samhain 2021. Ba cheart cistiú ESAP tar éis mhí na Nollag 2027 a phlé sa nós imeachta buiséadach iomchuí i gcomhthéacs an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile agus measúnú á dhéanamh an mbeadh ranníocaíocht níos mó ó bhuiséad an Aontais iomchuí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An pointe rochtana aonair Eorpach
1. Faoin 10 Iúil 2027, déanfaidh ESMA pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a bhunú agus a oibriú lena soláthraítear rochtain láraithe leictreonach ar an bhfaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
faisnéis arna cur ar fáil don phobal de bhun ghníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó de bhun aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP; |
|
(b) |
faisnéis a roghnaíonn aon eintiteas a rialaítear le dlí Ballstáit a dhéanamh inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach, i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus dá dtagraítear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP. |
2. Ní dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin chun na críche í a dhéanamh inrochtana ar ESAP roimh dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis sin a thíolacadh dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP.
3. Féadfaidh comhlachtaí bailiúcháin ar comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad faisnéis stairiúil a chur ar fáil do ESAP ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis a chur faoi bhráid ESAP dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘comhlacht bailiúcháin’ comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó comhlacht, gníomhaireacht nó clár náisiúnta a ainmnítear amhlaidh de bhun aon cheann de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), nó a ainmníonn Ballstát amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 3(2); |
|
(3) |
ciallaíonn ‘formáid ónar féidir sonraí a asbhaint’ aon fhormáid oscailte mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (14), de Threoir (AE) 2019/1024 a úsáidtear go forleathan nó a cheanglaítear a úsáid de réir an dlí, lenar féidir sonraí a asbhaint ag meaisín agus atá inléite ag duine; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘formáid mheaisín-inléite’ formáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘ríomhshéala cáilithe’ ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘comhéadan feidhmchláir’ nó ‘API’ tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacal ó thaobh cumarsáid meaisín le meaisín agus malartú sonraí gan uaim; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘meiteashonraí’ faisnéis struchtúrtha lena mbíonn sé níos éasca acmhainn faisnéise a aisghabháil, a úsáid nó a bhainistiú, lena n-áirítear trí thuairisc a thabhairt ar fhoinse na faisnéise sin, trína míniú nó trína haimsiú; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘faisnéis stairiúil’ an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), a cuireadh ar fáil don phobal tráth nach luaithe ná 5 bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid ESAP; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
Airteagal 3
Faisnéis a thíolacadh go deonach
1. Ón 10 Eanáir 2030, féadfaidh eintiteas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas chun an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana ar ESAP.
Agus faisnéis den sórt sin á cur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin, déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear go ndéantar an fhaisnéis inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach; |
|
(b) |
a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis; |
|
(c) |
a áirithiú go bhfuil ag gabháil leis an bhfaisnéis na meiteashonraí is gá d’fheidhmiú fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3); |
|
(d) |
formáid ónar féidir sonraí a asbhaint a úsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh; |
|
(e) |
a áirithiú go dtagann an fhaisnéis arna tíolacadh faoi raon feidhme Airteagal 1(1), pointe (b); |
|
(f) |
a áirithiú nach n-áirítear san fhaisnéis aon sonraí pearsanta, cé is moite de chás ina gceanglaítear na sonraí pearsanta le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó inar cuid riachtanach den fhaisnéis iad maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha an eintitis. |
2. Faoin 9 Eanáir 2030, ainmneoidh gach Ballstát comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad chun faisnéis arna tíolacadh ar bhonn deonach a bhailiú agus tabharfaidh sé fógra do ESMA faoin méid sin.
3. Déanfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (le chéile, na ‘ÚMEnna’) dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, tríd an gComhchoiste, chun na nithe seo a leanas a shonrú:
|
(a) |
na meiteashonraí atá le bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis a tíolacadh i gcomhréir le mír 1; |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, na formáidí sonracha nó na teimpléid shonracha atá le húsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh i gcomhréir le mír 1. |
4. Agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna san áireamh aon chaighdeáin atá ann cheana i ngníomhartha reachtacha earnála comhfhreagracha an Aontais agus, go háirithe, aon chaighdeáin atá saindeartha do FBManna.
