European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2830

20.12.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2830 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Deireadh Fómhair 2023

lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 3d(3) agus Airteagal 10(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh athbhreithniú agus leasú le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ar Threoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (CTA AE) chun í a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ina leagtar amach sprioc maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990.

(2)

Ó bhí 2012 ann, déantar lamháltais astaíochtaí a cheantáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (4) ina ndéantar foráil maidir le rialacha i dtaca le huainiú, riarachán agus gnéithe eile de cheantáil lamháltas faoi Threoir 2003/87/CE, rud a áirithíonn go ndéantar ceantáil lamháltas ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach trí phróiseas dea-fheidhmiúil.

(3)

Is gá Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 a athrú chun na rialacha agus na heilimintí nua a tugadh isteach le Treoir 2003/87/CE a chur san áireamh, lena n-áirítear raon feidhme an chórais trádála astaíochtaí atá ann faoi láthair a shíneadh chuig iompar muirí, agus córas trádála astaíochtaí nua ar leithligh a thabhairt isteach le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha nach gcumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí atá ann faoi láthair. Is gá aghaidh a thabhairt freisin ar na hathruithe i gceantáil lamháltas le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (5) agus Chiste Aeráide Sóisialta (6) a tugadh isteach le hAirteagal 10e, Airteagal 10a(8b) agus le hAirteagal 30d(3) agus 30d(4) de Threoir 2003/87/CE, chomh maith le hathruithe i bhfeidhmiú an Chiste don Nuálaíocht de bhun Airteagal 10a(8) den Treoir sin. Ina theannta sin, is iomchuí na forálacha atá ann faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 a shoiléiriú agus a bheachtú, ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh óna chur chun feidhme.

(4)

De bharr mhéid na n-athruithe is gá a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair, éilítear rialachán nua a ghlacadh. Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 a aisghairm.

(5)

Le hAirteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE, leagtar síos na prionsabail maidir le ceantáil lamháltas. Ba cheart don phróiseas a bheith intuartha, go háirithe a mhéid a bhaineann le huainiú agus le seicheamhú na gceantanna agus le méideanna measta na lamháltas a bheidh le cur ar fáil. De réir an Airteagail sin, tá sé le háirithiú go ndéanfar ceantanna a dhearadh lena áirithiú go mbeidh rochtain iomlán, chóir agus chothrom orthu ag na fiontair bheaga agus mheánmhéide a chumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí, go dtabharfar rochtain d’astaírí beaga, go mbeidh rochtain ar fhaisnéis ag rannpháirtithe an tráth céanna, nach ndéanfaidh rannpháirtithe dochar d’oibriú na gceantanna, agus go mbeidh eagrú na gceantanna agus rannpháirtíocht iontu costéifeachtach agus go seachnófar costais riaracháin nach gá.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le ceantáil na lamháltas uile a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE.

(7)

Le hAirteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit lamháltais do shuiteálacha do-aistrithe a chumhdaítear le Caibidil III den Treoir sin agus nach leithdháiltear saor in aisce a cheantáil. Dá réir sin, ní mór do na Ballstáit lamháltais nár leithdháileadh saor in aisce a cheantáil. Ní fhéadfaidh siad aon mhodh leithdháilte eile a úsáid, ná ní fhéadfaidh siad lamháltais nár leithdháileadh saor in aisce a choinneáil siar ná a chur ar ceal in ionad iad a cheantáil.

(8)

Ó 2024 amach, áireofar astaíochtaí ón iompar muirí in CTA AE. Déantar foráil le Treoir 2003/87/CE go mbeidh feidhm ag na rialacha maidir le ceantáil lamháltas le haghaidh gníomhaíochtaí iompair muirí ar an mbealach céanna a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le CTA AE.

(9)

An modh chun an chainníocht iomlán lamháltas atá le leithdháileadh don eitlíocht, agus an modh chun an cion de na lamháltais sin atá le ceantáil a shuí, athraíodh iad agus tá leithdháileadh saor in aisce don earnáil eitlíochta le céimniú amach faoi 2026. Dá bhrí sin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha sonracha chun an méid atá le ceantáil gach bliain féilire i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE a chinneadh.

(10)

I Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 (7), leasaíodh an sainmhíniú ar lamháltais ghinearálta chun na lamháltais uile arna n-eisiúint tar éis an 1 Eanáir 2025 de bhun Chaibidil III de Threoir 2003/87/CE a áireamh, chomh maith leis na lamháltais uile arna gcruthú le haghaidh gníomhaíochtaí iompair muirí de bhun Airteagal 3ga den Treoir sin agus na lamháltais uile arna gcruthú le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta de bhun Airteagal 3c agus Airteagal 3d den Treoir sin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go ndéantar na lamháltais sin a cheantáil i gcomhpháirt sna fuinneoga tairisceana céanna ón 1 Eanáir 2025 amach.

(11)

Ó 2027 amach, déanfar foráil le Treoir 2003/87/CE maidir le córas trádála astaíochtaí ar leithligh le haghaidh breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I de Threoir 2003/87/CE, amhail saoráidí tionsclaíocha a théamh. Ní mór rialacha sonracha a leagan síos chun na lamháltais sin a cheantáil, go háirithe chun tús réidh oibríochtaí a áirithiú maidir leis an gcóras trádála astaíochtaí ar leithligh.

(12)

Ar mhaithe le simplíocht agus inrochtaineacht, ba cheart lamháltais a cheantáil trí chonradh leictreonach caighdeánaithe, arna chur ar fáil lena sheachadadh laistigh de 2 lá trádála. Le sprioc-amanna gearrthéarmacha seachadta den sórt sin, cuirtear teorainn le haon tionchar diúltach féideartha ar iomaíocht idir na hardáin cheantála agus áiteanna trádála sa mhargadh tánaisteach le haghaidh lamháltas. Thairis sin, tá sprioc-amanna gearrthéarmacha seachadta níos simplí agus spreagann siad rannpháirtíocht leathan, rud a mhaolaíonn an riosca maidir le drochúsáid mhargaidh. Áirithíonn siad inrochtaineacht níos fearr d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chumhdaítear leis an gcóras freisin, agus d’astaírí beaga.

(13)

Chun cothroime agus costéifeachtúlacht a áirithiú, agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá leis an riosca drochúsáide margaidh a mhaolú, ba cheart ceantanna a reáchtáil trí bhíthin formáid babhta aonair, tairisceana séalaithe agus praghas aonfhoirmeach. Thairis sin, ba cheart tairiscintí cóimhéide a réiteach trí bhíthin próiseas randamach, mar gheall go gcruthaítear éiginnteacht leis sin i measc na dtairgeoirí a d’fhéadfadh dul i gclaonpháirt maidir leis an bpraghas.

(14)

I bhfianaise na deimhneachta dlíthiúla agus na trédhearcachta, ba cheart forálacha mionsonraithe ar ghnéithe eile den cheantáil a bheith sa Rialachán seo, amhail méid luchtóige, an fhéidearthacht tairiscintí atá curtha isteach a tharraingt siar nó a leasú, an t-airgeadra a úsáidtear chun tairiscintí a chur isteach agus chun íocaíochtaí a dhéanamh, iarratais ar ligean isteach chun tairiscintí a dhéanamh a chur isteach agus a phróiseáil, chomh maith le haon ligean isteach a dhiúltaítear, a chúlghairtear nó a chuirtear ar fionraí.

(15)

Is féidir coinne a bheith leis go mbeidh an praghas imréitigh ceantála ailínithe go dlúth leis an bpraghas atá i réim ar an margadh tánaisteach. I gcás ina bhfuil praghas imréitigh ceantála i bhfad faoi bhun an phraghais atá i réim ar an margadh tánaisteach, is dócha gur léiriú é sin ar easnamh sa cheant. Ach ligean do phraghas imréitigh ceantála den sórt sin a bheith i réim, d’fhéadfaí an comhartha faoin bpraghas carbóin a shaobhadh agus cur isteach ar an margadh carbóin, agus ní áiritheodh sé go n-íocfadh tairgeoirí luach cóir ar na lamháltais. Dá bhrí sin, is gá praghas forchoimeádta a chinneadh ar bhonn an phraghais atá i réim ar an margadh tánaisteach le linn na fuinneoige tairisceana. I gcás nach ndéantar an praghas forchoimeádta a imréiteach, ba cheart an ceant a chur ar ceal. Níor cheart feidhm a bheith ag foráil maidir le cur ar ceal ceantanna le haghaidh tús córais ceantála, áfach, i gcás nach bhfuil margadh tánaisteach atá leachtach go leormhaith curtha ar bun fós, mar is amhlaidh i gcás an chórais trádála astaíochtaí nua le haghaidh breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise. Dá bhrí sin, is gá maolú ar an gceanglas maidir le praghas forchoimeádta a chinneadh le haghaidh tréimhse tosaigh ceantanna lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE go dtí go mbunaítear margadh tánaisteach ábhartha atá leachtach go leor.

(16)

Chun sláine na gceantanna a chosaint, ba cheart d’ardán ceantála a bheith in ann ceant a chur ar ceal i gcás ina bhféadfaí cur isteach ar an gceant sin. Chun carnadh méideanna a sheachaint i gcás ina gcealaítear roinnt ceantanna, ba cheart a bheith in ann na méideanna cealaithe a dháileadh go cothrom i gcaitheamh ceantanna ina dhiaidh sin nach bhfuil méideanna cealaithe ó cheantanna a cealaíodh roimhe sin i gceist leo cheana féin.

(17)

Tá minicíocht sách ard ceantanna inmhianaithe chun a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh thánaistigh a theorannú, fad a áirithítear go bhfuil ceantanna sách mór chun rannpháirtíocht leordhóthanach a mhealladh. Le minicíocht ard den sórt sin, laghdaítear an riosca maidir le drochúsáid mhargaidh, ós rud é go n-íoslaghdaítear an luach atá i gceist do thairgeoirí i gceantanna aonair agus go méadaítear an tsolúbthacht atá acu chun úsáid a bhaint as ceantanna ina dhiaidh sin chun a suíomhanna trádála a choigeartú. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an mhinicíocht a bheith ar bhonn seachtainiúil ar a laghad. I bhfianaise an mhéid lamháltas i bhfad níos lú i leith na heitlíochta, is é an mhinicíocht iomchuí ba cheart a bheith ann le haghaidh ceantanna lamháltas den sórt sin uair gach 2 mhí ar a laghad. Mar sin féin, chun tosú réidh a áirithiú maidir leis na ceantanna lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, is gá gur féidir ceantanna nach dtarlaíonn chomh minic sin a dhéanamh ag tús an chórais. Má úsáidtear an tsolúbthacht sin, beidh méid lamháltas níos airde ann le haghaidh gach ceant dá thoradh, rud a bhféadfadh gá a bheith leis chun freastal ar an éileamh tosaigh ar lamháltais ar an spotmhargadh sula mbunaítear margadh tánaisteach atá leachtach go leormhaith.

(18)

De ghnáth, is é an méid ba cheart a bheith le ceantáil i ngach bliain féilire méid a bheidh cothrom leis an méid lamháltas a shanntar don bhliain sin. Tá an méid ceantála le leagan síos gach bliain i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Threoir 2003/87/CE.

(19)

Ba cheart na lamháltais don earnáil eitlíochta, don earnáil mhuirí agus don earnáil suiteálacha do-aistrithe a cheantáil le chéile ón 1 Eanáir 2025. In 2024, tá na lamháltais don earnáil mhuirí agus do shuiteálacha do-aistrithe le ceantáil le chéile. Ós rud é gur córas ar leithligh é an córas trádála astaíochtaí nua le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, tá a lamháltais le ceantáil ar leithligh ó na lamháltais don earnáil eitlíochta, don earnáil mhuirí agus don earnáil suiteálacha do-aistrithe.

(20)

Chun intuarthacht a sholáthar don mhargadh carbóin, is gá rialacha agus nósanna imeachta soiléire a leagan síos chun féilire mhionsonraithe na gceantanna a chinneadh, i bhfad roimh thús gach bliana féilire, ina mbeadh an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh gach ceant ar leith. Aon athrú tar éis sin ar an bhféilire ceantála, níor cheart iad a bheith indéanta ach amháin i gcásanna áirithe. Ba cheart aon choigeartú a dhéanamh ar bhealach a dhéanfaidh an difear is lú is féidir d’intuarthacht an mhargaidh carbóin agus ba cheart na féilirí athbhreithnithe a fhoilsiú, nuair is féidir, i bhfad roimh an dáta ar a ndéanfar an t-athbhreithniú.

(21)

Éilítear rochtain oscailte chun rannpháirtíocht a spreagadh agus, dá bharr sin, chun toradh iomaíoch ar an gceant a áirithiú. Ar an gcaoi chéanna, is réamhriachtanas é muinín i sláine an phróisis ceantála, go háirithe maidir le rannpháirtithe atá ag iarraidh na ceantanna a shaobhadh trí iad a úsáid don sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh, chun rannpháirtíocht i gceantanna agus toradh iomaíoch ar cheantanna a áirithiú. Chun sláine na gceantanna a áirithiú, ba cheart rochtain ar na ceantanna a bheith faoi réir íoscheanglas i ndáil le seiceálacha leordhóthanacha ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ agus seiceálacha incháilitheachta. Chun costéifeachtacht seiceálacha den sórt sin a áirithiú, ba cheart incháilitheacht chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chuig na ceantanna a thabhairt do chatagóirí rannpháirtithe atá in-sainaitheanta go héasca agus dea-shainithe, amhail oibreoirí suiteálacha do-aistrithe, oibreoirí aerárthaí, cuideachtaí loingseoireachta agus eintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí, chomh maith le heintitis rialáilte airgeadais amhail gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa. Ba cheart do ghrúpálacha oibreoirí den sórt sin agus d’eintitis rialáilte a bheith incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh sna ceantanna.

(22)

Ba cheart do rannpháirtithe a bheith in ann a roghnú cé acu a dhéanfaidh siad rochtain ar na ceantanna go díreach tríd an idirlíon nó naisc thiomnaithe, nó trí idirghabhálaithe airgeadais údaraithe, faoi mhaoirseacht. Chun na críche sin, ba cheart dóibh a bheith in ann daoine eile arna n-údarú ag na Ballstáit a roghnú chun tairiscint a dhéanamh ar a son féin nó thar ceann chliaint a bpríomhghnólachta, i gcás nach é soláthar seirbhísí infheistíochta ná baincéireachta a bpríomhghnólacht, ar choinníoll go gcomhlíonann daoine eile den sórt sin bearta um chosaint infheisteoirí agus bearta díchill chuí maidir le custaiméir atá coibhéiseach leis na cinn is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta.

(23)

Chun rochtain chothrom agus thrédhearcach ar na ceantanna a áirithiú, níor cheart é a bheith indéanta a éileamh go mbeadh ligean isteach chuig na ceantanna ag brath ar bhallraíocht ná rannpháirtíocht sa mhargadh tánaisteach arna eagrú ag an ardán ceantála nó ag aon ionad trádála eile a oibríonn an t-ardán ceantála nó tríú páirtí. Mar sin féin, maidir le rannpháirtithe sa mhargadh tánaisteach arna eagrú ag ardán ceantála a mheastar a bheith incháilithe ar shlí eile, ba cheart iad a ligean isteach chuig ceantanna gan aon cheanglas breise. Ba cheart d’ardán ceantála rochtain ar cheantanna a dhiúltú nó a chúlghairm in imthosca áirithe dea-shainithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláine an chórais ceantála.

(24)

Ba cheart do gach Ballstát ceantálaí a cheapadh, a bheidh freagrach as lamháltais a cheantáil thar ceann an Bhallstáit ceapacháin. Ba cheart é a bheith indéanta ag níos mó ná Ballstát amháin an ceantálaí céanna a cheapadh. Ba cheart don cheantálaí a bheith freagrach as na lamháltais a cheantáil ar an ardán ceantála agus as fáltais an cheant a fháil agus a eisíoc. Is tábhachtach go mbeidh comhaontuithe idir na Ballstáit agus a gceantálaithe comhoiriúnach leis na comhaontuithe idir an ceantálaí agus an t-ardán ceantála, agus i gcás aon choinbhleacht, ba cheart forlámhas a bheith ag na comhaontuithe idir an ceantálaí agus an t-ardán ceantála.

