European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2845

27.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2845 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 144 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar caighdeánú le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ar na ceanglais maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais agus rialacha maidir le heagrú agus le hiompar na dtaisclann lárnach urrús (TLUnna) chun socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn. Leis an Rialachán sin tugadh isteach tréimhsí socraíochta níos giorra, bearta araíonachta socraíochta, diancheanglais eagraíochtúla, diancheanglais déanta gnó, agus diancheanglais stuamachta le haghaidh TLUnna, ceanglais mhéadaithe stuamachta agus maoirseachta le haghaidh TLUnna agus institiúidí eile a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta a thacaíonn le socraíocht urrús, agus córas lena gceadaítear do TLUnna údaraithe a gcuid seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais.

(2)

Bheadh simpliú na gceanglas i réimsí áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus cur chuige níos comhréirí maidir leis na réimsí sin, i gcomhréir le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) an Choimisiúin ina gcuirtear i dtábhacht an gá atá le costais a laghdú agus le simpliú ionas go gcomhlíonfaidh beartais an Aontais a gcuspóirí ar an gcaoi is éifeachtúla agus é d’aidhm aige go háirithe ualaí riaracháin agus rialála a laghdú.

(3)

Is eilimintí riachtanacha iad bonneagair iarthrádála éifeachtúla athléimneacha le haghaidh aontas na margaí caipitil atá dea-fheidhmiúil agus méadaíonn siad na hiarrachtaí tacú le hinfheistíocht, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin. Ar an gcúis sin, tá athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil ón gCoimisiún a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí-plean gníomhaíochta nua.

(4)

In 2019, rinne an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 909/2014. Fuair an Coimisiún ionchur freisin ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Leis an aiseolas a fuarthas, léiríodh go dtacaíonn na geallsealbhóirí le cuspóir Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014 socraíocht ionstraimí airgeadais atá sábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn, agus go measann siad go bhfuil an cuspóir sin ábhartha, agus nár ghá aon mhórathrú ó bhonn a dhéanamh ar an Rialachán sin. Foilsíodh an tuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 an 1 Iúil 2021. Cé nach bhfuil forálacha uile an Rialacháin sin go hiomlán infheidhme go fóill, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí inar gá dul i mbun gníomhaíocht spriocdhírithe chun a áirithiú go mbaintear amach cuspóir an Rialacháin sin ar bhealach níos comhréirí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

(5)

Ba cheart TLUnna a bheith in ann a shonrú, ina rialacha inmheánacha, cad iad na teagmhais seachas imeachtaí dócmhainneachta arb ionann iad agus mainneachtain rannpháirtí. Go ginearálta, baineann na teagmhais sin le mainneachtain aistriú cistí nó urrús a chur i gcrích i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha agus rialacha inmheánacha an chórais socraíochta urrús.

(6)

Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tugadh isteach rialacha maidir le haraíonacht socraíochta chun teipeanna ó thaobh socraíochtaí idirbheart urrús a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, agus dá bhrí sin chun sábháilteacht socraíochtaí idirbheart a áirithiú. Ba cheart féachaint ar bhearta agus uirlisí breise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta san Aontas, mar shampla, méideanna idirbheart a mhúnlú nó socrú páirteach. Dá réir sin, ba cheart do ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, athbhreithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtais an tionscail, laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta araon, d’fhonn na bearta ábhartha uile a shainaithint a d’fhéadfadh córais socraíochta nó rannpháirtithe sa mhargadh a chur chun feidhme, agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nuashonraithe a fhorbairt maidir le bearta chun teipeanna socraíochta a chosc ar mhaithe le héifeachtúlacht socraíochtaí a mhéadú.

(7)

Ar na rialacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, áirítear go háirithe ceanglais tuairiscithe, córas pionós airgid thirim agus ceannach isteach éigeantach. Faoi láthair, níl feidhm ach ag na ceanglais tuairiscithe agus ag an gcóras pionós airgid thirim. D’ainneoin cuid mhaith taithí a bheith ann ar an gcóras pionós airgid thirim agus ar fhorbairt agus sonrú an chreata araíonachta socraíochta, go háirithe i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún (6) tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile tuiscint níos fearr a fháil ar an gcreat sin agus ar na dúshláin a d’fhéadfadh eascairt as a chur i bhfeidhm. Go háirithe, ba cheart raon feidhme na bpionós airgid thirim agus an phróisis ceannach isteach éigeantaigh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a shoiléiriú. Chun idirdhealú a dhéanamh idir na ceanglais a bhaineann le pionóis airgid thirim agus na ceanglais a bhaineann le ceannach isteach éigeantach, ba cheart na ceanglais sin a leagan síos in airteagail ar leith.

(8)

Teipeanna socraíochta nach bhfuil a mbunchúis inchurtha i leith na rannpháirtithe agus oibríochtaí nach meastar gur oibríochtaí trádála iad, níor cheart iad a bheith faoi réir pionóis airgid thirim nó ceannach isteach éigeantach, ós rud é nach mbeadh cur i bhfeidhm na mbeart sin maidir leis na teipeanna socraíochta agus oibríochtaí sin indéanta nó go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha don mhargadh a bheith mar thoradh orthu. I gcás ceannach isteach éigeantach, is dócha gurb amhlaidh a bheidh i gcás idirbhearta áirithe bunmhargaidh, idirbhearta maoiniúcháin urrús, gníomhaíochtaí corparáideacha, atheagrú nó cruthú agus fuascailt aonad ciste, oibríochtaí athailínithe nó cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta araíonachta socraíochta maidir le rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu agus ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta ina gcoinne, nó i gcás gur contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) iad na rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu, cé is moite d’idirbhearta a dhéanann CPL i gcás nach n-idirchuireann sé é féin idir na contrapháirtithe.

(9)

Ba cheart pionóis airgid thirim a ríomh maidir le gach lá gnó chomh fada agus a mhaireann an teip. Ba cheart an fhéidearthacht go mbeadh timpeallacht ráta úis dhiúltaigh ann a chur san áireamh agus na paraiméadair le haghaidh ríomh na bpionós airgid thirim á sainiú. Ní mór aon dreasachtaí díobhálacha chun teip a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtimpeallacht ráta úis ísil nó dhiúltaigh a dhíothú chun éifeachtaí neamhbheartaithe ar an rannpháirtí nach bhfuil ag teip air a sheachaint. Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn tráthrialta, athbhreithniú a dhéanamh ar na paraiméadair a úsáidtear chun pionóis airgid thirim a ríomh agus ba cheart dó, mar thoradh air sin, breithniú a dhéanamh ar athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an modh a úsáidtear chun na pionóis sin a ríomh, mar shampla, rátaí forchéimnitheacha a shocrú.

(10)

D’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ag ceannach isteach éigeantach, i ngnáthdhálaí margaidh agus i ndálaí struis araon. Dá bhrí sin, ba cheart ceannach isteach éigeantach a bheith ina rogha dheiridh agus níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ag an am céanna: ar an gcéad dul síos, maidir le cur i bhfeidhm beart eile, amhail pionóis airgid thirim nó rannpháirtithe a bheith á gcur ar fionraí ag TLUnna, ag CPLanna nó ag ionaid trádála, ar rannpháirtithe iad atá ina gcúis le teipeanna socraíochta ar bhonn seasta agus córasach, ní raibh laghdú fadtéarmach inbhuanaithe ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh orthu ná níor coinníodh leibhéal laghdaithe teipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh orthu; agus, ar an dara dul síos, is dócha go raibh nó go mbeidh éifeacht dhiúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

(11)

Agus breithniú á dhéanamh ar ar cheart ceannach isteach éigeantach a thabhairt isteach, ba cheart don Choimisiún, chomh maith le dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, a iarraidh ar ÚEUM measúnú costais agus tairbhe a sholáthar. Bunaithe ar an measúnú costais agus tairbhe sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ceannach isteach éigeantach a thabhairt isteach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ba cheart a shonrú sa ghníomh cur chun feidhme sin cé na hionstraimí airgeadais nó na catagóirí idirbheart a gcuirfear ceannach isteach éigeantach i bhfeidhm ina leith.

(12)

Dá gcuirfí ceannach isteach i bhfeidhm ar shlabhra idirbheart ar an ionstraim airgeadais chéanna a dhéanann contrapháirtithe ar rannpháirtithe in TLU iad, d’fhéadfaí costais dhúblacha nach bhfuil gá leo a spreagadh agus tionchar a imirt ar leachtacht na hionstraime airgeadais. Chun iarmhairtí mar sin a sheachaint, ba cheart sásra cur ar aghaidh a bheith ar fáil do rannpháirtithe sna hidirbhearta sin. Ba cheart a cheadú do gach rannpháirtí sa slabhra idirbheart oibleagáid ceannach isteach a chur ar aghaidh chuig an chéad rannpháirtí eile.

(13)

Le ceannach isteach éigeantach, ceadaítear go n-íocfaidh an díoltóir an difríocht idir praghas ceannach isteach ionstraime airgeadais agus an bunphraghas trádála a bhí uirthi leis an gceannaitheoir i gcás inarb airde praghas tagartha an cheannach isteach sin ná an bunphraghas trádála, agus sa chás sin amháin. D’fhéadfadh an neamhshiméadracht sin dul chun tairbhe go míchuí don cheannaitheoir i gcás inarb ísle praghas tagartha an cheannach isteach ná an bunphraghas trádála. D’fhágfadh sé freisin go mbeadh sé dodhéanta an sásra cur ar aghaidh a chur i bhfeidhm ós rud é, go háirithe, gur féidir na méideanna atá le híoc a bheith éagsúil idir gach céim i slabhra na n-idirbheart, ag brath ar an uair a dhéanann gach idirghabhálaí an ceannach isteach. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis an neamhshiméadracht sin chun a áirithiú go ndéanfar na téarmaí eacnamaíocha a chur i bhfeidhm arís do na páirtithe trádála, ar téarmaí eacnamaíochta iad a bheadh i bhfeidhm dá ndéanfaí an t-idirbheart bunaidh.

(14)

Tháinig deireadh le feidhm a bheith ag na nósanna imeachta ceannach isteach éigeantaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) an 1 Feabhra 2022, mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229. Mar sin féin, bhí na nósanna imeachta ceannach isteach éigeantaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 neamhspleách ar an gcóras faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ba cheart dóibh leanúint d’fheidhm a bheith acu. Dá bhrí sin, is iomchuí an fhoráil lena rialaítear ceannach isteach éigeantach a athbhunú i Rialachán (AE) Uimh. 236/2012. Níor cheart idirbhearta a thagann faoi raon feidhme na forála sin a bheith faoi réir ceannach isteach éigeantach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(15)

D’fhéadfadh idirbhearta nach bhfuil imréitithe ag CPL a bheith neamh-chomhthaobhaithe agus dá bhrí sin is ar gach comhalta ionaid trádála nó gach páirtí trádála a bheidh an riosca contrapháirtí. Dá n-aistreofaí an riosca sin chuig eintitis eile, mar shampla, chuig rannpháirtithe TLU, chuirfí iallach ar na rannpháirtithe sin a neamhchosaint ar riosca contrapháirtí a chumhdach le comhthaobhacht, rud a d’fhéadfadh costais na socraíochta urrús a mhéadú go díréireach. Dá bhrí sin, ba cheart don chomhalta ionaid trádála a bhfuil ag teip air nó an páirtí trádála a bhfuil ag teip air, de réir mar is infheidhme, a bheith freagrach as an difríocht sa phraghas, as an gcúiteamh airgid thirim agus as na costais ceannach isteach a íoc.

(16)

I gcás ina bhfuil feidhm ag ceannach isteach éigeantach, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chur i bhfeidhm a chur ar fionraí go sealadach in imthosca eisceachtúla áirithe. Ba cheart fionraí den sórt sin a bheith indéanta i gcás catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais i gcás inar gá chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin. Ba cheart fionraí den sórt sin a bheith comhréireach leis na cuspóirí sin.

(17)

Ba cheart do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nuashonraithe a fhorbairt chun na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a chur san áireamh. Chuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin aon cheartúcháin nó leasuithe is gá a dhéanamh d’fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála sin atá ann cheana. Ba cheart do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt freisin chun a shonrú mionsonraí an tsásra cur ar aghaidh, na cineálacha idirbheart a fhágann go bhfuil an próiseas ceannach isteach neamhriachtanach agus conas sainiúlachtaí infheisteoirí miondíola a chur san áireamh agus ceannach isteach éigeantach á dhéanamh.

(18)

I gcás nach ndéanann TLU gníomhaíocht socraíochta roimh thús an phróisis údarúcháin, maidir leis na critéir lena gcinntear cé na húdaráis ábhartha ba cheart a bheith bainteach leis an bpróiseas údarúcháin sin, ba cheart an ghníomhaíocht socraíochta lena bhfuiltear ag súil a chur san áireamh iontu chun a áirithiú go gcuirtear san áireamh tuairimí na n-údarás ábhartha uile a d’fhéadfadh spéis a chur i ngníomhaíochtaí an TLU sin.

(19)

I gcás ina ndéanfaidh TLU nua iarratas ar údarú, ach nach féidir comhlíonadh ceanglas áirithe a mheasúnú toisc nach bhfuil an TLU á oibriú go fóill, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann an t-údarú a dheonú, i gcás ina bhféadfaí glacadh leis le réasún go gcomhlíonfaidh an TLU sin Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nuair a chuirfidh sé tús éifeachtach lena ghníomhaíochtaí. Tá an measúnú sin ábhartha go háirithe maidir le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(20)

Cé go gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar mhaoirseoirí náisiúnta comhoibriú le húdaráis ábhartha agus iad a rannpháirtiú, ní cheanglaítear ar mhaoirseoirí náisiúnta na húdaráis ábhartha sin a chur ar an eolas faoi cé acu a cuireadh nó nár cuireadh nó conas a cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh i dtoradh an phróisis údarúcháin nó cé acu a aithníodh nó nár aithníodh saincheisteanna breise le linn athbhreithnithe agus meastóireachtaí tráthrialta. Dá bhrí sin ba cheart do na húdaráis ábhartha a bheith in ann tuairimí réasúnaithe a eisiúint maidir le húdarú TLUnna agus maidir leis an bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta. Ba cheart do na húdaráis inniúla na tuairimí sin a chur san áireamh nó a mhíniú cén fáth nár leanadh na tuairimí sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla na húdaráis ábhartha, chomh maith le húdaráis eile a ndeachthas i gcomhairle leo, a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis údarúcháin. Ba cheart do na húdaráis inniúla na húdaráis ábhartha, ÚEUM agus an coláiste a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis athbhreithniúcháin agus meastóireachta.

