European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2835

21.12.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2835 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le hallmhairiúchán sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 3330/94, (CE) Uimh. 2810/95, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 972/2006, (CE) Uimh. 504/2007, (CE) Uimh. 1375/2007, (CE) Uimh. 402/2008, (CE) Uimh. 1295/2008, (CE) Uimh. 1312/2008 agus (AE) Uimh. 642/2010, (CEE) Uimh. 1361/76 (CEE) Uimh. 1842/81, (CEE) Uimh. 3556/87, (CEE) Uimh. 3846/87, (CEE) Uimh. 815/89, (CE) Uimh. 765/2002, (CE) Uimh. 1993/2005, (CE) Uimh. 1670/2006, (CE) Uimh. 1731/2006, (CE) Uimh. 1741/2006, (CE) Uimh. 433/2007, (CE) Uimh. 1359/2007, (CE) Uimh. 1454/2007, (CE) Uimh. 508/2008, (CE) Uimh. 903/2008, (CE) Uimh. 147/2009, (CE) Uimh. 612/2009, (AE) Uimh. 817/2010, (AE) Uimh. 1178/2010, (AE) Uimh. 90/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1373/2013 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 190(3), Airteagal 193a(1) agus Airteagal 223(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 64(3),

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (3), agus go háirithe Airteagal 212(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a aisghairm, agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ina ionad (4). Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 leagtar amach rialacha maidir le trádáil táirgí talmhaíochta le tríú tíortha agus cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil thrádáil na dtáirgí a áirithiú sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha den sórt sin. An Rialachán seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2023/2834 (5) ba cheart iad a chur in ionad rialacha den sórt sin atá i bhfeidhm faoi láthair.

(2)

De bhun an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an India de bhun Airteagal XXVIII de GATT 1994 i ndáil le leasú na lamháltas maidir leis an rís dá ndéantar foráil i Sceideal CXL CE atá i gceangal le GATT 1994, arna fhormheas le Cinneadh 2004/617/CE ón gComhairle (6), an dleacht is infheidhme maidir le hallmhairí ríse scilligthe de chineálacha áirithe Basmati ón India, socraíodh ag nialas í.

(3)

De bhun an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an Phacastáin de bhun Airteagal XXVIII de GATT 1994 i ndáil le leasú na lamháltas maidir leis an rís dá ndéantar foráil i Sceideal CXL CE atá i gceangal le GATT 1994, arna fhormheas le Cinneadh 2004/618/CE ón gComhairle (7), an dleacht is infheidhme maidir le hallmhairí ríse scilligthe de chineálacha áirithe Basmati de thionscnamh na Pacastáine, socraíodh ag nialas í.

(4)

Chun bainistiú fónta riaracháin na n-allmhairí ríse Basmati a áirithiú, ba cheart rialacha speisialta, bíodh sin sa bhreis ar nó de mhaolú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (8) agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 (9) ón gCoimisiún, a ghlacadh maidir leis an oibleagáid le haghaidh ceadúnas allmhairiúcháin agus saincheisteanna eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le cruthúnas trádála agus inaistritheacht ceadúnais.

(5)

Chun a áirithiú go gcomhlánaíonn allmhaireoirí gránach forálacha den Rialachán seo agus de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834, ba cheart go gceanglaítear orthu ráthaíocht do cháilíocht na dtáirgí a allmhairítear.

(6)

Chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach ag margaí an Aontais le hallmhairithe molás as tríú tíortha, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí i bpáirt nó ina iomláine i gcás molás a thagann faoi chuimsiú chód AC 1703.

(7)

Maidir le táirgí earnáil na leannlusanna a allmhairítear ó thríú tíortha, deimhnítear le fianú coibhéise go gcomhlíonann siad na caighdeáin cháilíochta atá coibhéiseach leo siúd arna nglacadh le haghaidh táirgí comhchosúla arna mbuaint laistigh den Aontas nó atá déanta as táirgí den sórt sin. Tá sé tábhachtach go ndéanann na Ballstáit rialuithe chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí allmhairithe in earnáil na leannlusanna na critéir a leagtar síos san fhianú coibhéise agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon torthaí lena mbeadh gá leis an údarás inniúil eisiúna a bhaint ón liosta údarás tríú tíortha atá údaraithe fianuithe den sórt sin a eisiúint.