(25)

Is fíor-riachtanach é sláine na gceantálaithe a áirithiú. Dá bhrí sin, agus an ceantálaí á cheapadh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh tosaíocht a thabhairt d’iarrthóirí lena mbaineann an méid is lú riosca ó thaobh coinbhleacht leasa nó drochúsáid mhargaidh de, agus aird faoi leith a thabhairt ar a ngníomhaíochtaí ar an margadh tánaisteach, más ann dóibh, agus a bpróisis agus nósanna imeachta inmheánacha chun an riosca coinbhleachta leasa nó drochúsáide margaidh a mhaolú, gan difear a dhéanamh dá gcumas a gcúraimí a chomhlíonadh, go tráthúil, i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta agus ghairmiúla is airde. Chun na rialacha in aghaidh drochúsáid mhargaidh a chomhlíonadh, ba cheart toirmeasc sainráite a chur ar na Ballstáit aon fhaisnéis ón taobh istigh maidir leis na ceantanna a roinnt lena gceantálaí. Ba cheart sárú ar an toirmeasc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha.

(26)

Le Treoir 2003/87/CE, déantar foráil maidir le lamháltais a cheantáil don Chiste don Nuálaíocht chun tacú le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, don Chiste don Nuachóiriú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh Bhallstáit áirithe a nuachóiriú, agus don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun neamhspleáchas, slándáil agus inbhuanaitheacht sholáthar fuinnimh an Aontais a chothú. Ba cheart na lamháltais sin a cheantáil ar an ardán ceantála arna cheapadh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach chun an t-ardán sin (‘ardán ceantála coiteann’) a cheapadh i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí an phróisis ceantála. Chuige sin, ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a bheith ina cheantálaí do na cistí sin gan a bheith mar chuid den nós imeachta um sholáthar comhpháirteach don ardán ceantála coiteann. Ba cheart na méideanna ábhartha lamháltas a cheantáil ag na ceantanna céanna leis na méideanna arna gceantáil ag na Ballstáit atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach chun an t-ardán ceantála coiteann a sholáthar.

(27)

Chun an méid lamháltas don Chiste don Nuálaíocht agus don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a cheantáil, is gá na cuspóirí a leagtar amach le Treoir 2003/87/CE do na cistí faoi seach, na hacmhainní atá le fáil agus an t-ioncam a bailíodh cheana féin a chur san áireamh. Chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú do rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart íosmhéid bliantúil atá le ceantáil don Chiste don Nuálaíocht a bhunú sula ndéantar aon aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ós rud é go leagtar síos spriocanna ioncaim foriomlána ó cheantanna don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le Treoir 2003/87/CE, ba cheart méideanna bliantúla tosaigh atá le ceantáil don tsaoráid sin a bhunú freisin. Is gá nós imeachta a leagan síos freisin chun na méideanna ceantála a athbhreithniú i gcás ina measfar an t-ioncam ó cheantanna a bheith neamh-leordhóthanach chun an sprioc-ioncaim a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE a chomhlíonadh. I gcás nach mbeidh na méideanna ceantála leordhóthanach, ba cheart é a bheith indéanta féilirí na gceantanna a choigeartú chun méideanna breise atá le ceantáil le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a sceidealú. I gcás ina ndéantar an sprioc-ioncam ó cheantanna a charnadh níos luaithe, ba cheart ceantáil lamháltas le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar fionraí i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122, agus ba cheart féilire na gceantanna a athbhreithniú in am trátha.

(28)

Le Ciste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), déanfar cistiú tiomnaithe a sholáthar do na Ballstáit chun tacú leis na grúpaí leochaileacha is mó dá ndéantar difear, go háirithe teaghlaigh i mbochtaineacht fuinnimh nó iompair dá ndéantar difear de bharr na hastaíochtaí ó na breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnáil an iompair de bhóthar a bheith á gcuimsiú i dTreoir 2003/87/CE. Déanfar an Ciste Aeráide Sóisialta a chistiú trí lamháltais ó CTA AE atá ann cheana a cheantáil agus trí lamháltais ón trádáil astaíochtaí nua le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise.

(29)

Chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú do rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart íosmhéideanna bliantúla atá le ceantáil le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta in 2027 a bhunú. Níor cheart méideanna ceantála bliantúla tosaigh a bhunú don tréimhse 2028-2032 i bhfianaise an ghealltanais a tugadh chun an Ciste Aeráide Sóisialta a chorprú i mbuiséad an Aontais ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil i ndiaidh 2027. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart don Choimisiún fónamh mar cheantálaí chun na lamháltais a cheantáil le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta. Chun a áirithiú go mbaileofar dóthain ioncaim ó cheantáil lamháltas chun an méid bliantúil atá le leithdháileadh ar an gCiste Aeráide Sóisialta a chomhlíonadh, maidir leis na méideanna bliantúla lamháltas faoi Airteagail 30d(3) agus 30d(4) de Threoir 2003/87/CE atá le ceantáil don Chiste Aeráide Sóisialta, ba cheart iad a dháileadh idir mí Eanáir agus mí Lúnasa gach bliain. Ós rud é go gcinntear spriocanna ioncaim ó cheantanna don Chiste Aeráide Sóisialta le Treoir 2003/87/CE, is gá nós imeachta a bhunú chun na méideanna ceantála a athbhreithniú i gcás ina mbaintear amach an sprioc-ioncam ó cheantanna roimh an tréimhse a socraíodh nó i gcás ina bhfuil siad neamh-leordhóthanach. Ba cheart féilire na gceantanna a athbhreithniú chun lamháltais bhreise atá le ceantáil idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag i gcás easnamh san ioncam, a áireamh. I gcás ina ndéantar an sprioc-ioncam ó cheantanna a charnadh níos luaithe, ba cheart ceantáil lamháltas don Chiste Aeráide Sóisialta a chur ar fionraí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122, agus ba cheart féilire na gceantanna a athbhreithniú.

(30)

Le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE, soláthraítear an fhéidearthacht do Bhallstáit chun lamháltais óna méideanna ceantála a chur ar ceal i gcás ina ndúntar toilleadh giniúna leictreachais ina gcríoch, rud a bhfuil nós imeachta um fhógra a thabhairt ina leith le bunú leis an Rialachán seo, agus moltar go láidir do Bhallstáit déanamh amhlaidh. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil rún aige lamháltais a chur ar ceal agus úsáid á baint as teimpléad aonfhoirmeach ina soláthraítear fianaise agus faisnéis faoin tsuiteáil dhúnta, faoin uasmhéid atá le cur ar ceal agus faoi uainiú an chur ar ceal, chomh maith le modheolaíocht chun na méideanna beachta atá le cur ar ceal gach bliain a chinneadh. Ba cheart é sin a chur in iúl tráth nach déanaí ná an 31 Bealtaine sa dara bliain tar éis an fhógra maidir le rún na lamháltais a chur ar ceal. Chun feidhmiú chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chaomhnú, níor cheart méid an chealaithe a asbhaint as méideanna ceantála an Bhallstáit go dtí go ndéanfar na coigeartuithe do chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh don bhliain féin. I gcás nach mó ná 5 mhilliún lamháltas an méid atá le cur ar ceal, ba cheart méid an chealaithe a asbhaint as na lamháltais atá le ceantáil ag an mBallstát ábhartha idir mí Mheán Fómhair agus mí Nollag na mbliana sin. I gcás gur mó ná 5 mhilliún lamháltas an méid atá le ceantáil, ba cheart méid an chealaithe a asbhaint i gcaitheamh tréimhse 12 mhí ag tosú i mí Mheán Fómhair chun tionchar an chealaithe sin ar an margadh a íoslaghdú. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit a fhoilsiú i gcomhréir leis an teimpléad, ach amháin i gcás ina gcosnaítear an fhaisnéis sin ar mhaithe le rúndacht.

(31)

Is fearr a bhaintear amach cuspóirí uileghabhálacha Threoir 2003/87/CE le bonneagar coiteann ceantála, ina ndéantar na ceantanna ar ardán ceantála coiteann bunaithe ar rialacha comhchuibhithe chun na cineálacha éagsúla lamháltas astaíochtaí a cheantáil. Is cur chuige den sórt sin an modh is costéifeachtaí chun lamháltais a cheantáil gan an t-ualach riaracháin míchuí a d’eascródh as níos mó ná bonneagar ceantála amháin a úsáid. Is é is fearr a dhéanann foráil maidir le rochtain oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar na ceantanna, de jureagus de facto araon. Is le cur chuige coiteann den sórt sin a d’áiritheofaí intuarthacht fhéilire na gceantanna agus is é is fearr a neartaíonn soiléireacht an chomhartha faoi phraghas an charbóin. Tá bonneagar coiteann ceantála tábhachtach go háirithe chun rochtain chothrom a chur ar fáil do na fiontair bheaga agus mheánmhéide a chumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí agus d’astaírí beaga. Is le hardán coiteann ceantála a éascaítear an rannpháirtíocht is leithne ó ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, is é is fearr a mhaolaíonn an riosca go ndéanfadh rannpháirtithe dochar do na ceantanna trí iad a úsáid don sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh.

(32)

Chun na ceantanna a stiúradh, féilire na gceantanna a bhunú agus a bhainistiú agus cúraimí éagsúla eile a bhaineann leis na ceantanna a dhéanamh, amhail suíomh gréasáin cothrom le dáta atá inrochtana ar fud an Aontais a choinneáil ar bun, éilítear gníomhaíocht chomhpháirteach ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Eascraíonn an gá le gníomhaíocht chomhpháirteach den sórt sin ó raon na gcóras trádála astaíochtaí ar fud an Aontais, ó chuspóirí uileghabhálacha Threoir 2003/87/CE, agus ón bhfíoras go bhfuil an Coimisiún freagrach go díreach faoin Treoir sin as cur chun feidhme mionsonraithe roinnt gnéithe den chóras trádála astaíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart an próiseas soláthair iomaíoch chun an t-ardán ceantála coiteann a cheapadh a dhéanamh trí sholáthar comhpháirteach ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, de réir bhrí Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(33)

Na nósanna imeachta sonracha atá le leanúint le haghaidh soláthar an ardáin ceantála choitinn, ba cheart iad a shonrú i gcomhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ar comhaontú é inar cheart na módúlachtaí praiticiúla don mheastóireacht ar na hiarrataí ar rannpháirtíocht, do na tairiscintí agus do dhámhadh an chonartha, chomh maith leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh agus an chúirt inniúil chun éisteacht le díospóidí, a leagan amach mar a cheanglaítear le hAirteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(34)

Chun aon riosca a mhaolú maidir le hiomaíocht laghdaithe sa mhargadh carbóin, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit roghnú gan a bheith páirteach san ardán ceantála coiteann trína n-ardáin cheantála féin a cheapadh (‘ardáin cheantála leithleacha’). Ba cheart don Choimisiún na hardáin leithleacha a cheaptar a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart liosta den sórt sin a bheith bunaithe ar fhógra faoin ardán leithleach a thugann an Ballstát ceapacháin don Choimisiún agus ar mheasúnú ón gCoimisiún.

(35)

Ba cheart iomaíocht idir ardáin cheantála fhéideartha éagsúla a áirithiú leis an bpróiseas soláthair iomaíoch chun an t-ardán ceantála a cheapadh i gcás ina gceanglaítear sin le dlí soláthair an Aontais nó leis an dlí soláthair náisiúnta. Ba cheart don ardán ceantála a bheith nasctha le córas imréitigh nó córas socraíochta amháin ar a laghad. Ba cheart ardáin cheantála leithleacha a cheapadh ar feadh tréimhse teoranta 3 bliana ar a mhéad, inathnuaite ar feadh tréimhse 2 bhliain eile, ar tréimhse í ar lena linn ba cheart na socruithe lena rialaítear na hardáin cheantála uile a athbhreithniú. Trí fhoráil a dhéanamh le haghaidh tréimhse 3 bliana don ardán ceantála leithleach, beartaítear téarma íosta ceapacháin a áirithiú don ardán leithleach fad a cheadaítear don Bhallstát ceapacháin dul isteach san ardán ceantála má roghnaíonn sé déanamh amhlaidh tar éis don tréimhse 3 bliana dul in éag, gan dochar do chumas an Bhallstáit ceapacháin ceapadh an ardáin leithligh a athnuachan ar feadh 2 bhliain eile go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe ón gCoimisiún. Ar dul in éag gach tréimhse ceapacháin, ba cheart próiseas soláthair iomaíoch nua a bheith ann ina gceanglaítear próiseas soláthair le dlí soláthair an Aontais nó leis an dlí soláthair náisiúnta.

(36)

Chun athcheapachán ardáin leithligh a shimpliú, níor cheart a cheangal ar eintitis liostú faoin Rialachán seo ach amháin i gcás eintitis nua nó i gcás eintiteas a liostú an athuair faoi choinníollacha athraithe. Dá réir sin, i gcás ina gceapann Ballstát an t-ardán leithleach céanna faoi na coinníollacha céanna, ba cheart a liostú a fhadú faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna leis an liostú tosaigh. Ba cheart don fhadú sin a bheith faoi réir deimhnithe ón mBallstát agus ón gCoimisiún gur comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo agus cuspóirí Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE.

(37)

Faoi réir rialacha soláthair phoiblí an Aontais agus rialacha soláthair phoiblí náisiúnta ar bith is infheidhme, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus rúndacht a choinneáil ar bun, ba cheart é a bheith indéanta a dheonú ar Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach stádas breathnóra um an ardán ceantála coiteann i bpáirt nó ina iomláine sa phróiseas maidir le soláthar comhpháirteach faoi théarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú idir na Ballstáit atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach agus an Coimisiún sa chomhaontú maidir le soláthar comhpháirteach. Le rochtain den sórt sin, éascófar cóineasú idir na hardáin cheantála leithleacha agus an t-ardán ceantála coiteann i ndáil le gnéithe den phróiseas ceantála nach bhfuil comhchuibhithe go hiomlán.

(38)

Chun tosú réidh ceantanna a áirithiú don chóras trádála astaíochtaí nua d’earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, arna bhunú faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, agus chun comhordú agus comhtháthú leis na hardáin cheantála don CTA AE atá ann cheana a éascú, níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht rogha gan a bheith páirteach san ardán ceantála coiteann maidir le ceantáil lamháltas den sórt sin d’earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise.

(39)

I bhfianaise na féidearthachta go mbeadh roinnt ardán ceantála leithleach ann arna gceapadh ag Ballstáit éagsúla, chomh maith le hardán ceantála coiteann, is gá cúraimí na n-ardán ceantála agus na seirbhísí atá le soláthar acu a leagan amach go mionsonraithe, amhail rochtain ar cheantanna a sholáthar agus ceantanna a stiúradh, féilirí ceantanna a bhainistiú, torthaí ceantanna a fhoilsiú agus fógra a thabhairt fúthu, chomh maith lena cur ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla aon fhaisnéis is gá chun sláine an chórais ceantála agus an mhargaidh carbóin a chosaint. Chun aistriú réidh a áirithiú idir ardáin cheantála atá ann cheana agus ardáin cheantála nua-cheaptha, ba cheart do na hardáin cheantála uile straitéis scoir a chinneadh.

(40)

Chun leas a bhaint as an mbonneagar eagraíochtúil atá le fáil ar an margadh tánaisteach chun na ceantanna a riar, is gá a cheangal ar ardán ceantála a bheith ina mhargadh rialáilte. Go sonrach, tá sé de cheangal ar mhargaí rialáilte faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le drochúsáid mhargaidh, roinnt coimircí a sholáthar maidir le stiúradh a n-oibríochtaí. Tá buntáistí éagsúla ag baint leis an gceanglas gur mhargadh rialáilte é an t-ardán ceantála. Fágann sé gur féidir brath ar bhonneagar eagraíochtúil, taithí, cumais agus rialacha oibríochtúla sainordaitheacha trédhearcacha an mhargaidh. Tá sé sin ábhartha, inter alia, i ndáil le hidirbhearta a imréiteach nó a shocrú, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le rialacha dílse an mhargaidh agus le hoibleagáidí dlí eile amhail toirmeasc ar dhrochúsáid mhargaidh agus sásraí seachbhreithiúnacha um réiteach díospóidí a sholáthar. Is rud costéifeachtach é sin agus cuidíonn sé chun sláine oibríochtúil na gceantanna a chosaint. Leis na rialacha maidir le coinbhleacht leasa i margaí rialáilte a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar an gceantálaí a bheith neamhspleách ón ardán ceantála, a úinéirí nó a oibreoir margaidh, ionas nach ndéantar dochar d’fheidhmiú fónta an mhargaidh rialáilte. Thairis sin, beidh roinnt mhaith rannpháirtithe féideartha sna ceantanna ina gcomhaltaí nó ina rannpháirtithe cheana féin de na margaí rialáilte éagsúla atá gníomhach ar an margadh tánaisteach.