(21)

Na forálacha maidir leis na hamlínte chun TLU a údarú chun croísheirbhísí a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí nó chun a ghníomhaíochtaí a leathnú chuig seirbhísí áirithe eile, ba cheart iad a leasú chun neamhréireachtaí neamhbheartaithe idir na hamlínte sin agus amlínte phróiseas an údarúcháin ghinearálta a bhaint.

(22)

Is gá do na húdaráis inniúla athbhreithnithe agus meastóireachtaí tráthrialta a dhéanamh ar TLUnna chun a áirithiú go leanfaidh socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí iomchuí de bheith ar bun ag TLUnna chun meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil na TLUnna, nó a d’fhéadfaidís a bheith, neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú rianúil na margaí urrús. Léiríodh le taithí, áfach, go mbaineann ualach díréireach le hathbhreithniú agus meastóireacht bhliantúil le haghaidh TLUnna agus údaráis inniúla araon agus gur teoranta an tairbhe a bhaintear dá mbarr. Faoi réir íosmhinicíocht d’uair amháin gach 3 bliana, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann minicíocht níos iomchuí a shocrú d’athbhreithniú agus don mheastóireacht ar gach TLU chun an t-ualach sin a mhaolú agus dúbláil faisnéise a sheachaint ó chleachtadh amháin go cleachtadh eile. Ina theannta sin, agus measúnú á dhéanamh aige ar an minicíocht iomchuí agus ar an doimhneacht iomchuí don athbhreithniú agus don mheastóireacht, ba cheart don údarás inniúil a mheas cad a bheadh comhréireach, agus méid, tábhacht shistéamach, próifíl riosca, cineál, scála agus castacht TLU á gcur san áireamh. Níor cheart, áfach, an bonn a bhaint d’inniúlachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil ná de na cuspóirí lena ndéantar an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla leanúint den deis a bheith acu aon athbhreithniú breise agus aon mheastóireacht bhreise a dhéanamh. Tá TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) freisin.

(23)

Ba cheart do TLU a bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a d’fhéadfadh cosc a chur air a chuid oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla a sholáthar mar ghnóthas leantach agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht raoin iomláin roghanna maidir le téarnamh nó foirceannadh ordúil sna cásanna sin. Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tugadh isteach ceanglais ina leith sin, lena bhforáiltear go háirithe go bhfuil údarás inniúil chun a cheangal ar TLU plean téarnaimh leordhóthanach a thíolacadh agus go bhfuil sé chun a áirithiú go ndéantar plean leormhaith réitigh a bhunú agus a chothabháil i gcás gach TLU. Ní ann faoi láthair, áfach, do chóras comhchuibhithe réitigh ar a bhféadfaí plean réitigh a bhunú. Tagann TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar faoi raon feidhme Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Mar sin féin, níl forálacha sonracha ann le haghaidh TLUnna nach bhfuil údaraithe chun na seirbhísí sin a sholáthar agus dá bhrí sin ní mheastar gur institiúidí creidmheasa faoi Threoir 2014/59/AE iad ar a bhfuil oibleagáid chun pleananna téarnaimh agus réitigh a bheith ar bun acu. Dá bhrí sin ba cheart soiléirithe a thabhairt isteach d’fhonn ailíniú níos fearr a dhéanamh ar na ceanglais is infheidhme maidir le TLUnna á chur san áireamh nach ann do chreat Aontais le haghaidh théarnamh agus réiteach gach TLU. Chun dúbláil ceanglas a sheachaint, i gcás ina mbeidh plean téarnaimh agus réitigh tarraingthe suas le haghaidh TLU faoi Threoir 2014/59/AE, níor cheart a cheangal ar an TLU sin pleananna maidir le téarnamh nó maidir le foirceannadh ordúil a ullmhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, a mhéid a bheidh an fhaisnéis atá le cur san áireamh sna pleananna sin soláthartha cheana féin. Mar sin féin, ba cheart do na TLUnna sin na pleananna téarnaimh arna dtarraingt suas faoin Treoir sin a sholáthar dá n-údarás inniúil.

(24)

Maidir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le TLU a bheith ag soláthar seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit seachas dlí an Bhallstáit ina bhfuil an TLU údaraithe, is léir go mbaineann ualach leis an nós imeachta sin agus tá cuid dá cheanglais míshoiléir. Mar thoradh ar an nós imeachta sin bíonn ar TLUnna dul trí phróiseas atá thar a bheith costasach agus fadálach. Ba cheart dá bhrí sin an nós imeachta a shoiléiriú agus a shimpliú chun na bacainní ar shocraíocht trasteorann a dhíchur ar bhealach níos fearr lena chur ar chumas TLUnna údaraithe tairbhe iomlán a bhaint as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas. Gan dochar do na bearta a bhíonn de dhíth ar TLUnna chun go mbeidh a n-úsáideoirí in ann dlíthe náisiúnta a chomhlíonadh, ba cheart é a bheith soiléir cén creat dlíthiúil ábhartha don mheasúnú a cheanglaítear ar TLU a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i ndáil leis na bearta a bheartaíonn sé a dhéanamh chun go mbeidh a úsáideoirí in ann dlí Ballstáit eile a chomhlíonadh agus nach mbeidh an measúnú teoranta ach do scaireanna. Ba cheart an deis a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta barúil a thabhairt ar an measúnú a bhaineann le dlí an Bhallstáit sin. Ba cheart an cinneadh críochnaitheach a fhágáil faoi údarás inniúil an Bhallstáit baile.

(25)

Chun go mbeidh comhar níos fearr ann maidir le maoirseacht ar TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile a bheith in ann cuireadh a thabhairt d’fhoireann ó údaráis inniúla na mBallstát aíochta agus ó ÚEUM páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair i mbrainsí. Ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile torthaí na gcigireachtaí ar an láthair agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin a tharchur chomh maith chuig ÚEUM agus chuig an gcoláiste.

(26)

Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear go bhfaighfí comhar ó údaráis ar spéis leo oibríochtaí TLUnna a thairgeann seirbhísí i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlíthe níos mó ná Ballstát amháin. Mar sin féin, tá na socruithe maoirseachta ilroinnte i gcónaí agus féadann difríochtaí eascairt astu maidir le leithroinnt agus cineál na gcumhachtaí maoirseachta ag brath ar an TLU lena mbaineann. Cruthaíonn ilroinnt mar sin bacainní ar sholáthar trasteorann sheirbhísí TLU san Aontas, buanaítear léi na neamhéifeachtúlachtaí atá fós i margadh socraíochta an Aontais, agus bíonn tionchar diúltach aici ar chobhsaíocht mhargaí airgeadais an Aontais. Cé go bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 go bhféadfaí coláistí a bhunú, is annamh a úsáideadh an rogha sin. Chun comhordú éifeachtach éifeachtúil na maoirseachta a dhéanann údaráis inniúla a áirithiú, ba cheart bunú coláistí a bheith éigeantach faoi choinníollacha áirithe. Ba cheart coláiste maoirseoirí a bhunú do TLUnna a meastar go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint lena ngníomhaíochtaí ó thaobh fheidhmiú na margaí urrús agus ó thaobh infheisteoirí a chosaint in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad. Níor cheart do choláiste arna bhunú faoin Rialachán seo cineálacha eile comhair idir údaráis inniúla a chosc nó a ionadú. Ba cheart do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na critéir a shonrú ar ar a mbonn is féidir a chinneadh an bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí. Ba cheart an deis a bheith ag comhaltaí coláiste a iarraidh ar an gcoláiste tuairim neamhcheangailteach a ghlacadh maidir le saincheisteanna a sainaithníodh le linn athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar TLU, nó le linn athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta, nó a bhaineann le leathnú nó seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus seirbhísí arna soláthar ag an TLU, nó maidir le haon sárú féideartha ar cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a eascraíonn as seirbhísí a sholáthar i mBallstát aíochta. Ba cheart tuairimí neamhcheangailteacha a ghlacadh le vóta tromlaigh shimplí.

(27)

Mar thoradh ar roinnt tosca, tá faisnéis theoranta faoi láthair ag ÚEUM agus ag na húdaráis inniúla maidir leis na seirbhísí a thairgeann TLUnna tríú tír i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit. Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar chur i bhfeidhm iarchurtha na gceanglas aitheantais, gan dáta deiridh, le haghaidh TLUnna tríú tír a sholáthair seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí san Aontas cheana roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 de bhun Airteagal 69(4) den Rialachán sin. Ar an dara dul síos, toisc, i gcás nach soláthraíonn TLU tríú tír ach an tseirbhís socraíochta, nach mbíonn sé faoi réir ceanglais aitheantais. Ar an tríú dul síos, ó tharla nach gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar TLUnna tríú tír fógra a thabhairt d’údaráis an Aontais faoina gcuid gníomhaíochtaí i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit. Mar gheall ar an easpa faisnéise sin, ní raibh eisitheoirí ná údaráis phoiblí, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta, in ann measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na TLUnna sin san Aontas nuair ba ghá. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar TLUnna tríú tír údaráis an Aontais a chur ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit.

(28)

Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear ar TLU comhlacht bainistíochta a bheith aige a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí, ach líon nach lú ná beirt díobh, ina gcomhaltaí neamhspleácha de. Chun a áirithiú go gcuirfear coincheap an neamhspleáchais i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí, ba cheart an coincheap sin a shoiléiriú, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘comhaltaí neamhspleácha’ i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(29)

Níl ceanglais shonracha i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhfuil feidhm acu i gcás sealúchais cháilitheacha i gcaipiteal TLUnna a fháil nó a mhéadú. Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais mar sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint, a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas maidir le struchtúr scairsheilbhe TLU a áirithiú, ar ceanglais iad atá cosúil leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus i dTreoir 2013/36/AE. Ba cheart d’ÚEUM treoirlínte a cheapadh maidir le measúnú ar oiriúnacht aon duine a stiúrfaidh gnó TLU, agus maidir leis na rialacha nós imeachta agus na critéir mheastóireachta chun measúnú stuamachta a dhéanamh ar éadálacha díreacha nó indíreacha i sealúchais in TLUnna agus ar mhéaduithe ar shealúchais in TLUnna.

(30)

Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na príomhshocruithe ar ina leith ba cheart do choistí úsáideoirí comhairle a chur ar an gcomhlacht bainistíochta, ba cheart soiléiriú breise a thabhairt maidir leis na gnéithe atá san áireamh sa ‘leibhéal seirbhíse’.

(31)

I bhfianaise an róil lárnaigh a bhíonn acu maidir le sábháilteacht na n-idirbheart, ba cheart do TLUnna ní hamháin laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú, ach ba cheart dóibh féachaint leis na rioscaí sin a íoslaghdú chomh maith.

(32)

Oibríonn roinnt TLUnna atá bunaithe san Aontas córais socraíochta urrús a chuireann glansocraíocht iarchurtha i bhfeidhm. Ba cheart do na TLUnna sin na rioscaí a eascraíonn as an úsáid socraíochta sin a thomhas agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(33)

In imthosca áirithe, féadfar urrús a bhunú faoin dlí corparáideach nó faoina chomhionann in dhá Bhallstát éagsúla. Is amhlaidh atá an cás go háirithe ó thaobh urrúis fiachais i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ionchorpraithe i mBallstát amháin agus go bhfuil na hurrúis á n-eisiúint faoi dhlí Ballstáit eile. Tá sé tábhachtach a shoiléiriú i gcásanna den sórt sin gur cheart don dlí corparáideach nó dá chomhionann sa dá Bhallstát leanúint d’fheidhm a bheith aige. Ní rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 rogha an dlí is infheidhme agus, dá bhrí sin, ba cheart go bhfanfadh sé faoi rogha na n-eisitheoirí nó ba cheart é a chinneadh le dlí ar shlí eile.

(34)

Maidir le heisitheoirí a shocraíonn go ndéanfar a gcuid urrús a thaifeadadh in TLU atá bunaithe i mBallstát eile, chun a áirithiú gur féidir leo forálacha ábhartha an dlí chorparáidigh nó a chomhionann sa Bhallstát sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit an liosta de na príomhfhorálacha ábhartha sin den dlí náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus é a chur in iúl do ÚEUM chun críocha a fhoilsithe.

(35)

Chun rioscaí socraíochta i ngeall ar dhócmhainneacht gníomhaire socraíochta a sheachaint, ba cheart do TLU íocaíochtaí airgid thirim a chórais socraíochta urrús a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le banc ceannais, tráth ar bith a bheidh an rogha sin praiticiúil agus ar fáil. I gcás nach bhfuil an rogha sin praiticiúil ná ar fáil, mar shampla, i gcás nach gcomhlíonann TLU na coinníollacha i dtaobh cuntas a oscailt le banc ceannais seachas banc ceannais a Bhallstáit baile, ba cheart an TLU sin a bheith in ann na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh a shocrú in airgeadra seachas airgeadra na tíre ina bhfuil an TLU bunaithe trí chuntais arna n-oscailt le TLUnna nó le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar faoi na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(36)

Chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’éifeachtúlacht an mhargaidh socraíochta, margaí caipitil a dhoimhniú agus socraíocht trasteorann a fheabhsú, ba cheart do TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, a ndéantar faireachán ar a rioscaí ábhartha cheana féin, a bheith in ann seirbhísí a thairiscint a bhaineann le socrú na n-íocaíochtaí airgid thirim do TLUnna nach bhfuil údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE, in airgeadra seachas airgeadra na tíre ina bhfuil an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí sin a úsáid bunaithe, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil siad mar chuid den ghrúpa céanna cuideachtaí. Níor cheart údarú chun TLUnna nó institiúidí creidmheasa a ainmniú a úsáid ach amháin chun íocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh úsáid a bhaint as na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta nó le haghaidh cuid díobh. Níor cheart é a úsáid chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh. Ba cheart go bhféadfadh TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trína chuntais féin nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar a údarú chun é sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(37)

Faoi bhun tairseach iomchuí, ba cheart TLUnna nach bhfuil údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar a bheith in ann na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus trí chuntais arna n-oscailt le haon institiúid creidmheasa in airgeadra ar bith. Ba cheart uasmhéid comhiomlán a bheith sa tairseach sin do shocrú íocaíochtaí airgid thirim den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart an tairseach a chalabrú ar bhealach a chuireann éifeachtúlacht socraíochta chun cinn agus a cheadaíonn do TLUnna leibhéal socraíochta airgid thirim a bhaint amach ar os a chionn sin a cheanglaítear údarú baincéireachta faoi Threoir 2013/36/AE nó nasc a dhéanamh le banc ceannais eisiúna, agus cobhsaíocht airgeadais á háirithiú agus na himpleachtaí riosca a eascraíonn as na maoluithe is infheidhme faoin tairseach sin á dteorannú ag an am céanna. Agus an tairseach á calabrú, ba cheart a chur san áireamh an gá atá le TLUnna a bheith in ann íocaíochtaí a shocrú in airgeadraí éagsúla, go háirithe i gcás na n-airgeadraí is leachtaí, agus teorainn iomchuí a shocrú a bheadh infheidhme maidir leis an TLU ina iomláine. Ba cheart a chur san áireamh i gcalabrú na tairsí an gá atá le haistriú neamhbheartaithe ón socrú in airgead bainc ceannais a sheachaint.