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2028.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Glacfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a thíolactar ceart, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le sonraí pearsanta a áireamh in aighneachtaí deonacha.
5. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na heintitis go mbeidh aon phróiseáil a dhéantar ar na sonraí sin bunaithe ar cheann de na forais dhleathacha le haghaidh próiseála a liostaítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí maidir le próiseáil na sonraí pearsanta.
Airteagal 4
Liosta na gcomhlachtaí bailiúcháin
Foilseoidh ESMA liosta na gcomhlachtaí bailiúcháin, ina mbeidh aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne gach comhlachta bailiúcháin, ar an tairseach ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a).
Áiritheoidh ESMA go gcoinneofar an liosta sin cothrom le dáta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon athruithe air.
Airteagal 5
Cúraimí na gcomhlachtaí bailiúcháin agus freagrachtaí na n-eintiteas
1. Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin an méid seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis arna tíolacadh ag na heintitis a bhailiú; |
|
(b) |
an fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis nó arna giniúint ag na comhlachtaí bailiúcháin féin a stóráil agus, i gcás inarb ábhartha, brath ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagar atá ann cheana chun faisnéis a stóráil; |
|
(c) |
bailíochtú teicniúil uathoibrithe a dhéanamh i leith na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis chun a fhíorú an gcomhlíonann an fhaisnéis na nithe seo a leanas:
|
|
(d) |
gan coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP, seachas coinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear in Airteagal 9; |
|
(e) |
API a chur chun feidhme agus an fhaisnéis, na meiteashonraí le haghaidh na faisnéise sin agus, i gcás inar gá, an ríomhshéala cáilithe a sholáthar do ESAP saor in aisce agus laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme; |
|
(f) |
a mhéid a thagann sé faoi inniúlacht theicniúil an chomhlachta bailiúcháin, cúnamh a sholáthar do na heintitis a thíolacann an fhaisnéis i ndáil leis an bpróiseas a bhaineann le tíolacadh, diúltú agus atíolacadh na faisnéise ar a laghad; |
|
(g) |
a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) fós ar fáil do ESAP go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a). |
Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo, agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina dtagraítear leis na meiteashonraí a ghabhann leis an bhfaisnéis a tíolacadh d’aon sonraí pearsanta, nach gcoinneofar an fhaisnéis sin chun í a chur ar fáil do ESAP, ná nach ndéanfar inrochtana ar ESAP í, ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo.
2. Féadfaidh na comhlachtaí bailiúcháin diúltú d’fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis i gcás inar follasach go bhfuil an fhaisnéis míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin faisnéis a rinneadh inrochtana ar ESAP a bhaint, ar faisnéis í a chinneann siad a bheith, go follasach, míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
3. Diúltóidh na comhlachtaí bailiúcháin d’fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis i gcás ina léiríonn an bailíochtú uathoibrithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo nach gcomhlíonann an fhaisnéis na ceanglais a leagtar síos sa phointe sin nó, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn fógraí a fuarthas de bhun Airteagal 10(2).
4. Tabharfaidh na comhlachtaí bailiúcháin fógra d’eintitis faoi dhiúltú na faisnéise nó faoi bhaint na faisnéise agus faoi na cúiseanna atá leis sin, laistigh de thréimhse ama réasúnach.
5. I gcás ina ndéanann comhlacht bailiúcháin an fhaisnéis arna tíolacadh ag eintiteas de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), a dhiúltú nó a bhaint, déanfaidh an t-eintiteas sin an fhaisnéis a cheartú agus a atíolacadh arís gan moill mhíchuí. Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra do ESMA i gcás ina ndéantar faisnéis a dhiúltú nó a bhaint nó i gcás ina ndéantar faisnéis eile a chur ina hionad de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
Féadfaidh eintitis a roghnú faisnéis a thíolacadh aon uair amháin agus d’aon chomhlacht bailiúcháin amháin. Is chuig an gcomhlacht bailiúcháin céanna a dhéanfar tíolacadh faisnéise agus aon atíolacadh faisnéise, in éineacht leis na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi.