(41)

Ó 2018 i leith, aicmítear lamháltais mar ionstraimí airgeadais le Treoir 2014/65/AE. Roimhe sin, níor aicmíodh ach díorthaigh lamháltas mar ionstraimí airgeadais. Leis an aicmiú sin, tugtar spot-trádáil an mhargaidh thánaistigh i lamháltais faoi raon feidhme, inter alia, Treoir 2014/65/AE, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Mar sin féin, ní chumhdaítear an próiseas ceantála lamháltas (margadh príomha) ach amháin le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

(42)

Chun tuilleadh feabhais a chur ar shláine agus trédhearcacht an mhargaidh carbóin Eorpaigh agus chun feabhas a chur ar thuairisciú rialála agus faireachán margaidh sa mhargadh le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh díobh, chun cosc agus brath drochúsáide margaidh a chur chun cinn agus chun cuidiú le margaí ordúla le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh ghaolmhara a choinneáil ar bun, is gá oibleagáid a bhunú don ardán ceantála chun mionsonraí iomlána agus cruinne gach idirbhirt ceantála a thuairisciú dá údarás náisiúnta inniúil arna ainmniú faoi Threoir 2014/65/AE agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) chomh maith. Le tuairisciú den sórt sin, cuirfear feabhas ar an bhfaireachán éifeachtúil ar cheantanna lamháltas astaíochtaí agus ar naisc ábhartha leis an margadh tánaisteach.

(43)

Le Treoir 2003/87/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas a chinneadh. Chun amhras a sheachaint, ba cheart a cheangal orthu fáltais an cheant a aistriú go díreach chuig an gceantálaí nó chuig eintiteas eile arna cheapadh ag gach Ballstát chun na críche sin.

(44)

Chun iontaofacht agus sláine an phróisis ceantála a áirithiú, ba cheart lamháltais a sheachadadh chuig tairgeoirí rathúla i gcoinne íocaíocht na suime iomláine a bheadh dlite don cheantálaí. I gcás nach n-íocann tairgeoirí rathúla na suimeanna dlite ina n-iomláine laistigh den sprioc-am a bheidh leagtha síos, ba cheart smachtbhannaí as teip den sórt sin a leagan amach chun mainneachtain íocaíochta a leigheas agus a dhíspreagadh.

(45)

Chun próiseas ceantála rathúil agus iontaofa a áirithiú, ba cheart na lamháltais atá le ceantáil a aistriú sula n-osclaítear an fhuinneog tairisceana. Ba cheart do Chlárlann an Aontais na lamháltais a aistriú chuig cuntas ainmnithe inti agus ba cheart don chóras imréitigh nó don chóras socraíochta atá ag gníomhú dó mar choimeádaí iad a choinneáil in eascró. Ba cheart na lamháltais a choinneáil in eascró go dtí go seachadfar na lamháltais chuig tairgeoirí rathúla de bhun thorthaí an cheant. Ba cheart an chéad chéim eile sa phróiseas a leagan amach freisin, is é sin go ndéanfaidh an córas imréitigh nó an córas socraíochta na lamháltais arna gceantáil ag Ballstát amháin nó níos mó a sheachadadh chuig na tairgeoirí rathúla.

(46)

Ós rud é gurb é atá i gceantáil lamháltas iad a eisiúint go príomhúil isteach sa mhargadh tánaisteach seachas iad a leithdháileadh go díreach ar oibreoirí agus oibreoirí aerárthaí saor in aisce, níor cheart do na córais imréitigh ná do na córais socraíochta a bheith faoi cheangal ag aon oibleagáidí feidhmíochta i ndáil le lamháltais a sheachadadh chuig tairgeoirí rathúla nó a gcomharbaí i dteideal i gcás teip seachadta nach bhfuil smacht acu uirthi. Dá réir sin, maidir leis na tairgeoirí rathúla nó a gcomharbaí i dteideal, i gcás den sórt sin nuair nach seachadtar lamháltais arna gceantáil, ba cheart a cheangal orthu glacadh le seachadadh iarchurtha.

(47)

Ós rud é nach gceanglaítear ar na Ballstáit ach na lamháltais a sheachadadh, níor cheart a cheangal orthu comhthaobhacht a thaisceadh seachas na lamháltais iad féin agus ceantáil ar bun. Dá réir sin, níor cheart do na Ballstáit, le linn dóibh conarthaí spota dhá lá a cheantáil, a bheith faoi réir ach ag oibleagáid chun na lamháltais atá le ceantáil a réamh-thaisceadh i gcuntas eascró arna choinneáil i gClárlann an Aontais ag an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta ag gníomhú dó mar choimeádaí.

(48)

Is gá d’ardán ceantála, lena n-áirítear aon chóras imréitigh nó aon chóras socraíochta atá ceangailte leis, próisis chomhthaobhachta leordhóthanacha agus aon phróiseas bainistíochta riosca eile a bhfuil gá leis a chur chun feidhme chun a áirithiú go bhfaighidh ceantálaithe íocaíocht iomlán as na lamháltais arna gceantáil ar an bpraghas imréitigh ceantála gan beann ar aon mhainneachtain íocaíochta ag tairgeoir rathúil nó ag a chomharba i dteideal.

(49)

Chun trédhearcacht agus cothroime iomaíochta idir an cheantáil agus an margadh tánaisteach a áirithiú, is iomchuí go mbeidh struchtúr agus leibhéal na dtáillí arna chur i bhfeidhm ag ardáin cheantála agus ag an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta atá ceangailte leo chomh fabhrach céanna leis na táillí agus na coinníollacha inchomparáide a chuirtear i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ar an margadh tánaisteach. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart na táillí agus na coinníollacha uile a bheith intuigthe, mionsonraithe agus ar fáil go poiblí. Mar riail ghinearálta, ba cheart costais an phróisis ceantála a chumhdach leis na táillí arna n-íoc ag na tairgeoirí mar a leagtar amach sa chonradh lena gceaptar an t-ardán ceantála. Tá sé tábhachtach, áfach, chun ardán ceantála coiteann costéifeachtach a sholáthar, go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach ón tús. Ar an gcúis sin, is iomchuí gur féidir a cheangal ar na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach ag céim níos déanaí a gcostais féin a íoc agus go ndéanfar méideanna na gcostas sin a asbhaint ó na costais a íocann tairgeoirí ina mhalairt de chás. Níor cheart míbhuntáiste a thabhairt, áfach, do na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach tar éis ceapadh ardáin leithligh a dhul in éag. Níor cheart míbhuntáiste a thabhairt do na Ballstáit ach oiread i gcás ina mbeidh siad rannpháirteach go sealadach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach i ngeall ar liostú ardáin leithligh faoina dtugtar fógra a bheith in easnamh. Is as rochtain ar an ardán ceantála agus aisti sin amháin, más rud ar bith é, ba cheart don cheantálaí a íoc. Is iad na tairgeoirí ba cheart costais an chórais imréitigh agus socraíochta, más ann dóibh, a íoc.

(50)

Chun próiseas soláthair iomaíoch a áirithiú d’ardáin cheantála, ba cheart é a bheith indéanta an t-uasleibhéal táillí atá le híoc ag na tairgeoirí rathúla a mhéadú ar bhealach teoranta i gcás ina ndéanfar foráil maidir leis sin sna doiciméid soláthair agus le linn na mblianta ina ndéantar na méideanna ceantála bliantúla a laghdú de bhreis agus 200 milliún lamháltas i ngeall ar oibriú chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, agus lena linn sin amháin.

(51)

I ngeall ar a stádas mar mhargadh rialáilte, ba cheart do na hardáin cheantála faireachán a dhéanamh ar iompraíocht tairgeoirí agus fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla i gcás ina mbeidh drochúsáid mhargaidh, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ann, i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(52)

Chun próiseas ceantála cóir agus iomaíoch a áirithiú, ba cheart an rogha a sholáthar d’ardán ceantála uasteorainn a fhorchur leis an méid ar a mbeidh tairgeoir aonair in ann tairiscint a dhéanamh, arna sloinneadh mar sciar den mhéid iomlán lamháltas atá le ceantáil i gceantanna aonair nó i gcaitheamh bliain féilire ar leith. Ba cheart gníomhachtú na rogha sin a bheith faoi réir tuairim a fháil ón gCoimisiún maidir léi roimhe sin. Sula dtabharfaidh sé a thuairim uaidh, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an togra arna dhéanamh ag an ardán ceantála. An measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún féin ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar cosaint leordhóthanach ar dhrochúsáid mhargaidh don mhargadh lamháltas astaíochtaí, ba cheart é a chur in iúl ina thuairim.

(53)

Chun solúbthacht agus sláine na gceantanna a áirithiú, is iomchuí freisin, i gcás daoine atá údaraithe ag na Ballstáit tairiscint a dhéanamh thar ceann cliaint dá bpríomhghnó, go gcloífidh siad leis na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun a áirithiú go mbeidh a gcliaint cosanta go leordhóthanach.

(54)

I bhfianaise deimhneacht agus trédhearcacht dhlíthiúil, ba cheart forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le gnéithe eile ceantála amhail torthaí ceantála a fhoilsiú, a fhógairt agus fógra a thabhairt fúthu, faisnéis rúnda a chosaint, earráidí arna ndéanamh in aon íocaíocht nó aistriú liúntais a cheartú agus aon chomhthaobhacht a thugtar nó a scaoiltear, agus an ceart chun achomhairc ar chinntí an ardáin ceantála.

(55)

Is gá foráil a dhéanamh maidir leis na teangacha údaraithe is infheidhme maidir le haon ardán ceantála, ar bhealach a áiritheoidh trédhearcacht agus a bhainfidh cothromaíocht amach idir an cuspóir go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na ceantanna agus an gá go mbeidh siad costéifeachtúil. Doiciméadacht nach bhfoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart í a fhoilsiú i dteanga is gnách i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, is é sin Béarla.

(56)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh, ar a gcostas féin, maidir leis an doiciméadacht uile a aistriú ina dteanga oifigiúil náisiúnta nó ina dteangacha oifigiúla náisiúnta. I gcás ina roghnóidh Ballstát déanamh amhlaidh, ba cheart d’ardáin leithleacha an doiciméadacht uile a aistriú sa teanga nó sna teangacha sin freisin, ar chostas an Bhallstáit a cheap an t-ardán scar-rogha lena mbaineann. Mar atoradh, ba cheart d’ardán ceantála a bheith in ann an chumarsáid uile ó bhéal agus i scríbhinn a fhaightear ó iarratasóirí ar ligean isteach chun tairiscintí a dhéanamh, ó dhaoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh nó ó thairgeoirí a dhéanann tairiscint i gceant, a láimhseáil in aon teanga a ndearna Ballstát foráil maidir le haistriúchán inti ar a chostas féin, má d’iarr na daoine sin ar an ardán ceantála déanamh amhlaidh. Sa chás sin, níor cheart a cheadú do na hardáin cheantála muirear a ghearradh ar na daoine sin as costas breise an aistriúcháin. Ina ionad sin, ba cheart do na tairgeoirí uile ar an ardán ceantála lena mbaineann an costas sin a íoc go cothrom chun rochtain chomhionann ar na ceantanna a áirithiú ar fud an Aontais.

(57)

Chun ceantanna intuartha tráthúla a áirithiú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo déantar foráil le haghaidh rialacha maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile de cheantáil lamháltas faoi Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an leithdháileadh trí cheantanna lamháltas faoi Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘conarthaí spota dhá lá’ conarthaí trína ndéantar lamháltais a cheantáil lena seachadadh ar dháta comhaontaithe tráth nach déanaí ná an dara lá trádála tar éis lá an cheant;

(2)

ciallaíonn ‘tairiscint’ tairiscint i gceant chun méid lamháltas ar leith a fháil ar phraghas sonraithe;

(3)

ciallaíonn ‘fuinneog tairisceana’ an tréimhse ama ar lena linn a fhéadfar tairiscintí a chur isteach;

(4)

ciallaíonn ‘lá trádála’ aon lá ar lena linn a bhíonn ardán ceantála agus an córas imréitigh nó an córas socraíochta atá ceangailte leis oscailte le haghaidh trádála;

(5)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(7)

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE;

(8)

ciallaíonn ‘margadh tánaisteach’ an margadh ina gceannaíonn nó ina ndíolann daoine lamháltais sula leithdháiltear iad saor in aisce nó trí cheantáil nó ina dhiaidh sin;

(9)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(10)

ciallaíonn ‘foghnóthas’ foghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2013/34/AE;

(11)

ciallaíonn ‘gnóthas cleamhnaithe’ gnóthas cleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2013/34/AE;

(12)

ciallaíonn ‘rialú’ rialú dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004 ón gComhairle (17);

(13)

ciallaíonn ‘próiseas ceantála’ an próiseas ina gcuimsítear socrú fhéilire na gceantanna, na nósanna imeachta maidir le ligean isteach chun tairiscintí a dhéanamh, na nósanna imeachta chun tairiscintí a chur isteach, stiúradh an cheant, ríomh agus fógairt thorthaí an cheant, na socruithe chun an praghas dlite a íoc agus fáltais an cheant a aistriú, seachadadh na lamháltas agus bainistíocht ar an gcomhthaobhacht is gá chun aon riosca idirbhirt a chumhdach, chomh maith le faireachas agus faireachán ar na ceantanna a bheith á stiúradh i gceart ag an ardán ceantála;

(14)

ciallaíonn ‘sciúradh airgid’ sciúradh airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 1(3), (4) agus (6) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(15)

ciallaíonn ‘maoiniú sceimhlitheoireachta’ maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5) agus (6) de Threoir (AE) 2015/849;

(16)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht choiriúil’ aon ghníomhaíocht choiriúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/849;

(17)

ciallaíonn ‘ardán ceantála’ aon eintiteas poiblí agus príobháideach arna cheapadh chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 27, 28, 30 agus 31 a dhéanamh;

(18)

ciallaíonn ‘ardán ceantála coiteann’ an t-ardán ceantála arna cheapadh tar éis nós imeachta um sholáthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus na Ballstáit, mar údaráis chonarthacha, de bhun Airteagal 26(1)

(19)

ciallaíonn ‘ardán ceantála leithleach’ an t-ardán ceantála arna cheapadh ag Ballstát nach bhfuil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1), mar a ardán ceantála féin, de bhun Airteagal 29(1)

(20)

ciallaíonn ‘ceantálaí’ aon eintiteas poiblí nó príobháideach arna cheapadh chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 23 a dhéanamh;

(21)

ciallaíonn ‘cuntas ainmnithe i gClárlann an Aontais’ cuntas i gClárlann an Aontais arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1112;

(22)

ciallaíonn ‘cuntas bainc ainmnithe’ cuntas bainc arna ainmniú ag ceantálaí, tairgeoir nó comharba tairgeora i dteideal chun íocaíochtaí dlite faoin Rialachán seo a fháil;

(23)

ciallaíonn ‘bearta díchill chuí maidir le custaiméir’ na bearta díchill chuí don chustaiméir dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus na bearta feabhsaithe díchill chuí don chustaiméir a leagtar amach in Airteagal 18, 18a agus 20 den Treoir sin;

(24)

ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849;

(25)

ciallaíonn ‘cóip chuí-dheimhnithe’ cóip bharántúil de dhoiciméad bunaidh arna dheimhniú a bheith ina fíorchóip den doiciméad bunaidh ag dlíodóir, cuntasóir, nótaire poiblí nó gairmí cáilithe comhchosúil a aithnítear faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann a bheith in ann fianú oifigiúil a dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil cóip ina fíorchóip dá doiciméad bunaidh;

(26)

ciallaíonn ‘duine atá faoi riteacht pholaitiúil’ duine atá faoi riteacht pholaitiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Threoir (AE) 2015/849;

(27)

ciallaíonn ‘drochúsáid mhargaidh’ drochúsáid mhargaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(28)

ciallaíonn ‘faisnéis ón taobh istigh’ faisnéis ón taobh istigh mar a shainmhínítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(29)

ciallaíonn ‘déileáil chos istigh’ déileáil chos istigh mar a shainmhínítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(30)

ciallaíonn ‘nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh’ nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh mar a shainmhínítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(31)

ciallaíonn ‘cúbláil mhargaidh’ cúbláil mhargaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(32)

ciallaíonn ‘córas imréitigh’ bonneagar atá ceangailte leis an ardán ceantála a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, socraithe corrlaigh, glanluachála, bainistíochta ar chomhthaobhacht, socraíochta agus seachadta, agus aon seirbhís eile, arna déanamh ag contrapháirtí lárnach ar a bhfaightear rochtain dhíreach nó indíreach trí chomhaltaí den chontrapháirtí lárnach a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe idir a gcliaint agus an contrapháirtí lárnach;

