European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2832

15.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2832 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2023

maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 2(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá i státchabhair cistiú stáit a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 109 den Chonradh, féadfaidh an Chomhairle catagóirí cabhrach atá díolmhaithe ón gceanglas fógra sin a chinneadh. De réir Airteagal 108(4) den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh maidir leis na catagóirí sin státchabhrach. I Rialachán (AE) 2015/1588, chinn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 109 den Chonradh, go bhféadfadh cabhair de minimis (is é sin, cabhair a dheonaítear don ghnóthas céanna thar thréimhse shonrach ama nach sáraíonn méid socraithe áirithe) a bheith ar cheann de na catagóirí sin. Ar an mbonn sin, meastar nach gcomhlíonann cabhair de minimis na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh agus, dá bhrí sin, níl sí faoi réir an nós imeachta um fhógra a thabhairt.

(2)

Tá soiléiriú tugtha ag an gCoimisiún, i roinnt mhaith cinntí, ar choincheap na cabhrach de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh. Luaigh an Coimisiún freisin a bheartas maidir le huasteorainn de minimis faoinar féidir a mheas nach bhfuil feidhm ag Airteagal 107(1) den Chonradh.

(3)

Léiríodh le taithí an Choimisiúin maidir leis na rialacha Státchabhrach a chur i bhfeidhm ar ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch i gcoitinne de réir bhrí Airteagal 106(2) den Chonradh, i ndáil leis an uasteorainn ar féidir a mheas faoina bhun nach ndéanann buntáistí a dheonaítear do na gnóthais sin difear do thrádáil idir na Ballstáit nó nach ndéanann siad iomaíochas a shaobhadh ná saobhadh ar iomaíochas a bhagairt, go bhféadfadh an uasteorainn sin a bheith éagsúil, i gcásanna áirithe, ón uasteorainn de minimis ginearálta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún (2). Go deimhin, is dócha gur cúiteamh as costais bhreise atá nasctha le soláthar seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta iad cuid de na buntáistí sin ar a laghad. Ina theannta sin, bíonn raon feidhme críochach teoranta ag go leor gníomhaíochtaí a cháilíonn mar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. De bhun Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún (3), cabhair a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ba cheart a mheas nach ndéanfaidh sí difear do thrádáil idir na Ballstáit ná nach ndéanfaidh sí iomaíochas a shaobhadh ná nach bagairt í ar iomaíochas a shaobhadh, ar choinníoll nach mó ná EUR 500 000 thar aon tréimhse 3 bliana fhioscacha méid iomlán na cabhrach a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar.

(4)

I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 á chur i bhfeidhm, is iomchuí na rialacha de minimis maidir le cabhair do sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a choigeartú agus chun roinnt de na coigeartuithe a cuireadh i bhfeidhm ar Rialachán ginearálta de minimis (AE) 2023/2831 a léiriú, chun comhleanúnachas a áirithiú, agus an tráth céanna saintréithe sonracha na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta á gcur san áireamh.

(5)

Chomh maith leis sin, uasteorainn na cabhrach de minimis is féidir le gnóthas aonair a fháil in aghaidh an Bhallstáit thar aon tréimhse 3 bliana le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, is iomchuí an uasteorainn sin a mhéadú go EUR 750 000. Léiríonn an uasteorainn sin an boilsciú a bhí ann ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 i bhfeidhm agus na forbairtí measta a bheidh ann le linn thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo. Tá gá leis an uasteorainn sin chun a áirithiú go bhféadfar a mheas maidir le haon bheart a thagann faoin Rialachán seo nach ndéanann sé difear don trádáil idir na Ballstáit nó nach ndéanann sé an iomaíocht a shaobhadh ná nach baol é go saobhfaí an iomaíocht.

(6)

Ba cheart státchabhair a dheonaíonn Ballstát a chur san áireamh fiú i gcás ina maoinítear í go hiomlán nó i bpáirt as acmhainní de thionscnamh an Aontais atá faoi rialú an Bhallstáit sin. Níor cheart go bhféadfaí bearta cabhrach a sháraíonn an uasteorainn de minimis a bhriseadh síos ina gcodanna níos lú chun na codanna sin a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(7)

Chun críocha na rialacha maidir leis an iomaíocht a leagtar síos sa Chonradh is éard atá i ngnóthas aon eintiteas, bíodh sé ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar stádas dlíthiúil an eintitis agus an dóigh a ndéantar é a mhaoiniú (4). Shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, eintiteas ‘ar leis scairshealbha urlámhais i gcuideachta’ agus ‘a fheidhmíonn an t-urlámhas sin go hiarbhír trína bheith páirteach go díreach nó go hindíreach ina bhainistiú’, nach mór a mheas go bhfuil an t-eintiteas sin rannpháirteach i ngníomhaíocht eacnamaíoch na cuideachta sin. Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur gnóthas é an t-eintiteas de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh (5). Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil gach eintiteas atá faoi rialú ag an aon eintiteas amháin (ar bhonn dlíthiúil nó de facto) le meas mar ghnóthas aonair (6).