6. Beidh eintitis freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sa teanga ina dtíolactar í, agus as na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi a chuireann siad faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin. Go háirithe, beidh eintitis freagrach as a shainaithint an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis a chuireann siad faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin in éineacht leis na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi lena léirítear an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
7. A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní dhéanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin an ceart atá ag déantóir bunachair sonraí a fheidhmiú, ar ceart é dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), nó ní dhéanfaidh siad aon chearta maoine intleachtúla eile a fheidhmiú ar bhealach a chuireann cosc nó srian ar úsáid agus athúsáid ábhar an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo.
8. Féadfaidh comhlacht bailiúcháin na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (e), (f), (g), agus míreanna 3 agus 4 a tharmligean chuig duine dlítheanach a rialaítear le dlí Ballstáit nó chuig comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais (‘an tarmligí’). Beidh aon tarmligean cúraimí i bhfoirm comhaontú i scríbhinn lena sonraítear na cúraimí atá le tarmligean agus na coinníollacha faoina bhfuil siad le déanamh (‘comhaontú tarmligin’).
Leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú tarmligin, áiritheofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
níl aon choinbhleacht leasa ag an tarmligí; |
|
(b) |
ní úsáideann an tarmligí an fhaisnéis a fuarthas go míchuí nó ar bhealach frithiomaíoch nó chun críche eile seachas an chríoch a luaitear sa chomhaontú tarmligin; |
|
(c) |
áirithíonn an tarmligí cosaint na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 6 maidir leis na cúraimí tarmligthe; |
|
(d) |
cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas go rialta maidir lena fheidhmiú foriomlán i leith na gcúraimí tarmligthe; |
|
(e) |
gan moill mhíchuí, cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas faoi aon mhainneachtain cúram tarmligthe a dhéanamh. |
Leanfaidh an comhlacht bailiúcháin de bheith freagrach as aon chúraimí a tharmligeann sé, lena n-áirítear aon fhaisnéis a theastaíonn ó ESMA maidir le cúram tarmligthe a chur ar fáil do ESMA.
Ní dhéanfaidh an fíoras go bhfuil cúraimí tarmligthe chuig tríú páirtí ag an gcomhlacht bailiúcháin difear do dhliteanas an chomhlachta bailiúcháin. Ní dhéanfaidh an comhlacht bailiúcháin a chúraimí a tharmligean a mhéid nach féidir a mheas gur comhlacht bailiúcháin é a thuilleadh.
Áiritheoidh an comhlacht bailiúcháin go ndéanfar aon tarmligean cúraimí a fheidhmiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus go n-úsáidfear an tarmligean, a mhéid is féidir, chun gur féidir nósanna imeachta agus bonneagar bailiúcháin atá ann cheana leanúint d’fheidhm a bheith acu chun críocha ESAP.
Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra do ESMA faoi aon chomhaontú tarmligin a thugann sé i gcrích.
9. Áiritheoidh na comhlachtaí bailiúcháin leibhéil iomchuí bharántúlachta, infhaighteachta, sláine agus neamhshéanta na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis atá le déanamh inrochtana ar ESAP. Chun na leibhéil sin a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na comhlachtaí bailiúcháin a cheangal go mbeidh ríomhshéala cáilithe ag gabháil leis an bhfaisnéis arna tíolacadh ag eintitis atá le déanamh inrochtana ar ESAP.
10. Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
an chaoi a bhfuil an bailíochtú uathoibrithe teicniúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo le déanamh le haghaidh gach cineáil faisnéise arna tíolacadh ag eintitis; |
|
(b) |
saintréithe an ríomhshéala cháilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(iii), den Airteagal seo agus i mír 9 den Airteagal seo; |
|
(c) |
na ceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo; |
|
(d) |
saintréithe API atá le cur chun feidhme de bhun mhír 1, pointe (e), den Airteagal seo; |
|
(e) |
saintréithe na meiteashonraí is gá d’fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3), na meiteashonraí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus aon mheiteashonraí eile is gá d’fheidhmiú ESAP; |
|
(f) |
na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo; |
|
(g) |
liosta táscach agus saintréithe na bhformáidí atá inghlactha mar fhormáidí ónar féidir sonraí a asbhaint agus mar fhormáidí meaisín-inléite dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(i), den Airteagal seo. |
11. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10 á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna san áireamh aon chaighdeáin atá ann cheana i ngníomhartha reachtacha earnála comhfhreagracha an Aontais agus go háirithe na caighdeáin atá saindeartha do FBManna.