(33)

ciallaíonn ‘imréiteach’ na próisis uile a dhéantar sula n-osclaítear an fhuinneog tairisceana, le linn na fuinneoige tairisceana agus tar éis na fuinneoige tairisceana go dtí go ndéantar an tsocraíocht, agus a bhaineann le bainistíocht ar aon riosca a thagann aníos le linn an eatraimh sin, lena n-áirítear le linn socrú corrlaigh, glanluachála, nó nuachana, nó aon seirbhís eile, a d’fhéadfadh córas imréitigh nó socraíochta a dhéanamh;

(34)

ciallaíonn ‘socrú corrlaigh’ an próiseas ina gcuireann ceantálaí nó tairgeoir, nó ceann amháin nó níos mó d’idirghabhálaithe ag gníomhú dóibh thar a gceann, comhthaobhacht i ngeall chun staid airgeadais ar leith a chumhdach, lena gcuimsítear an próiseas iomlán ina ndéantar an chomhthaobhacht arna cur suas chun na staideanna airgeadais sin a chumhdach a thomhas, a ríomh agus a riar, agus atá beartaithe a áirithiú gur féidir na ceangaltais íocaíochta uile a dhéanann tairgeoir agus na ceangaltais seachadta uile a dhéanann ceantálaí nó ceann amháin nó níos mó d’idirghabhálaithe ag gníomhú dóibh thar a gceann a chomhlíonadh laistigh d’achar ama an-ghearr;

(35)

ciallaíonn ‘socraíocht’ íocaíocht arna déanamh ag tairgeoir rathúil nó a chomharba i dteideal, nó ag contrapháirtí lárnach nó gníomhaire socraíochta, den tsuim atá dlite i leith lamháltais atá le seachadadh chuig an tairgeoir sin nó a chomharba i dteideal nó chuig contrapháirtí lárnach nó gníomhaire socraíochta, agus seachadadh na lamháltas sin chuig an tairgeoir rathúil nó a chomharba i dteideal, nó chuig contrapháirtí lárnach nó gníomhaire socraíochta;

(36)

ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ eintiteas a idirchuireann é féin go díreach idir ceantálaí agus tairgeoir nó a chomharba i dteideal, nó idir idirghabhálaithe a dhéanann ionadaíocht dóibh, agus a ghníomhaíonn mar an contrapháirtí eisiach i leith gach ceann díobh lena ráthaítear go n-íoctar fáltais an cheant leis an gceantálaí nó le hidirghabhálaí a dhéanann ionadaíocht dó nó go ndéantar na lamháltais ceantáilte a sheachadadh chuig an tairgeoir nó chuig idirghabhálaí a dhéanann ionadaíocht dó;

(37)

ciallaíonn ‘córas socraíochta’ aon bhonneagar, bíodh sé ceangailte leis an ardán ceantála nó ná bíodh, a sholáthraíonn seirbhísí socraíochta, lena n-áirítear seirbhísí imréitigh, glanluachála, bainistíochta ar chomhthaobhacht, nó aon seirbhís eile agus lena gcumasaítear ar deireadh íocaíocht na suime atá dlite ag tairgeoir rathúil nó ag a chomharba i dteideal le ceantálaí, agus seachadadh lamháltas thar ceann ceantálaí chuig tairgeoir rathúil nó chuig a chomharba i dteideal, i gcás ina ndéanfar na seirbhísí sin trí cheachtar den dá ní seo a leanas:

(a)

an córas baincéireachta agus Clárlann an Aontais;

(b)

ceann amháin nó níos mo de na gníomhairí socraíochta ag gníomhú dóibh thar ceann ceantálaí agus tairgeora nó a chomharba i dteideal, lena bhfaightear rochtain dhíreach nó indíreach ar an ngníomhaire socraíochta trí chomhaltaí an ghníomhaire socraíochta a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe idir a gcliaint agus an gníomhaire socraíochta;

(38)

ciallaíonn ‘gníomhaire socraíochta’ eintiteas a ghníomhaíonn mar ghníomhaire a sholáthraíonn cuntais don ardán ceantála, trína bhforghníomhaítear go sábháilte, ar bhealach ráthaithe atá comhuaineach nó nach mór comhuaineach, treoracha cuntas arna dtabhairt ag an gceantálaí nó ag idirghabhálaí a dhéanann ionadaíocht dó chun go n-aistreofar na lamháltais ceantáilte agus chun go n-íocfaidh tairgeoir rathúil, a chomharba i dteideal nó idirghabhálaí a dhéanann ionadaíocht dóibh an praghas imréitigh ceantála;

(39)

ciallaíonn ‘comhthaobhacht’ urrús comhthaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (m), de Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), lena n-áirítear aon lamháltas arna ghlacadh mar urrús ag an gcóras imréitigh nó ag an gcóras socraíochta;

(40)

ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE;

(41)

ciallaíonn ‘FBManna’ oibreoirí, oibreoirí aerárthaí, cuideachtaí loingseoireachta nó eintitis rialáilte atá ina bhfiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (20);

(42)

ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (18), de Threoir 2014/65/AE;

(43)

ciallaíonn ‘Ballstát bunaíochta’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

i gcás daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(3), an dara fomhír den Rialachán seo, an Ballstát ina bhfuil áit chónaithe nó seoladh buan an duine;

(b)

i gcás daoine dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), agus in Airteagal 18(2), agus i gcás grúpaí gnó dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d), den Rialachán seo, Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe 55(a) de Threoir 2014/65/AE;

(c)

i gcás daoine dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (c), den Rialachán seo, Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (43), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

i gcás margadh rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 33(4), (5) agus (6) den Rialachán seo, Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (55)(b), de Threoir 2014/65/AE;

(44)

ciallaíonn ‘straitéis scoir’ doiciméad amháin nó níos mó a chinntear i gcomhréir leis na conarthaí lena gceaptar an t-ardán ceantála lena mbaineann agus lena leagtar amach bearta mionsonraithe arna bpleanáil chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

aistriú na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile a bhfuil gá leo chun go leanfar de na ceantanna gan idirbhriseadh agus d’oibriú réidh phróiseas na ceantála ag comharba ardáin ceantála;

(b)

soláthar na faisnéise uile a bhaineann le próiseas na ceantála, a bhfuil gá léi i ndáil leis an nós imeachta soláthair chun comharba an ardáin ceantála a cheapadh;

(c)

soláthar an chúnaimh theicniúil uile lena gcuirtear ar a gcumas do na húdaráis chonarthacha nó do chomharba an ardáin ceantála nó d’aon chumasc díobh, rochtain a fháil ar na sócmhainní ábhartha a sholáthraítear de bhun phointí (a) agus (b) nó iad a thuiscint nó a úsáid.

CAIBIDIL II

DEARADH NA gCEANTANNA

Airteagal 4

Táirgí ceantáilte

1.   Táirgfear lamháltais lena ndíol ar an ardán ceantála trí bhíthin conarthaí leictreonacha caighdeánaithe (‘an táirge ceantáilte’).

2.   Déanfaidh gach Ballstát lamháltais a cheantáil i bhfoirm conarthaí spota dhá lá.

Airteagal 5

Formáid an cheant

Is trí fhormáid ceant a dhéanfar ceantanna lena gcuirfidh tairgeoirí a gcuid tairiscintí isteach le linn fuinneog tairisceana ar leith ach ní fheicfidh siad na tairiscintí a chuirfidh tairgeoirí eile isteach. Íocfaidh gach tairgeoir rathúil an praghas imréitigh ceantála dá dtagraítear in Airteagal 7 ar gach lamháltas gan beann ar an bpraghas tairisceana.

Airteagal 6

Tairiscintí a chur isteach agus a tharraingt siar

1.   Luchtóg amháin de 500 lamháltas a bheidh sa tairiscint íosmhéide.

2.   Luafar an méid seo a leanas i ngach tairiscint:

(a)

céannacht an tairgeora agus cé acu atá an tairgeoir ag cur tairiscint isteach ar a shon féin nó ar son cliaint;

(b)

i gcás ina bhfuil an tairgeoir ag cur tairiscint isteach ar son cliaint, céannacht an chliaint;

(c)

méid na tairisceana mar roinnt lamháltas in iolraigh shuimeálaí luchtóg dá dtagraítear i mír 1;

(d)

an praghas tairisceana in euro le haghaidh gach lamháltais, slánaithe go dtí dhá phointe dheachúlacha.

3.   Maidir le gach tairiscint, ní féidir í a chur isteach, a mhodhnú nó a tharraingt siar ach amháin faoi sprioc-am ar leith roimh dhúnadh na fuinneoige tairisceana. 5 lá trádála ar a laghad roimh oscailt na fuinneoige tairisceana, leagfar síos an sprioc-am sin agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin an ardáin ceantála lena mbaineann.

Is duine nádúrtha amháin atá bunaithe san Aontas, arna cheapadh de bhun Airteagal 19(2), pointe (d), agus atá údaraithe chun tairgeoir a chur faoi cheangal chun críocha na gcuspóirí uile a bhaineann leis na ceantanna, lena n-áirítear tairiscint a chur isteach (‘ionadaí an tairgeora’), atá i dteideal tairiscint a chur isteach, a mhodhnú nó a tharraingt siar ar son tairgeora.

A luaithe a chuirfear isteach an tairiscint, beidh gach ceann ceangailteach, ach amháin i gcás ina ndéantar í a tharraingt siar nó a mhodhnú de bhun na míre seo nó i gcás ina ndéantar í a tharraingt siar de bhun mhír 4.

4.   I gcás ina mbreithníonn an t-ardán ceantála ábhartha nach d’aon toil a rinneadh botún i gcur isteach tairisceana, féadfaidh sé, arna iarraidh sin d’ionadaí an tairgeora, caitheamh leis an tairiscint a cuireadh isteach de bhotún mar thairiscint a tarraingíodh siar tar éis an fhuinneog tairisceana a dhúnadh, ach sula ndéantar an praghas imréitigh ceantála a chinneadh.

5.   Measfar gur seirbhís agus gníomhaíocht infheistíochta de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe 2, de Threoir 2014/65/AE a bheidh i gceist le tairiscint arna fáil, arna tarchur agus arna cur isteach ag gnólacht infheistíochta nó ag institiúid creidmheasa.

Airteagal 7

An praghas imréitigh ceantála agus réiteach tairiscintí cóimhéide

1.   Cinnfear an praghas imréitigh ceantála nuair a dhúnfar an fhuinneog tairisceana.

Sórtálfaidh ardán ceantála na tairiscintí a chuirfear faoina bhráid de réir ord an phraghais tairisceana. I gcás ina mbeidh an praghas céanna ar roinnt tairiscintí, sórtálfar na tairiscintí sin trí roghnú randamach de réir algartam arna chinneadh ag an ardán ceantála roimh an gceant.

2.   Suimeofar méideanna na dtairiscintí, ag tosú leis an bpraghas tairisceana is airde. Is é praghas na tairisceana ag a mbeidh suim na méideanna tairisceana comhionann le méid na lamháltas a chuirfear ar ceant nó níos mó ná iad, an praghas imréitigh ceantála a bheidh ann.

3.   Na tairiscintí uile arb iad suim na méideanna tairiscintí arna gcinneadh de bhun mhír 2, leithdháilfear ag an bpraghas imréitigh ceantála iad.

4.   I gcás inar mó méid iomlán na dtairiscintí rathúla, arna gcinneadh de bhun mhír 2, ná méid na lamháltas ceantáilte, leithdháilfear méid na liúntas ceantáilte atá fágtha ar an tairgeoir a chuir an tairiscint deiridh isteach arb í cuid de shuim na méideanna tairiscintí.

5.   I gcás gur lú méid iomlán na dtairiscintí arna sórtáil de bhun mhír 2 ná méid na lamháltas ceantáilte, cuirfidh an t-ardán ceantála an ceant ar ceal.

6.   I gcás ina mbeidh an praghas imréitigh ceantála i bhfad faoi bhun an phraghais ar an margadh tánaisteach, ar praghas é arbh ann dó díreach roimh thréimhse na fuinneoige tairisceana agus lena linn, agus luaineacht ghearrthéarmach phraghas na lamháltas thar thréimhse shainithe roimh an gceant á cur san áireamh aige, cuirfidh an t-ardán ceantála an ceant ar ceal.

7.   Sula gcuirfear tús le ceant, cinnfidh an t-ardán ceantála an mhodheolaíocht le haghaidh chur i bhfeidhm mhír 6, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis chonarthacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26(1) nó in Airteagal 29(4), agus tabharfaidh sé fógra do na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 47.

Idir dhá fhuinneog tairisceana ar aon ardán ceantála amháin, féadfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann an mhodheolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhodhnú. Maidir leis na modhnuithe atá beartaithe, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na húdaráis chonarthacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26(1) nó in Airteagal 29(4) agus leis na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 47.

thabharfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón údarás conarthach ábhartha maidir leis an modheolaíocht dá dtagraítear sa mhír seo, i gcás inar tugadh tuairim den sórt sin.

8.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 6 nó 7 maidir le ceantáil na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 13 ar feadh tréimhse 2 mhí ag tosú leis an gcéad cheant ar na lamháltais sin.

Féadfaidh an t-ardán ceantála síneadh 2 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis chonarthacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 47, ar choinníoll go bhfuil gá le síneadh den sórt sin chun a áirithiú gur ann do mhargadh tánaisteach atá leachtach go leormhaith maidir le cur i bhfeidhm mhír 6.

Tabharfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann lánaird ar an tuairim ó na húdaráis chonarthacha ábhartha maidir leis an síneadh dá dtagraítear sa mhír seo san áireamh, i gcás inar tugadh tuairim den sórt sin.

9.   I gcás ina gcuirtear ceant lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10 nó 13 ar ceal, déanfar méid na lamháltas a dháileadh go cothrom ar na ceithre cheant ina dhiaidh sin atá sceidealaithe le bheith ar an ardán ceantála céanna.

I gcás nach féidir méid na lamháltas ó cheantanna cealaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dháileadh go cothrom mar a thagraítear dó san fhomhír sin i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an tairiscint íosmhéide a leagtar amach in Airteagal 6(1), déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na lamháltais sin a cheantáil i gcaitheamh níos lú ná ceithre cheant.

I gcás ina gcuirtear ar ceal ceant ina gcuimsítear méideanna ó cheant eile a cuireadh ar ceal roimhe sin, déanfar a mhéid a leathadh i gcomhréir leis an gcéad agus an dara fomhír ag tosú ón gcéad cheant nach bhfuil faoi réir coigeartuithe eile de thoradh cealuithe roimhe sin.

10.   I gcás ina gcuirtear ceant lamháltas a chumhdaítear le hAirteagal 11 ar ceal, déanfar méid na lamháltas a dháileadh go cothrom ar an dá cheant ina dhiaidh sin atá sceidealaithe le bheith ar an ardán ceantála céanna.

I gcás nach féidir méid na lamháltas ó cheantanna cealaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dháileadh go cothrom mar a thagraítear dó san fhomhír sin i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an tairiscint íosmhéide a leagtar amach in Airteagal 6(1), déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na lamháltais sin a cheantáil sa chéad cheant eile atá sceidealaithe.

Ón 1 Eanáir 2025, igcás ina gcuirtear ceant ina gcuimsítear lamháltais a chumhdaítear le hAirteagal 11 ar ceal, beidh feidhm ag mír 9.

CAIBIDIL III

FÉILIRÍ NA gCEANTANNA

Airteagal 8

Uainiú, minicíocht agus dáileadh mhéid na lamháltas

1.   Stiúrfaidh ardán ceantála ceantanna go leithleach trína fhuinneog tairisceana athfhillteach tráthrialta féin.

Na fuinneoga tairisceana le haghaidh ceantanna lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 13 faoi stiúir an ardáin ceantála choitinn, beidh siad ar leithligh ó na fuinneoga tairisceana le haghaidh ceantanna lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11.

Osclófar agus dúnfar an fhuinneog tairisceana ar aon lá trádála amháin agus coimeádfar ar oscailt í ar feadh 2 uair an chloig ar a laghad. Moill 2 uair an chloig ar a laghad a bheidh idir dhá fhuinneog thairisceana as a chéile. Ní beidh forluí idir fuinneoga tairisceana dhá ardán ceantála nó níos mó.

Ní bheidh forluí idir na fuinneoga tairisceana le haghaidh ceantanna lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 13. Ón 1 Eanáir 2025, cuirfear na lamháltais dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 ar ceant sna fuinneoga tairisceana céanna.

2.   Cinnfidh an t-ardán ceantála dátaí agus uaireanta na gceantanna ag cur laethanta saoire poiblí san áireamh a dhéanann difear do mhargaí idirnáisiúnta airgeadais agus áireofar aon imeacht nó toisc ábhartha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stiúradh ceart na gceantanna. Ní reáchtálfar aon cheant sa 2 sheachtain le linn na Nollag agus na hAthbhliana gach bliain.