(8)

Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, maidir le pacáistí beaga táirgí d’earnáil na leannlusanna atá le díol le daoine aonair príobháideacha dá n-úsáid féin, leannlusanna le haghaidh turgnaimh eolaíochta agus teicneolaíochta agus le haghaidh aontaí a chumhdaítear leis na socruithe speisialta custaim maidir le haontaí, ba cheart na pacáistí sin a allmhairiú gan fianú coibhéise, a fhad agus a bhíonn iontrálacha áirithe le feiceáil ar an bpacáistíocht lena n-áirithítear nach gcuirtear an táirge i saorchúrsaíocht, ach go bhfuil sé ceaptha le haghaidh ceann de na húsáidí lena bhfuil feidhm ag an eisceacht, agus le haghaidh na húsáide sin amháin.

(9)

Is minic go gceanglaítear le trádáil táirgí talmhaíochta áirithe idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe go mbeadh doiciméid a dheimhníonn cur chun feidhme foirmiúlachtaí áirithe (rud ar a dtugtar ‘foirmiúlachtaí neamhchustaim’) a cheanglaítear le reachtaíocht talmhaíochta an Aontais, ag gabháil leis na táirgí sin le haghaidh allmhairí, san fhoirm pháipéir faoi láthair go príomha. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an próiseas uile a dhigitiú trí chóras leictreonach a bhunú i gcomhair foirmiúlachtaí neamhchustaim AS AGRI (ELAN) bunaithe ar TRACES.NT agus atá nasctha leis an Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Déanfaidh ELAN na próisis dhigiteacha a shainmhíniú sa todhchaí agus cuirfidh sé é ar a gcumas d’úsáideoirí na doiciméid is gá a eisiúint, a stóráil agus a fháil ar ais. Roinnfear ELAN ina dhá chuid agus beidh i gcuid 2, ar a dtugtar ELAN2-C, i measc cinn eile, doiciméid dhifriúla freisin a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus le Rialachán Cur Chun Feidhme 2023/2834. Tar éis na próisis dhigiteacha sin a shainmhíniú, leasófar forálacha dlíthiúla an dá Rialachán dá réir.

(10)

Ós rud é go dtugtar na rialacha is infheidhme atá ann faoi láthair cothrom le dáta leis an Rialachán seo, go gcuirtear é in ionad na rialacha atá ann cheana agus go gcuirtear deireadh le rialacha atá imithe i léig leis a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 3330/94 (11), (CE) Uimh. 2810/95 (12), (CE) Uimh. 951/2006 (13), (CE) Uimh. 972/2006 (14), (CE) Uimh. 504/2007 (15), (CE) Uimh. 1375/2007 (16), (CE) Uimh. 402/2008 (17), (CE) Uimh. 1295/2008 (18), (CE) Uimh. 1312/2008 (19), (AE) Uimh. 642/2010 (20) ón gCoimisiún, ba cheart na rialacháin sin a aisghairm.

(11)

Ba cheart Rialacháin (CEE) Uimh. 1361/76 (21), (CEE) Uimh. 1842/81 (22), (CEE) Uimh. 3556/87 (23), (CEE) Uimh. 3846/87 (24), (CEE) Uimh. 815/89 (25), (CE) Uimh. 765/2002 (26), (CE) Uimh. 1993/2005 (27), (CE) Uimh. 1670/2006 (28), (CE) Uimh. 1731/2006 (29), (CE) Uimh. 1741/2006 (30), (CE) Uimh. 433/2007 (31), (CE) Uimh. 1359/2007 (32), (CE) Uimh. 1454/2007 (33), (CE) Uimh. 508/2008 (34), (CE) Uimh. 903/2008 (35), (CE) Uimh. 147/2009 (36), (CE) Uimh. 612/2009 (37), (AE) Uimh. 817/2010 (38), (AE) Uimh. 1178/2010 (39) agus (AE) Uimh. 90/2011 (40) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)1373/2013 ón gCoimisiún (41) i dtaca le fóirdheontais onnmhairiúcháin a aisghairm ós rud é gur cuireadh deireadh leis an gcóras sin le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha sonracha maidir le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna agus go háirithe maidir le:

(a)

allmhairí ríse Basmati;

(b)

ráthaíocht a thaisceadh maidir le hallmhairí arbhair Indiaigh chrua, gnáthchruithneachta agus cruithneachta crua;

(c)

dleachtanna allmhairiúcháin ar mholáis a chur ar fionraí nó a laghdú;

(d)

seiceálacha ar leannlusanna allmhairithe agus díolúine ó fhianú coibhéise agus na ceanglais lipéadaithe maidir le hallmhairí leannlusanna.