(8)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart a thabhairt sa Rialachán seo liosta uileghabhálach soiléir de chritéir lena gcinnfear ar cheart dhá fhiontar nó níos mó in aon Bhallstát amháin a mheas mar ghnóthas aonair. Roghnaigh an Coimisiún critéir atá iomchuí chun críocha an Rialacháin seo as measc na gcritéar seanbhunaithe chun ‘fiontair chleamhnaithe’ a shainiú atá mar chuid den sainmhíniú ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (7) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (8). Ba cheart na critéir a bheith infheidhme, i bhfianaise raon feidhme an Rialacháin seo, maidir le FBManna agus gnóthais mhóra araon agus ba cheart a áirithiú leo go meastar gur gnóthas aonair amháin é grúpa fiontar cleamhnaithe maidir leis an riail de minimis a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, mar a aithnítear in Airteagal 14 den Chonradh, tá áit ar leith ag seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne i gcomhluachanna an Aontais agus tá ról ar leith acu maidir le comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn. Ba cheart seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta freastal ar riachtanais úsáideoirí chomh maith agus is féidir agus ba cheart na Ballstáit a bheith in ann freastal ar na riachtanais sin ar an mbealach is iomchuí agus sainiúlacht gach Ballstáit á cur san áireamh maidir le soláthar seirbhísí sóisialta go háirithe. Chuige sin, fiontair a dhéanann seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch nach bhfuil aon ghaol eatarthu seachas go bhfuil nasc díreach ag gach ceann acu leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí poiblí céanna, nó leis an eintiteas nó na heintitis neamhbhrabúis céanna, níor cheart caitheamh leo mar fhiontair chleamhnaithe. Dá bhrí sin, cás sonrach na bhfiontar atá á rialú ag an gcomhlacht poiblí céanna nó ag na comhlachtaí poiblí céanna, nó ag an eintiteas nó na heintitis neamhbhrabúis céanna, a bhféadfadh cumhacht neamhspleách cinnteoireachta a bheith ag na fiontair iontu, ba cheart an cás sin a chur san áireamh.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear do sholáthar seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, agus maidir leis an gcabhair sin amháin. Dá bhrí sin, ba cheart an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ar ina leith a dheonaítear an chabhair, a chur de chúram ar an ngnóthas is tairbhí i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach. Cé gur cheart go gcuirfeadh an gníomh cúraim an gnóthas ar an eolas maidir leis an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar ina leith a dheonaítear an chabhair, ní gá an fhaisnéis mhionsonraithe ar fad a bheith ann mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún (9).

(10)

I bhfianaise na rialacha speisialta atá i bhfeidhm in earnálacha an táirgthe phríomhúil (go háirithe na cinn a bhaineann le táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, agus le táirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe), i bhfianaise gur annamh a chuirtear de chúram ar ghnóthais sna hearnálacha sin seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, agus i bhfianaise an riosca go bhféadfadh méideanna na cabhrach atá faoi bhun na huasteorann a leagtar amach sa Rialachán seo critéir a leagtar amach in Airteagal 107(1) den Chonradh a chomhlíonadh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hearnálacha sin.

(11)

I bhfianaise na gcosúlachtaí idir próiseáil agus margú táirgí talmhaíochta agus táirgí neamhthalmhaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le próiseáil agus margú táirgí talmhaíochta, má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Gníomhaíochtaí is gá ar an bhfeirm chun táirge a ullmhú le haghaidh chéad díola (mar shampla, buaint; gránaigh a ghearradh agus a bhualadh; nó uibheacha a phacáil) nó an chéad díolachán le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe, níor cheart iad a mheas mar phróiseáil agus mar mhargú i ndáil leis sin agus dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

(12)

Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus na cosúlachtaí idir na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí próiseála agus margaíochta eile, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. I ndáil leis sin, gníomhaíochtaí ar an bhfeirm nó gníomhaíochtaí ar bord is gá chun ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola (lena n-áirítear gearradh, filléadú nó reo), nó an chéad díol le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe, níor cheart a mheas gur próiseáil nó margú iad na gníomhaíochtaí sin, agus níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

(13)

Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a luaithe atá reachtaíocht curtha i bhfeidhm ag an Aontas maidir le comheagraíocht an mhargaidh in earnáil na talmhaíochta, go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit gan aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón gcomheagraíocht sin nó eisceachtaí a chruthú ina leith (10). Mar gheall air sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán maidir le cabhair a bhfuil a méideanna socraithe ar bhonn phraghas nó mhéid na dtáirgí ceannaithe nó curtha ar an margadh in earnáil na talmhaíochta. Níor cheart feidhm a bheith aige ach oiread maidir le cabhair atá ceangailte le hoibleagáid an chabhair a roinnt le táirgeoirí príomhúla talmhaíochta. Tá feidhm ag na prionsabail seo maidir le hearnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe.

(14)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin nó cabhair a thugtar ar choinníoll go n-úsáidtear táirgí nó seirbhísí intíre de rogha ar tháirgí allmhairithe. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cabhair lena maoinítear bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach n-eisiatar le Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún (11)‘gach cabhair a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar onnmhairí, ach an chabhair gurb é an cuspóir díreach atá léi, de réir a foirme féin, díolacháin a chur chun cinn i Stát eile’ agus nach bhfuil ‘cabhair infheistíochta, ar choinníoll nach bhfuil sí, i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile, arna chinneadh, i bprionsabal agus ina méid, ag cainníocht na n-earraí a onnmhairítear, san áireamh in ‘cabhair do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú’ de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 agus nach dtagann sí faoi raon feidhme na forála sin, fiú má éascaíonn na hinfheistíochtaí sin forbairt earraí atá beartaithe le honnmhairiú’ (12). Cabhair ar son costais rannpháirtíochta in aontaí trádála nó staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin atá ag teastáil chun táirge nua a sheoladh nó chun táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua i mBallstát eile nó i dtríú tír, ní cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin í de ghnáth.

(15)

Ba cheart an tréimhse 3 bliana atá le cur san áireamh chun críocha an Rialacháin seo a mheas ar bhonn atrátha. I gcás gach deontais nua de chabhair de minimis, ní mór méid iomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh le 3 bliana anuas a chur san áireamh.