3.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh aon ardán ceantála, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, amanna aon fhuinneoige tairisceana a athrú ach fógra a thabhairt do gach duine dá bhféadfaí difear a dhéanamh. Tabharfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún maidir leis an athrú, i gcás ina soláthraítear tuairim den sórt sin.

4.   Stiúrfaidh an t-ardán ceantála coiteann ceantanna lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 13 ar bhonn seachtainiúil ar a laghad. Stiúrfaidh an t-ardán ceantála coiteann ceantanna lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 11 gach 2 mhí ar a laghad. Ón 1 Eanáir 2025, forálacha na míre seo a bhfuil feidhm acu maidir le lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10 beidh feidhm acu freisin maidir le lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 11.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-ardán ceantála coiteann ceantanna lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 13 a stiúradh de réir minicíochtaí eile sna chéad sé cheant, ar choinníoll go bhfuil gá leis sin chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht sna ceantanna agus oibriú réidh phróiseas na ceantála a áirithiú.

I gcás ina ndéanann an t-ardán ceantála coiteann ceantanna ar 1 lá amháin nó 2 lá in aghaidh na seachtaine, ní stiúrfaidh aon ardán ceantála eile ceant ar na laethanta sin.

I gcás ina ndéanann an t-ardán ceantála coiteann ceantanna ar níos mó ná 2 lá in aghaidh na seachtaine, roghnóidh sé 2 lá nach féidir aon cheant eile a bheith ar siúl lena linn. Foilseoidh sé na laethanta sin tráth nach déanaí ná an tráth a fhoilsítear féilire na gceantanna dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

5.   I bprionsabal, dáilfear go cothrom méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 a bheidh le ceantáil ar ardán ceantála coiteann ar na ceantanna arna reáchtáil i mbliain féilire ar leith.

I bprionsabal, dáilfear go cothrom méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 13 a bheidh le ceantáil ar ardán ceantála coiteann ar na ceantanna arna reáchtáil i mbliain féilire ar leith, ach amháin na méideanna breise a bheidh le ceantáil i gcomhréir le hAirteagal 30d, pointe (2), de Threoir 2003/87/CE„ a dháilfear go cothrom, i bprionsabal, sa tréimhse suas go dtí an 31 Bealtaine 2028.

I gcás nach féidir méid bliantúil lamháltas Ballstáit a dháileadh go cothrom ar na ceantanna i mbliain féilire ar leith i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an tairiscint íosmhéide a leagtar amach in Airteagal 6(1), déanfaidh an t-ardán ceantála ábhartha an méid sin a dháileadh ar níos lú ceantanna, agus áiritheoidh sé go ndéanfar an méid a cheantáil, i bprionsabal, gach ráithe ar a laghad.

Airteagal 9

Cúinsí ina gcuirtear bac ar stiúradh na gceantanna

Féadfaidh ardán ceantála ceant a chur ar ceal i gcás ina gcuirtear isteach ar stiúradh ceart an cheant sin nó gur dócha go gcuirfear isteach air. Déanfar méid lamháltas na gceantanna a cuireadh ar ceal a dháileadh i gcomhréir le Airteagal 7(9).

Airteagal 10

Méideanna bliantúla na lamháltas a cheantáiltear i leith gníomhaíochtaí iompair muirí agus suiteálacha do-aistrithe

1.   Méid na lamháltas i leith gníomhaíochtaí iompair muirí dá dtagraítear i Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE agus i leith suiteálacha do-aistrithe a thagann faoi raon feidhme Chaibidil III den Treoir sin agus a bheidh le ceantáil in aon bhliain féilire ar leith, is é méid na lamháltas atá bunaithe i gcomhréir le Airteagal 10(1) agus Airteagal 10(1a) den Treoir sin a bheidh i gceist leis.

2.   Méid na lamháltas a bheidh le ceantáil ag gach Ballstát in aon bhliain féilire ar leith, beidh sé bunaithe ar mhéid na lamháltas atá bunaithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus ar sciar lamháltas an Bhallstáit sin arna chinneadh de bhun Airteagal 3ga(3) agus Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE.

3.   Cuirfear athruithe a rinneadh de bhun aon cheann de na forálacha seo a leanas san áireamh i méid na lamháltas dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo:

(a)

Airteagal 3gb, Airteagal 10a(5a), Airteagail 10c agus 10ca, Airteagal 10d(4), Airteagal 10e(3), Airteagal 12(3-e) agus (4), agus Airteagail 24, 27, 27a agus 29a de Threoir 2003/87/CE;

(b)

Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2015/1814;

(c)

Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

4.   Aon athrú a dhéantar ar mhéid na lamháltas a bheidh le ceantáil i mbliain féilire ar leith seachas na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 14, cuirfear san áireamh iad i méid na lamháltas a bheidh le ceantáil sa bhliain féilire ina dhiaidh sin.

Aon mhéid lamháltas nach féidir a cheantáil i mbliain féilire ar leith mar gheall ar an slánú a cheanglaítear le hAirteagal 6(1), cuirfear san áireamh é i méid na lamháltas a bheidh le ceantáil sa bhliain féilire ina dhiaidh sin.

5.   Cinnfear dáileadh na lamháltas de bhun Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

méid na lamháltas agus an dáta ar a gcuirtear ar fáil don Chiste don Nuálaíocht iad de bhun Airteagal 9, an ceathrú mír, Airteagal 10a(1), (1a) agus (5b), Airteagal 10a(8), an t-aonú, an tríú agus an ceathrú fomhír, agus Airteagal 10e(4) de Threoir 2003/87/CE;

(b)

tús ualú lamháltas le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht de bhun Airteagal 10a(8), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE;

(c)

méid na lamháltas a bheidh le ceantáil le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de bhun Airteagal 10e(2) go dtí an 31 Lúnasa 2026.

Gan dochar don chéad fhomhír, beidh méid bliantúil na lamháltas a bheidh le ceantáil de bhun Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE 40 000 000 lamháltas ar a laghad. Léireofar an méid sin i bhféilire na gceantanna dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo.

6.   Is mar a leanas a bheidh méid bliantúil tosaigh na lamháltas a bheidh le ceantáil de bhun Airteagal 10e(2) agus (3) de Threoir 2003/87/CE:

(a)

le haghaidh 2024: 86 685 000 lamháltas;

(b)

le haghaidh 2025: 86 685 000 lamháltas;

(c)

le haghaidh 2026: 58 000 000 lamháltas.

Is féidir coigeartú a dhéanamh ar mhéid bliantúil na lamháltas is gá a cheantáil chun go sroichfear an t-ioncam dá dtagraítear in Airteagal 10e(2) agus (3) de Threoir 2003/87/CE chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 10e den Treoir sin. Chun críocha an choigeartaithe sin, cuirfear san áireamh an t-ioncam a fuarthas cheana, an meánphraghas imréitigh ceantála do na 6 mhí féilire roimhe, agus cuirfear san áireamh an t-am a bheidh fágtha suas go dtí an 31 Lúnasa 2026 agus déanfar na féilirí ceantanna a choigeartú dá réir i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (o) den Rialachán seo.

Má shroichtear an t-ioncam ceantála dá dtagraítear in Airteagal 10e(2) agus (3) de Threoir 2003/87/CE roimh dháta an cheant deiridh atá sceidealaithe le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirfear na ceantanna lamháltas atá le stiúradh ina dhiaidh sin le haghaidh na Saoráide ar fionraí láithreach i gcomhréir leis na forálacha ábhartha le haghaidh ceantanna den sórt sin a chur ar fionraí, ar forálacha iad a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122. Déanfar na féilirí ceantanna ábhartha a choigeartú dá réir i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (e) den Rialachán seo.

Airteagal 11

Méideanna bliantúla lamháltas ceantáilte i leith na heitlíochta

1.   Méid na lamháltas i leith gníomhaíochtaí eitlíochta dá dtagraítear in Airteagal 3b de Threoir 2003/87/CE a bheidh le ceantáil gach bliain féilire, beidh sé cothrom le méid na lamháltas a leagadh síos i gcomhréir le hAirteagail 3c agus 3d den Treoir sin.

2.   Bunófar méid na lamháltas a bheidh le ceantáil ag gach Ballstát in aon bhliain féilire ar leith ar mhéid na lamháltas a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus ar sciar lamháltas an Bhallstáit sin a chinnfear de bhun Airteagal 3d(3) de Threoir 2003/87/CE.

3.   Aon athrú a dhéantar ar mhéid na lamháltas a bheidh le ceantáil i mbliain féilire ar leith seachas na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 14, cuirfear san áireamh iad i méid na lamháltas a bheidh le ceantáil sa bhliain féilire ina dhiaidh sin.

4.   Aon mhéid lamháltas nach féidir a cheantáil i mbliain féilire ar leith mar gheall ar an slánú a cheanglaítear le hAirteagal 6(1), cuirfear san áireamh é i méid na lamháltas a bheidh le ceantáil sa bhliain féilire ina dhiaidh sin.

Airteagal 12

Féilire na gceantanna le haghaidh ceantanna aonair lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 arna gceantáil ag an ardán ceantála coiteann

1.   Cinnfidh an t-ardán ceantála coiteann féilirí na gceantanna, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus áireofar leis sin na fuinneoga tairisceana, méideanna ceantála aonair, dátaí na gceantanna, an táirge arna cheantáil agus na dátaí íocaíochta agus seachadta le haghaidh na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10 agus 11 a bheidh le ceantáil i gceantanna aonair gach bliain féilire.

2.   Foilseoidh an t-ardán ceantála coiteann féilire na gceantanna i ndáil le bliain ar leith faoin 31 Iúil den bhliain féilire roimhe maidir le lamháltais dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo, nó a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin, ar choinníoll go mbeidh treoir tugtha ag an gCoimisiún do riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais tábla na gceantanna a chomhfhreagraíonn d’fhéilire na gceantanna a chur isteach i gClárlann an Aontais, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

3.   Na féilirí ceantanna le haghaidh lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11, cinnfear agus foilseofar ar leithligh iad. Ón 1 Eanáir 2025, cinnfidh agus foilseoidh an t-ardán ceantála coiteann féilirí ceantanna comónta le haghaidh na lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

Airteagal 13

Méideanna bliantúla agus féilirí le haghaidh ceantanna aonair lamháltas i leith earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise

1.   Méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 30a de Threoir 2003/87/CE a bheidh le ceantáil in aon bhliain féilire ar leith ó 2027 ar aghaidh, beidh sé cothrom le méid na lamháltas a leagadh síos i gcomhréir le hAirteagail 30c agus 30d den Treoir sin.

2.   Bunófar méid na lamháltas a bheidh le ceantáil ag gach Ballstát in aon bhliain féilire ar leith ar mhéid na lamháltas a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus ar sciar lamháltas an Bhallstáit sin a chinnfear de bhun Airteagal 30d(5) de Threoir 2003/87/CE.

3.   Cuirfear san áireamh i méid na lamháltas dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo athruithe de bhun Airteagal 30e(3) nó Airteagail 30h agus 30j de Threoir 2003/87/CE nó de bhun Airteagal 1a de Chinneadh (AE) 2015/1814.

4.   Cinnfidh an t-ardán ceantála coiteann féilirí na gceantanna, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus áireofar leis sin na fuinneoga tairisceana, méideanna ceantála aonair, dátaí na gceantanna, an táirge arna cheantáil agus na dátaí íocaíochta agus soláthair le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil gach bliain féilire i gceantanna aonair i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Foilseoidh sé féilire na gceantanna i ndáil le bliain féilire faoin 31 Iúil den bhliain féilire roimhe, nó a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin, ar choinníoll go mbeidh treoir tugtha ag an gCoimisiún do riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais tábla na gceantanna a chomhfhreagraíonn d’fhéilire na gceantanna a chur isteach i gClárlann an Aontais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

5.   Cuirfear méideanna ceantála bliantúla na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 30d(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE ar ceant mar aon leis na méideanna bliantúla lamháltas faoi seach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo roimh an 31 Lúnasa gach bliain. 350 000 000 lamháltas a bheidh i méid bliantúil tosaigh na lamháltas a bheidh le ceantáil in 2027 de bhun Airteagal 30d(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE.

6.   I gcás nach ngintear 75 % den uasmhéid bliantúil ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 30d(4) de Threoir 2003/87/CE faoin 30 Meitheamh in aon bhliain ar leith, méadófar méid bliantúil tosaigh na lamháltas a bheidh le ceantáil le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta don tréimhse ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag na bliana sin.

Má shroichtear uasmhéid bliantúil an ioncaim níos luaithe ná mar a rinneadh foráil dó sin ar dtús i bhféilire na gceantanna, cuirfear na ceantanna lamháltas a bheartaítear a stiúradh ina dhiaidh sin le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta ar fionraí láithreach i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i ndáil le ceantanna den sórt sin a chur ar fionraí mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

Sa dá chás, déanfar féilire na gceantanna a choigeartú dá réir gan moill mhíchuí i gcomhréir le Airteagal 14(1), chun méadú a dhéanamh ar líon na lamháltas a chuirtear ar ceant le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta don tréimhse ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag nó chun aon mhéid sa bhreis a cheantáil ar son na mBallstát.

Airteagal 14

Coigeartuithe a dhéanamh ar fhéilirí ceantanna agus ar mhéid na lamháltas atá le ceantáil

1.   Ní dhéanfar aon mhodhnú ar chinntí agus foilsiú na méideanna bliantúla atá le ceantáil ná ar na fuinneoga tairisceana, ar dháileadh lamháltas, ar dhátaí, ar an táirge arna chur ar ceant, ar dhátaí íocaíochta agus soláthair i dtaca le ceantanna aonair de bhun Airteagail 10, 11 agus 13 agus Airteagal 31(3) ach amháin chun coigeartú a dhéanamh mar gheall ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

cur ar ceal ceant de bhun Airteagal 7(5) agus (6), Airteagal 9 agus Airteagal 31(4);

(b)

cur ar fionraí ardáin leithleacha dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122;

(c)

cinneadh ó Bhallstát de bhun Airteagal 29(7);

(d)

cliseadh socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 36(5);

(e)

cur ar fionraí próisis dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a bhfuil tionchar aige ar fhéilirí na gceantanna;

(f)

lamháltais a bheith fágtha sa chúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua dá bhforáiltear in Airteagal 10a(7) de Threoir 2003/87/CE agus lamháltais nár leithdháileadh de bhun Airteagal 10c agus Airteagal 10ca den Treoir sin;

(g)

cuimsiú aontaobhach gníomhaíochtaí breise, gás ceaptha teasa nó earnálacha de bhun Airteagal 24 nó Airteagal 30j de Threoir 2003/87/CE;

(h)

beart arna ghlacadh de bhun Airteagal 29a nó Airteagal 30h de Threoir 2003/87/CE;

(i)

teacht I bhfeidhm leasuithe ar an Rialachán seo nó ar Threoir 2003/87/CE;

(j)

coinneáil siar lamháltas ó na ceantanna de bhun Airteagal 22(4);

(k)

an gá d’ardán ceantála gan ceant a stiúradh de shárú ar fhorálacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó i dTreoir 2003/87/CE;

(l)

coigeartuithe a bhfuil gá leo de bhun Airteagail 1 agus 1a de Chinneadh (AE) 2015/1814;

(m)

cur ar ceal lamháltas de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE;

(n)

coigeartuithe a bhfuil gá leo de bhun Airteagal 10a(9) de Threoir 2003/87/CE;

(o)

coigeartaithe a bhfuil gá leo de bhun Airteagal 10e de Threoir 2003/87/CE;

(p)

coigeartuithe a bhfuil gá leo de bhun Airteagal 30d nó Airteagal 30e(3) de Threoir 2003/87/CE.

2.   Foilseoidh na hardáin cheantála lena mbaineann na féilirí ceantanna coigeartaithe 4 seachtaine roimh dháta a gcur i bhfeidhm, nó a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e).

CAIBIDIL IV

ROCHTAIN AR NA CEANTANNA

Airteagal 15

Daoine ar féidir leo tairiscintí a chur isteach trí fheidhm dhíreach i gceant

Aon duine atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh de bhun Airteagal 18 agus a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh de bhun Airteagail 19 agus 20, ní fhéadfaidh ach amháin an duine sin tairiscintí a chur isteach trí fheidhm dhíreach i gceant.

Airteagal 16

Bealaí rochtana

1.   Déanfaidh ardán ceantála foráil maidir leis an mbealach a gheofar rochtain ar a chuid ceantanna ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

2.   Ní bheidh cead isteach chuig na ceantanna ag brath ar bhallraíocht ná ar rannpháirtíocht sa mhargadh tánaisteach arna eagrú ag an ardán ceantála nó ag aon ionad trádála eile arna fheidhmiú ag an ardán ceantála nó ag tríú páirtí.