ROINN 2

RÍS

Airteagal 2

Rialacha sonracha maidir le hallmhairí ríse Basmati

1.   Beidh feidhm ag an roinn seo ar rís scilligthe Basmati a thagann faoi réim chóid AC 1006 20 17 agus 1006 20 98, de na cineálacha seo a leanas:

(a)

Basmati 217;

(b)

Basmati 370;

(c)

Basmati 386;

(d)

Kernel (Basmati);

(e)

Pusa Basmati;

(f)

Ranbir Basmati;

(g)

Super Basmati;

(h)

Taraori Basmati (HBC-19);

(i)

Cineál-3 (Dehradun).

2.   D’ainneoin na rátaí dleachta allmhairiúcháin a socraíodh sa Chomhtharaif Chustaim, cáileoidh rís Basmati dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh ráta nialasaigh dleachta allmhairiúcháin faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo agus nuair atá ceadúnas allmhairiúcháin arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ag gabháil léi.

Airteagal 3

Rialacha is infheidhme

Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 agus ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 4

Iarratais ar cheadúnais allmhairiúcháin

Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le hiarratais ar cheadúnas allmhairiúcháin le haghaidh rís Basmati dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

(a)

cruthúnas gur onnmhairigh an t-iarratasóir ón Aontas nó gur scaoil sé i saorchúrsaíocht san Aontas íosmhéid 25 t ríse dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le linn bliain amháin de na 2 bhliain féilire roimhe sin;

(b)

deimhniú barántúlachta táirge arna eisiúint ag comhlacht inniúil sa tír is onnmhaireoir, rud a chuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal ar a shuíomh gréasáin. Féadfar an deimhniú a stóráil agus a chur ar fáil i gcóras leictreonach ELAN atá le bunú ag an gCoimisiún.

Airteagal 5

Cearta ó cheadúnais allmhairiúcháin a aistriú

De mhaolú ar Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237, ní bheidh cearta a eascraíonn as ceadúnais allmhairiúcháin le haghaidh rís Basmati dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo inaistrithe.

ROINN 3

GRÁNAIGH

Airteagal 6

Ráthaíocht a thaisceadh chun arbhar Indiach crua a allmhairiú

De mhaolú ar Airteagal 211(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, maidir le arbhar Indiach crua, déanfaidh an t-allmhaireoir ráthaíocht shonrach a thaisceadh ag an údarás custaim, seachas i gcás ina bhfuil deimhniú comhréireachta arna eisiúint ag Servicio National de Sanidad y Calidad Agroalimentaria na hAirgintíne (Senasa) ag gabháil leis an dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 21(2), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

Airteagal 7

Ráthaíocht a thaisceadh chun gnáthchruithneacht agus cruithneacht chrua a allmhairiú

1.   Maidir le gnáthchruithneacht d’ardchaighdeán, déanfaidh an t-allmhaireoir ráthaíocht shonrach a thaisceadh ag an údarás custaim ar dháta glactha an dearbhaithe maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht seachas i gcás ina bhfuil deimhniú comhréireachta arna eisiúint ag an tSeirbhís Fheidearálach um Chigireacht Ghráin (FGIS) nó ag an Coimisiún Ceanadach um Ghrán (CGC) Ceanada ag gabháil leis an dearbhú sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), an chéad fhomhír, pointe (b) nó (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

Más rud é, áfach, go ndearnadh dleachtanna allmhairiúcháin le haghaidh gach catagóire cáilíochta de ghnáthchruithneacht a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 219 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní éileofar an ráthaíocht shonrach ar feadh tréimhse iomlán na fionraíochta.