(16)

I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in aon cheann de na hearnálacha a eisítear ó raon feidhme an Rialacháin seo agus go bhfuil an gnóthas sin gníomhach in earnálacha eile nó go ndéanann sé gníomhaíochtaí eile freisin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hearnálacha nó gníomhaíochtaí eile sin, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann, trína bhrath ar bhealaí cuí, cuir i gcás, trí ghníomhaíochtaí a dheighilt nó costais a dheighilt, a áirithiú nach rachaidh an chabhair de minimis chun tairbhe do na gníomhaíochtaí sna hearnálacha a eisítear. Ba cheart an prionsabal céanna a bheith i bhfeidhm i gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in earnálacha a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha de minimis níos ísle maidir leo. Mura féidir le gnóthas a áirithiú maidir le na gníomhaíochtaí in earnálacha a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha de minimis níos ísle maidir leo, nach mbainfidh na gníomhaíochtaí sin tairbhe ach as cabhair de minimis suas leis na huasteorainneacha sin atá níos ísle, ba cheart feidhm a bheith ag an uasteorainn is ísle maidir le gníomhaíochtaí uile an ghnóthais.

(17)

Ba cheart rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo rialacha lena áirithiú nach féidir dul timpeall ar uasteorainneacha na cabhrach a leagtar amach sna rialacháin nó sna cinntí ábhartha ón gCoimisiún maidir le Státchabhair. Ba cheart rialacha soiléire maidir le carnadh a bhunú freisin.

(18)

Ní eisiatar sa Rialachán seo gur féidir a mheas nach bhfuil beart ina státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar fhoras nach foras a leagtar amach sa Rialachán seo, mar shampla i gcás ina gcomhlíonann an beart prionsabal oibreoir an gheilleagair mhargaidh nó i gcás nach mbaineann an beart le hacmhainní Stáit a aistriú. Go háirithe, ní státchabhair maoiniú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag an gCoimisiún agus nach bhfuil go díreach nó go hindíreach faoi riail an Bhallstáit agus níor cheart é a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil an uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo sáraithe.

(19)

Ní chuimsítear leis an Rialachán seo gach cás nach bhféadfadh aon éifeacht a bheith ag beart ar thrádáil idir na Ballstáit agus nach bhféadfadh sé iomaíocht a shaobhadh ná bagairt a dhéanamh ar an iomaíocht a shaobhadh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina soláthraíonn tairbhí earraí nó seirbhísí do limistéar teoranta (mar shampla i réigiún oileánach nó i réigiún forimeallach) laistigh de Bhallstát agus nach dócha go meallfadh an tairbhí sin custaiméirí ó Bhallstáit eile, agus nach bhféadfaí a thuar go mbeadh mórán tionchair ag an mbeart ar choinníollacha na n-infheistíochtaí nó na bunaíochta trasteorann. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar bhearta den chineál sin ar bhonn cás ar chás.

(20)

Níor cheart an Rialachán seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/2831 ar ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Ba cheart é a fhágáil de shaoirse ag na Ballstáit a bheith ag brath ar an Rialachán seo nó ar Rialachán (AE) 2023/2831 maidir le cabhair a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar.

(21)

Shainaithin an Chúirt Bhreithiúnais, ina breithiúnas Altmark (13), líon áirithe coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun nach Státchabhair é an cúiteamh ar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar. Áirithítear leis na coinníollacha sin nach Státchabhair í cúiteamh atá teoranta do na glanchostais arna dtabhú ag gnóthais éifeachtúla chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh. Mura n-urramaítear na coinníollacha sin, is Státchabhair é an cúiteamh agus féadfar a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach ar bhonn rialacha infheidhme an Aontais. Chun úsáid an Rialacháin seo leis na coinníollacha arna sainiú i mbreithiúnas Altmark a sheachaint, agus ionas nach ndéanfaidh an chabhair de minimis arna deonú faoin Rialachán seo difear do thrádáil mar gheall ar a carnadh le cúiteamh eile as an tseirbhís chéanna ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, níor cheart cabhair de minimis faoin Rialachán seo a charnadh le haon chúiteamh i leith na seirbhíse céanna, beag beann ar cé acu is Státchabhair í de réir bhreithiúnas Altmark nó is Státchabhair chomhoiriúnach í de réir Chinneadh 2012/21/AE nó de réir an Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí (14).

(22)

Ar mhaithe leis an trédhearcacht, an chóir chomhionann agus an faireachán éifeachtach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair de minimis ar ina leith is féidir an choibhéis deontais chomhláin ex ante chruinn a ríomh gan aon ghá le tabhairt faoi mheasúnú riosca (‘cabhair thrédhearcach de minimis’). Is féidir ríomh cruinn den sórt sin a dhéanamh, mar shampla, le haghaidh deontas, fóirdheontais ráta úis, díolúintí ó cháin a bhfuil caidhp orthu nó ionstraimí eile a sholáthraíonn caidhp lena n-áirithítear nach sáraítear an uasteorainn ábhartha. Is éard a chiallaíonn caidhp a sholáthar nach mór don Bhallstát, a fhad nach eol méid beacht na cabhrach, toimhde a dhéanamh gurb ionann an méid agus an chaidhp le haghaidh an bhirt ionas go n-áiritheofar nach sáraíonn roinnt bearta cabhrach le chéile an uasteorainn a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun na rialacha maidir le carnadh a chur i bhfeidhm.

(23)

Ar mhaithe leis an trédhearcacht, an chóir chomhionann agus cur i bhfeidhm ceart na huasteorann de minimis, ba cheart na Ballstáit uile an modh céanna ríofa a chur i bhfeidhm maidir le ríomh mhéid iomlán na cabhrach arna deonú. Chun an ríomh sin a éascú, ba cheart méideanna cabhrach nach deontas airgid thirim iad a iompú ina gcoibhéis deontais chomhláin. Chun coibhéis deontais chomhláin a ríomh maidir le cineálacha trédhearcacha de chabhair seachas deontais agus cabhair atá iníoctha i dtráthchodanna, is gá úsáid a bhaint as rátaí úis an mhargaidh atá i réim tráth a dheonaítear an chabhair sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach, trédhearcach agus simplí rialacha státchabhrach a éascú, is iad na rátaí margaidh is infheidhme chun críocha an Rialacháin seo na rátaí tagartha a shocraítear i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú an mhodha chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (15).