3.   Áiritheoidh ardán ceantála gur féidir rochtain a fháil ar a cheantanna go cianda trí bhíthin comhéadan leictreonach gréasán-bhunaithe a bheidh inrochtana ar bhealach slán agus iontaofa. Féadfaidh sé an rogha a thabhairt do thairgeoirí freisin rochtain a fháil ar a cheantanna trí naisc thiomnaithe leis an gcomhéadan leictreonach.

4.   I gcás ina n-éiríonn an príomh-mhodh rochtana neamh-inrochtana, féadfaidh ardán ceantála, ar a thionscnamh féin, nó arna iarraidh sin dó ag na Ballstáit, modh malartach amháin nó níos mó chun rochtain a fháil ar a cheantanna a thairiscint, ar choinníoll go bhfuil an modh rochtana malartach sin slán agus iontaofa agus nach ann d’aon idirdhealú idir tairgeoirí mar gheall ar an modh sin a úsáid.

Airteagal 17

Oiliúint agus líne chabhrach

Tairgfidh ardán ceantála modúl oiliúna praiticiúil gréasán-bhunaithe maidir lena phróiseas ceantála a stiúradh, lena n-áirítear treoraíocht maidir leis an mbealach chun aon fhoirm a líonadh isteach agus a chur isteach agus ionsamhlúchán den bhealach chun tairiscint a dhéanamh i gceant. Cuirfidh sé seirbhís líne chabhrach ar fáil freisin a mbeidh rochtain uirthi trí ghuthán agus ríomhphost le linn uaireanta oibre gach lá trádála ar a laghad.

Airteagal 18

Daoine atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh

1.   Beidh na daoine seo a leanas incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh trí fheidhm dhíreach i gceantanna:

(a)

oibreoir, oibreoir aerárthaí, cuideachta loingseoireachta nó eintiteas rialáilte ag a bhfuil cuntas oibreora i gClárlann an Aontais a osclaítear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122, a chuireann tairiscint isteach ar a shon féin, lena n-áirítear aon mháthairghnóthas, foghnóthas nó gnóthas cleamhnaithe ar cuid é den ghrúpa céanna gnóthas ina bhfuil an t-oibreoir, an t-oibreoir aerárthaí, an chuideachta loingseoireachta nó an t-eintiteas rialáilte;

(b)

gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE a chuireann tairiscint isteach ar a son féin nó ar son a gcliant;

(c)

institiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) a chuireann tairiscint isteach ar a son féin nó ar son a gcliant;

(d)

grúpaí gnó de dhaoine a liostaítear i bpointe (a) a chuireann tairiscint isteach ar a son féin agus a ghníomhaíonn mar ghníomhaire thar ceann a gcomhaltaí;

(e)

comhlachtaí poiblí nó eintitis na mBallstát atá faoi úinéireacht an Stáit agus a rialaíonn aon duine de na daoine a liostaítear i bpointe (a).

Oibreoirí, oibreoirí aerárthaí agus cuideachtaí loingseoireachta, ní fhéadfaidh siad páirt a ghlacadh ach amháin i gceantanna na lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11, cé nach féidir ach le heintitis rialáilte páirt a ghlacadh sna ceantanna dá dtagraítear in Airteagal 13, lena n-áirítear nuair a úsáideann siad seirbhísí na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (e) chun tairiscint a dhéanamh ar a son.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh daoine a chumhdaítear leis an díolúine in Airteagal 2(1), pointe (j), de Threoir 2014/65/AE agus a údaraítear de bhun Airteagal 50 den Rialachán seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh trí fheidhm dhíreach sna ceantanna, bíodh sin ar a son féin nó thar ceann cliant a bpríomhghnólachta, ar choinníoll go bhfuil reachtaíocht achtaithe ag Ballstát ina bhfuil siad bunaithe lena gcuirtear ar a gcumas don údarás náisiúnta inniúil ábhartha sa Bhallstát sin iad a údarú chun tairiscint a dhéanamh ar a son féin nó thar ceann cliaint den sórt sin.

3.   I gcás ina ndéanann na daoine dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), agus mír 2 tairiscint thar ceann a gcliant, áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is daoine iad a gcliaint atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh trí fheidhm dhíreach de bhun mhíreanna 1 nó 2;

(b)

tá, nó beidh go tráthúil roimh oscailt na fuinneoige tairisceana, na próisis, na nósanna imeachta agus na comhaontuithe conarthacha inmheánacha acu atá leordhóthanach agus a bhfuil gá leo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

a chur ar a gcumas dóibh tairiscintí óna gcliaint a phróiseáil lena n-áirítear tairiscintí a chur isteach, íocaíochtaí a bhailiú agus lamháltais a aistriú;

(ii)

bac a chur ar nochtadh faisnéise rúnda ón gcuid dá ngnó ar a bhfuil an fhreagracht maidir le tairiscintí a fháil, a ullmhú agus a chur isteach thar ceann a gcliaint, go dtí an chuid dá ngnó ar a bhfuil an fhreagracht maidir le tairiscintí a ullmhú agus a chur isteach ar a son féin;

(iii)

a áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcliaint atá ag déanamh tairiscintí thar ceann a gcuid cliaint féin sna ceantanna na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19(2) agus sa mhír seo agus go gceanglóidh siad ar a gcuid cliaint na ceanglais sin a chomhlíonadh freisin. I gcás ina bhfuil tuilleadh cliant níos faide síos an slabhra atá ag déanamh tairiscintí iad féin thar ceann a gcuid cliaint féin, ceanglóidh an cliant díreach rompu go gcomhlíonfaidh an chéad chliant eile síos an slabhra na ceanglais.

Beidh an t-ardán ceantála lena mbaineann in ann brath ar sheiceálacha a dhéanann na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar a gcuid cliant, nó ar chliaint a gcuid cliant mar a bhforáiltear dó sin sa mhír seo.

Beidh daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in ann a thaispeáint don ardán ceantála, arna iarraidh sin dó de bhun Airteagal 20(5), pointe (d), gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, pointí (a) agus (b).

4.   Ní bheidh na daoine seo a leanas incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh trí fheidhm dhíreach i gceantanna ná ní bheidh siad rannpháirteach i gceantanna trí dhuine amháin nó níos mó a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh de bhun Airteagail 19 agus 20, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann aon duine eile, i gcás ina ngníomhaíonn siad mar iad seo a leanas i dtaca leis na ceantanna:

(a)

an ceantálaí;

(b)

an t-ardán ceantála lena n-áirítear aon chóras imréitigh agus aon chóras socraíochta atá nasctha leis;

(c)

daoine atá in ann tionchar nach beag a imirt, go díreach nó go hindíreach, ar bhainistiú na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);

(d)

daoine atá ag obair do dhaoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

Airteagal 19

Ceanglais i ndáil le ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh

1.   Comhaltaí an mhargaidh thánaistigh arna eagrú ag ardán ceantála nó rannpháirtithe ann ar daoine iad dá dtagraítear in Airteagal 18(1) nó (2), ligfear isteach iad chun tairiscint a dhéanamh trí fheidhm dhíreach sna ceantanna arna stiúradh ag an ardán ceantála lena mbaineann gan aon cheanglas breise i ndáil le cead, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá na ceanglais maidir le comhalta nó rannpháirtí a ligean isteach chun lamháltais a thrádáil ar an margadh tánaisteach arna eagrú ag ardán ceantála chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2;

(b)

faigheann an t-ardán ceantála aon fhaisnéis bhreise is gá chun a fhíorú gur comhlíonadh aon cheanglas dá dtagraítear i mír 2, ar ceanglais iad nár fíoraíodh roimhe.

2.   Daoine nach comhaltaí iad den mhargadh tánaisteach arna eagrú ag ardán ceantála, ná nach rannpháirtithe iad ann, agus ar daoine incháilithe iad de bhun Airteagal 18(1) nó (2), ligfear isteach iad chun tairiscintí a dhéanamh trí fheidhm dhíreach sna ceantanna arna stiúradh ag ardán ceantála ar choinníoll:

(a)

go bhfuil siad bunaithe san Aontas, nó is oibreoir, oibreoir aerárthaigh, cuideachta loingseoireachta nó eintiteas rialáilte iad;

(b)

go bhfuil cuntas ainmnithe i gClárlann an Aontais acu;

(c)

go bhfuil cuntas bainc ainmnithe acu;

(d)

go gceapann siad ionadaí tairgeora amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 6(3), an dara fomhír;

(e)

go sásaíonn siad an t-ardán ceantála lena mbaineann, i gcomhréir le bearta díchill chuí maidir le custaiméir is infheidhme, maidir lena gcéannacht, céannacht a n-úinéirí tairbhiúla, a n-ionracas, a bpróifíl ghnó agus trádála ag féachaint do na bealaí chun an ghaolmhaireacht leis an tairgeoir a bhunú, cineál an tairgeora, cineál an táirge a chuirfear ar ceant, méid na dtairiscintí ionchais agus na modhanna íocaíochta agus soláthair;

(f)

go sásaíonn siad an t-ardán ceantála lena mbaineann maidir lena seasamh airgeadais, agus go bhfuil siad in ann go háirithe a gcuid gealltanas airgeadais agus a ndliteanais reatha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;

(g)

go bhfuil na próisis, na nósanna imeachta agus na comhaontuithe conarthacha inmheánacha i bhfeidhm acu is gá chun éifeacht a thabhairt do thairiscint uasmhéide a fhorchuirtear de bhun Airteagal 48, nó tá siad in ann iad a chur i bhfeidhm nuair a iarrtar sin orthu;

(h)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 40(1).

Airteagal 20

Iarratais ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a chur isteach agus a phróiseáil

1.   Sula gcuirfidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 18(1) nó (2) a gcéad tairiscint isteach trí fheidhm dhíreach trí aon ardán ceantála, cuirfidh siad iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh faoi bhráid an ardáin ceantála lena mbaineann.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir leis an margadh tánaisteach a eagraíonn an t-ardán ceantála lena mbaineann, déanfar comhaltaí an mhargaidh sin nó na rannpháirtithe ann más comhaltaí agus rannpháirtithe iad a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19(1) a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh, agus ní gá dóibh iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a chur faoi bhráid an ardáin ceantála lena mbaineann.

2.   Iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh arna dhéanamh faoi mhír 1, déanfar é trí fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur faoi bhráid an ardáin ceantála. Is é an t-ardán ceantála lena mbaineann a sholáthróidh agus a choinneoidh ar bun an fhoirm iarratais agus rochtain uirthi tríd an idirlíon.

3.   Beidh cóipeanna de na doiciméid tacaíochta uile a éilíonn an t-ardán ceantála chun a thaispeáint go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(2) in éineacht le hiarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh agus deimhneofar na cóipeanna sin go cuí. Féadfaidh an t-ardán ceantála glacadh le cóipeanna de dhoiciméid nach bhfuil deimhnithe go cuí más féidir leis a thoimhdiú go réasúnta gur fíor-chóipeanna de na doiciméid bhunaidh iad. Áireofar na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar a laghad le hiarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh.

4.   Cuirfear iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ar fáil, ach é a iarraidh, lena n-áirítear aon doiciméad tacaíochta, chun go ndéanfaidh údaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí Ballstáit iniúchadh ar an iarratas agus imscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 53(3), pointe (e) á dhéanamh acu agus ag aon chomhlacht inniúil den Aontas a bhfuil baint acu le himscrúduithe a dhéantar ar bhonn trasteorann.

5.   Féadfaidh ardán ceantála diúltú iarratasóir a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina chuid ceantanna má dhiúltaíonn an t-iarratasóir d’aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iarrataí a chomhlíonadh a rinne an t-ardán ceantála ar fhaisnéis bhreise nó ar shoiléiriú nó fianú na faisnéise a soláthraíodh;

(b)

míniúcháin ó bhéal a sholáthar tar éis don ardán ceantála cuireadh a thabhairt d’aon ionadaí de chuid an iarratasóra dul faoi agallamh;

(c)

imscrúduithe nó fíoruithe a iarrann an t-ardán ceantála a cheadú, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair nó spotseiceálacha ag áitreabh gnó an iarratasóra;

(d)

iarrataí a chomhlíonadh, ar iarrataí iad a rinne an t-ardán ceantála ar aon fhaisnéis a cheanglaítear ón iarratasóir, ó chliaint an iarratasóra nó, i gcás inarb infheidhme, ó chliaint a chuid cliant dá bhforáiltear in Airteagal 18(3);

(e)

iarrataí a chomhlíonadh, ar iarrataí iad a rinne an t-ardán ceantála ar aon fhaisnéis a cheanglaítear chun go seiceálfaí comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach in Aireagal 19(2).

6.   Measfar iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a bheith tarraingthe siar mura gcuireann an t-iarratasóir faisnéis isteach a d’iarr ardán ceantála air laistigh de thréimhse réasúnta 5 lá trádála ar a laghad arna sonrú san iarraidh ar fhaisnéis a rinneadh de bhun mhír°5, pointe°(a), (d) nó (e), nó i gcás nach gcomhoibríonn sé le linn agallaimh nó imscrúdaithe nó fíoraithe dá dtagraítear i mír 5, pointí°(b) agus (c).

7.   Ní sholáthróidh iarratasóir faisnéis bhréagach ná faisnéis mhíthreorach d’ardán ceantála. Tabharfaidh iarratasóir fógra iomlán, ionraic agus pras don ardán ceantála lena mbaineann má thagann athrú ar a chuid dálaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh dá iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh i gceantanna faoi stiúir an ardáin ceantála sin nó faoi aon ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a deonaíodh dó cheana.

8.   Déanfaidh ardán ceantála cinneadh maidir le hiarratas a chuirtear faoina bhráid agus tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh don iarratasóir.

Féadfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann:

(a)

ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna a dheonú gan choinníoll ar feadh tréimhse nach faide ná téarma a cheapacháin, lena n-áirítear aon síneadh nó athnuachan ar an gceapachán sin;

(b)

ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna a dheonú le coinníollacha ar feadh tréimhse nach faide ná téarma a cheapacháin, faoi réir coinníollacha sonraithe áirithe a chomhlíonadh faoi dháta ar leith, a bheidh le fíorú go cuí aige;

(c)

diúltú ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna.

Airteagal 21

Ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a dhiúltú, a aisghairm nó a chur ar fionraí

1.   Diúltóidh ardán ceantála ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna a dheonú, nó déanfaidh sé aon ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a deonaíodh cheana d’aon duine a aisghairm nó a chur ar fionraí más duine é:

(a)

nach bhfuil incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh faoi Airteagal°18(1) nó (2);

(b)

nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 18 agus 19 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 20; nó

(c)

tá an Rialachán seo, téarmaí agus coinníollacha an ligin isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna, nó aon treoir nó comhaontú gaolmhar eile á sárú d’aon toil nó go leantach aige.

2.   Diúltóidh ardán ceantála iarratasóir a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna, nó déanfaidh sé aon ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a deonaíodh cheana a aisghairm nó a chur ar fionraí, má tá amhras air go mbaineann sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh d’iarratasóir, ar choinníoll nach dócha go gcuirfear isteach ar iarrachtaí na n-údarás náisiúnta inniúla de thoradh an diúltaithe sin, na haisghairme sin ná an chur ar fionraí sin i leith dul sa tóir ar dhéantóirí na ngníomhaíochtaí sin nó iad a ghabháil.

I gcás amhras dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tuairisceoidh an t-ardán ceantála lena mbaineann don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir (AE)°2015/849 (‘FIU’) i gcomhréir le hAirteagal°46(2) den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh ardán ceantála diúltú ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna a dheonú d’aon duine nó aon ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a deonaíodh dó cheana a chúlghairm nó a chur ar fionraí más duine é:

(a)

a bhfuil an Rialachán seo, téarmaí agus coinníollacha an ligin isteach chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna, nó aon treoir nó comhaontú gaolmhar eile á sárú go faillíoch aige;

(b)

a d’iompair é féin ina mhalairt de chás ar bhealach atá chun dochair do stiúradh ordúil nó éifeachtúil ceant; nó

(c)

dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b) nó (c), nó Airteagal 18(2) agus nár chuir tairiscint isteach in aon cheant le linn na 220 lá trádála roimhe sin.