(38)

Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas speisialaithe aige maidir le cúrsaí baincéireachta agus riosca creidmheasa, ba cheart a chur de chúram ar an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh chun tairseach iomchuí a leagan síos agus aon cheanglais iomchuí bainistithe riosca agus stuamachta a bhaineann léi sin a shonrú. Ba cheart do ÚBE obair i ndlúthchomhar freisin le comhaltaí CEBC agus le ÚEUM. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart do na húdaráis inniúla, a dhéanann faireachán tráthrialta ar an tairseach, na torthaí uathu mar aon leis na sonraí bunúsacha a tharchur chuig ÚEUM agus ÚBE agus na torthaí uathu a tharchur chuig comhaltaí CEBC, go háirithe chun cur le tuarascáil tráthrialta ba cheart do ÚBE a ullmhú, i gcomhar le comhaltaí CEBC agus le ÚEUM, maidir le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta.

(39)

Ba cheart do TLUnna, lena n-áirítear TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, agus ba cheart d’institiúidí creidmheasa ainmnithe, rioscaí ábhartha a chumhdach ina gcuid creataí bainistithe riosca agus stuamachta. I measc na n-uirlisí chun na rioscaí sin a chumhdach ba cheart acmhainní leordhóthanacha cáilitheacha leachtacha a choimeád i ngach airgeadra ábhartha agus a áirithiú go bhfuil na cásanna struis láidir go leor. Ba cheart do TLUnna a áirithiú freisin go ndéanfar na rioscaí comhfhreagracha leachtachta a bhainistiú agus a chumhdach trí shocruithe cistiúcháin ard-iontaofa le hinstitiúidí inchairde; ba cheart na socruithe sin a bheith geallta nó ba cheart iontaofacht chomhchosúil a bheith acu. Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta sonracha a bheith ag TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta chun dul i ngleic le rioscaí creidmheasa, leachtachta agus comhchruinnithe a d’fhéadfadh teacht as na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh chun na caighdeáin theicniúla rialála atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe sin ar cheanglais stuamachta a chur san áireamh. Chuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin aon leasuithe is gá a dhéanamh d’fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála sin, mar shampla na ceanglais sin a bhaineann le bainistiú na n-easnamh leachtachta a d’fhéadfadh a bheith ann.

(40)

Maidir le tréimhse nach bhfuil inti ach mí amháin a bheith ag údaráis ábhartha agus údaráis inniúla chun tuairim réasúnaithe a eisiúint ar an údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, is léir go bhfuil tréimhse den sórt sin róghearr chun go mbeadh na húdaráis sin in ann anailís a bhfuil bunús léi a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do thréimhse níos faide a mhairfeadh dhá mhí.

(41)

Chun dóthain ama a thabhairt do TLUnna atá bunaithe san Aontas agus do TLUnna tríú tír chun iarratas a dhéanamh ar údarú agus aitheantas i leith a gcuid gníomhaíochtaí, rinneadh dáta chur i bhfeidhm na gceanglas údarúcháin agus aitheantais de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a iarchur i dtosach go dtí go raibh cinneadh údarúcháin agus aitheantais déanta de bhun an Rialacháin sin. Tá dóthain ama caite ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin anois chun, ar thaobh amháin, cothrom iomaíochta a áirithiú i measc na TLUnna uile a thairgeann seirbhísí i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit agus, ar an taobh eile, chun a áirithiú go mbeidh ag údaráis, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, an fhaisnéis is gá chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar an gcobhsaíocht airgeadais.

(42)

Faoi láthair, le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear ar ÚEUM, i gcomhar le ÚBE, le húdaráis inniúla náisiúnta agus leis na húdaráis ábhartha, tuarascálacha bliantúla a ullmhú ar 12 thopaic agus na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil. Tá an ceanglas sin díréireach i bhfianaise cineál topaicí áirithe nach gá nuashonrú bliantúil a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart athchalabrú a dhéanamh ar mhinicíocht agus líon na dtuarascálacha sin chun an t-ualach ar ÚEUM agus ar údaráis inniúla a laghdú agus chun a áirithiú go soláthraítear don Choimisiún an fhaisnéis atá de dhíth air chun cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a athbhreithniú. Mar sin féin, i bhfianaise na n-athruithe ar an gcóras araíonachta socraíochta atá i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a thugtar isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí ceangal a chur ar ÚEUM tuarascálacha a ullmhú go tráthrialta don Choimisiún maidir le roinnt topaicí breise, mar shampla, bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil éifeachtúlacht socraíochta TLU i gcaitheamh tréimhse 6 mhí i bhfad níos ísle ná na meánleibhéil éifeachtúlachta socraíochta arna dtaifeadadh i margadh an Aontais agus an fhéidearthacht uirlisí rialála breise a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a fheabhsú. Thairis sin, ba cheart do ÚEUM, i gcomhar le comhaltaí CEBC, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an ngiorrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an timthriall socraíochta chun bonn eolais a chur faoi fhorbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an topaic sin. Ba cheart do ÚBE tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina ndíreofar ar thorthaí na n-údarás inniúil mar thoradh ar an bhfaireachán a dhéanann siad ar an tairseach maidir le híocaíochtaí airgid thirim a shocrú. Arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart do ÚEUM measúnú costais agus tairbhe a sholáthar ar cheart é a úsáid mar bhonn don ghníomh cur chun feidhme maidir le ceannach isteach éigeantach.

(43)

Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun go gcuirfí san áireamh, agus na paraiméadair á gceapadh chun leibhéal na bpionós airgid thirim a ríomh, fad na teipe socraíochta, leibhéal na dteipeanna socraíochta in aghaidh aicme ionstraimí airgeadais agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag rátaí úis ísle nó diúltacha ar dhreasachtaí contrapháirtithe agus ar theipeanna, agus na paraiméadair sin a athbhreithniú; agus chun a shonrú cad iad na bunchúiseanna le teip socraíochta nach measfar a bheith inchurtha i leith na rannpháirtithe agus cé na hoibríochtaí nach meastar gur oibríochtaí trádála iad. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(44)

Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE agus le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE agus ag ÚEUM a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: sonraíochtaí an phróisis ceannach isteach éigeantaigh maidir le mionsonraí an tsásra cur ar aghaidh, na cineálacha idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach agus conas sainiúlachtaí infheisteoirí miondíola a chur san áireamh agus ceannach isteach éigeantach á dhéanamh; an fhaisnéis faoina bhfuil fógra le tabhairt ag TLUnna tríú tír; na coinníollacha faoina measfar go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí TLU; na rialacha agus na nósanna imeachta a bheidh le bunú ag TLU a sholáthróidh seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta; mionsonraí maidir leis na rioscaí creidmheasa agus leachtachta a bhaineann le TLUnna a thomhas, a bhainistiú agus a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu i ndáil le glansocraíocht iarchurtha; agus an tairseach faoina bhféadfaidh TLUnna aon institiúid creidmheasa a úsáid chun íocaíochtaí airgid thirim a shocrú; agus na ceanglais stuamachta nuashonraithe maidir le leachtacht agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rioscaí creidmheasa, leachtachta agus comhchruinnithe i gcás TLUnna a údaraítear chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo, agus go háirithe maidir le cur i bhfeidhm agus fionraí ceanglas ceannach isteach éigeantaigh, i gcás ina bhfuil feidhm acu sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcás ina mbeidh údar cuí leis agus nuair is gá sin, i ndáil le cur i bhfeidhm agus fionraí ceannach isteach éigeantaigh, ar mhórchúiseanna práinne.

(46)

Is gníomhartha dlí de chuid an Aontais iad gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 290 agus 291 CFAE. De bhun Airteagail 127(4) agus 282(5) CFAE, táthar le dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta. I gcás inar gá dul i gcomhairle le BCE de bhun na gConarthaí, táthar le dul i gcomhairle go cuí le BCE maidir leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán seo.

(47)

Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an soláthar socraíochta trasteorann a dhéanann TLUnna a mhéadú, an t-ualach riaracháin agus costais chomhlíontachta a laghdú agus a áirithiú go mbíonn faisnéis leordhóthanach ag údaráis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a scála agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(48)

Maidir le cur i bhfeidhm raon feidhme athbhreithnithe na rialacha maidir le pionóis airgid thirim, na ceanglais nua maidir le bunú coláistí maoirseoirí, fógra a bheith á thíolacadh ag TLUnna tríú tír faoi na croísheirbhísí a sholáthraíonn siad i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit, na rialacha nua maidir le glansocraíocht iarchurtha, an tairseach athbhreithnithe faoinar féidir le hinstitiúidí creidmheasa tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh cuid de chóras socraíochta urrús an TLU, agus na ceanglais stuamachta athbhreithnithe is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ba cheart iad a chur siar nó a bheith faoi réir forálacha idirthréimhseacha iomchuí chun dóthain ama a thabhairt chun na gníomhartha tarmligthe riachtanacha a ghlacadh lena sonraítear ceanglais den sórt sin a thuilleadh. I bhfianaise na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile, is iomchuí freisin soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha ar cheart feidhm a bheith acu maidir le soláthar seirbhísí ó TLUnna i mBallstáit seachas an Ballstát baile, agus bunú brainse i mBallstát eile. I bhfianaise na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le minicíocht agus ábhar na dtuarascálacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚEUM, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialaítear ábhar roinnt de na tuarascálacha sin a chur siar chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain ama ag ÚEUM na tuarascálacha nua a ullmhú agus nach gceanglófar ach na tuarascálacha atá le hullmhú faoi na forálacha atá ann cheana a thíolacadh faoin 30 Aibreán 2024.

(49)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) Uimh. 236/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):

‘(26)

ciallaíonn ‘mainneachtain’, maidir le rannpháirtí, cás ina ndéantar imeachtaí dócmhainneachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (j), de Threoir 98/26/CE, a thionscnamh i gcoinne rannpháirtí nó imeacht a shainmhínítear i rialacha inmheánacha an TLU mar mhainneachtain;’;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(47)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa de réir bhrí Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE;

(48)

ciallaíonn ‘dlúthnaisc’ dlúthnaisc mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (35), de Threoir 2014/65/AE;

(49)

ciallaíonn ‘sealúchas cáilitheach’ sealúchas díreach nó indíreach in TLU ina bhfuil 10 % ar a laghad den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagail 9, 10 agus 11 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú TLU;

(50)

ciallaíonn ‘glansocraíocht iarchurtha’ sásra socraíochta ina bhfuil orduithe aistrithe airgid thirim nó urrús i ndáil le hidirbhearta urrús na rannpháirtithe sa chóras socraíochta urrús faoi réir glanluachála, agus ina dtarlaíonn socraíocht ghlanéilimh agus oibleagáidí na rannpháirtithe ag deireadh timthriallta socraíochta réamhshainithe le linn nó ag deireadh an lae gnó.

(*1)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).’;"

(2)

in Airteagal 6(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘5.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na bearta a shonrú chun teipeanna socraíochta a chosc chun éifeachtúlacht socraíochta a mhéadú agus go háirithe chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na bearta atá le déanamh ag gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le mír 2, an chéad fhomhír;

(b)

mionsonraí na nósanna imeachta lena n-éascaítear socraíocht dá dtagraítear i mír 3, lena bhféadfaí múnlú mhéideanna na n-idirbheart, socrú páirteach na dtrádálacha a bhfuil ag teip orthu, agus úsáid clár uathiasachtaithe/uathiasachtaí arna soláthar ag TLUnna áirithe a áireamh; agus

(c)

mionsonraí na mbeart chun socrú tráthúil idirbheart dá dtagraítear i mír 4 a spreagadh agus a dhreasú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Iúil 2025.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta

1.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibríonn sé, bunóidh TLU córas a dhéanann faireachán ar theipeanna socraíochta i gcás idirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Tabharfaidh TLU tuarascálacha tráthrialta don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha maidir le líon agus le mionsonraí na dteipeanna socraíochta agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear na bearta atá beartaithe ag TLU agus ag a rannpháirtithe chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta. Fógróidh TLU na tuarascálacha sin i bhfoirm chomhiomlánaithe gan ainmneacha ar bhonn bliantúil. Roinnfidh na húdaráis inniúla le ÚEUM aon fhaisnéis ábhartha maidir le teipeanna socraíochta.

2.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibríonn sé, bunóidh TLU nósanna imeachta lena n-éascaítear socrú idirbheart in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nach bhfuil socraithe ar an dáta socraíochta atá beartaithe. Leis na nósanna imeachta sin, déanfar foráil do shásra pionóis a fheidhmeoidh mar bhac éifeachtach ar rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta.

Roimh dó na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú, rachaidh TLU i gcomhairle leis na hionaid trádála ábhartha agus leis na CPLanna ábhartha a soláthróidh sé seirbhísí socraíochta ina leith.

Áireofar ar an sásra pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír pionóis airgid thirim le haghaidh rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta (‘rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu’). Ríomhfar pionóis airgid thirim ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a bhíonn teip ann idirbheart a shocrú tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe go dtí go socrófar an t-idirbheart nó go dtí go gcuirfear an t-idirbheart ar ceal go déthaobhach. Ní dhéanfar na pionóis airgid thirim a chumrú mar fhoinse ioncaim don TLU.