2.   Maidir le cruithneacht chrua, déanfaidh an t-allmhaireoir ráthaíocht shonrach a thaisceadh ag an údarás custaim ar dháta glactha an dearbhaithe maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht, seachas i gcás ina bhfuil deimhniú comhréireachta arna eisiúint ag an tSeirbhís Fheidearálach um Chigireacht Ghráin (FGIS) nó ag an Coimisiún Ceanadach um Ghrán (CGC) Ceanada ag gabháil leis an dearbhú sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), an chéad fhomhír, pointe (b) nó (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

Ní éileofar an ráthaíocht shonrach, áfach, i gcás ina bhfuil an dleacht allmhairiúcháin is infheidhme maidir leis na cáilíochtaí éagsúla cruithneachta crua nialasach.

ROINN 4

SIÚCRA

Airteagal 8

Dleachtanna allmhairiúcháin ar mholáis a chur ar fionraí agus a laghdú

I gcás ina bhfuil praghsanna ionadaíocha CAL le haghaidh moláis dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 agus an dleacht allmhairiúcháin is infheidhme maidir le molás cána a thagann faoi chuimsiú chód AC 1703 10 00, nó maidir le molás biatais a thagann faoi chuimsiú chód AC 1703 90 00, níos mó ná EUR 8,21/100 kg, déanfar an dleacht allmhairiúcháin a chur ar fionraí nó a laghdú go dtí an méid a shocraigh an Coimisiún. Socrófar an méid sin an tráth céanna leis na praghsanna ionadaíocha dá dtagraítear san Airteagal sin.

I gcás ina bhfuil riosca ann, áfach, go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ag fionraíocht dleachtanna allmhairiúcháin do mhargadh an Aontais i molás, féadfar a fhoráil, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 183, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nach gcuirfear an fhionraíocht sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse shonrach.

ROINN 5

LEANNLUSANNA

Airteagal 9

Seiceálacha ar leannlusanna allmhairithe chun a áirithiú go gcomhlíonann siad íoscheanglais mhargaíochta

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar thorthaí na seiceálacha don Choimisiún maidir le comhlíonadh íoscheanglas margaíochta a rinneadh le linn na bliana roimh an 30 Meitheamh mar a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

2.   Má fhaigheann Ballstát amach nach bhfuil saintréithe táirge leannlusanna comhréireach leis na mionsonraithe a liostaítear ar an bhfianú coibhéise a ghabhann leo, tabharfaidh sé fógra faoi sin don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an ghníomhaireacht a d’eisigh an fianú coibhéise le haghaidh táirgí den sórt sin a tharraingt siar ón liosta dá dtagraítear in Airteagal 37(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

3.   Na fógraí dá dtagraítear i mír 2 agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 déanfar iad tríd an gcóras fógartha a bhunaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (43) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (44).

Airteagal 10

Díolúine ó fhianú coibhéise agus na ceanglais lipéadaithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 35(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834, maidir le hallmhairiú leannlusanna agus táirgí leannlusanna, ní éileofar an fianú dá dtagraítear san Airteagal sin ná comhlíonadh Airteagal 39 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin lena scaoileadh i saorchúrsaíocht nuair nach mbíonn an meáchan in aghaidh gach pacáiste aonair níos mó ná 1 kg i gcás buaircíní leannlusanna agus púdar leannlusanna agus 300 g i gcás eastóscáin leannlusanna a allmhairítear chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

pacáistí beaga ar díol le daoine aonair príobháideacha dá n-úsáid féin;

(b)

le haghaidh turgnaimh eolaíochta agus teicneolaíochta;

(c)

le haghaidh aontaí a chumhdaítear leis na socruithe speisialta custaim maidir le haontaí.

2.   Ní mór an tuairisc, meáchan agus úsáid deiridh an táirge a bheith le feiceáil ar an bpacáistíocht.

ROINN 6

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 11

Aisghairmeacha

Aisghairtear na Rialacháin seo a leanas:

(a)

Rialacháin (CE) Uimh. 3330/94, (CE) Uimh. 2810/95, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 972/2006, (CE) Uimh. 504/2007, (CE) Uimh. 1375/2007, (CE) Uimh. 402/2008, (CE) Uimh. 1295/2008, (CE) Uimh. 1312/2008 agus (AE) Uimh. 642/2010;

(b)

