![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2850 |
21.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2850 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Nollaig 2023
maidir le hullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Kerry Ingredients and Flavours Ltd)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604 a údarú mar bhreiseán beathaithe. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. |
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid, sa tuairim uaidh an 11 Bealtaine 2023 (2), maidir leis an ullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604, go bhfuil sí sábháilte do gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go meastar gur greannaitheoir craicinn agus súl í an ullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604, agus gur íogróir craicinn agus riospráide atá ann. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin, maidir leis an ullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604, go bhféadfadh sí a bheith éifeachtúil ar an leibhéal ina gcuimsítear beatha iomlán 30 U ion–1,4-béite-mannanáis/kg le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna chur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid d’ion–1,4-béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604 na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an ngrúpa feidhmiúil ‘méadaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(6):8045.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||
4a42 |
Kerry Ingredients and Flavours Ltd |
Ion–1,4 -béite-mannanáis (EC 3.2.1.78) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ion–1,4 -béite-mannanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604 ag a bhfuil íosghníomhaíocht de 265 U (1)/g foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Ion–1,4 -béite-mannanáis (EC 3.2.1.78) arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604 Modh anailíse (2) Cinneadh gníomhaíochta ion–1,4 -béite-mannanáise sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc: modh dathmhéadrach bunaithe ar imoibriú einsímeach ion–1,4 -béite-mannanáise ar an tsubstráit trasnasctha galachtómanann carúib le hasairín |
Gach speiceas éanlaithe clóis lena ramhrú |
— |
30 U |
— |
|
10 Eanáir 2034 |
(1) Sainmhínítear aonad amháin d’ion-1,4-béite-mannanáis (U) mar mhéid na heinsíme is gá chun micreamhól amháin de mhannanáis a scaoileadh, rud a laghdaíonn coibhéisí siúcra in aghaidh an nóiméid ag 40 °C agus pH 4,5.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2850/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)