3.   Ní bheidh feidhm ag an sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

teipeanna socraíochta nach bhfuil a mbunchúis inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart;

(b)

oibríochtaí nach meastar gur oibríochtaí trádála iad;

(c)

idirbhearta ar ina leith is CPL an rannpháirtí a bhfuil ag teip air, ach amháin i gcás idirbhearta a dhéanann CPL i gcás nach n-idirchuireann sé é féin idir na contrapháirtithe; nó

(d)

idirbhearta ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air.

4.   Féadfaidh CPL sásra a bhunú ina rialacha chun caillteanais a chumhdach a d’fhéadfadh sé a thabhú mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 2, an tríú fomhír.

5.   Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí pharaiméadair a shonrú chun ríomh a dhéanamh ar leibhéal díspreagtha agus comhréireach le haghaidh na bpionós airgid thirim dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo bunaithe ar an méid seo a leanas ar fad:

(a)

cineál sócmhainne;

(b)

leachtacht na hionstraime airgeadais;

(c)

cineál idirbhirt;

(d)

fad na teipe socraíochta.

Agus na paraiméadair dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sonrú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh leibhéal na dteipeanna socraíochta de réir aicme ionstraimí airgeadais agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag rátaí úis ísle nó diúltacha ar dhreasachtaí contrapháirtithe agus ar theipeanna socraíochta. Leis na paraiméadair a úsáidtear chun pionóis airgid thirim a ríomh, áiritheofar ardleibhéal araíonachta socraíochta agus feidhmiú réidh agus ordúil na margaí airgeadais lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na paraiméadair chun leibhéal na bpionós airgid thirim a ríomh ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar a iomchuí agus a éifeachtaí atá na pionóis airgid thirim maidir le leibhéal teipeanna socraíochta a bhaint amach san Aontas a mheastar a bheith inghlactha ag féachaint don tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

6.   Faoin 17 Eanáir 2026, foilseoidh ÚEUM liosta de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó a imréitítear trí CPL agus coinneoidh sé cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin é.

7.   Bunóidh TLUnna, CPLanna agus ionaid trádála nósanna imeachta lena gcuirtear ar a gcumas, i gcomhairle lena n-údaráis inniúla faoi seach, aon rannpháirtí a dteipeann air ar bhonn seasta agus córasach na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a sholáthar ar an dáta socraíochta atá beartaithe a fhionraí agus ainm an rannpháirtí sin a nochtadh don phobal tar éis deis a thabhairt don rannpháirtí sin a bharúlacha a thíolacadh agus ar an gcoinníoll go gcuirtear údaráis inniúla TLUnna, na CPLanna agus na n-ionad trádála, agus an rannpháirtí féin ar an eolas mar is iomchuí, agus sa chás sin amháin. Chomh maith le dul i gcomhairle sula ndéantar aon fhionraí, cuirfidh na TLUnna, na CPLanna agus na hionaid trádála na húdaráis inniúla faoi seach ar an eolas gur fionraíodh rannpháirtí. Cuirfidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha ar an eolas láithreach gur fionraíodh rannpháirtí.

Nuair a nochtar fionraí go poiblí, ní bheidh sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) ann.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu ar CPLanna iad nó i gcásanna ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air.

8.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an príomhionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Cinnfear láthair an phríomhionaid chun scaireanna a thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

9.   Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

bunchúiseanna na dteipeanna socraíochta a mheastar nach bhfuil siad inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart faoi mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo; agus

(b)

na himthosca nach meastar gur oibríochtaí trádála faoi mhír 3, pointe (b), den Airteagal seo iad oibríochtaí.

10.   Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

mionsonraí an chórais lena ndéantar faireachán ar theipeanna socraíochta agus na tuarascálacha maidir le teipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na próisis chun pionóis airgid thirim agus aon fháltais eile a d’fhéadfadh teacht as pionóis den sórt sin a bhailiú agus a ath-leithdháileadh i gcomhréir le mír 2;

(c)

na coinníollacha faoina meastar go dteipeann ar rannpháirtí, ar bhonn seasta agus córasach, na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 7 a sholáthar.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7a

An próiseas ceannach isteach éigeantaigh

1.   Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) ná don cheart an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus bunaithe ar an measúnú costais agus tairbhe arna sholáthar ag ÚEUM de bhun Airteagal 74(4), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, a chinneadh cé acu de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), nó catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin, a bhfuil an córas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 den Airteagal seo le cur i bhfeidhm maidir leo i gcás ina measann an Coimisiún gur modh riachtanach, iomchuí agus comhréireach é an ceannach isteach éigeantach chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

ní raibh laghdú inbhuanaithe fadtéarmach ar theipeanna socraíochta san Aontas ná leibhéal laghdaithe ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), fiú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós airgid thirim i gcomhréir le hAirteagal 7(5), an dara fomhír;

(b)

bíonn nó is dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

Chun teacht ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas uile san áireamh:

(a)

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh ar mhargaí airgeadais san Aontas;

(b)

líon, méid agus fad na dteipeanna socraíochta, lena n-áirítear líon agus méid na dteipeanna socraíochta atá gan íoc ag deireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear i mír 4;

(c)

cibé atá nó nach bhfuil ionstraim airgeadais ar leith nó catagóir idirbheart ar leith san ionstraim airgeadais sin faoi réir forálacha conarthacha iomchuí cheana féin lena dtugtar ceart do rannpháirtithe is faighteoirí ceannach isteach a ghníomhachtú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2). Sonrófar ann dáta cur i bhfeidhm nach luaithe ná 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm.

2.   Foilseoidh ÚEUM liosta de na hionstraimí airgeadais arna gcinneadh leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus coinneoidh sé cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin é.

3.   Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar éifeachtacht agus comhréireacht an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus, i gcás inarb iomchuí, struchtúr nó déine an tsásra pionóis a athrú chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a mhéadú;

(b)

breithniú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, in ainneoin an sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a bheith curtha i bhfeidhm roimh ré agus na réasúnaíochta agus na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hionstraimí airgeadais sonracha agus catagóirí idirbheart sonracha a chur faoi réir ceannach isteach éigeantach.

4.   Gan dochar don cheart chun an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, i gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 1 agus i gcás nár sholáthair rannpháirtí a bhfuil ag teip air na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an ngníomh cur chun feidhme sin don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe (‘tréimhse shínidh’) de 5 lá gnó, cuirfear tús le próiseas ceannach isteach éigeantaigh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, bunaithe ar an gcineál sócmhainne agus ar leachtacht na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, féadfar an tréimhse shínidh a mhéadú go 7 lá gnó ar a mhéad i gcás ina mbeadh tionchar ag tréimhse shínidh níos giorra ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí lena mbaineann.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, i gcás ina mbaineann an t-idirbheart le hionstraim airgeadais a thrádáiltear ar mhargadh fáis FBManna, is é 15 lá gnó a bheidh sa tréimhse shínidh ach amháin má chinneann margadh fáis FBManna tréimhse níos giorra a chur i bhfeidhm.

5.   Beidh na hionstraimí atá faoi réir an phróisis ceannach isteach éigeantaigh ar fáil lena socrú agus soláthrófar iad don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse ama iomchuí.

6.   I gcás, mar thoradh ar theip socraíochta i slabhra idirbheart, inarb ann do theipeanna socraíochta ar idirbhearta ina dhiaidh sin sa slabhra, beidh sé de cheart ag gach rannpháirtí a oibleagáid an ceannach isteach éigeantach a thionscnamh a chur ar aghaidh chuig an gcéad rannpháirtí eile sa slabhra.

Measfar go gcomhlíonann an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach an oibleagáid ceannach isteach éigeantach a dhéanamh i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air i gcás ina gcuireann sé a oibleagáid ar aghaidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach freisin a chuid oibleagáidí i leith an rannpháirtí is faighteoir deiridh a chur ar aghaidh chuig an rannpháirtí a bhfuil ag teip air de bhun mhíreanna 8, 9 agus 10.

Cuirfear an TLU ábhartha ar an eolas faoin gcaoi ar réitíodh an t-idirbheart ar theip air feadh shlabhra na n-idirbheart.

7.   Ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i mír 4 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na teipeanna socraíochta, oibríochtaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 7(3);

(b)

idirbhearta maoiniúcháin urrús;

(c)

cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach;

(d)

idirbhearta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

8.   Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), i gcás ina bhfuil praghas na n-ionstraimí airgeadais a comhaontaíodh tráth na trádála difriúil leis an bpraghas a íocadh as an gceannach isteach a dhéanamh, déanfaidh an rannpháirtí a bhaineann tairbhe as an difríocht sa phraghas an difríocht a íoc leis an rannpháirtí eile tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis na hionstraimí airgeadais a bheith soláthartha tar éis an cheannach isteach.

9.   Má theipeann ar an gceannach isteach nó mura bhféadfar é a dhéanamh, féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir rogha a dhéanamh íocaíocht a fháil trí chúiteamh airgid thirim nó déanamh an cheannach isteach a chur siar go dáta níos déanaí atá iomchuí (‘tréimhse iarchurtha’). Mura soláthraítear na hionstraimí airgeadais ábhartha don rannpháirtí is faighteoir faoi dheireadh na tréimhse iarchurtha, íocfar an cúiteamh airgid thirim don rannpháirtí is faighteoir.

Íocfar cúiteamh airgid thirim tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis dheireadh an phróisis ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i mír 4 nó, i gcásanna ina roghnaíonn an rannpháirtí is faighteoir déanamh an cheannach isteach a chur siar, tar éis dheireadh na tréimhse iarchurtha.

10.   Aisíocfaidh an rannpháirtí a bhfuil ag teip air an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i leith na méideanna uile arna n-íoc i ndáil leis an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh arna thionscnamh de bhun mhír 4, an chéad fhomhír, lena n-áirítear aon táillí a eascraíonn as an gceannach isteach a dhéanamh. Déanfar táillí den sórt sin a nochtadh go soiléir do na rannpháirtithe.

11.   Beidh feidhm ag míreanna 4 go 10 maidir le gach idirbheart de chuid na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó atá imréitithe ag CPL mar a leanas:

(a)

i gcás idirbhearta atá imréitithe ag CPL, is é CPL an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i gcomhréir le míreanna 4 go 10;

(b)

i gcás idirbhearta nach bhfuil imréitithe ag CPL, ach a dhéantar ar ionad trádála, áireoidh an t-ionad trádála ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a chomhaltaí agus ar a rannpháirtithe na bearta dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a chur i bhfeidhm;

(c)

i gcás na n-idirbheart go léir seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo, áireoidh TLUnna ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a rannpháirtithe a bheith faoi réir na mbeart dá dtagraítear i míreanna 4 go 10.

Soláthróidh TLU an fhaisnéis riachtanach socraíochta do CPLanna agus d’ionaid trádála lena chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

Gan dochar do phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, féadfaidh TLUnna faireachán a dhéanamh ar dhéanamh ceannach isteach dá dtagraítear sna pointí sin i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais céanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse ina ndéantar iad, a mbeidh sé d’aidhm acu an líon ceannach isteach atá le déanamh a íoslaghdú agus ar an gcaoi sin an tionchar ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais ábhartha a íoslaghdú freisin.

12.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an príomhionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Cinnfear láthair an phríomhionaid chun scaireanna a thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

13.   Féadfaidh ÚEUM a mholadh go bhfionródh an Coimisiún, ar bhealach comhréireach, an sásra ceannach isteach dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais i gcás inar gá chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas nó chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin. Beidh measúnú lánréasúnaithe ar an ngá atá leis ag gabháil le moladh den sórt sin, agus ní dhéanfar é a phoibliú.

Sula ndéanfaidh sé an moladh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le comhaltaí CEBC agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach.

Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis an moladh a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a sholáthair ÚEUM, an sásra ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a fhionraí le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, nó an fhionraí mholta a dhiúltú. I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún don fhionraí mholta, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis den sórt sin a phoibliú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3).

Cuirfear fionraí an tsásra ceannach isteach éigeantaigh in iúl do ÚEUM agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Beidh fionraí an tsásra ceannach isteach éigeantaigh bailí ar feadh tréimhse thosaigh nach faide ná 6 mhí ó dháta chur i bhfeidhm na fionraí sin.

I gcás ina leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh a chur leis an bhfionraí le haghaidh tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí an ceann, ach ní mhairfidh tréimhse iomlán na fionraí tréimhse níos faide ná 12 mhí. Déanfar síneadh ar bith a chuirtear leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa seachtú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na fionraí dá dtagraítear sa séú fomhír nó roimh dheireadh an tsínidh dá dtagraítear sa seachtú fomhír, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu a leanann nó nach leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu.

14.   I gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh sin ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun measúnú a dhéanamh cibé atá na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin fós á gcomhlíonadh nó nach bhfuil.

I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, glacfaidh sé, gan mhoill, gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear nó lena n-aisghairtear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, féadfaidh sé a mholadh don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a leasú nó a aisghairm. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 13, an chéad fhomhír go dtí an ceathrú fomhír.

15.   Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:

(a)

mionsonraí oibríocht oibriú an phróisis ceannach isteach iomchuí dá dtagraítear i míreanna 4 go 10, lena n-áirítear tréimhsí ama iomchuí, calabraithe agus an cineál sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais á gcur san áireamh, chun an ionstraim airgeadais a sholáthar tar éis an phróisis ceannach isteach;

(b)

na himthosca ina bhféadfaí cur leis an tréimhse shínidh de réir an chineáil sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais, i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, agus na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar leachtacht faoi Airteagal 2(1), pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;

(c)

mionsonraí an tsásra cur ar aghaidh faoi mhír 6;

(d)

cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 7, pointe (c), amhail socruithe comhthaobhachta airgeadais nó idirbhearta lena n-áirítear forálacha glanluachála socraíochta;

(e)

modheolaíocht chun an cúiteamh airgid thirim dá dtagraítear i mír 9 a ríomh;

(f)

an fhaisnéis riachtanach socraíochta dá dtagraítear i mír 11, an dara fomhír; agus

(g)

na mionsonraí maidir leis an gcaoi ina bhfuil rannpháirtithe TLUnna, CPLanna agus comhaltaí an ionaid trádála le sainiúlachtaí na n-infheisteoirí miondíola a chur san áireamh agus an ceannach isteach éigeantach á dhéanamh i gcomhréir le mír 11.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(4)

in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

na bainc cheannais san Aontas a eisíonn na hairgeadraí is ábhartha ina ndéantar nó ina ndéanfar socraíocht;

(c)

i gcás inarb ábhartha, an banc ceannais san Aontas arb ina chuid leabhar a shocraítear nó a shocrófar íocaíochtaí airgid thirim córais socraíochta urrús arna oibriú ag an TLU.’;

(5)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach gcomhlíonann TLU is iarratasóir ceanglais uile an Rialacháin seo, ach i gcás inar féidir glacadh leis le réasún go ndéanfaidh sé amhlaidh nuair a thosóidh sé a chuid gníomhaíochtaí, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a dheonú faoi réir an choinníll go mbíonn na socruithe uile is gá ar bun ag TLU is iarratasóir chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh nuair a thosóidh sé a chuid gníomhaíochtaí.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ón tráth a mheasfar go bhfuil an t-iarratas iomlán, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis go léir atá ar áireamh san iarratas chuig na húdaráis ábhartha agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na gnéithe den chóras socraíochta urrús a oibríonn an TLU is iarratasóir.