(24)

An chabhair ab éard atá inti iasachtaí, lena n-áirítear cabhair maoinithe riosca de minimis i bhfoirm iasachtaí, ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach de minimis í más rud é gur ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn rátaí úis an mhargaidh tráth a dheonaítear an chabhair. Chun an chaoi a gcaitear le hiasachtaí beaga ar gearr a bhfad a shimpliú, is gá riail shoiléir a leagan amach atá furasta a chur i bhfeidhm agus lena gcuirtear san áireamh méid na hiasachta agus a fad. Iasachtaí atá urraithe le hurrús comhthaobhach a chumhdaíonn 50 % ar a laghad den iasacht agus nach mó iad ná EUR 3 750 000 agus nach mó a dtréimhse ná 5 bliana nó nach mó iad ná EUR 1 875 000 agus nach mó a dtréimhse ná 10 mbliana, féadfar a mheas go bhfuil coibhéis deontais chomhláin acu nach sáraíonn an uasteorainn de minimis. Tá sé sin bunaithe ar thaithí an Choimisiúin agus léiríonn sé an boilsciú a bhí ann ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 i bhfeidhm agus an t-athrú measta ar an mboilsciú le linn thréimhse cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I ngeall ar na deacrachtaí a bhaineann leis an gcoibhéis deontais chomhláin a dhéanamh amach i gcás cabhair a dheonaítear do ghnóthais nach mbeidís in ann an iasacht a aisíoc (mar shampla, toisc go bhfuil an gnóthas faoi réir comhimeachtaí dócmhainneachta nó toisc go gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta maidir le cur i gcomhimeachtaí dócmhainneachta arna iarraidh sin dá chreidiúnaithe), níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir leis na gnóthais sin.

(25)

Níor cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti instealltaí caipitil, ach amháin mura sáraíonn méid iomlán an insteallta phoiblí an uasteorainn de minimis. Níor cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti bearta um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, dá dtagraítear sna treoirlínte um maoiniú riosca (16), ach amháin má sholáthraíonn an beart i gceist caipiteal nach sáraíonn an uasteorainn de minimis.

(26)

Ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach í an chabhair ab éard atá inti ráthaíochtaí, lena n-áirítear cabhair um maoiniú riosca de minimis i bhfoirm ráthaíochtaí, más rud é gur ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn préimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún don chineál gnóthais atá i gceist (17). Ba cheart a leagadh amach sa Rialachán seo rialacha soiléire lena gcuirtear san áireamh méid na buniasachta agus fad na ráthaíochta araon. Trí rialacha soiléire a leagan amach, ba cheart go gcuideofaí chun simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le ráthaíochtaí gearrthéarmacha lena n-urraítear suas le 80 % d’iasacht atá réasúnta beag, i gcás ina dtabhóidh an t-iasachtóir agus an ráthóir caillteanais go comhréireach agus ar an mbealach céanna, agus ina laghdódh na glan-aisghabhálacha a ghintear ó aisghabháil na hiasachta ó na hurrúis a thug an t-iasachtaí na caillteanais a sheas an t-iasachtóir agus an ráthóir go comhréireach. Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le ráthaíochtaí ar idirbhearta foluiteacha nach iasacht iad, ráthaíochtaí ar idirbhearta cothromais mar shampla. Bunaithe ar thaithí an Choimisiúin agus i bhfianaise an bhoilscithe a bhí ann ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún i bhfeidhm agus ar an bhforbairt mheasta ar an mboilsciú le linn thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go bhfuil coibhéis deontais chomhláin ag an ráthaíocht nach sáraíonn an uasteorainn de minimis i gcás (i) nach dtéann an ráthaíocht thar 80 % den bhuniasacht; (ii) nach mó an méid a ráthaítear ná EUR 5 625 000; agus (iii) nach sáraíonn fad na ráthaíochta 5 mbliana. Is amhlaidh an cás i gcás (i) nach dtéann an ráthaíocht thar 80 % den bhuniasacht; (ii) nach mó an méid a ráthaítear ná EUR 2 813 036; agus (iii) nach sáraíonn fad na ráthaíochta 10 mbliana.

(27)

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit modheolaíocht a úsáid chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochtaí a ríomh, ar modheolaíocht í a cuireadh in iúl don Coimisiún faoi Rialachán eile de chuid an Choimisiúin sa réimse den státchabhair a bhí infheidhme an tráth sin agus má ghlac an Coimisiún leis go raibh sé ag teacht leis an bhFógra Ráthaíochta (18), nó aon fhógra comharbachta. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a dhéanamh ach amháin má dhíríonn an mhodheolaíocht ar glacadh léi go sainráite ar an gcineál ráthaíochtaí agus ar an gcineál idirbheart foluiteach atá i gceist mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(28)

Nuair a fhaightear fógra ó Bhallstát, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar bheart, nach deontas, iasacht, ráthaíocht, instealladh caipitil, nó beart um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíocht cothromais nó cuasachothromais, díolúintí ó cháin a bhfuil caidhp orthu nó ionstraimí eile a dhéanann foráil maidir le caidhp atá i gceist leis é, lena dhéanamh amach arb é an toradh a bheadh ar an mbeart sin coibhéis deontais chomhláin nach sáraíonn an uasteorainn de minimis agus, dá bhrí sin, a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(29)

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha státchabhrach agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit cur i gcrích an chúraim seo a éascú trí na huirlisí riachtanacha a bheith i bhfeidhm lena áirithiú nach sáróidh méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonaítear do ghnóthais aonair le haghaidh soláthair na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta de réir an riail de minimis an uasteorainn fhoriomlán is ceadmhach. Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcabhair a dheonaítear lena áirithiú nach sáraítear an uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo agus go gcomhlíontar na rialacha maidir le carnadh. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit faisnéis iomlán a sholáthar maidir le cabhair de minimis a dheonaítear i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, ón 1 Eanáir 2026 ar a dhéanaí, agus ba cheart dóibh a sheiceáil nach sáraíonn aon deonú nua cabhrach an uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo. Cuideoidh an clár lárnach leis an ualach riaracháin ar ghnóthais a laghdú. Ní bheidh ceangal ar ghnóthais a thuilleadh, faoin Rialachán seo, aon chabhair de minimis eile a fhaightear a rianú agus a dhearbhú, chomh fada is atá sonraí sa chlár lárnach ar feadh tréimhse 3 bliana. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh rialú ar chomhlíonadh na huasteorann a leagtar síos sa Rialachán seo bunaithe i bprionsabal ar an bhfaisnéis a áireofar sa chlár lárnach.