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2024.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
12. Maidir le comhlachtaí bailiúcháin ar comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad a chuireann faisnéis stairiúil ar fáil do ESAP i gcomhréir le hAirteagal 1(3), déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis sin a ullmhú i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint; |
|
(b) |
meiteashonraí a chur ag gabháil leis an bhfaisnéis sin lena sonraítear an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
a shonrú gur faisnéis stairiúil atá san fhaisnéis sin. |
De mhaolú ar mhír 1, pointe (g), den Airteagal seo, ní dhéanfar faisnéis stairiúil inrochtana ar ESAP ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.
Airteagal 6
An chibearshlándáil
Cuirfidh ESMA beartas slándála TF éifeachtach agus comhréireach i bhfeidhm le haghaidh ESAP, agus áiritheoidh sé leibhéil iomchuí bharántúlachta, infhaighteachta, sláine agus neamhshéanta na faisnéise a rinneadh inrochtana ar ESAP agus na cosanta sonraí pearsanta. Féadfaidh ESMA athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar bheartas slándála TF agus cúrsaí cibearshlándála ESAP i bhfianaise na dtreochtaí cibearshlándála atá ag teacht chun cinn go hidirnáisiúnta agus san Aontas agus i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí.
Airteagal 7
Feidhmiúlachtaí ESAP
1. Áiritheoidh ESMA go mbeidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag ESAP:
|
(a) |
tairseach ghréasáin ag a bhfuil comhéadan soláimhsithe, ina gcuirtear san áireamh na riachtanais rochtana atá ag daoine faoi mhíchumas, chun rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis ar ESAP i dteangacha oifigiúla uile an Aontais; |
|
(b) |
API lena gcumasaítear rochtain éasca ar an bhfaisnéis ar ESAP; |
|
(c) |
feidhm chuardaigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais; |
|
(d) |
amharcóir faisnéise; |
|
(e) |
seirbhís meaisínaistriúcháin le haghaidh na faisnéise a aisghabhtar; |
|
(f) |
seirbhís íoslódála, lena n-áirítear chun cainníochtaí móra sonraí a íoslódáil; |
|
(g) |
seirbhís fógraíochta lena gcuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis nua ar ESAP; |
|
(h) |
cur i láthair na faisnéise a thíolactar ar bhonn deonach de bhun Airteagal 1(1), pointe (b), ar bhealach a fhágann:
|
2. Áiritheoidh ESMA go ndéanfar le ESAP socrú maidir leis na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (e) agus (g), faoin 10 Iúil 2028. Áiritheoidh ESMA go ndéanfar le ESAP socrú maidir leis na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (h), faoin 9 Eanáir 2030.
3. Leis an bhfeidhm chuardaigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, beifear in ann cuardach a dhéanamh ar bhonn na meiteashonraí seo a leanas:
|
(a) |
ainmneacha an eintitis a thíolaic an fhaisnéis agus ainmneacha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis; |
|
(b) |
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis a thíolaic an fhaisnéis agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis; |
|
(c) |
an cineál faisnéise, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), a thíolaic an t-eintiteas agus ar tíolacadh faisnéis den sórt sin ar bhonn éigeantach faoi Airteagal 1(1), pointe (a), nó ar bhonn deonach faoi phointe (b) den mhír sin; |
|
(d) |
an dáta agus an t-am a chuir an t-eintiteas an fhaisnéis faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin; |
|
(e) |
an dáta nó tréimhse lena mbaineann an fhaisnéis; |
|
(f) |
méid an eintitis de réir catagóire a thíolaic an fhaisnéis agus méid an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis; |
|
(g) |
tír oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis; |
|
(h) |
earnáil tionscail nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis; |
|
(i) |
an comhlacht bailiúcháin atá freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú; |
|
(j) |
an teanga inar tíolacadh an fhaisnéis; |
4. Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
saintréithe API dá dtagraítear i mír 1, pointe (b); |
|
(b) |
an t-aitheantóir sonrach eintitis dhlítheanaigh dá dtagraítear i mír 3, pointe (b); |
|
(c) |
aicmiú na gcineálacha faisnéise dá dtagraítear i mír 3, pointe (c); |
|
(d) |
catagóirí mhéideanna na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 3, pointe (f); |
|
(e) |
saintréithe na n-earnálacha tionscail dá dtagraítear i mír 3, pointe (h). |
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2024.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 8
Rochtain ar fhaisnéis ar ESAP
1. Chun trédhearcacht agus feidhmiú rianúil mhargaí caipitil an Aontais a chur chun cinn, áiritheoidh ESMA go gcuirfear rochtain ar fhaisnéis ar ESAP ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh rochtain dhíreach agus láithreach atá saor in aisce ag úsáideoirí ar an bhfaisnéis ar ESAP.