Féadfaidh gach údarás ábhartha tuairim réasúnaithe a eisiúint faoina réimsí inniúlachta don údarás inniúil laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis a fháil ón údarás ábhartha. I gcás nach soláthraíonn údarás ábhartha tuairim laistigh den tréimhse ama sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

I gcás ina n-eisíonn ar a laghad ceann amháin de na húdaráis ábhartha tuairim réasúnaithe dhiúltach, agus ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil mar sin féin an t-údarú a dheonú, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin do na húdaráis ábhartha, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an tuairim dhiúltach a fháil, na cúiseanna leis an rún atá aige an t-údarú a dheonú d’ainneoin na tuairime diúltaí.

Féadfaidh aon cheann de na húdaráis ábhartha a d’eisigh tuairim dhiúltach dá dtagraítear sa tríú fomhír an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás nach socraítear an tsaincheist laistigh de 1 mhí amháin tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil sé beartaithe aige an t-údarú a dheonú cinneadh críochnaitheach agus tabharfaidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh uaidh i scríbhinn do na húdaráis ábhartha.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil diúltú don údarú, ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM.

I dtuairim dhiúltach dá dtagraítear sa tríú fomhír, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘7a.   Chomh maith le dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil, sula ndeonóidh sé údarú don TLU is iarratasóir, dul i gcomhairle le húdaráis eile a dhéanann maoirseacht ar eintiteas ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sa TLU is iarratasóir maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 7.’

;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘8a.   Déanfaidh an t-údarás inniúil torthaí an phróisis údarúcháin, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin, a chur in iúl, gan moill mhíchuí, do na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle de bhun mhíreanna 4 go 7a.’

;

(6)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Maidir le húdarú a dheonú chun croísheirbhís a sheachfhoinsiú do thríú páirtí de bhun mhír 1 nó chun gníomhaíochtaí a leathnú de bhun mhír 1, pointí (a), (c) agus (d), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17.

Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (b), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2), (3), (5) agus (8a).

Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (e), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2) agus (3).

Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó ar diúltaíodh é laistigh de 3 mhí ó iarratas comhlánaithe a bheith curtha faoina bhráid.’

;

(7)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfaidh TLU nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina dtarraingítear siar údarú dá dtagraítear i mír 1. Áireofar ar nósanna imeachta den sórt sin aistriú na gcuntas eisiúna nó taifead comhchosúil lena bhfianaítear eisiúint urrús, agus na dtaifead atá bainteach le soláthar na gcroísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar na socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí arna gcur chun feidhme ag TLU, lena n-áirítear na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 22a, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil TLU, nó a bhféadfadh TLU, a bheith neamhchosanta orthu nó a chruthaíonn TLU d’fheidhmiú rianúil na margaí urrús nó chobhsaíocht na margaí airgeadais.

Socróidh an t-údarás inniúil minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag féachaint do mhéid, tábhacht shistéamach, próifíl riosca, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann.

Déanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht ar a laghad gach 3 bliana.’

;

(b)

scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6.   Le linn dó an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás inniúil, ag céim luath, an fhaisnéis is gá a tharchur chuig na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus rachaidh sé i gcomhairle leo maidir le cibé atá nó nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh ag an TLU a mhéid a bhaineann le feidhmiú na gcóras socraíochta urrús arna n-oibriú ag an TLU.

Féadfaidh na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe a eisiúint faoina réimsí inniúlachta laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis a fháil ón údarás inniúil.

I gcás nach soláthraíonn údarás lena ndeachthas i gcomhairle tuairim laistigh den sprioc-am sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

I gcás ina n-eisíonn údarás lena ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe dhiúltach agus ina n-easaontaíonn an t-údarás inniúil léi, déanfaidh an t-údarás inniúil sin, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an tuairim dhiúltach a fháil, réasúnú lena dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a thabhairt don údarás lena ndeachthas i gcomhairle.

Féadfaidh aon cheann de na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás nach socraítear an tsaincheist laistigh de 1 mhí amháin tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh críochnaitheach maidir leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh uaidh i scríbhinn do na húdaráis ábhartha.

I dtuairimí diúltacha dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.

7.   Déanfaidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha, ÚEUM agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a den Rialachán seo agus an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis.’

;

(d)

leasaítear mír 10 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

an fhaisnéis atá le soláthar ag an údarás inniúil i gcomhréir le mír 7;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.’;

(e)

i mír 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.’;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Pleananna don téarnamh agus don fhoirceannadh ordúil

1.   Sainaithneoidh TLU cásanna a d’fhéadfadh cosc a chur air a chuid oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla a sholáthar mar ghnóthas leantach agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht raoin iomláin roghanna maidir le téarnamh nó foirceannadh ordúil. Sna cásanna sin, cuirfear san áireamh na rioscaí éagsúla neamhspleácha agus gaolmhara a bhfuil an TLU neamhchosanta orthu. Ag úsáid na hanailíse sin, ullmhóidh TLU pleananna iomchuí le haghaidh a théarnaimh nó a fhoirceanta ordúil agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil iad.

2.   Sna pleananna dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird ar mhéid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

achoimre shubstainteach ar na príomhstraitéisí téarnaimh nó foirceanta ordúil;

(b)

sainaithint oibríochtaí agus sheirbhísí criticiúla an TLU;

(c)

nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar caipiteal breise a chruinniú i gcásanna ina ndruideann caipiteal cothromais an TLU gar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 47(1) nó na dtiteann sé faoina mbun;

(d)

nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar oibríochtaí agus seirbhísí an TLU a fhoirceannadh go hordúil nó a athstruchtúrú i gcás nach bhfuil an TLU in ann caipiteal nua a chruinniú;

(e)

nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina mbíonn sé dodhéanta go buan ag an TLU a chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí criticiúla a athbhunú;

(f)

tuairisc ar na bearta is gá chun na príomhstraitéisí a chur chun feidhme.

3.   Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na pleananna a chur chun feidhme ar bhonn tráthúil le linn cásanna struis, beidh sé de chumas ag TLU an fhaisnéis sin a shainaithint agus a sholáthar d’eintitis ghaolmhara.

4.   Déanfaidh an comhlacht bainistíochta nó coiste iomchuí eile den chomhlacht bainistíochta an plean a fhormheas.

5.   Déanfaidh TLU athbhreithniú ar na pleananna agus iad a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Soláthrófar gach nuashonrú ar na pleananna don údarás inniúil.

6.   I gcás ina measann an t-údarás inniúil nach leor pleananna an TLU, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an TLU bearta breise a dhéanamh nó bearta malartacha a fhorbairt.

7.   I gcás ina bhfuil TLU faoi réir Threoir 2014/59/AE agus ina ndéantar plean téarnaimh a tharraingt suas faoin Treoir sin, soláthróidh an TLU an plean téarnaimh sin don údarás inniúil.

I gcás ina ndéantar plean réitigh faoi Threoir 2014/59/AE, nó plean comhchosúil leis faoin dlí náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige leanúnachas croísheirbhísí de chuid TLU a áirithiú, a bhunú agus a chothabháil do TLU, déanfaidh an t-údarás réitigh nó, i gcás nach ann d’údarás den sórt sin, an t-údarás inniúil ÚEUM a chur ar an eolas gurb ann do phlean den sórt sin.

I gcás ina bhfuil na gnéithe uile a liostaítear i mír 2 sa phlean téarnaimh agus sa phlean réitigh faoi Threoir 2014/59/AE, nó in aon phlean comhchosúil leis faoin dlí náisiúnta, ní cheanglófar ar an TLU na pleananna a ullmhú de bhun mhír 1.’;

(10)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 7:

‘2.   Maidir le TLU údaraithe nó TLU a rinne iarratas ar údarú de bhun Airteagal 17 a bhfuil sé beartaithe aige na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn a sholáthar i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), nó a bhfuil sé beartaithe aige brainse a chur ar bun i mBallstát eile, beidh an TLU sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 3 go 9 den Airteagal seo. Ní fhéadfaidh an TLU seirbhísí den sórt sin a sholáthar ach amháin tar éis dó a bheith údaraithe de bhun Airteagal 17 agus tráth nach luaithe ná an dáta is infheidhme i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo.

3.   Aon TLU a bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar den chéad uair i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), nó a bhfuil sé beartaithe aige raon na seirbhísí sin a sholáthraítear a athrú, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile:

(a)

an Ballstát aíochta;

(b)

clár oibríochtaí ina luaitear go háirithe na seirbhísí a bhfuil sé beartaithe ag an TLU iad a sholáthar, lena n-áirítear an cineál ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí an Bhallstáit aíochta a bhfuil sé beartaithe ag an TLU seirbhísí den sórt sin a sholáthar ina leith;

(c)

an t-airgeadra nó na hairgeadraí a bhfuil sé beartaithe ag an TLU é nó iad a phróiseáil;

(d)

measúnú ar na bearta a bhfuil sé beartaithe ag an TLU iad a dhéanamh chun go mbeidh a chuid úsáideoirí in ann dlí an Bhallstáit aíochta dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), a chomhlíonadh i ndáil le scaireanna.

4.   Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige brainse a chur ar bun i mBallstát eile den chéad uair nó raon na croísheirbhíse dá dtagraítear i Roinn A, pointe 1, den Iarscríbhinn, nó raon na croísheirbhíse dá dtagraítear i Roinn A, pointe 2, den Iarscríbhinn, a sholáthraítear trí bhrainse a athrú, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c);

(b)

struchtúr eagraíochtúil an bhrainse agus ainmneacha na ndaoine sin atá freagrach as bainistiú an bhrainse;

(c)

measúnú ar na bearta a bhfuil sé beartaithe ag an TLU iad a dhéanamh chun go mbeidh a chuid úsáideoirí in ann dlí an Bhallstáit aíochta dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), a chomhlíonadh i ndáil le scaireanna.

5.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an measúnú dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), nó i mír 4, pointe (c), de réir mar is infheidhme, in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta gan moill mhíchuí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tuairim neamhcheangailteach maidir leis an measúnú sin a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit baile laistigh de 1 mhí amháin ón measúnú sin a fháil.

6.   Laistigh de 2 mhí ón bhfaisnéis iomlán dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), nó i mír 4, pointí (a) agus (b), de réir mar is infheidhme, a fháil, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta mura rud é, trí sholáthar na seirbhísí a bheartaítear a chur san áireamh, go bhfuil cúiseanna amhrais aige maidir le leordhóthanacht struchtúr riaracháin nó staid airgeadais an TLU a bhfuil sé beartaithe aige seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát aíochta nó leordhóthanacht na mbeart a bhfuil sé beartaithe ag an TLU a dhéanamh i gcomhréir le mír 3, pointe (d), nó le mír 4, pointe (c), de réir mar is infheidhme. Laistigh den tréimhse sin, i gcás ina soláthraíonn an TLU seirbhísí do Bhallstáit aíochta eile cheana, lena n-áirítear trí bhrainse, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas freisin.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon fhaisnéis a chuirtear in iúl faoin gcéad fhomhír.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an TLU ar an eolas láithreach faoi dháta tarchurtha na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

7.   I gcás ina gcinneann údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcomhréir le mír 6, gan an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 nó i mír 4, de réir mar is infheidhme, a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, soláthróidh sé na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin don TLU lena mbaineann laistigh de 2 mhí ón bhfaisnéis sin a fháil agus cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas faoina gcinneadh uaidh.

8.   Féadfaidh an TLU tús a chur le seirbhísí a sholáthar nó brainse a chur ar bun dá dtagraítear i mír 2 15 lá féilire ar a luaithe tar éis an dáta a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, an chéad fhomhír, a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta.

9.   I gcás ina n-athraítear an fhaisnéis a leagtar amach sna doiciméid a thíolactar i gcomhréir le mír 3 nó le mír 4, de réir mar is infheidhme, tabharfaidh an TLU fógra i scríbhinn maidir leis an athrú sin d’údarás inniúil an Bhallstáit baile mí amháin ar a laghad sula gcuirtear an t-athrú chun feidhme. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas, gan mhoill, faoin athrú sin freisin.

10.   Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun raon feidhme an mheasúnaithe a cheanglaítear ar an TLU a sholáthar faoi mhír 3, pointe (d), agus faoi mhír 4, pointe (c), den Airteagal seo a shonrú.’

;

(11)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cuireadh a thabhairt do bhaill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát aíochta agus ó ÚEUM páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile torthaí na gcigireachtaí ar an láthair agus aon fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin a tharchur chuig ÚEUM agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU in iúl, arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus gan mhoill, céannacht na n-eisitheoirí atá bunaithe sa Bhallstát aíochta agus na rannpháirtithe a shealbhaíonn ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí an Bhallstáit aíochta sna córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag an TLU a sholáthraíonn croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí an Bhallstáit aíochta, agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí TLU a sholáthraíonn croísheirbhísí sa Bhallstát aíochta trí bhrainse a chur in iúl.’

;

(c)

scriostar mír 4;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   I gcás ina bhfuil forais shoiléire inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil TLU a sholáthraíonn seirbhísí laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 23 ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, do ÚEUM agus don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.

I gcás ina leanann an TLU de ghníomhú de shárú ar na hoibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, d’ainneoin na mbeart a rinne údarás inniúil an Bhallstáit baile, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, na bearta iomchuí uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha an Rialacháin seo laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ÚEUM agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas faoi bhearta den sórt sin gan moill mhíchuí.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta nó údarás inniúil an Bhallstáit baile an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(e)

scriostar mír 7;

(12)

cuirtear an Airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 24a

Coláiste maoirseoirí

1.   Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile coláiste maoirseoirí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 8 a dhéanamh i ndáil le TLU a meastar tábhacht shuntasach a bheith ag baint lena ghníomhaíochtaí a mhéid a bhaineann le feidhmiú margaí urrús agus cosaint infheisteoirí in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad.