(30)

Féadfaidh gach Ballstát clár lárnach náisiúnta a chur ar bun. Féadfar leanúint de chláir lárnacha náisiúnta atá ann cheana agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a úsáid. Bunóidh an Coimisiún clár lárnach ar leibhéal an Aontais a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

(31)

Ós rud é gur fadhb d’fhormhór na FBManna iad an t-ualach riaracháin agus bacainní rialála agus go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún laghdú 25 % a dhéanamh ar an ualach a eascraíonn as ceanglais tuairiscithe (19), ba cheart aon chlár lárnach a bhunú ar bhealach a laghdódh an t-ualach riaracháin. Féadfar dea-chleachtais riaracháin, amhail iad siúd a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach (20), a úsáid mar thagairt chun an clár lárnach ar leibhéal an Aontais agus na cláir lárnacha náisiúnta a bhunú agus a oibriú.

(32)

Is é is aidhm do rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a áirithiú. Ainm tairbhí na cabhrach a fhoilsiú i gclár lárnach, déantar é sin ar mhaithe le leas dlisteanach na trédhearcachta trí fhaisnéis a sholáthar don phobal maidir le húsáid cistí Stáit. Ní chuireann sé isteach go míchuí ar cheart na dtairbhithe maidir lena sonraí pearsanta a chosaint fad is a chomhlíonann an foilsiú i gclár lárnach na sonraí pearsanta rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí (21). Ba cheart go mbeadh rogha ag na Ballstáit iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá chun rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.

(33)

Ba cheart go leagfadh an Rialachán seo sraith coinníollacha síos faoina bhféadtar a mheas maidir le haon bheart a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nach ndéanann sé an iomaíocht a shaobhadh ná nach baol go saobhfaidh sé an iomaíocht. Ar an gcúis sin, ba cheart go gcumhdódh an Rialachán freisin cabhair a deonaíodh roimh a theacht i bhfeidhm má chomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach ann. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart tacaíocht a chomhlíon critéir in Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a deonaíodh idir an 29 Aibreán 2012 agus an 31 Nollaig 2023 a mheas mar thacaíocht atá díolmhaithe ó fhógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) den Chonradh.

(34)

Ag féachaint dá mhinice a bhíonn sé riachtanach de ghnáth an beartas státchabhrach a athbhreithniú, ba cheart teorainn a bheith le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirtear an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE) Uimh. 360/2012 ar dhul in éag dó.

(35)

Dá rachadh tréimhse cur chun feidhme an Rialachán seo in éag gan síneadh a bheith curtha leis, ba cheart tréimhse coigeartaithe sé mhí a bheith ag na Ballstáit le haghaidh cabhair de minimis a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i ngach earnáil, seachas:

(a)

cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(b)

cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, i gcás ina socraítear méid na cabhrach ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí a cheannaítear nó a chuirtear ar an margadh;

(c)

cabhair arna deonú do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta;

(d)

cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus margú táirgí talmhaíochta, sna cásanna seo a leanas:

(i)

nuair atá méid na cabhrach socraithe ar bhonn phraghas nó cainníocht na dtáirgí sin a cheannaítear ó tháirgeoirí tosaigh nó a chuireann na gnóthais lena mbaineann ar an margadh;

(ii)

nuair a bhíonn an chabhair coinníollach ar a bheith curtha ar aghaidh go páirteach nó go hiomlán chuig táirgeoirí príomhúla;

(e)

cabhair a dheonaítear do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tíortha nó chuig Ballstáit, mar atá cabhair a bhaineann go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus le hoibriú líonra dáileacháin, nó le caiteachas reatha eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;

(f)

cabhair atá ag brath ar úsáid earraí agus seirbhísí intíre de bhreis ar earraí agus seirbhísí allmhairithe.

2.   I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (d), agus ina bhfuil sé gníomhach freisin i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó ina bhfuil gníomhaíochtaí eile aige atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear i dtaca leis na hearnálacha nó gníomhaíochtaí áirithe sin, ar choinníoll go n-áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, trína bhrath ar bhealaí cuí amhail deighilt gníomhaíochtaí nó deighilt cuntas, nach dtéann an chabhair de minimis a dheonaítear de réir an Rialacháin sin chun tairbhe do na gníomhaíochtaí sna hearnálacha nach bhfuil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘táirgí talmhaíochta’ táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(b)

ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil talmhaíochta’ táirgeadh táirgí de bhunús na hithreach agus na feirmeoireachta stoic, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, gan aon oibríocht eile a dhéanamh lena n-athraítear cineál na dtáirgí sin;

(c)

ciallaíonn ‘próiseáil táirgí talmhaíochta’ aon oibríocht ar tháirge talmhaíochta as a dtagann táirge ar táirge talmhaíochta é freisin, cé is moite de ghníomhaíochtaí ar an bhfeirm is gá chun táirge ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola;