2. Gearrfaidh ESMA táillí, áfach, as seirbhísí sonracha a bhfuil costais arda chothabhála agus tacaíochta i gceist leo nó a mbaineann cuardaigh ar mhéideanna móra faisnéise nó íoslódáil méideanna móra faisnéise leo. Ní bheidh na táillí sin níos mó ná na costais dhíreacha a thabhaíonn ESMA chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Déanfar na táillí a bhailítear do na seirbhísí sin a leithdháileadh ar fheidhmiú foriomlán ESAP.
3. Féadfaidh ESMA a cheangal ar úsáideoirí na seirbhísí a ngearrann ESMA táillí ina leith, dá dtagraítear i mír 2, dearbhú digiteach a chomhlánú.
4. D’ainneoin mhír 2, tabharfaidh ESMA cead do na heintitis seo a leanas rochtain dhíreach agus láithreach ar an bhfaisnéis ar ESAP atá saor in aisce a bheith acu a oiread agus is gá chun go gcomhlíonfadh na heintitis sin a bhfreagrachtaí faoi seach, a sainorduithe faoi seach agus a n-oibleagáidí faoi seach:
|
(a) |
aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais; |
|
(b) |
aon údarás inniúil a ainmníonn Ballstát de bhun ghníomh reachtach de chuid an Aontais; |
|
(c) |
aon bhall den Chóras Staidrimh Eorpach mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); |
|
(d) |
aon bhall den Chóras Eorpach Banc Ceannais; |
|
(e) |
na húdaráis réitigh arna n-ainmniú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17); |
|
(f) |
aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht rialtais de chuid Ballstáit; |
|
(g) |
aon fhoras oideachais agus oiliúna chun críoch taighde, an tsaoil acadúil, eagraíochtaí nuachta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus chun na gcríoch sin amháin, a mhéid is gá rochtain ar an bhfaisnéis chun a gcúraimí a dhéanamh; |
|
(h) |
eintitis a sholáthraíonn agus a úsáideann faisnéis ar ESAP chun a n-oibleagáidí rialála a chomhlíonadh. |
5. Chun críocha mhír 2, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun cineál agus méid na seirbhísí sonracha a chinneadh a bhféadfaidh táillí a ghearradh astu agus chun struchtúr na dtáillí lena mbaineann a chinneadh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6. Déanfaidh ESMA struchtúr na dtáillí, na tairseacha méide, más ábhartha, agus na rátaí a fhoilsiú agus a chur ar fáil go héasca ar shuíomh gréasáin ESAP. Déanfaidh ESMA athbhreithniú ar na tairseacha méide agus ar na rátaí ar bhonn bliantúil.
Airteagal 9
Úsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP
1. Ní bheidh aon dliteanas ar ESMA ná ar na comhlachtaí bailiúcháin maidir le rochtain ar an bhfaisnéis a chuireann eintitis faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin agus a dhéantar inrochtana ar ESAP nó maidir le húsáid nó athúsáid na faisnéise sin.
2. Úsáidfear agus athúsáidfear sonraí pearsanta atá inrochtana ar ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Aon sonraí pearsanta a athúsáidtear, ní choinneofar iad ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo.