2.   Bunófar an coláiste laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a tharlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cinneann údarás inniúil an Bhallstáit baile go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann TLU in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad; nó

(b)

tugann ceann de na heintitis a liostaítear i mír 4 fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an TLU in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad.

3.   Bainisteoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an coláiste agus déanfaidh sé cathaoirleacht air.

4.   Is é a bheidh sa choláiste:

(a)

ÚEUM;

(b)

údarás inniúil an Bhallstáit baile;

(c)

na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12;

(d)

údaráis inniúla na mBallstát aíochta ina bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí an TLU;

(e)

ÚBE, i gcás inar údaraíodh an TLU de bhun Airteagal 54(3).

5.   I gcás nach bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí TLU dá mbunaítear coláiste i mBallstát ina bhfuil fochuideachta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an TLU, nó lena máthairghnóthas, bunaithe nó ina bhfuil an TLU dá mbunaítear an coláiste i dteideal seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 23(2), beidh údarás inniúil agus údaráis ábhartha an Bhallstáit sin in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste arna iarraidh sin dóibh.

6.   Tabharfaidh an cathaoirleach fógra do ÚEUM faoi chomhdhéanamh an choláiste laistigh de 1 mhí amháin ó bhunú an choláiste agus faoi aon athrú ar a chomhdhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón athrú sin. Foilseoidh ÚEUM agus údarás inniúil an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin ar a suíomhanna gréasáin agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta.

7.   Féadfaidh údarás inniúil nach comhalta den choláiste é a iarraidh ar an gcoláiste aon fhaisnéis atá ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.

8.   Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagail 13, 14 agus 15 agus faisnéis faoin bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagal 22;

(b)

maoirseacht éifeachtúil trí bhearta maoirseachta neamhriachtanacha dúblacha a sheachaint, amhail iarrataí ar fhaisnéis;

(c)

comhaontú maidir le cúraimí a chur ar a chomhaltaí ar bhonn deonach;

(d)

malartú faisnéise faoi sheachfhoinsiú údaraithe nó leathnú údaraithe gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19;

(e)

an comhar idir údaráis an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit aíochta de bhun Airteagal 24 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(3), pointe (d), agus maidir le haon saincheisteanna a thagann chun cinn i ndáil le seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile;

(f)

malartú faisnéise faoi struchtúr an ghrúpa, faoin mbainistíocht shinsearach, faoin gcomhlacht bainistíochta agus faoi na scairshealbhóirí de bhun Airteagal 27;

(g)

malartú faisnéise faoi phróisis nó socruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar rialachas nó ar bhainistiú riosca do na TLUnna atá sa ghrúpa.

9.   Tionólfaidh an cathaoirleach cruinniú den choláiste uair sa bhliain ar a laghad nó arna iarraidh sin do chomhalta den choláiste.

Chun comhlíonadh na gcúraimí a shanntar don choláiste de bhun mhír 8 a éascú, féadfaidh comhaltaí den choláiste pointí a chur le clár oibre cruinnithe.

Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh ar bhonn ad hoc a thabhairt do rannpháirtithe breise chuig pléití an choláiste ar thopaicí sonracha.

Féadfaidh comhaltaí coláiste seachas a chathaoirleach cinneadh gan páirt a glacadh i gcruinniú den choláiste.

10.   Arna iarraidh sin d’aon duine dá chuid comhaltaí, glacfaidh an coláiste, i gcomhréir le mír 11, tuairimí neamhcheangailteacha i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

saincheisteanna a shainaithnítear le linn na bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagal 22 nó 60;

(b)

saincheisteanna a bhaineann le haon seachfhoinsiú nó leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19; nó

(c)

saincheisteanna a bhaineann le haon sárú a d’fhéadfadh a bheith ar an Rialachán seo ag eascairt as seirbhísí a sholáthar i mBallstát aíochta dá dtagraítear in Airteagal 24(5).

11.   Glacfaidh an coláiste na tuairimí neamhcheangailteacha uaidh trí vótáil tromlaigh shimplí. Beidh cearta vótála ag na comhaltaí dá dtagraítear i mír 4, pointí (b), (c) agus (d). Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil ceart vótála. Maidir le comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála a ghníomhaíonn i níos mó ná aon cháil amháin, lena n-áirítear mar údarás inniúil agus mar údarás ábhartha, beidh vóta amháin acu in aghaidh gach cáile ina ngníomhaíonn siad. Ní bheidh cearta vótála ag ÚBE ná ÚEUM.

12.   Bunófar feidhmiú an choláiste ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Leis an gcomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear mionsonraí na rialacha maidir leis an gcumarsáid i measc chomhaltaí an choláiste, agus féadfar a chinneadh leis na cúraimí atá le cur orthu.

13.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaí a mheas go mbaineann tábhacht shuntasach le gníomhaíochtaí TLU i mBallstát aíochta a mhéid a bhaineann le feidhmiú na margaí urrús agus cosaint infheisteoirí sa Bhallstát aíochta sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin .17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(13)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Maidir le TLU de chuid tríú tír a bhfuil sé beartaithe aige an chroísheirbhís dá dtagraítear i Roinn A, pointe 3, den Iarscríbhinn a sholáthar i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, tabharfaidh an TLU sin fógra do ÚEUM faoi. Cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ar faoina dhlí atá na hionstraimí airgeadais bunaithe ar an eolas faoin bhfógra a fuarthas.’

;

(b)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

go bhfuil an TLU tríú tír bunaithe nó údaraithe i dtríú tír nach sainaithnítear mar thríú tír ardriosca sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’;"

(c)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

‘Laistigh de 6 mhí ó iarratas iomlán a bheith curtha isteach nó ó chinneadh coibhéise a bheith glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9, cibé acu is déanaí, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn, le cinneadh lánréasúnaithe, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.’;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘13.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar ag an TLU tríú tír do ÚEUM san fhógra dá dtagraítear i mír 2a. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil, an méid seo a leanas:

(a)

líon na rannpháirtithe atá lonnaithe san Aontas dá soláthraíonn an TLU tríú tír na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2a nó dá bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a sholáthar;

(b)

líon agus méid na n-idirbheart in ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit agus a socraíodh le linn na bliana roimhe sin;

(c)

líon agus méid na n-idirbheart a shocraigh rannpháirtithe ón Aontas le linn na bliana roimhe sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(14)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag TLU seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do TLUnna eile de bhun Airteagal 54(2a), an chéad fhomhír, pointe (b), beidh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag an TLU sin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus lena maolaítear an riosca go gcaithfear go hidirdhealaitheach leis na TLUnna eile sin agus lena rannpháirtithe.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh TLU socruithe eagraíochtúla agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir a rannpháirtithe nó a gcliaint agus an TLU féin a shainaithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear:

(a)

bainisteoirí an TLU;

(b)

fostaithe an TLU;

(c)

comhaltaí chomhlacht bainistíochta an TLU;

(d)

aon duine a bhfuil rialú díreach nó indíreach aige nó aici ar an TLU;

(e)

aon duine a bhfuil dlúthnaisc aige nó aici le haon duine de na daoine a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c); agus

(f)

aon duine a bhfuil dlúthnaisc aige nó aici leis an TLU féin.

Déanfaidh TLU nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le réiteach a chothabháil agus a chur chun feidhme i gcás ina dtagann coinbhleachtaí leasa féideartha chun cinn.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘9.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(15)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn comhalta neamhspleách den bhord bainistíochta comhalta den bhord bainistíochta nach bhfuil gaol gnó, gaol teaghlaigh nó gaol eile aige nó aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasa maidir leis an TLU lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena rannpháirtithe, agus nach raibh gaol mar sin aige nó aici le linn na 5 bliana sula raibh sé ina chomhalta den bhord nó sula raibh sí ina comhalta den bhord.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:

‘6.   Ní údaróidh an t-údarás inniúil TLU ach amháin má tá sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí díreacha nó indíreacha nó comhaltaí díreacha nó indíreacha iad nó an daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa TLU agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.

7.   Diúltóidh an t-údarás inniúil TLU a údarú mura deimhin leis oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa TLU, ag cur san áireamh an gá atá le bainistiú fónta stuama an TLU a áirithiú.

8.   I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an TLU agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuirfidh na naisc sin cosc ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

9.   I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 6 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistiú fónta stuama an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin, agus féadfar tarraingt siar údarú an TLU a bheith san áireamh sna bearta sin.

10.   Diúltóidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina ndéantar le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil dlúthnaisc ag an TLU leis nó leo, nó le deacrachtaí a bhaineann le forfheidhmiú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sin, cosc a chur ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

11.   Déanfaidh TLU an méid seo a leanas, gan mhoill:

(a)

faisnéis a sholáthar don údarás inniúil maidir le húinéireacht an TLU, agus, go háirithe, maidir le céannacht agus scála leasanna aon duine ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sa TLU;

(b)

an méid seo a leanas a phoibliú:

(i)

an fhaisnéis a sholáthraítear don údarás inniúil faoi phointe (a); agus

(ii)

aistriú ceart úinéireachta as a dtagann athrú ar rialú an TLU mar thoradh air.’

;

(16)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27a

Faisnéis d’údaráis inniúla

1.   Tabharfaidh TLU fógra dá údarás inniúil faoi aon athruithe ar a bhainistíocht agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá don údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé Airteagal 27(1) go (5).

I gcás inar dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den chomhlacht bainistíochta dochar do bhainistiú fónta stuama an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta is iomchuí, a bhféadfar an comhalta sin a bhriseadh ón gcomhlacht bainistíochta a bheith ar áireamh iontu.

2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach in TLU a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin in TLU a mhéadú a thuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a d’fhágfadh go mbainfeadh an sciar de chearta vótála nó den chaipiteal arna shealbhú 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé na céatadáin sin nó a d’fhágfadh go dtiocfadh an TLU chun bheith ina fhochuideachta (‘an éadáil bheartaithe’), tabharfaidh duine den sórt sin fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an TLU sin ar dtús faoi sin, lena léirítear méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 27b(4).

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige nó aici sealúchas cáilitheach in TLU a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach (‘an díoltóir beartaithe’), tabharfaidh duine den sórt sin fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús faoi sin, lena léirítear méid sealúchais den sórt sin. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige nó aici sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh an sciar de na cearta vótála nó den chaipiteal arna shealbhú faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an TLU de bheith mar fhochuideachta an duine sin.

3.   Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir beartaithe go bhfuil an méid sin faighte aige.

Beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag an údarás inniúil tar éis an dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid ar fad is gá a chur leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 27b(4) (‘an tréimhse um measúnú’), chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) (‘an measúnú’) a dhéanamh.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse um measúnú tráth a n-admhaítear go bhfuarthas an fógra.

4.   Maidir le haon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú a chríochnú, féadfaidh an t-údarás inniúil, le linn na tréimhse um measúnú, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse um measúnú, faisnéis den sórt sin a iarraidh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti.

Cuirfear an tréimhse um measúnú ar fionraí ar feadh na tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a gheobhaidh an faighteoir beartaithe freagra uirthi. Ní rachaidh an fhionraí thar 20 lá oibre ar a mhéad. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse um measúnú ar fionraí dá mbarr.

5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe lonnaithe nó á rialáil lasmuigh den Aontas nó inar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í nach bhfuil faoi réir maoirseacht faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Threoir 2009/65/CE (*4), 2009/138/CE (*5) nó 2011/61/AE (*6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó faoi Threoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE.

6.   I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil, ar chríochnú an mheasúnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de 2 lá oibre agus gan an tréimhse um measúnú a shárú. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin don fhaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh údarás inniúil nochtadh den sórt sin a dhéanamh freisin in éagmais iarraidh ón bhfaighteoir beartaithe sa chás go bhforáiltear dá leithéid sin sa dlí náisiúnta.

7.   I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe le linn na tréimhse um measúnú, measfar an éadáil bheartaithe a bheith formheasta.

8.   Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a thabhairt i gcrích agus féadfaidh sé síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás inarb iomchuí.

9.   Ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus maidir le formheas a fháil ina leith uaidh.

Airteagal 27b

Measúnú

1.   Agus measúnú á dhéanamh ag an údarás inniúil ar an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27a(2) agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(4), chun bainistiú fónta stuama an TLU ina bhfuil éadáil beartaithe a áirithiú agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheasúnú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

cáil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;

(b)

cáil, eolas, scileanna agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an TLU mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;

(c)

an mbeidh an TLU in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá chomhlíonadh;

(d)

an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 ar bun i ndáil leis an éadáil bheartaithe, nó go bhfuil iarracht á déanamh nó go ndearnadh iarracht an méid sin a dhéanamh, nó go bhféadfadh go méadófaí an riosca ina leith leis an éadáil bheartaithe.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar fhóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó atá á dhéanamh agus atá ar intinn a dhéanamh sa TLU ina bhfuil an éadáil beartaithe.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar chumas an TLU an Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar cé acu atá nó nach bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé páirteach ann lena mbeifear in ann maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir na húdaráis inniúla agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí ar na húdaráis inniúla a chinneadh.

2.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann le déanamh amhlaidh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 nó i gcás nár sholáthair an faighteoir beartaithe faisnéis iomlán.

3.   Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon réamhchoinníoll maidir le leibhéal an tsealúchais atá le fáil ná ní cheadóidh siad dá n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtaca le riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal liosta ina sonraítear an fhaisnéis is gá chun an measúnú a dhéanamh agus a sholáthrófar do na húdaráis inniúla tráth a dtabharfar an fógra dá dtagraítear in Airteagal 27a(2). Beidh an fhaisnéis is gá comhréireach agus beidh sí oiriúnaithe do chineál an fhaighteora bheartaithe agus na héadála beartaithe. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh.