4.   Tabharfar fógra do dhaoine dá dtagraítear i mír 3 maidir le diúltú ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a dheonú, nó maidir leis an ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a bheith cúlghairthe nó curtha ar fionraí, agus tabharfar tréimhse réasúnta dóibh, a bheidh sonraithe sa chinneadh ar dhiúltú, cúlghairm nó cur ar fionraí, chun freagairt i scríbhinn. Tar éis dó breithniú ar fhreagairt scríofa an duine, déanfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann, más gá, an méid seo a leanas:

(a)

deonóidh nó athbhunóidh sé an ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh le héifeacht ó dháta ar leith;

(b)

deonóidh sé ligean isteach lena ngabhfaidh coinníollacha nó athbhunóidh sé an ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh lena ngabhfaidh coinníollacha faoi réir coinníollacha sonraithe áirithe a bheith comhlíonta faoi dháta ar leith, arna fhíorú go cuí aige; nó

(c)

deimhneoidh sé gur diúltaíodh ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a dheonú, nó go ndearnadh an ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a chúlghairm nó a chur ar fionraí le héifeacht ó dháta ar leith.

Tabharfaidh an t-ardán ceantála fógra maidir lena chinneadh don duine i gceist faoin gcéad fhomhír, pointí°(a),°(b) agus°(c).

5.   Daoine ar cúlghaireadh nó ar cuireadh ar fionraí a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh de bhun mhíreanna 1, 2, nó 3, tógfaidh siad céimeanna réasúnta chun a áirithiú go mbeidh a mbaint as na ceantanna:

(a)

ordúil;

(b)

nach ndéanfar dochar do leasanna a gcliant agus nach gcuirfear isteach ar fheidhmiú éifeachtúil na gceantanna mar gheall uirthi;

(c)

nach ndéanfar difear do na hoibleagáidí atá orthu aon fhoráil maidir le híocaíocht ná aon treoir nó comhaontú gaolmhar eile a chomhlíonadh;

(d)

nach gcuirfear a n-oibleagáidí i gcontúirt maidir le faisnéis rúnda a chosaint mar a leagtar amach in Airteagal 18(3), pointe°(b)(ii), oibleagáidí a bheidh i bhfeidhm ar feadh 20°bliain tar éis na daoine sin a bhaint ó na ceantanna.

Sonrófar sa diúltú, sa chúlghairm agus sa chur ar fionraí dá dtagraítear i míreanna°1,°2 agus°3 aon bheart is gá chun an mhír seo a chomhlíonadh agus déanfaidh an t-ardán ceantála comhlíontacht leis na bearta sin a fhíorú.

CAIBIDIL V

AN CEANTÁLAÍ A CHEAPADH AGUS NA CÚRAIMÍ A BHEIDH AIR

Airteagal 22

An ceantálaí a cheapadh

1.   Ceapfaidh gach Ballstát ceantálaí. Ní chuirfidh aon Bhallstát lamháltais ar ceant gan ceantálaí a cheapadh. Féadfaidh níos mó ná Ballstát amháin an ceantálaí céanna a cheapadh.

2.   Go tráthúil agus roimh thús na gceantanna, ceapfar an ceantálaí agus déanfaidh sé na socruithe leis an ardán ceantála a cheapfar nó a bheidh le ceapadh a mbeidh gá iad a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear aon chóras imréitigh agus aon chóras socraíochta a mbeidh nasc leo leis an ardán ceantála, ar théarmaí agus coinníollacha a chomhaontófar go frithpháirteach.

3.   Staonfaidh duine a bheidh ag obair nó ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit ó fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh do dhaoine a bheidh ag obair thar ceann an cheantálaí, mura mbeidh nochtadh den sórt sin á dhéanamh ag an duine a bheidh ag obair nó ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit ar bhonn riachtanais eolais i ngnáthchúrsa fheidhmiú a phoist, a ghairme nó a dhualgas agus sa chás go mbeidh an Ballstát lena mbaineann sásta go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ag an gceantálaí chun cosc a chur ar dhéileáil chos istigh nó ar nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh ag aon duine a bheidh ag obair thar ceann an cheantálaí, chomh maith leis na bearta a ndéantar foráil dóibh in Airteagal 18(8) agus Airteagal 19(10) de Rialachán (AE) Uimh 596/2014.

4.   Coinneofar na lamháltais a bheidh le ceantáil thar ceann Ballstáit siar ó na ceantanna i gcás nach bhfuil ceantálaí ceaptha ag an mBallstát sin nó i gcás nár cuireadh na socruithe i gcrích dá dtagraítear i mír°2 nó nach bhfuil siad tagtha i bhfeidhm.

5.   Go tráthúil tar éis do Bhallstát ceantálaí a cheapadh, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi chéannacht a cheantálaí agus a chuid mionsonraí teagmhála agus foilseoidh an Coimisiún iad ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 23

Cúraimí an cheantálaí

Déanfaidh an ceantálaí na cúraimí seo a leanas:

(a)

ceantáil mhéid na lamháltas a bheidh le ceantáil ag gach Ballstát a cheapann an ceantálaí nó ceantáil le haghaidh aon chiste nó saoráid a mbeidh fáltais an cheant á bhfáil aige de bhun Dhlí an Aontais;

(b)

fáltais a bheidh dlite ón gceant do gach Ballstát a cheapfaidh an ceantálaí nó a bheidh dlite d’aon chiste nó saoráid dá dtagraítear faoi phointe°(a) a ghlacadh;

(c)

eisíocaíocht na bhfáltas ón gceant, a bheidh dlite do gach Ballstát a cheapfaidh an ceantálaí nó dlite d’aon chiste nó saoráid dá dtagraítear faoi phointe°(a).

CAIBIDIL VI

CEANTÁIL LAMHÁLTAS LE hAGHAIDH CISTÍ AGUS CUR AR CEAL LÁMHALTAS

Airteagal 24

Lamháltais a bheidh le ceantáil le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht, an Chiste don Nuachóiriú, na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Chiste Aeráide Sóisialta

1.   Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) a bheidh ina cheantálaí le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil ó 2021 amach de bhun Airteagal 10a(8) agus (9), Airteagal 10d agus Airteagal 10e de Threoir 2003/87/CE maidir leis an ardán ceantála coiteann. Beidh feidhm ag Airteagal 22(2), (3) agus (4), Airteagail 23, 35 agus 36, agus Airteagal 43(1) den Rialachán seo mutatis mutandis maidir le BEI.

2.   Áiritheoidh BEI go ndéanfar na fáltais cheant ó na lamháltais de bhun Airteagal 10a(8) agus Airteagal 10e de Threoir 2003/87/CE a eisíoc do chuntas a gcuireann an Coimisiún fógra faoi chuige, 15 lá tar éis dheireadh na míosa inar gineadh na fáltais ón gceant ar a dhéanaí. Aon táille bhreise a ghearrfar i ngeall ar fháltais an cheant a choimeád agus a eisíoc, féadfaidh BEI iad a asbhaint roimh an eisíocaíocht, i gcomhréir leis na comhaontuithe a tugadh i gcrích leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 (23) agus Airteagal 10e de Threoir 2003/87/CE.

3.   Is é an Coimisiún a bheidh ina cheantálaí le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil ar an ardán ceantála coiteann de bhun Airteagal 10a(8b) agus Airteagal 30d(3) agus (4)de Threoir 2003/87/CE. Beidh feidhm ag Airteagal 22(2), (3) agus (4), Airteagail 23, 35 agus 36, agus Airteagal 43(1) den Rialachán seo mutatis mutandis maidir leis an gCoimisiún.

4.   Cuirfear méideanna ceantála bliantúla na lamháltas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 10a(8b) de Threoir 2003/87/CE ar ceant in éineacht leis na méideanna bliantúla de na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo faoi seach sna ceantanna a stiúrfaidh an t-ardán ceantála coiteann agus dáilfear go cothrom iad i gcomhréir le hAirteagal 8(4), an chéad fhomhír, den Rialachán seo.

Airteagal 25

An nós imeachta chun lamháltais a chur ar ceal

1.   Ballstát a bheartaíonn lamháltais a chur ar ceal, ar lamháltais iad as an méid iomlán lamháltas dá chuid a bheidh le ceantáil i gcás ina ndúntar an acmhainneacht giniúna leictreachais ina chríoch de bhun Airteagal 12(4) de Threoir°2003/87/CE, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin méid a bheartaíonn sé faoin 31 Nollaig den bhliain féilire tar éis bhliain an dúnta ar a dhéanaí, ag úsáid teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin 31 Bealtaine den bhliain atá i gceist maidir le líon beacht na lamháltas a bheidh le cur ar ceal sa tréimhse idir 1 Meán Fómhair agus 31 Nollaig na bliana sin. Más mó ná 5 mhilliún lamháltas méid iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceal sa tréimhse sin, déanfar an méid sin a leathadh ar an tréimhse idir 1 Meán Fómhair na bliana sin agus 31 Lúnasa na bliana dár gcionn. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann a chéad fhógra faoin bhfomhír seo 2 bhliain tar éis an fhógra faoi fhomhír a haon ar a dhéanaí.

2.   Ballstát nach bhfuil sé beartaithe aige lamháltais a chur ar ceal i gcás dhúnadh na hacmhainneachta giniúna leictreachais ina chríoch de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina thuairisciú de bhun Airteagal 21 den Treoir sin faoi na cúiseanna atá aige gan na lamháltas sin a chur ar ceal.

3.   Déanfar méid na lamháltas a bheidh le cur ar ceal de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE a asbhaint ón méid a bheidh le ceantáil ag an mBallstát lena mbaineann arna bhunú de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo tar éis aon choigeartú a dhéanfar de bhun Chinneadh (AE) 2015/1814 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír°1, an dara fomhír.

4.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn II, seachas na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe 6 den Iarscríbhinn sin.

CAIBIDIL VII

an t-ardán ceantála coiteann A CHEAPADH AGUS NA SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHRÓIDH SÉ

Airteagal 26

Ardán ceantála coiteann a cheapadh

1.   Ceapfaidh na Ballstáit ardán ceantála coiteann tar éis nós imeachta um sholáthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus na Ballstáit, mar údaráis chonarthacha, agus iad rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach de bhun an Airteagail seo.

2.   Déanfar an nós imeachta um sholáthar comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.   Ní bheidh tréimhse cheapacháin ardáin ceantála choitinn níos faide ná 5 bliana. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 172(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an tréimhse sin a shíneadh go dtí 7 mbliana. Le linn na tréimhse ceapacháin, féadfaidh an Coimisiún réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 166(1) de Rialachán°(AE), Euratom) 2018/1046 d’fhonn na dálaí margaidh a fhíorú agus an nós imeachta soláthair nua a ullmhú.

4.   Foilseofar céannacht agus mionsonraí teagmhála an ardáin ceantála choitinn dá dtagraítear i mír 1 ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

5.   Ballstát a théann isteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach de bhun an Airteagail seo tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir le soláthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus na Ballstáit atá rannpháirteach cheana féin sa ghníomhaíocht sin, glacfaidh siad téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe sin chomh maith le haon chinneadh atá glactha faoi cheana féin.

Ballstát a chinneann de bhun Airteagal°29(4) gan a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach de bhun an Airteagail seo ach a ardán ceantála féin a cheapadh, féadfar stádas breathnóra a thabhairt dó faoi théarmaí agus coinníollacha a comhaontaíodh sa chomhaontú maidir le soláthar comhpháirteach idir na Ballstáit atá rannpháirteach cheana féin sa ghníomhaíocht chomhpháirteach agus an Coimisiún, faoi réir aon riail maidir le soláthar poiblí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 27

Na seirbhísí a sholáthróidh an t-ardán ceantála coiteann do na Ballstáit

1.   Soláthróidh an t-ardán ceantála coiteann na seirbhísí seo a leanas do na Ballstáit de réir mar a línítear amach go háirithe iad sa chonradh lena gceaptar é:

(a)

rochtain a sholáthar ar na ceantanna, de bhun Airteagail°15 go°21, lena n-áirítear soláthar agus coinneáil ar bun na gcomhéadan leictreonach gréasán-bhunaithe agus na suíomhanna gréasáin a bhfuil gá leo;

(b)

stiúradh na gceantanna i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7;

(c)

féilire na gceantanna a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 8 go 14;

(d)

torthaí ceant a fhógairt agus fógra a thabhairt fúthu, de bhun Airteagal 52;

(e)

soláthar an chórais imréitigh nó an chórais socraíochta a bhfuil gá leo a áirithiú, nó a soláthar a áirithiú le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(i)

láimhseáil íocaíochtaí arna ndéanamh ag tairgeoirí rathúla nó a gcomharbaí i dteideal agus dáileadh fháltais na gceantanna ar an gceantálaí, de bhun Airteagail 35 agus 36;

(ii)

na lamháltais cheantáilte a sholáthar do na tairgeoirí rathúla nó dá gcomharbaí i dteideal, de bhun Airteagail 37°38 agus 39;

(iii)

bainistíocht a dhéanamh ar chomhthaobhacht a sholáthraíonn an ceantálaí nó na tairgeoirí de bhun Airteagail 40 agus 41, lena n-áirítear aon socrú corrlaigh;

(f)

breathnú ar na ceantanna, fógra a thabhairt maidir le hamhras faoi sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh, aon bheart feabhais nó aon smachtbhanna a cheanglaítear a riar, lena n-áirítear sásra um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a sholáthar de bhun Airteagail 45 go 50 agus Airteagal 55(1);

(g)

tuairisciú de bhun Airteagal 34.

2.   20 lá trádála ar a laghad roimh oscailt na chéad fuinneoige tairisceana a oibríonn an t-ardán ceantála coiteann, déanfar é a nascadh le córas imréitigh nó córas socraíochta amháin ar a laghad.

3.   Laistigh de 3 mhí ó dháta ceapacháin an ardáin ceantála choitinn, cuirfidh a straitéis scoir faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 28

Na seirbhísí a bheidh le soláthar ag an ardán ceantála coiteann don Choimisiún

Soláthróidh an t-ardán ceantála coiteann seirbhísí tacaíochta teicniúla don Choimisiún maidir le hobair an Choimisiúin a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

comhordú fhéilire na gceantanna le hardáin cheantála leithleacha a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(b)

faisnéis a bhaineann le stiúradh na gceantanna de bhun Airteagal 44;

(c)

tuarascálacha de bhun Airteagal 10(4), an tríú fomhír, agus Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE;

(d)

athbhreithniú an Rialacháin seo, ar Threoir 2003/87/CE nó na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 19(3) den Treoir sin a bhfuil tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin, lena n-áirítear cur chun feidhme na gceantanna;

(e)

aon ghníomhaíocht chomhpháirteach eile a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh carbóin, lena n-áirítear cur chun feidhme na gceantanna arna gcomhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach.

CAIBIDIL VIII

ARDÁIN CHEANTÁLA LEITHLEACHA A CHEAPADH AGUS NA CÚRAIMÍ A BHEIDH ORTHU

Airteagal 29

Ardáin cheantála leithleacha a cheapadh

1.   Féadfaidh Ballstát nach bhfuil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) a ardán ceantála leithleach féin a cheapadh chun méid a lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 a cheantáil.

2.   D’fhéadfadh ardán ceantála leithleach a bheith ar an ardán ceantála céanna leis an ardán ceantála coiteann nó d’fhéadfadh sé a bheith ina ardán ceantála difriúil.

3.   Ballstát a chinneann ardán ceantála leithleach a cheapadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi faoin lá deiridh den tríú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Rialachán°(AE) 1031/2010.

4.   Roghnófar ardán ceantála leithleach, bunaithe ar nós imeachta roghnúcháin a chomhlíonann dlí soláthair an Aontais agus an dlí soláthair náisiúnta i gcás ina gceanglaítear próiseas soláthair phoiblí le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, faoi seach. Beidh an nós imeachta roghnúcháin faoi réir na leigheasanna agus nósanna imeachta forfheidhmithe uile is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.

Ní bheidh tréimhse cheapacháin ardáin cheantála leithligh dá dtagraítear i mír 1 níos faide ná 3 bliana agus ní bheidh sí inathnuaite ach amháin ar feadh tréimhse bhreise 2 bhliain.

Ní bheidh ceapachán ardáin ceantála leithligh éifeachtach roimh theacht i bhfeidhm liostú an ardáin ceantála leithligh lena mbaineann in Iarscríbhinn III, de réir mar a fhoráiltear dó i mír 6.