3. Áiritheoidh ESMA nach mbeidh úsáid agus athúsáid faisnéise atá inrochtana ar ESAP faoi réir aon choinníollacha mura gcomhlíonfar, leis na coinníollacha sin, na ceanglais seo a leanas;
|
(a) |
tá siad oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach; |
|
(b) |
tá údar leo ar fhorais cuspóra ar mhaithe le leas an phobail; |
|
(c) |
i gcás inarb iomchuí, ag brath ar an gcineál faisnéise, comhfhreagraíonn siad do na coinníollacha a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte de réir bhrí Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/1024, agus ceadaítear leo d’aon duine an fhaisnéis sin a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian agus chun aon chríche. |
4. Ní dhéanfaidh eintitis a thíolacann a bhfaisnéis lena foilsiú ar bhonn ceart sui generis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE teorainn a chur le húsáid agus le hathúsáid na faisnéise a dhéantar inrochtana ar ESAP chun críoch rialála agus neamhthráchtála.
Airteagal 10
Cáilíocht na faisnéise
1. Déanfaidh ESMA bailíochtú uathoibrithe chun a fhíorú an gcomhlíonann an fhaisnéis uile a sholáthraíonn na comhlachtaí bailiúcháin do ESAP na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (c).
I gcás inar eintiteas a thíolaic an fhaisnéis arna soláthar ag an gcomhlacht bailiúcháin, féadfaidh ESMA an bailíochtú uathoibrithe a dhéanamh ar bhonn samplaí. Ní bheidh aon difríocht idir bailíochtú uathoibrithe den sórt sin agus bailíochtú uathoibrithe arna dhéanamh ag na comhlachtaí bailiúcháin de bhun Airteagal 5(1), pointe (c).
2. Cuirfidh ESMA próisis theicniúla iomchuí chun feidhme chun fógra uathoibríoch a thabhairt do chomhlacht bailiúcháin i gcásanna nach gcomhlíonann an fhaisnéis arna soláthar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (c). I gcásanna nach gcomhlíontar na ceanglais sin, is ar na heintitis a bheidh an fhreagracht as an bhfaisnéis. Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra don eintiteas i gcásanna inar diúltaíodh don fhaisnéis agus tabharfaidh sé fógra dó faoi na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin i gcomhréir le hAirteagal 5(4).
3. Féadfaidh ESMA seiceálacha breise a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí, ar shláine na sonraí agus ar chruthúnas ar thionscnamh na sonraí. Ar bhonn thorthaí na seiceálacha sin, féadfaidh ESMA fógra a thabhairt do na comhlachtaí bailiúcháin faoi na heasnaimh a sainaithníodh agus fionraí a dhéanamh ar fhaisnéis a dhéanamh inrochtana ar ESAP.
Airteagal 11
Cúraimí ESMA
1. Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis arna soláthar ag na comhlachtaí bailiúcháin, tar éis do na heintitis í a thíolacadh, inrochtana ar ESAP gan moill mhíchuí; |
|
(b) |
tacaíocht seirbhíse a sholáthar do na comhlachtaí bailiúcháin; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh ESAP inrochtana ar a laghad 97 % den am in aghaidh na míosa, seachas cásanna ina bhfuil cothabháil sceidealaithe ar bun, ina bhfuil nuashonrú á dhéanamh ar ábhar agus ina bhfuil leathanaigh á n-uasghrádú, agus, sa chás sin, tá fógra soiléir le tabhairt d’úsáideoirí lena gcuirtear in iúl dóibh cá fhad a mheastar a mhairfidh an briseadh sna seirbhísí a sholáthraíonn ESAP; |
|
(d) |
dul i gcomhairle leis na comhlachtaí bailiúcháin, de réir mar is iomchuí, chun dul i ngleic le saincheisteanna coiteanna agus prionsabail choiteanna iompair, agus go háirithe chun na nithe seo a leanas a phlé:
|
|
(e) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP agus tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Choimisiún ina leith sin, mar a shonraítear in Airteagal 12. |
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh ESMA, trí thascfhórsa, grúpa nó coiste ad hoc a bhunú, de réir mar is iomchuí, go rachfar i gcomhairle le saineolaithe agus le geallsealbhóirí ábhartha chun comhairle agus tacaíocht a sholáthar maidir le cur chun feidhme teicniúil ESAP. Ina theannta sin, féadfaidh ESMA dul i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
3. Mura bhfuil gá leis chun rochtain ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na comhlachtaí bailiúcháin a éascú agus chun ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ní dhéanfaidh ESMA faisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta a stóráil ach amháin i gcás próiseáil uathoibríoch, idirmheánach agus neamhbhuan. Déanfaidh ESMA na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil trí ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus nach gcoinneofar faisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta ná nach gcuirfear ar fáil í ar feadh tréimhse is faide ná mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1), pointe (g).