5.   D’ainneoin Airteagal 27a(2) go (5), i gcás inar tugadh fógra don údarás inniúil faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó a mhéadú sa TLU céanna, caithfidh an t-údarás inniúil leis na faighteoirí beartaithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

6.   Aon fhaisnéis atá riachtanach nó atá ábhartha don mheasúnú, soláthróidh na húdaráis inniúla dá chéile í gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl dá chéile agus cuirfidh siad an fhaisnéis riachtanach ar fad in iúl ar a dtionscnamh féin. Léireofar i gcinneadh ón údarás inniúil lenar údaraíodh an TLU ina bhfuil an éadáil beartaithe aon tuairimí nó forchoimeádais a chuir an t-údarás inniúil atá freagrach as an bhfaighteoir beartaithe in iúl, léireofar iad.

7.   Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis an measúnú ar oiriúnacht aon duine a stiúrfaidh gnó TLU, agus maidir leis na rialacha nós imeachta agus na critéir mheastóireachta chun measúnú stuamachta a dhéanamh ar éadálacha díreacha nó indíreacha sealúchas in TLUnna agus ar mhéaduithe ar shealúchais in TLUnna.

Airteagal 27c

Maolú le haghaidh TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 27a agus 27b maidir le TLU a údaraíodh de bhun Airteagal 54(3) agus atá faoi réir Threoir 2013/36/AE.

(*4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32)."

(*5)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

(*6)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).’;"

(17)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Cuirfidh coistí úsáideoirí comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir leis na príomhshocruithe a mbíonn tionchar acu ar a gcomhaltaí, lena n-áirítear na critéir chun glacadh le heisitheoirí nó rannpháirtithe ina gcórais socraíochta urrús faoi seach agus ar leibhéal seirbhíse. Le leibhéal seirbhíse, áirítear rogha an tsocraithe imréitigh agus socraíochta, struchtúr oibriúcháin an TLU, raon feidhme táirgí a shocraítear nó a thaifeadtar, úsáid teicneolaíochta le haghaidh oibríochtaí an TLU agus nósanna imeachta ábhartha.’

;

(18)

in Airteagal 29, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Cuirfidh TLU de cheangal ar eisitheoirí aitheantóir bailí eintitis dhlítheanaigh (LEI) a fháil agus a tharchur chuig an TLU.’

;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:

‘Airteagal 36

Forálacha ginearálta

Beidh rialacha agus nósanna imeachta iomchuí ag TLU le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibríonn sé, lena n-áirítear cleachtais agus rialuithe cuntasaíochta stóinsithe, chun cabhrú le sláine eisiúintí urrús a áirithiú, agus chun íoslaghdú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú.’;

(20)

in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás nach bhfuil sé praiticiúil, nó nach bhfuil an rogha ar fáil, chun socrú a dhéanamh i gcuntais bainc ceannais dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh TLU tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh trí cuntais chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa, trí TLU atá údaraithe chun na seirbhísí a liostaítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar cé acu laistigh nó gan a bheith laistigh den ghrúpa céanna gnóthas atá faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna ar deireadh, nó trína chuntais féin. Má thairgeann TLU íocaíochtaí airgid thirim den sórt sin a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa, trína chuntais féin nó trí chuntais TLU eile, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir le forálacha Theideal IV.’

;

(21)

in Airteagal 47, scriostar mír 2;

(22)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 47a

Glansocraíocht iarchurtha

1.   Saineoidh TLUnna a chuireann glansocraíocht iarchurtha i bhfeidhm na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an sásra sin agus maidir le glanéilimh agus oibleagáidí na rannpháirtithe a shocrú.

2.   Déanfaidh TLUnna a chuireann glansocraíocht iarchurtha i bhfeidhm na rioscaí creidmheasa agus leachtachta a thagann chun cinn mar gheall ar an sásra sin a thomhas, a bhainistiú agus a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus déanfaidh siad faireachán orthu.

3.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na mionsonraí maidir le tomhas, faireachán, bainistiú agus tuairisciú rioscaí creidmheasa agus leachtachta ag TLUnna i ndáil le glansocraíocht iarchurtha.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(23)

in Airteagal 49(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

‘Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leanfaidh feidhm de bheith ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis. Ciallaíonn dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis an méid seo a leanas:

(a)

an dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir ionchorpraithe; agus

(b)

an dlí corparáideach rialaithe nó a chomhionann sa Bhallstát faoina n-eisítear na hurrúis.

Cuirfidh na Ballstáit liosta i dtoll a chéile de phríomhfhorálacha ábhartha dá ndlí chorparáidigh nó a chomhionann, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin in iúl do ÚEUM faoin 17 Eanáir 2025. Foilseoidh ÚEUM an liosta sin faoin 17 Feabhra 2025. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Cuirfidh siad an liosta nuashonraithe sin in iúl do ÚEUM ag na tráthanna rialta sin. Foilseoidh ÚEUM liosta nuashonraithe den sórt sin.’;

(24)

in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Nuair a thíolacann TLU iarraidh ar rochtain ar TLU eile de bhun Airteagail 50 agus 51, déileálfaidh an TLU is faighteoir leis an iarraidh go pras agus cuirfidh sí freagra chuig an TLU iarrthach laistigh de 3 mhí. Má chomhaontaíonn an TLU is faighteoir leis an iarraidh, cuirfear an nasc idir TLU i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnach, nach mbeidh níos faide ná 12 mhí.’

;

(25)

leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh iomlána do chuid díobh a shocrú trína chuntais féin i gcomhréir le hAirteagal 40(2) nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, údarófar é faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3, 6, 7, 8 agus 9a den Airteagal seo.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa nó le TLU i gcomhréir le hAirteagal 40(2), údarófar é, faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 go 9a den Airteagal seo, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a ainmniú chun na críche sin:

(a)

institiúidí creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE; nó

(b)

TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

Ní úsáidfear údarú chun institiúidí creidmheasa nó TLUnna a ainmniú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ach amháin maidir leis na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh.

Measfar gur gníomhairí socraíochta iad na hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar a ainmnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas, féadfar TLU a údarú chun institiúid creidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU sin nó le haghaidh cuid díobh a shocrú de bhun mhír 2a, pointe (a):

(a)

comhlíonann an institiúid creidmheasa na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;

(b)

ní dhéanann an institiúid creidmheasa í féin aon cheann de na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn;

(c)

ní úsáidtear an t-údarú faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ach chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;

(d)

tá an institiúid creidmheasa faoi réir formhuirear caipitil breise lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a sholáthar, inter alia, do na rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile sheirbhísí TLU;

(e)

tuairiscíonn an institiúid creidmheasa go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus nochtann sí go bliantúil don phobal mar chuid den nochtadh poiblí a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú riosca leachtachta ionlae i gcomhréir le hAirteagal 59(4), pointe (j), den Rialachán seo; agus

(f)

tá plean téarnaimh leordhóthanach curtha ag an institiúid creidmheasa faoi bhráid an údaráis inniúil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí criticiúla a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina dtagann rioscaí leachtachta nó creidmheasa chun cinn mar thoradh ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ó laistigh d’eintiteas dlítheanach ar leithligh.’

;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   I gcás ina bhféachann TLU le hinstitiúid creidmheasa nó TLU a ainmniú i gcomhréir le mír 2a chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh, ní bheidh íocaíochtaí airgid thirim den sórt sin in airgeadra na tíre ina bhfuil an TLU ainmniúcháin bunaithe.’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5, 6 agus 7:

‘5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i mír 2a, pointe (a), agus ní bheidh feidhm ag mír 4a maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna dá dtagraítear i mír 2a, a dhéanann tairiscint na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU nó le haghaidh chuid díobh, más rud é nach sáraítear an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le mír 9 le luach iomlán socraíochta airgid thirim den sórt sin trí chuntais arna n-oscailt leis na hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna sin, de réir mar is infheidhme, a ríomhtar thar thréimhse bliana.

Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun féachaint an bhfuiltear á hurramú. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil na torthaí uaidh mar aon leis na bunsonraí chuig ÚEUM agus ÚBE. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil na torthaí uaidh chuig comhaltaí CEBC freisin. Gan dochar d’Airteagal 40(1), i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 2. Tíolacfaidh an TLU lena mbaineann an t-iarratas uaidh ar údarú laistigh de 6 mhí.

6.   I gcás ina measann an t-údarás inniúil nach bhfuil dóthain maolaithe á déanamh ar neamhchosaint institiúide creidmheasa amháin ar an gcomhchruinniú rioscaí faoi Airteagal 59(3) agus (4), féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar TLU níos mó ná institiúid creidmheasa nó TLU amháin dá dtagraítear i mír 2a a ainmniú, nó institiúid creidmheasa nó TLU dá dtagraítear i mír 2a a ainmniú, chomh maith le seirbhísí a sholáthar é féin i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

7.   Comhlíonfaidh TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus institiúid creidmheasa arna hainmniú i gcomhréir le mír 2a, pointe (a), na coinníollacha atá riachtanach d’údarú faoin Rialachán seo i gcónaí, agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, do na húdaráis inniúla faoi aon athruithe substainteacha a dhéanann difear do na coinníollacha údarúcháin.’

;

(f)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘8.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an muirear breis caipitil, rioscabhunaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 agus i bpointe (d) de mhír 4 a chinneadh.’

;

(g)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘9.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an tairseach dá dtagraítear i mír 5 a chinneadh agus chun ceanglais iomchuí bainistithe riosca agus stuamachta a ghabhann leis sin a chinneadh chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa a ainmniú i gcomhréir le mír 2a. Agus na caighdeáin sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

na himpleachtaí don chobhsaíocht margaidh a d’fhéadfadh eascairt as athrú ar phróifíl riosca TLUnna agus a rannpháirtithe, lena n-áirítear tábhacht shistéamach na TLUnna d’fheidhmiú na margaí urrús;

(b)

na himpleachtaí do na rioscaí creidmheasa agus leachtachta do TLUnna, do na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe lena mbaineann agus do rannpháirtithe TLUnna a eascraíonn as íocaíochtaí airgid thirim a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil faoi réir mhír 4;

(c)

an deis atá ag TLUnna íocaíochtaí airgid thirim a shocrú i roinnt airgeadraí éagsúla;

(d)

an gá atá le haistriú neamhbheartaithe ó shocraíocht in airgead bainc ceannais go socraíocht in airgead bainc tráchtála a sheachaint mar aon le dídhreasachtaí d’iarrachtaí TLUnna socraíocht a dhéanamh in airgead bainc ceannais; agus

(e)

an gá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú i measc TLUnna san Aontas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(26)

leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Cuirfidh an TLU faoi bhráid údarás inniúil a Bhallstáit baile an t-iarratas uaidh ar údarú maidir le hinstitiúid creidmheasa a ainmniú nó TLU a ainmniú atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar nó maidir le haon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar dó féin, de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 54.

2.   Beidh an fhaisnéis ar fad atá riachtanach san iarratas le gur féidir leis an údarás inniúil a bheith sásta gur bhunaigh an TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid creidmheasa ainmnithe nó TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, tráth an údaraithe, na socruithe ar fad is gá chun a n-oibleagáidí mar a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh clár oibríochtaí ann ina leagtar amach na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta atá beartaithe, eagrúchán struchtúrach an chaidrimh idir an TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid creidmheasa ainmnithe nó an TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus an chaoi a bhfuil sé i gceist ag an TLU sin agus, i gcás inarb infheidhme, ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag an TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3), (4) agus (4a) agus na coinníollacha eile a leagtar síos in Airteagal 54 a chomhlíonadh.’

;

(b)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:

‘Déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim réasúnaithe a eisiúint maidir leis an údarú laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin. I gcás nach soláthraíonn údarás tuairim laistigh den sprioc-am sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

I gcás ina n-eisíonn údarás dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim réasúnaithe dhiúltach, déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil sé beartaithe aige an t-údarú a dheonú, laistigh de 1 mhí amháin ón tuairim dhiúltach sin a fháil, na cúiseanna lena dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a thabhairt do na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e).

I gcás, laistigh de 1 mhí amháin ó thíolacadh na gcúiseanna sin, ina n-eisíonn aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim dhiúltach agus ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil mar sin féin an t-údarú a dheonú, féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2) pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Déanfaidh an t-údarás inniúil, gan moill mhíchuí, na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis údarúcháin, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin’;

(27)

leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c), (d) agus (e):

‘(c)

coimeádfaidh sí nó sé acmhainní leachtacha leordhóthanacha cáilitheacha i ngach airgeadra ábhartha chun seirbhísí socraíochta a sholáthar go tráthúil faoi raon leathan cásanna féideartha struis lena n-áirítear an riosca leachtachta arna ghiniúint ag mainneachtain bheirt rannpháirtithe ar a laghad, lena n-áirítear a máthairghnóthais agus a fochuideachtaí nó a mháthairghnóthais agus a fhochuideachtaí, a bhfuil na neamhchosaintí is mó aici nó aige ina leith;

(d)

maolóidh sí nó sé na rioscaí leachtachta comhfhreagracha le hacmhainní leachtacha cáilitheacha i ngach airgeadra ábhartha, amhail airgead tirim ag banc ceannais na heisiúna agus ag institiúidí airgeadais inchairde eile, línte geallta creidmheasa nó socruithe comhchosúla agus comhthaobhacht an-leachtach nó infheistíochtaí atá ar fáil gan stró agus in-chomhshóite in airgead tirim le socruithe cistiúcháin ard-iontaofa agus réamhshocraithe, fiú amháin faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, agus déanfaidh sí nó sé a riosca leachtachta a shainaithint agus a thomhas agus déanfaidh sí nó sé faireachán air, ar riosca é a eascraíonn as na hinstitiúidí éagsúla airgeadais a úsáidtear chun a rioscaí leachtachta a bhainistiú;

(e)

i gcás ina n-úsáidtear socruithe cistiúcháin ard-iontaofa agus réamhshocraithe, línte geallta creidmheasa nó socruithe comhchosúla, ní roghnóidh sí nó sé ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthraithe leachtachta; déanfaidh sí nó sé teorainneacha comhchruinnithe iomchuí a bhunú agus a chur i bhfeidhm i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n-áirítear a máthairghnóthas agus a fochuideachtaí nó a mháthairghnóthas agus a fhochuideachtaí;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

beidh socruithe ard-iontaofa agus réamhshocraithe aici nó aige chun a áirithiú gur féidir léi nó leis an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana di nó dó a chomhshó go tráthúil in airgead tirim agus, i gcás ina n-úsáidtear socruithe neamhgheallta, suífidh sí nó sé gur sainaithníodh agus gur maolaíodh aon rioscaí féideartha gaolmhara;’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag TLU seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do TLUnna eile de bhun Airteagal 54(2a), pointe (b), beidh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag an TLU lena dtugtar aghaidh ar aon rioscaí creidmheasa, leachtachta agus comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí sin.’