Rialacháin (CEE) Uimh. 1361/76, (CEE) Uimh. 1842/81, (CEE) Uimh. 3556/87, (CEE) Uimh. 3846/87, (CEE) Uimh. 815/89, (CE) Uimh. 765/2002 (CE) Uimh. 1993/2005, (CE) Uimh. 1670/2006, (CE) Uimh. 1731/2006, (CE) Uimh. 1741/2006, (CE) Uimh. 433/2007, (CE) Uimh. 1359/2007, (CE) Uimh. 1454/2007, (CE) Uimh. 508/2008, (CE) Uimh. 903/2008, (CE) Uimh. 147/2009, (CE) Uimh. 612/2009, (AE) Uimh. 817/2010, (AE) Uimh. 1178/2010, (AE) Uimh. 90/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1373/2013.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 7ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(3)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna (IO L, 2023/2834, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2834/oj).

(6)  Cinneadh 2004/617/CE ón gComhairle an 11 Lúnasa 2004 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an India de bhun Airteagal XXVIII de GATT 1994 i ndáil le leasú na lamháltas maidir leis an rís dá ndéantar foráil i Sceideal CXL CE atá i gceangal le GATT 1994 (IO L 279, 28.8.2004, lch. 17).

(7)  Cinneadh 2004/618/CE ón gComhairle an 11 Lúnasa 2004 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an Phacastáin de bhun Airteagal XXVIII de GATT 1994 i ndáil le leasú na lamháltas maidir leis an rís dá ndéantar foráil i Sceideal CXL CE atá i gceangal le GATT 1994 (IO L 279, 28.8.2004, lch. 23).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 44).

(10)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 3330/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 maidir leis an rangú gearrthacha áirithe éanlaithe clóis de réir taraife agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 350, 31.12.1994, lch. 52).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 2810/95 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 1995 maidir leis an rangú conablach agus leath-conablach muc de réir taraife agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 291, 6.12.1995, lch. 24).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 318/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le trádáil le tríú tíortha in earnáil an tsiúcra (IO L 178, 1.7.2006, lch. 24).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 972/2006 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2006 lena leagtar síos na rialacha speisialta is infheidhme maidir le hallmhairiú rís Basmati agus córas rialaithe idirthréimhseach chun tionscnamh na ríse a shocrú (IO L 176, 30.6.2006, lch. 53).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 504/2007 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2007 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na socruithe le haghaidh dleachtanna breise allmhairiúcháin in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne (IO L 119, 9.5.2007, lch. 7).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1375/2007 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2007 maidir le hallmhairí iarmhar ón monarú stáirse as grán buí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 307, 24.11.2007, lch. 5).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 402/2008 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2008 maidir le nósanna imeachta le haghaidh allmhairiú seagail ón Tuirc (IO L 120, 7.5.2008, lch. 3).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 maidir le hallmhairiú leannlusanna ó thríú tíortha (IO L 340, 19.12.2008, lch. 45).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena socraítear na rátaí comhshó, na costais phróiseála agus luach na seachtháirgí sna céimeanna éagsúla den phróiseáil ríse (IO L 344, 20.12.2008, lch. 56).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 642/2010 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2010 maidir le rialacha cur chun feidhme le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dleachtanna allmhairiúcháin in earnáil na ngránach (IO L 187, 21.7.2010, lch. 5).

(21)  Rialachán (CEE) Uimh. 1361/76 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 1976 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur i bhfeidhm na haisíocaíochta onnmhairiúcháin ar rís Basmati agus ar mheascáin ríse (IO L 154, 15.6.1976, lch. 11).

(22)  Rialachán (CEE) Uimh. 1842/81 an 3 Iúil 1981 ón gCoimisiún lenar leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 1188/81 a bhaineann le rialacha ginearálta maidir le deonú aisíocaíochtaí a coigeartaíodh i gcás gránach a onnmhairíodh i bhfoirm deochanna biotáilleacha áirithe (IO L 183, 4.7.1981, lch. 10).

(23)  Rialachán (CEE) Uimh. 3556/87 ón gCoimisiún an 26 Samhain 1987 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe breise maidir le cur i bhfeidhm an chórais deimhnithe réamhshocraithe i gcás táirgí áirithe in earnáil na ngránach a onnmhairítear i bhfoirm pasta a thagann faoi chuimsiú Uimh. 19.03 den Chomhtharaif Chustaim (IO L 337, 27.11.1987, lch. 57).