4. Áiritheoidh ESMA go gcomhlíonfaidh próiseáil sonraí pearsanta an creat dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.
Airteagal 12
Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP
1. Déanfaidh ESMA faireachán ar fheidhmiú ESAP, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, bunaithe ar a laghad ar na táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar síos i mír 2, agus foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú ESAP agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
2. Is iad seo a leanas na táscairí cáilíochta agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
líon na gcuairteoirí, na gcuardach agus na n-íoslódálacha; |
|
(b) |
na cineálacha faisnéise ar amharcadh uirthi agus a íoslódáladh de réir céatadáin; |
|
(c) |
na táillí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus na méideanna arna ngearradh ag ESMA; |
|
(d) |
céatadán na gcuardach a raibh amharc nó íoslódáil mar thoradh orthu de réir an chineáil faisnéise agus rochtana; |
|
(e) |
méid agus céatadán na faisnéise meaisín-inléite atá inrochtana ar ESAP agus méid agus céatadán na n-amharc meaisín-inléite agus na n-íoslódálacha meaisín-inléite; |
|
(f) |
cion na bhfógraí de bhun an bhailíochtaithe uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2); |
|
(g) |
aon mhífheidhm shuntasach nó aon teagmhas suntasach a dhéanann difear d’oibriú nó feidhmíocht fhoriomlán ESAP; |
|
(h) |
measúnú ar inrochtaineacht, cáilíocht, úsáideacht, iontaofacht agus tráthúlacht na faisnéise ar ESAP; |
|
(i) |
measúnú i dtaobh an gcomhlíonann ESAP a chuspóirí, agus éabhlóid a úsáide agus sreafaí faisnéise laistigh den Aontas á gcur san áireamh; |
|
(j) |
measúnú ar shásamh úsáideora deiridh; |
|
(k) |
comparáid le córais chomhchosúla i dtríú tíortha. |
3. Sula dtíolacfaidh ESMA an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an tascfhórsa, grúpa nó coiste ad hoc atá le bunú de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán seo agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 13
Athbhreithniú
1. Faoin 10 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ESMA, agus na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 12 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtacht ESAP.
2. Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na dúshláin theicniúla atá os comhair eintiteas agus na gcomhlachtaí bailiúcháin le linn chur chun feidhme ESAP; |
|
(b) |
éifeachtacht an chórais bailithe agus tarchurtha faisnéise chun críocha ESAP; |
|
(c) |
athléimneacht oibríochtúil ESAP in aghaidh rioscaí TFC agus iontaofacht na faisnéise a dhéantar inrochtana ar ESAP, lena n-áirítear trí ríomhshéalaí cáilithe; |
|
(d) |
na costais arna dtabhú ag eintitis agus ag na comhlachtaí bailiúcháin, lena n-áirítear measúnú i dtaobh ar mhéadaigh na comhlachtaí bailiúcháin ar údaráis inniúla iad a dtáillí maoirseachta mar thoradh ar na costais a tabhaíodh de bharr ESAP; |
|
(e) |
na costais arna dtabhú ag ESMA mar oibreoir ESAP agus scéim cistiúcháin ESAP; |
|
(f) |
tionchar ESAP ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis eintiteas i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta; |
|
(g) |
tionchar ESAP ar infheictheacht eintiteas d’infheisteoirí trasteorann, lena n-áirítear infheictheacht FBManna; |
|
(h) |
tionchar ESAP ar shuíomh margaidh soláthraithe sonraí príobháideacha san Aontas; |
|
(i) |
idir-inoibritheacht ESAP le hardáin dhomhanda chomhchosúla; |
|
(j) |
cur chun feidhme agus feidhmiú ESAP i ndáil le tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 5(8). |
3. Agus an breisluach, na dúshláin theicniúla agus na costais a bhfuiltear ag dréim leo á gcur san áireamh, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 anailís costais is tairbhe a bhaineann le faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, ar faisnéis í nach bhfuil inrochtana go fóill ar ESAP tráth a tharraingítear suas an tuarascáil, a áireamh sa todhchaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, rud a mbeidh bearna sonraí mar thoradh air.