;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘5.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí na gcreataí agus na n-uirlisí a shonrú a thuilleadh chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí creidmheasa agus leachtachta agus iad a thomhas, a bhainistiú, a thuairisciú agus a nochtadh go poiblí, lena n-áirítear na rioscaí sin a tharlaíonn ar bhonn ionlae, dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, chomh maith leis na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4a. Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na caighdeáin theicniúla rialála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 46(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.’

;

(28)

leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, i dtaobh an bhfuil Airteagal 59 á chomhlíonadh ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus cuirfidh siad údarás inniúil an TLU ar an eolas, agus ansin cuirfidh an t-údarás inniúil sin na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas, i ndáil leis na torthaí, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis, a ghabhfaidh leis an maoirseacht a dhéanfaidh sé faoin mír sin.’;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Déanfaidh údarás inniúil an TLU, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus leis na húdaráis ábhartha, athbhreithniú agus meastóireacht ar an méid seo a leanas ar a laghad gach 2 bhliain:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Déanfaidh údarás inniúil an TLU torthaí a athbhreithnithe agus a mheastóireachta faoin mír seo, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis, a chur in iúl go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24aghníomhaíochtaí leasúcháin.’;

(29)

leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(5) agus (9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe amhail ón 16 Eanáir 2024.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 7(5) agus (9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2) agus Airteagal 7(5) agus (9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(30)

in Airteagal 68, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.’

;

(31)

leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le húdarú TLUnna d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le húdarú TLUnna agus a gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear naisc idir TLUnna, nó go dtí an 17 Eanáir 2025, cibé acu is túisce.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘4a.   Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint TLUnna tríú tír d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le haithint na TLUnna tríú tír agus a gcuid gníomhaíochtaí, nó go dtí an 17 Eanáir 2027, cibé acu is túisce.

Maidir le TLU tríú tír a sholáthraíonn na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de bhun na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le haithint TLUnna tríú tír, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoi sin laistigh de 2 bhliain ón 16 Eanáir 2024.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a shonrú a cheanglaítear ar TLU tríú tír a sholáthar do ÚEUM san fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil, an méid seo a leanas:

(a)

líon na rannpháirtithe dá soláthraíonn an TLU tríú tír na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír nó a bhfuil sé beartaithe ag an TLU tríú tír na seirbhísí sin a sholáthar dóibh;

(b)

na catagóirí d’ionstraimí airgeadais ar ina leith a sholáthraíonn an TLU tríú tír seirbhísí den sórt sin; agus

(c)

méid iomlán agus luach iomlán ionstraimí airgeadais den sórt sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4b.   Maidir le TLU tríú tír a sholáthair an chroísheirbhís dá dtagraítear i Roinn A, pointe 3, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, roimh an 17 Eanáir 2026, tíolacfaidh sé an fógra dá dtagraítear in Airteagal 25(2a) faoin 17 Eanáir 2026.

4c.   I gcás ina bhfuil TLU tar éis iarratas iomlán ar aitheantas a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 25(4), (5) agus (6) roimh an 16 Eanáir 2024 ach nach bhfuil ÚEUM tar éis cinneadh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 25(6) faoin dáta sin, leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint TLUnna d’fheidhm a bheith acu go dtí go n-eiseofar an cinneadh ó ÚEUM.’

;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘6.   Leanfaidh an gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(14) de réir mar is infheidhme roimh an 16 Eanáir 2024 d’fheidhm a bheith aige go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(5).

Leanfaidh an gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(15), pointí (a), (b) agus (g), de réir mar is infheidhme roimh an 16 Eanáir 2024 d’fheidhm a bheith aige go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(10).

7.   Bunóidh na húdaráis inniúla coláistí de bhun Airteagal 24a laistigh de 1 mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála a ghlactar faoi Airteagal 24a(13).

8.   Ní bheidh TLU, i mBallstát eile, a sholáthair croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn, nó a chuir brainse ar bun i gcomhréir le hAirteagal 23 de réir mar is infheidhme roimh an 16 Eanáir 2024 faoi réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 23(3) go (6) ach amháin i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

brainse nua a chur ar bun;

(b)

athrú ar raon na seirbhísí sin.’

;

(32)

scriostar Airteagal 72;

(33)

leasaítear Airteagal 74 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.   Cuirfidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha, tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin ina soláthraítear measúnuithe ar threochtaí, ar rioscaí agus leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus, i gcás inar gá, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó leasúcháin sna margaí le haghaidh seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áireofar sna tuarascálacha sin measúnú ar an méid seo a leanas:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

‘(a)

éifeachtúlacht socraíochta le haghaidh oibríochtaí intíre agus trasteorann i gcás gach Ballstáit, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:

(i)

líon agus méid na dteipeanna socraíochta agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu;

(ii)

tionchar na bpionós airgid thirim ar theipeanna socraíochta ar fud na n-ionstraimí ar fad;

(iii)

fad agus príomhthionscnóirí na dteipeanna socraíochta;

(iv)

catagóirí na n-ionstraimí airgeadais agus na margaí ina bhfeictear na rátaí is airde i dtaca le teipeanna socraíochta;

(v)

comparáid idirnáisiúnta idir rátaí i dtaca le teipeanna socraíochta;

(vi)

méid na bpionós airgid thirim dá dtagraítear in Airteagal 7;

(vii)

i gcás inarb infheidhme, líon agus méideanna ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear in Airteagal 7a;

(viii)

aon bhearta a dhéanann údaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil éifeachtúlacht socraíochta TLU i gcaitheamh thréimhse 6 mhí i bhfad níos ísle ná na meánleibhéil éifeachtúlachta socraíochta arna dtaifeadadh i margadh an Aontais;

(aa)

na leibhéil éifeachtúlachta socraíochta i gcomparáid leis an staid i mórmhargaí caipitil tríú tír agus ó thaobh ionstraimí a thrádáiltear agus cineálacha idirbheart a dhéantar i margaí den sórt sin de;

(b)

a iomchuí atá pionóis airgid thirim le haghaidh teipeanna socraíochta, go háirithe an gá atá le níos mó solúbthachta maidir leis na pionóis sin le haghaidh teipeanna socraíochta i ndáil le hionstraimí neamhleachtacha airgeadais;

(c)

líon agus méid na n-idirbheart a shocraítear lasmuigh de na córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag TLUnna agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu le himeacht ama, lena n-áirítear comparáid le líon agus méid na n-idirbheart a shocraítear sna córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag TLUnna, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile, chomh maith le tionchar na héabhlóide sin ar iomaíocht sa mhargadh socraíochta agus aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais mar gheall ar shocraíocht inmheánaithe;’;

(iii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(l)

láimhseáil fógraí a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 25(2a).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar a leanas:

(a)

gach 2 bhliain i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (aa), (b), (c), (i) agus (l);

(b)

gach 3 bliana i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) agus (f);

(c)

ar a laghad gach 3 bliana, agus in aon chás laistigh de 6 mhí ó athbhreithniú piaraí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24, i gcás na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, pointe (g);

(d)

arna iarraidh sin don gChoimisiún, i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (h), (j) agus (k).

Cuirfear na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán den bhliain ábhartha de réir mar a chinntear i gcomhréir leis an tréimhsiúlacht a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.’

;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘3.   Faoin 17 Eanáir 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an measúnú i ndáil leis an ngiorrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad abairt (‘timthriall socraíochta’). Beidh an méid seo a leanas ar fad ar áireamh sa tuarascáil sin:

(a)

measúnú ar a iomchuí atá sé giorrú a dhéanamh ar an timthriall socraíochta agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag giorrú den sórt sin ar TLUnna, ar ionaid trádála agus ar rannpháirtithe eile sa mhargadh;

(b)

measúnú ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann leis an timthriall socraíochta a ghiorrú san Aontas, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir ionstraimí airgeadais éagsúla agus catagóirí idirbheart éagsúla;

(c)

achoimre mhionsonraithe ar conas bogadh go timthriall socraíochta níos giorra, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir ionstraimí airgeadais éagsúla agus catagóirí idirbheart éagsúla;

(d)

forléargas ar fhorbairtí idirnáisiúnta maidir le timthriallta socraíochta agus a dtionchar ar mhargaí caipitil an Aontais.

4.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh ÚEUM measúnú costais agus tairbhe ar thabhairt isteach an phróisis ceannach isteach éigeantaigh. Beidh na heilimintí seo a leanas i measúnú costais agus tairbhe den sórt sin:

(a)

meánfhad na dteipeanna socraíochta i ndáil leis na hionstraimí airgeadais nó na catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin a bhféadfadh an ceannach isteach éigeantach feidhm a bheith aige maidir leo;

(b)

an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach an phróisis ceannach isteach éigeantaigh ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear measúnú ar bhunchúiseanna na dteipeanna socraíochta a bhféadfadh ceannach isteach éigeantach feidhm a bheith aige maidir leo agus anailís ar na himpleachtaí a bhaineann le hionstraimí airgeadais sonracha agus catagóirí idirbheart sonracha a chur faoi réir ceannach isteach éigeantach;

(c)

próiseas comhchosúil ceannach isteach a chur i bhfeidhm i margaí inchomparáide tríú tír agus an tionchar ar iomaíochas mhargadh an Aontais;

(d)

aon tionchar soiléir ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas a eascraíonn as teipeanna socraíochta;

(e)

aon tionchar soiléir ar ilroinnt mhargaí caipitil an Aontais a eascraíonn as rátaí éagsúla éifeachtúlachta socraíochta, lena n-áirítear na cúiseanna le héagsúlacht den sórt sin agus bearta iomchuí chun í a theorannú.

5.   Foilseoidh ÚBE, i gcomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, tuarascáil bhliantúil maidir leis na TLUnna sin a ainmníonn TLUnna eile nó institiúidí creidmheasa chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin na torthaí a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an tairseach arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 54(5) agus na himpleachtaí creidmheasa agus leachtachta do TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta faoi thairseach den sórt sin.

6.   Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025 maidir lena iomchuí a bheadh sé uirlisí rialála breise a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a fheabhsú.

Cumhdófar leis an tuarascáil sin, ar a laghad, méideanna na n-idirbheart a mhúnlú, socrú páirteach na dtrádálacha a bhfuil ag teip orthu agus úsáid clár uathiasachtaithe/uathiasachtaí.

Ina dhiaidh sin, tuairisceoidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, gach 3 bliana ar aon uirlisí breise a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a fheabhsú. I gcásanna nár sainaithníodh aon uirlisí nua, cuirfidh ÚEUM an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus ní bheidh sé de cheangal air tuarascáil a sholáthar.

7.   Faoin 17 Eanair 2026, cuirfidh ÚBE, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an measúnú ar an gcaillteanas creidmheasa iarmharaigh a bhaineann le neamhchosaintí creidmheasa iarmharaigh dá dtagraítear in Airteagal 59(3), pointe (g), agus maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt air. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil don phobal.’

;

(34)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

‘Airteagal 75

Athbhreithniú

Faoin 17 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta faoi. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 74(1), pointí (a) go (l), chun a shuíomh cé acu atá nó nach bhfuil bacainní substainteacha ann ar an iomaíocht i ndáil leis na seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo agus nach dtugtar aghaidh orthu go leormhaith, agus breithniú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann bearta breise a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú;

(ii)

teorainn a chur leis an tionchar a bheidh ag teip TLUnna ar cháiníocóirí;

(iii)

aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a sainaithníodh maidir le hiomaíocht nó cobhsaíocht airgeadais a bhaineann le socraíocht inmheánaithe;

(iv)

bacainní ar shocraíocht trasteorann a íoslaghdú;

(v)

cumhachtaí leormhaithe agus faisnéis leormhaith a áirithiú d’údaráis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí;

(b)

feidhmiú an chreata rialála agus maoirseachta do TLUnna an Aontais, go háirithe na TLUnna sin a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint lena ngníomhaíochtaí ó thaobh margaí urrús a fheidhmiú agus infheisteoirí san Aontas a chosaint in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad, ag díriú go háirithe ar sholáthar seirbhísí trasteorann, ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chliaint agus rannpháirtithe TLUnna, ar chosaint infheisteoirí agus ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas;

(c)

feidhmiú agus raon feidhme chreat rialála agus maoirseachta an Aontais do TLUnna tríú tír, go háirithe an mhaoirseacht a dhéantar ar TLUnna den sórt sin agus iad ag soláthar seirbhísí san Aontas, lena n-áirítear ról ÚEUM.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.’.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

I Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15

Nósanna imeachta ceannach isteach

Áiritheoidh contrapháirtí lárnach i mBallstát a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh i leith scaireanna go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm lena gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndíolann duine nádúrtha nó dlítheanach scaireanna agus nach féidir leis an duine sin na scaireanna a sholáthar le haghaidh socraíochta laistigh de 4 lá gnó ón lá a bhfuil an tsocraíocht dlite, déantar nósanna imeachta a sheoladh go huathoibríoch chun go ndéanfar ceannach isteach maidir leis na scaireanna lena áirithiú go soláthrófar iad don tsocraíocht;

(b)

i gcás nach féidir ceannach isteach a dhéanamh maidir leis na scaireanna atá le soláthar, íoctar méid leis an gceannaitheoir bunaithe ar luach na scaireanna atá le soláthar ar dháta an tsoláthair móide méid i gcomhair caillteanais arna dtabhú ag an gceannaitheoir mar thoradh ar an teip socraíochta;

(c)

aisíocann an duine nádúrtha nó dlítheanach a dteipeann air nó uirthi socraíocht a dhéanamh gach méid a íocadh de bhun phointí (a) agus (b).’.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, beidh feidhm, ag na pointí seo a leanas d’Airteagal 1 ón 17 Eanair 2026:

(a)

pointe 3, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 7(3), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(b)

pointe 13, pointe (a);

(c)

pointe 22, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 47a(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(d)

pointe 25, pointe (e);

(e)

pointe 27, pointe (a).

Ina theannta sin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe 33, pointí (a) agus (b), ón 1 Bealtaine 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 367, 26. 9.2022, lch. 3.

(2)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 87.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le haraíonacht socraíochta (IO L 230, 13.9.2018, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 agus Treoir 2014/65/AE (IO L 151, 2.6.2022, lch. 1).

(9)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(10)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(13)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2845/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)