(24)  Rialachán (CEE) Uimh. 3846/87 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 1987 lena bhunaítear ainmníocht táirge talmhaíochta le haghaidh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin (IO L 366, 24.12.1987, lch. 1).

(25)  Rialachán (CEE) Uimh. 815/89 ón gCoimisiún an 30 Márta 1989 maidir le haisíocaíochtaí a dheonú ar eorna dhaite (IO L 86, 31.3.1989, lch. 34).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2002 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2002 maidir le bailiúchán samplaí agus glacadh le rialacha mionsonraithe áirithe a bhaineann le seiceálacha fisiceacha ar ghearrthacha mairteola gan chnámha a cháilíonn d’aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin (IO L 117, 4.5.2002, lch. 6).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 1993/2005 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2005 maidir le coigeartú aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar bhraic faoi Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1784/2003 ón gComhairle (IO L 320, 8.12.2005, lch. 26).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 1670/2006 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1784/2003 ón gComhairle maidir le haisíocaíochtaí coigeartaithe maidir le gránbharra arna n-ollmhairiú i bhfoirm deochanna biotáille áirithe (IO L 312, 11.11.2006, lch. 33).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 1731/2006 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2006 maidir le rialacha mionsonraithe speisialta chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe mairteola agus laofheola leasaithe (IO L 325, 24.11.2006, lch. 12).

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 1741/2006 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2006 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le haisíoc onnmhairíochta speisialta a dheonú ar fheoil dhíchnámhaithe de bhó-ainmhithe fásta fireanna a chuirtear faoin nós imeachta stórála custaim roimh a n-onnmhairiú (IO L 329, 25.11.2006, lch. 7).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 433/2007 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2007 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le haisíoc onnmhairíochta speisialta a dheonú ar mhairteoil agus laofheoil (IO L 104, 21.4.2007, lch. 3).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 1359/2007 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2007 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le haisíoc onnmhairíochta speisialta a dheonú ar ghearrthacha áirithe feola díchnámhaithe de bhó-ainmhithe (IO L 304, 22.11.2007, lch. 21).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 1454/2007 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2007 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh nós imeachta tairisceana a bhunú maidir le haisíocaíochtaí onnmhairíochta le haghaidh táirgí áirithe talmhaíochta a shocrú (IO L 325, 11.12.2007, lch. 69).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 508/2008 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2008 ar an sainmhíniú, is infheidhme maidir le haisíocaíochtaí onnmhairíochta a dheonú, de ghráinní scilligthe, péarlacha gránach (IO L 149, 7.6.2008, lch. 55).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 903/2008 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2008 maidir le coinníollacha speisialta le haghaidh aisíocaíochtaí onnmhairíochta a dheonú ar tháirgí áirithe muiceola (IO L 249, 18.9.2008, lch. 3).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 147/2009 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2009 maidir le criosanna cinn scríbe a shainmhíniú le haghaidh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, tobhaigh onnmhairiúcháin agus ceadúnais áirithe onnmhairiúcháin le haghaidh gránach agus ríse (IO L 50, 21.2.2009, lch. 5).

(37)  Rialachán (CE) Uimh. 612/2009 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2009 lena leagtar síos comhrialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme córais um aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta (IO L 186, 17.7.2009, lch. 1).

(38)  Rialachán (AE) Uimh. 817/2010 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2010 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le haisíocaíochtaí onnmhairíochta a bhaineann le leas bó-ainmhithe beo le linn a n-iompair a dheonú (IO L 245, 17.9.2010, lch. 16).

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2010 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2010 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas ceadúnais onnmhairiúcháin san earnáil uibhe a chur chun feidhme (IO L 328, 14.12.2010, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 90/2011 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas ceadúnais onnmhairiúcháin in earnáil an fheola éanlaithe clóis a chur chun feidhme (IO L 30, 4.2.2011, lch. 1).

(41)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1373/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas ceadúnais onnmhairiúcháin in earnáil na muiceola a chur chun feidhme (IO L 346, 20.12.2013, lch. 29).

(42)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(43)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).

(44)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2835/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)