Áireofar sa tuarascáil freisin moltaí maidir le forbairt ESAP amach anseo.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 lena leasaítear gníomhartha reachtacha an Aontais dá dtagraítear sa dara mhír den mhír seo chun a chur siar, go ceann 36 mhí ar a mhéad, go n-áireofaí faisnéis ar ESAP, ar faisnéis í nach gceanglaítear go fóill í a chur faoi bhráid ESAP ná nach gceadaítear go fóill í a chur faoi bhráid ESAP de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), má chinneann an Coimisiún sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil fianaise ann go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha agus forleatacha ann maidir leis na gnéithe a liostaítear i mír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo.
Is iad seo a leanas a bheidh i ngníomhartha reachtacha an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
|
— |
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Airteagal 434b); |
|
— |
Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 (Airteagal 13a); |
|
— |
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (Airteagal 23a); |
|
— |
Rialachán (AE) 2015/760 (Airteagal 25a); |
|
— |
Rialachán (AE) 2015/2365 (Airteagal 32a); |
|
— |
Rialachán (AE) 2017/1131 (Airteagal 37a); |
|
— |
Rialachán (AE) 2019/2033 (Airteagal 46a); |
|
— |
Rialachán (AE) 2023/1114 (Airteagal 110a); |
|
— |
Rialachán (AE) 2023/2631 (Airteagal 15a); |
|
— |
Treoir 2002/87/CE (Airteagal 30b); |
|
— |
Treoir 2004/25/CE (Airteagal 16a); |
|
— |
Treoir 2006/43/CE (Airteagal 20a); |
|
— |
Treoir 2007/36/CE (Airteagal 14c); |
|
— |
Treoir 2009/138/CE (Airteagal 304b); |
|
— |
Treoir 2011/61/AE (Airteagal 69b); |
|
— |
Treoir 2013/36/AE (Airteagal 116a); |
|
— |
Treoir 2014/59/AE (Airteagal 128a); |
|
— |
Treoir 2014/65/AE (Airteagal 87a); |
|
— |
Treoir (AE) 2016/97 (Airteagal 40a); |
|
— |
Treoir (AE) 2016/2341 (Airteagal 63a); |
|
— |
Treoir (AE) 2019/2034 (Airteagal 44a); |
|
— |
Treoir (AE) 2019/2162 (Airteagal 29a). |
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomh tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 12 mhí ó fhoilsiú na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 13(1).
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(7) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(9) IO C 307, 12.8.2022, lch. 3.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(11) Treoir (AE) 2023/2864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Treoracha áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (IO L, 2023/2864, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2864/oj).
(12) Rialachán (AE) 2023/2869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (IO L, 2023/2869, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2869/oj).
(13) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(14) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(15) Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(17) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
IARSCRÍBHINN
Liosta de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo
CUID A — RIALACHÁIN
|
1. |
Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1). |
|
2. |
Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtáil mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1). |
|
3. |
Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1). |
|
4. |
Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18). |
|
5. |
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1). |
|
6. |
Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77). |
|
7. |
Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1). |
|
8. |
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84). |
|
9. |
Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1). |
|
10. |
Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98). |
|
11. |
Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1). |
|
12. |
Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1). |
|
13. |
Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12). |
|
14. |
Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8). |
|
15. |
Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1). |
|
16. |
Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1). |
|
17. |
Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1). |
|
18. |
Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40). |
|
19. |
Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj). |
CUID B — TREORACHA
|
1. |
Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirsiú forlíontach na n-institiúidí creidmheasa, gnóthas árachais agus gnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1). |
|
2. |
Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12). |
|
3. |
Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38). |
|
4. |
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87). |
|
5. |
Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17). |
|
6. |
Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32). |
|
7. |
Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1). |
|
8. |
Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1). |
|
9. |
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19). |
|
10. |
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338). |
|
11. |
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190). |
|
12. |
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349). |
|
13. |
Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19). |
|
14. |
Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37). |
|
15. |
Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64). |
|
16. |
Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29). |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)