(d)

ciallaíonn ‘margaíocht táirgí talmhaíochta’ táirge a choinneáil nó a thaispeáint d’fhonn é a dhíol, a thairiscint lena dhíol, a sheachadadh nó a chur ar an margadh ar bhealach ar bith eile, seachas an chéad díol ag táirgeoir príomhúil le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe agus aon ghníomhaíocht trína n-ullmhaítear táirge don chéad díol sin; measfar gur margú táirge talmhaíochta é an táirgeoir príomhúil táirge talmhaíochta a dhíol le tomhaltóirí deiridh más in áitreabh ar leithligh a áirithítear chun na críche sin a dhéantar an díolachán sin;

(e)

ciallaíonn ‘táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ táirgí a shainmhínítear in Airteagal 5, pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(f)

ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht a bhaineann le hiascaireacht, tógáil nó saothrú na n-orgánach uisceach, chomh maith le gníomhaíochtaí ar an bhfeirm nó ar bord is gá chun ainmhí nó planda a ullmhú don chéad díol, lena n-áirítear gearradh, filléadú nó reo, agus an chéad díol le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe;

(g)

ciallaíonn ‘próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht, lena n-áirítear láimhseáil, cóireáil agus claochlú, a dhéantar tar éis am an tabhairt i dtír — nó am na buainte i gcás an dobharshaothraithe — agus arb é is toradh uirthi táirge próiseáilte, chomh maith le dáileadh an táirge sin;

(h)

ciallaíonn ‘eintiteas neamhbhrabúis’ eintiteas beag beann ar a stádas dlíthiúil (arna eagrú faoin dlí poiblí nó príobháideach) nó ar an mbealach maoinithe, arb é is príomhchuspóir dó cúraimí sóisialta a dhéanamh, gnóthas a athinfheistíonn aon bhrabúis a ghintear agus bíonn sé ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí neamhthráchtála. I gcás ina saothraíonn eintiteas den sórt sin gníomhaíochtaí tráchtála freisin, ní mór dó deighilt chuntasaíochta a áirithiú maidir le maoiniú, costais agus ioncaim na ngníomhaíochtaí tráchtála sin ó na gníomhaíochtaí neamhthráchtála.

2.   ciallaíonn ‘gnóthas aonair’, chun críocha an Rialacháin seo, na fiontair uile a bhfuil ar a laghad ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu:

(a)

gur ag fiontar áirithe amháin atá tromlach de chearta vótála na scairshealbhóirí nó de chearta vótála na gcomhaltaí i bhfiontar eile;

(b)

is ag fiontar amháin atá an ceart tromlach de chomhaltaí comhlachta riaracháin nó bainistíochta nó maoirseachta fiontair eile a cheapadh nó a chur as a bpost;

(c)

is ag fiontar amháin atá an ceart tionchar ceannasach a bheith aige ar fhiontar eile de bhun conradh arna dhéanamh leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheamram comhlachais nó ina airteagail chomhlachais;

(d)

gur ag gnóthas amháin, ar scairshealbhóir nó comhalta de chuid fiontar eile é, atá an smacht ar thromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile den fhiontar sin.

Measfar gur gnóthas aonair iad fiontair a bhfuil aon cheann de na gaoil dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) eatarthu trí ghnóthas amháin eile nó níos mó. Mar sin féin, fiontair a dhéanann seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch nach bhfuil aon ghaol eatarthu seachas go bhfuil nasc díreach ag gach ceann acu leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí poiblí céanna, nó leis an eintiteas nó na heintitis neamhbhrabúis céanna, níor cheart caitheamh leo mar ghnóthas amháin chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Cabhair de minimis

1.   Measfar maidir le bearta cabhrach a dheonaítear do ghnóthais chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar nach gcomhlíonann na bearta sin critéir uile a leagtar amach in Airteagal 107(1) den Chonradh agus, dá bhrí sin, ní bheidh siad faoi réir an cheanglais fógra a thabhairt in Airteagal 108(3) den Chonradh má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonófar in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthas aonair a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní bheidh sé níos mó ná EUR 750 000 thar aon tréimhse 3 bliana.

3.   Measfar gur deonaíodh an chabhair de minimis an tráth a dtugtar an ceart dlíthiúil don ghnóthas, de réir an chórais dhlíthiúil náisiúnta is infheidhme, an chabhair a fháil gan beann ar an dáta ar íocadh an chabhair de minimis leis an ngnóthas.

4.   Beidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar síos i mír 2 gan beann ar fhoirm na cabhrach de minimis ná ar an gcuspóir a shaothraítear leis an gcabhair sin agus cibé acu a mhaoinítear an chabhair atá deonaithe ag an mBallstát go hiomlán nó go páirteach as acmhainní de thionscnamh an Aontais.

5.   Chun críocha na huasteorann a leagtar síos i mír 2, is mar dheontas airgid a shloinnfear an chabhair. Is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, sula ndéanfar aon cháin nó muirear eile a asbhaint. I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, beidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach.

6.   An chabhair is iníoctha i dtráthchodanna éagsúla, déanfar í a lascainiú go dtí a luach tráth ar deonaíodh í. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críche lascainithe an ráta lascaine is infheidhme tráth a ndeonaítear an chabhair.

7.   I gcás ina sárófar an uasteorainn a leagtar síos i mír 2 má dheonaítear cabhair nua de minimis do seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní bhainfidh an chabhair nua sin tairbhe as an Rialachán seo.

8.   I gcás cumasc agus éadálacha, déanfar an chabhair de minimis ar fad a deonaíodh roimhe sin d’aon cheann de na gnóthais a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an sáraíonn aon chabhair de minimis nua a dheonaítear don ghnóthas nua nó don ghnóthas éadála an uasteorainn a leagtar síos i mír 2. An chabhair de minimis a dheonófar go dleathach roimh an gcumasc nó roimh an éadáil, leanfaidh sí de bheith dleathach.

9.   Má scoiltear aon ghnóthas amháin ina dhá ghnóthas nó níos mó, déanfar an chabhair de minimis a deonaíodh roimh an scoilt a leithdháileadh ar an ngnóthas a bhain tairbhe aisti, arb é, i bprionsabal, an gnóthas atá ag glacadh air féin na gníomhaíochtaí ar ina leith a caitheadh an chabhair de minimis. Murar féidir leithdháileadh den sórt sin a dhéanamh, leithdháilfear an chabhair de minimis go comhréireach ar bhonn an luacha de réir na leabhar atá ar chaipiteal cothromais na ngnóthas nua ar dháta éifeachtach na deighilte.

Airteagal 4

Coibhéis deontais chomhláin a ríomh

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair ar féidir coibhéis deontais chomhláin na cabhrach ex ante a ríomh go beacht ina leith gan aon ghá le measúnú riosca a dhéanamh (‘cabhair thrédhearcach de minimis’).

2.   Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti deontais nó fóirdheontais úis.

3.   Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis atá i gcabhair más rud é:

(a)

nach bhfuil an tairbhí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna ná nach gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta féin a chuirfeadh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna é ar iarratas óna chreidiúnaithe. I gcás gnóthais mhóra, beidh staid an tairbhí inchurtha le rátáil creidmheasa B- ar a laghad; agus i gcás ceann amháin acu seo:

(b)

tá an iasacht urraithe le comhthaobhacht a chumhdaíonn 50 % ar a laghad den iasacht agus is fiú EUR 3 750 000 thar thréimhse 5 bliana nó EUR 1 875 000 thar thréimhse 10 mbliana an iasacht; más fiú níos lú ná na méideanna sin an iasacht nó má dheonaítear í ar feadh tréimhse níos giorra ná 5 bliana nó 10 mbliana faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na hiasachta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo; nó

(c)

má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin bunaithe ar an ráta tagartha b’infheidhme tráth bhronnta an deontais.

4.   Ní mheasfar an chabhair ab éard atá inti instealltaí caipitil mar chabhair thrédhearcach de minimis ach amháin sa chás nach sáraíonn méid iomlán an insteallta phoiblí an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2).

5.   An chabhair ab éard atá inti bearta cabhrach um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, ní mheasfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í ach amháin sa chás nach sáraíonn an caipiteal a tugadh do ghnóthas aonair an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2).

6.   An chabhair ab éard atá inti ráthaíochtaí, measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis é más rud é:

(a)

nach bhfuil an tairbhí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna ná nach gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta féin a chuirfeadh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna é ar iarratas óna chreidiúnaithe. I gcás gnóthais mhóra, beidh staid an tairbhí inchurtha le rátáil creidmheasa B- ar a laghad; agus i gcás ceann amháin acu seo:

(b)

nach sáraíonn an ráthaíocht 80 % den bhuniasacht gach tráth, go dtabhaíonn an t-iasachtóir agus an ráthóir caillteanais go comhréireach agus ar an mbealach céanna, go ndéanann na glan-aisghabhálacha a ghintear ó aisghabháil na hiasachta ó na hurrúis a thug an t-iasachtaí na caillteanais a sheas an t-iasachtóir agus an ráthóir a laghdú go comhréireach, agus gurb é EUR 5 625 000 an méid a ráthaítear agus 5 bliana fad na ráthaíochta nó gurb é EUR 2 813 036 an méid a ráthaítear agus 10 mbliana fad na ráthaíochta; má tá an méid a ráthaítear níos ísle ná na méideanna sin nó más tréimhse níos giorra ná 5 bliana nó 10 mbliana fad na ráthaíochta faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn ábhartha a leagtar síos in Airteagal 3(2); nó

(c)

má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn préimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún; nó

(d)

roimh an gcur chun feidhme,

(i)

gur cuireadh an mhodheolaíocht a úsáideadh chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh in iúl don Coimisiún faoi Rialachán eile de chuid an Choimisiúin sa réimse den státchabhair a bhí infheidhme an tráth sin agus má ghlac an Coimisiún leis go raibh sé ag teacht leis an bhFógra Ráthaíochta, nó aon fhógra comharbachta; agus

(ii)

má thugann an mhodheolaíocht sin aghaidh go sainráite ar an saghas ráthaíochta agus ar an saghas idirbhirt fholuitigh atá i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

7.   Aon chabhair arb éard atá inti ionstraimí eile, measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í má dhéantar foráil san ionstraim maidir le caidhp lena n-áirithítear nach sáraítear an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 5

Carnadh

1.   Is féidir cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialacháin de minimis eile (23).

2.   Ní dhéanfar cabhair de minimis faoin Rialachán seo a charnadh le haon chúiteamh i leith na seirbhíse céanna lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, gan beann ar cé acu is Státchabhair í nó nach í.

3.   Cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní dhéanfar í a charnadh le Státchabhair i ndáil leis na costais incháilithe chéanna nó i ndáil le Státchabhair don bheart céanna um maoiniú riosca más rud é go mbeadh mar thoradh ar an gcarnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn an méid a shonraítear i saintosca gach cáis trí rialachán blocdhíolúine nó trí chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. An chabhair de minimis nach ndeonaítear le haghaidh costais incháilithe shonracha nó nach bhfuil inchurtha ina leith, is féidir í a charnadh le státchabhair eile a dheonaítear trí rialachán blocdhíolúine nó trí chinneadh atá glactha ag an gCoimisiún.

Airteagal 6

Faireachán agus tuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2026, go gclárófar an fhaisnéis maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaítear le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuimseoidh an fhaisnéis sa chlár lárnach céannacht an tairbhí, méid na cabhrach, dáta an deonaithe, an t-údarás deonúcháin, an ionstraim chabhrach, agus an earnáil lena mbaineann ar bhonn aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas (‘aicmiú NACE’). Cuirfear an clár lárnach ar bun ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis agus, an tráth céanna, a áiritheoidh go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear trí iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 a chlárú sa chlár lárnach maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaíonn aon údarás laistigh den Bhallstát lena mbaineann laistigh de 20 lá oibre tar éis dheonú na cabhrach. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cruinneas na sonraí atá sa chlár lárnach a áirithiú.

3.   Coinneoidh na Ballstáit taifid ar an bhfaisnéis chláraithe maidir le cabhair de minimis go ceann 10 mbliana ón dáta ar deonaíodh an chabhair.

4.   Ní dheonóidh Ballstát an chabhair de minimis nua i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin tar éis a sheiceáil dó nach méadóidh an chabhair de minimis nua méid iomlán na cabhrach de minimis arna deonú don ghnóthas lena mbaineann go leibhéal atá os cionn na huasteorann a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile sa Rialachán seo.

5.   Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as clár lárnach ar an leibhéal náisiúnta sonraí comhiomlánaithe maidir le cabhair de minimis a deonaíodh don bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Áireofar sna sonraí comhiomlánaithe líon na dtairbhithe, méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh agus méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh in aghaidh na hearnála (trí ‘aicmiú NACE’ a úsáid). Is le haghaidh cabhair de minimis a dheonaítear ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2026 a bheidh na chéad sonraí a chuirtear isteach. Féadfaidh na Ballstáit tuairisciú chuig an gCoimisiún ar thréimhsí níos luaithe i gcás ina bhfuil na sonraí comhiomlánaithe ar fáil.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil don Choimisiún, laistigh de 20 lá oibre nó laistigh de thréimhse is faide a leagfar amach san iarratas, gach faisnéis is gá, dar leis an gCoimisiún, chun measúnú a dhéanamh an bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta, go háirithe maidir le méid iomlán na cabhrach de minimis atá faighte ag aon ghnóthas de réir bhrí an Rialacháin seo nó de réir brí rialachán de minimis eile.

Airteagal 7

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Aon chabhair de minimis aonair a deonaíodh idir 29 Aibreán 2012 agus an 31 Nollaig 2023 agus a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 360/2012, measfar nach gcomhlíonann sí na critéir ar fad in Airteagal 107(1) den Chonradh agus beidh sí, dá bhrí sin, díolmhaithe ón gceanglas in Airteagal 108(3) den Chonradh fógra a thabhairt.

3.   Ag deireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, féadfar aon chabhair de minimis a chomhlíonann coinníollacha an Rialacháin seo a dheonú go bailí go ceann tréimhse 6 mhí eile.

4.   Go dtí go mbeidh an clár lárnach curtha ar bun agus go gcumhdóidh sé tréimhse 3 bliana, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát cabhair de minimis a dheonú do ghnóthas i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an Ballstát sin an gnóthas ar an eolas, i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi mhéid na cabhrach arna shloinneadh mar choibhéis deontais chomhláin agus a chineál de minimis, ag tagairt go díreach don Rialachán seo. I gcás ina ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhréir leis an Rialachán seo do ghnóthais éagsúla ar bhonn scéime agus má dheonaítear méideanna éagsúla cabhrach aonair do na gnóthais sin faoin scéim sin, is féidir don Bhallstát lena mbaineann roghnú a oibleagáid a chomhlíonadh trí bhíthin méid a chur in iúl do na gnóthais a chomhfhreagraíonn don uasmhéid cabhrach atá le deonú faoin scéim sin. I gcásanna den sórt sin, bainfear úsáid as an tsuim shocraithe lena chinneadh an gcomhlíontar an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Sula ndeonóidh an Ballstát an chabhair, gheobhaidh sé dearbhú ón ngnóthas lena mbaineann, i scríbhinn nó go leictreonach, faoi aon chabhair de minimis eile atá faighte a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo nó ag rialacháin de minimis eile maidir leis thar aon thréimhse 3 bliana.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus tréimhse a churtha chun feidhme

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2030.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, (IO L 114, 26.4.2012, lch. 8).

(4)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Eanáir 2006, Ministero dell’Economia e delle Finanze v Cassa di Risparmio di Firenze and Others, C-222/04, ECLI:EU:C:2006:8, mír 107.

(5)  Ibid, míreanna 112 agus 113.

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Meitheamh 2002, An Ísiltír v an Coimisiún, C-382/99, ECLI:EU:C:2002:363.

(7)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach ag luí leis an margadh inmheánach i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI).

(9)  Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí a dheonaítear do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).

(10)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Nollaig 2002, An Fhrainc v An Coimisiún, C-456/00, ECLI:EU:C:2002:753, mír 31.

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 den Chonradh maidir le cabhair de minimis, IO L 379, 28.12.2006, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1998/oj.

(12)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Feabhra 2018, ZPT AD v Narodno sabranie na Republika Bulgaria agus Eile, C-518/16, ECLI:EU:C:2018:126, mír 55 agus mír 56.

(13)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 24 Iúil 2003, Altmark Trans GmbH and Regierungspräsidium Magdeburg v Nahverkehrsgesellschaft Altmark GmbH, and Oberbundesanwalt beim Bundesverwaltungsgericht, C-280/00, ECLI:EU:C:2003:415, míreanna 88 go 93.

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí (2011), (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).

(15)   Communication from the Commission on the revision of the method for setting the reference and discount rates [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú] (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6).

(16)   Communication from the Commission – Guidelines on State aid to promote risk finance investments [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn] (IO C 508, 16.12.2021, lch. 1).

(17)  Mar shampla, an Fógra ón gCoimisiún maidir le hAirteagail 87 agus 88 de Chonradh CE maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí a chur i bhfeidhm (IO C 155, 20.6.2008, lch. 10).

(18)  Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (IO C 155, 20.6.2008, lch. 10).

(19)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Pacáiste Faoisimh do FBManna (COM(2023) 535 final).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1); Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle, (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(23)  Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9) agus (AE) Uimh. 717/2014 an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)