5.   Ballstát a chinneann ardán ceantála leithleach a cheapadh, soláthróidh sé fógra iomlán don Choimisiún ina mbeidh an méid seo a leanas ar fad:

(a)

céannacht an ardáin ceantála a bheartaíonn sé a cheapadh;

(b)

na rialacha oibríocha mionsonraithe lena rialófar an próiseas ceantála a bheidh le stiúradh ag an ardán ceantála a bheartaíonn sé a cheapadh, lena n-áirítear na forálacha conarthacha a bhaineann le ceapachán an ardáin ceantála agus le haon chóras imréitigh agus córas socraíochta a bhfuil baint aige leis an ardán ceantála a bheartaítear, agus na téarmaí agus coinníollacha lena rialófar struchtúr agus leibhéal na dtáillí, na bainistíochta comhthaobhachta, na híocaíochta agus an tseachadta á sonrú aige;

(c)

an táirge arna cheantáil agus aon fhaisnéis is gá don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil féilire na gceantanna atá beartaithe comhoiriúnach le haon fhéilire ceantanna, atá ann cheana nó atá beartaithe, den ardán ceantála coiteann, agus le haon fhéilire ceantanna eile a mhol Ballstáit eile a bhfuil ardán ceantála leithleach ceaptha acu;

(d)

na rialacha agus coinníollacha mionsonraithe maidir leis na ceantanna a bhreathnú agus maoirseacht a dhéanamh orthu a mbeidh an t-ardán ceantála atá molta aige faoina réir, de bhun Airteagal°33(4)°(5) agus°(6) chomh maith leis na rialacha mionsonraithe um chosaint in aghaidh sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh, lena n-áirítear aon bheart feabhais nó aon smachtbhanna;

(e)

na bearta mionsonraithe a cuireadh i bhfeidhm i ndáil le hAirteagal 22(3) agus Airteagal 32 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le ceapadh an cheantálaí.

6.   Déanfar ardáin cheantála leithleacha a cheaptar faoi mhír 1 den Airteagal seo, tréimhse a gceapacháin, na Ballstáit a cheapann iad agus aon choinníollach agus oibleagáid is infheidhme a liostú in Iarscríbhinn III má tá ceanglais ábhartha an Rialacháin seo agus cuspóirí Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE comhlíonta. Gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na gceanglas agus na gcuspóirí sin amháin agus lánaird á tabhairt ar aon fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann faoina bhráid.

I gcás ina gcinneann Ballstát, agus ardán ceantála leithleach dá dtagraítear i mír 1 ceaptha aige, go ndéanfaidh sé an t-ardán ceantála céanna a athcheapadh faoi na coinníollacha agus oibleagáidí céanna de réir an liostaithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, beidh an liostú sin bailí i gcónaí i gcás ina ndeimhníonn an Ballstát sin agus an Coimisiún go bhfuil ceanglais ábhartha an Rialacháin seo agus cuspóirí Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE comhlíonta. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát fógra don Choimisiún ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 agus cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas faoin athcheapadh. Cuirfidh an Coimisiún an pobal ar an eolas faoi bhailíocht shínithe an liostaithe.

In easnamh aon liostú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, Ballstát a roghnaíonn ardán ceantála leithleach a cheapadh, úsáidfidh sé na hardáin cheantála choiteanna cheantála chun a sciar de na lamháltais a cheantáil, lamháltais a bheadh á gceantáil, ina mhalairt de chás, ar an ardán ceantála leithleach a bheadh le ceapadh sa tréimhse go dtí dul in éag na 3°mhí tar éis an teacht i bhfeidhm an liostaithe deiridh dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh Ballstát a roghnaíonn ardán ceantála leithleach a cheapadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a bheith rannpháirteach, mar sin féin, sa ghníomhaíocht chomhpháirteach ar mhaithe le bheith in ann úsáid a bhaint as an ardán ceantála coiteann dá bhforáiltear sa tríú fomhír, agus ar mhaithe leis sin amháin. Is i gcomhréir le forálacha Airteagal°26(5), an dara fomhír, agus faoi réir théarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe maidir le soláthar comhpháirteach a bheidh rannpháirtíocht den sórt sin i bhfeidhm.

7.   Aon Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) ach a roghnaíonn ardán ceantála leithleach a cheapadh, féadfaidh sé dul isteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal°26(1), de bhun Airteagal°26(5).

Déanfar méid na lamháltas a bhí sceidealaithe lena gceantáil ar ardán ceantála leithleach a leathadh go cothrom ar na ceantanna a stiúrann an t-ardán ceantála coiteann ábhartha.

Airteagal 30

Na cúraimí a bheidh ar na hardáin cheantála leithleacha

Déanfaidh ardán ceantála leithleach na cúraimí céanna a dhéanfaidh an t-ardán ceantála coiteann, de réir mar a fhoráiltear dó in Airteagal 27, ach ní dhéanfaidh sé bainistiú ar fhéilire na gceantanna dá bhforáiltear in Airteagal°27(1), pointe°(c), agus cuirfidh sé an straitéis scoir dá dtagraítear in Airteagal°27(3) faoi bhráid an Bhallstáit ceapacháin.

Beidh feidhm ag na forálacha dá bhforáiltear in Airteagal 8(1), (2), (3) agus (5), an chéad fhomhír, agus ag Airteagail 9, 10, 12, 14 agus 31 maidir leis na hardáin cheantála leithleacha.

Airteagal 31

Féilire na gceantanna do na hardáin cheantála leithleacha

1.   Beidh méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10 a chuirfear ar ceant i gceantanna aonair a stiúrfaidh ardán ceantála leithleach idir 3,5 milliún agus 20 milliún lamháltas. I gcás inar lú méid iomlán na lamháltas sin a bheidh le ceantáil ag na Ballstáit ná 3,5 milliún i mbliain féilire ar leith, cuirfear na lamháltais ar ceant i gceant aonair in aghaidh na bliana féilire. Ní bheidh méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10 a chuirfear ar ceant i gceant aonair a stiúrfaidh ardán ceantála leithleach níos lú ná 1 mhilliún lamháltas, áfach, in aon tréimhse 12 mhí nuair a bheidh roinnt lamháltas le hasbhaint as méid na lamháltas a bheidh le ceantáil de bhun Airteagal 1(5) de Chinneadh (AE) 2015/1814.

2.   Beidh méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 11 a chuirfear ar ceant i gceantanna aonair a stiúrfaidh ardán ceantála leithleach idir 2,5 milliún agus 5 mhilliún lamháltas. I gcás inar lú méid iomlán na lamháltas sin a bheidh le ceantáil ag na Ballstáit ná 2,5 milliún i mbliain féilire ar leith, cuirfear na lamháltais ar ceant i gceant aonair in aghaidh na bliana féilire.

Ón 1 Eanáir 2025, forálacha mhír 1 den Airteagal seo a bhfuil feidhm acu maidir le lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10, beidh feidhm acu maidir le hAirteagal 11 freisin.

3.   Cinnfidh an t-ardán ceantála leithleach féilire na gceantanna, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus áireofar leis sin na fuinneoga tairisceana, méideanna ceantála aonair, dátaí na gceantanna, an táirge arna cheantáil agus na dátaí íocaíochta agus soláthair le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil i gceantanna aonair le haghaidh gach bliain féilire. Cinnfear méideanna ceantála aonair i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11.

Foilseoidh an t-ardán ceantála leithleach lena mbaineann féilire na gceantanna le haghaidh bliain ar leith faoin 31 Iúil den bhliain roimhe maidir le lamháltais dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo, nó a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin, ar choinníoll go mbeidh treoir tugtha ag an gCoimisiún do riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais tábla na gceantanna faoi seach a chur isteach i gClárlann an Aontais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE)°2019/1122.

Ní chinnfidh ná ní fhoilseoidh an t-ardán ceantála leithleach lena mbaineann féilirí na gceantanna go dtí go mbeidh féilirí ceantanna an ardáin ceantála choitinn cinntithe agus foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 12, ach amháin i gcás nach bhfuil an t-ardán ceantála sin ceaptha go fóill de bhun Airteagal 26(1). Féadfaidh na hardáin cheantála lena mbaineann féilirí ceantanna le haghaidh na lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 a chinneadh go comhuaineach, ar choinníoll go n-urramófar an sprioc-am chun na féilirí ceantanna dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhoilsiú.

Beidh féilirí ceantanna a fhoilseofar i gcomhréir le haon choinníoll nó oibleagáid ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn III.

4.   I gcás ina gcealaítear ceant a stiúrann ardán ceantála leithleach de bhun Airteagal 7(5) nó (6) nó Airteagal 9, déanfar an méid a bheidh ceantáilte a dháileadh de bhun Airteagal 7(8) nó, má stiúrann an t-ardán ceantála lena mbaineann níos lú ná ceithre cheant i mbliain féilire ar leith, ar an gcéad dá cheant atá sceidealaithe le bheith ar an ardán ceantála céanna.

CAIBIDIL IX

NA CEANGLAIS CHEAPACHÁIN IS INFHEIDHME MAIDIR LE CEANTÁLAITHE AGUS ARDÁIN CHEANTÁLA

Airteagal 32

Na ceanglais cheapacháin is infheidhme maidir le ceantálaithe

1.   Le linn do na Ballstáit ceantálaithe a cheapadh, cuirfidh siad san áireamh a mhéid a léiríonn iarrthóirí:

(a)

riosca maidir le coinbhleacht leasa nó drochúsáid mhargaidh ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(i)

aon ghníomhaíocht ar an margadh tánaisteach;

(ii)

aon phróiseas agus nós imeachta inmheánach chun an riosca maidir le coinbhleacht leasa nó drochúsáid mhargaidh a mhaolú;

(b)

go bhfuil na hiarrthóirí in ann cúraimí an cheantálaí a chomhlíonadh go tráthúil agus i gcomhréir leis na caighdeáin ghairmiúla agus cháilíochta is airde.

2.   Beidh ceapachán an cheantálaí faoi réir chur i gcrích na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2) idir an ceantálaí agus an t-ardán ceantála lena mbaineann.

Airteagal 33

Na ceanglais cheapacháin is infheidhme maidir le hardáin cheantála

1.   Ní féidir ach eintiteas atá údaraithe mar mhargadh rialáilte a cheapadh mar ardán ceantála ar eintiteas é a mbíonn margadh tánaisteach i lamháltais nó i ndíorthaigh lamháltas á eagrú ag a oibreoir.

I gcás ina bhforáiltear sna doiciméid soláthair maidir leis an nós imeachta um sholáthar comhpháirteach de bhun Airteagal 26(1), áfach, eintiteas atá údaraithe mar mhargadh rialáilte a n-eagraíonn a oibreoir margadh mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), ach nach n-eagraíonn margadh tánaisteach i lamháltais nó i ndíorthaigh lamháltas, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair de bhun Airteagal 26(1) den Rialachán seo. I gcás ina gceaptar eintiteas den sórt sin mar ardán ceantála coiteann, gheobhaidh a oibreoir údarú chun margadh tánaisteach i lamháltais nó i ndíorthaigh lamháltas a eagrú agus áiritheoidh sé go n-eagróidh sé an margadh tánaisteach sin 60 lá trádála ar a laghad roimh oscailt na chéad fuinneoige tairisceana a oibríonn an t-ardán ceantála lena mbaineann.

2.   Údaróidh na Ballstáit, gan tuilleadh ceanglais dhlíthiúla ná riaracháin, ardán ceantála arna cheapadh faoin Rialachán seo chun conarthaí spota dhá lá a cheantáil, d’fhonn socruithe iomchuí a sholáthar lena n-éascaítear rochtain ar cheantanna agus rannpháirtíocht iontu ag tairgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (2).

3.   Le linn do na Ballstáit ardán ceantála a cheapadh, cuirfidh siad san áireamh a mhéid a léiríonn iarrthóirí go bhfuil an méid seo a leanas á áirithiú:

(a)

urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe de facto agus de jure araon;

(b)

rochtain iomlán, chóir agus chothrom chun tairiscintí a dhéanamh sna ceantanna le haghaidh FBManna a chumhdaítear le córas an Aontais agus chun tairiscintí a dhéanamh sna ceantanna le haghaidh astaírí beaga, mar a leagtar amach in Airteagal 27(1), Airteagal 27a(1) agus Airteagal 28a(4) de Threoir 2003/87/CE;

(c)

costéifeachtúlacht agus ualach riaracháin míchuí a sheachaint;

(d)

maoirseacht cheantála láidir, fógra a thabhairt maidir le hamhras faoi sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh, aon bheart feabhais nó aon smachtbhanna is gá a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh maidir le sásra um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt;

(e)

saofaí iomaíochta ar an margadh inmheánach a sheachaint, lena n-áirítear an margadh carbóin;

(f)

feidhmiú cuí an mhargaidh carbóin, lena n-áirítear cur chun feidhme na gceantanna;

(g)

nasc le córas imréitigh nó córas socraíochta amháin nó níos mó;

(h)

bearta leordhóthanacha lena gceanglaítear ar ardán ceantála na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile a thabhairt ar láimh chun go bhféadfaidh a chomharba na ceantanna a stiúradh.

4.   Ní fhéadfar ardán ceantála a cheapadh ach amháin i gcás ina bhfuil an Ballstát ina áirithigh an margadh rialáilte is iarrthóir agus a oibreoir margaidh bunaithe go bhfuil feidhm ag na bearta náisiúnta lena dtrasuitear Teideal III de Threoir 2014/65/AE maidir le conarthaí spota dhá lá a cheantáil agus go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit sin in ann an margadh rialáilte is iarrthóir agus a oibreoir margaidh a údarú agus a mhaoirsiú i gcomhréir leis na bearta náisiúnta lena dtrasuitear Teideal VI den Treoir sin.

I gcás nach bhfuil an margadh rialáilte is iarrthóir agus a oibreoir margaidh bunaithe sa Bhallstát céanna, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an mBallstát ina bhfuil an margadh rialáilte is iarrthóir bunaithe agus maidir leis an mBallstát ina bhfuil a oibreoir margaidh bunaithe araon.

5.   Údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an margadh rialáilte is iarrthóir agus a oibreoir margaidh bunaithe, arna ainmniú faoi Airteagal 67(1) de Threoir 2014/65/AE, déanfaidh siad cinneadh maidir le húdarú margaidh rialáilte arna cheapadh, nó a bheidh le ceapadh, mar ardán ceantála de bhun an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíonann an margadh rialáilte agus a oibreoir margaidh na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Teideal III de Threoir 2014/65/AE. Déanfar an cinneadh maidir le húdarú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Teideal VI de Threoir 2014/65/AE.

6.   Na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, coinneoidh siad formhaoirseacht éifeachtach ar an margadh ar bun agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear sa mhír sin. Chuige sin, beidh siad in ann na cumhachtaí dá bhforáiltear sna bearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 69 den Treoir sin a fheidhmiú go díreach, nó le cúnamh ó údaráis náisiúnta inniúla eile arna n-ainmniú de bhun Airteagal 67(1) de Threoir 2014/65/AE, a mhéid a bhaineann leis an margadh rialáilte is iarrthóir agus a oibreoir margaidh.

Chun ardáin cheantála a cheapadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag na bearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 79 go 87 de Threoir 2014/65/AE maidir le comhar idir údaráis náisiúnta inniúla Ballstát éagsúil agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).

CAIBIDIL X

TUAIRISCIÚ MAIDIR LE hIDIRBHEARTA

Airteagal 34

Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú

1.   Tuairisceoidh an t-ardán ceantála don údarás náisiúnta inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 67(1) de Threoir 2014/65/AE agus do ESMA maidir le mionsonraí iomlána agus cruinne gach idirbhirt a dhéanfar ar an ardán ceantála arb é aistriú lamháltas astaíochtaí chuig na tairgeoirí rathúla is toradh air.

2.   Cuirfear na tuarascálacha ar idirbhearta isteach a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae trádála tar éis an idirbhirt lena mbaineann.

3.   Beidh an t-ardán ceantála freagrach as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha ar idirbhearta. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir leis na hidirbhearta nach n-áirítear sna tuarascálacha ar idirbhearta agus nach bhfuil ar fáil don ardán ceantála, cuirfidh na tairgeoirí agus na ceantálaithe an fhaisnéis sin faoi bhráid an ardáin ceantála.

I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha ar idirbhearta, ceartóidh an t-ardán ceantála is tuairisceoir an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis náisiúnta inniúil.

4.   Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil ar idirbhearta:

(a)

ainm na lamháltas nó na ndíorthach lamháltas;

(b)

an méid lamháltas arna cheannach;

(c)

na dátaí agus na hamanna a rinneadh an t-idirbheart;

(d)

praghsanna an idirbhirt;

(e)

aitheantas na dtairgeoirí rathúla;

(f)

i gcás inarb infheidhme, aitheantas na gcliant a ndearnadh an t-idirbheart thar a gceann.

I gcás inar duine dlítheanach an tairgeoir rathúil, déanfaidh an t-ardán ceantála, agus an t-ainmniúchán á thuairisciú chun an tairgeoir rathúil a shainaithint, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún (25).

Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas agus úsáid á baint as na caighdeáin agus na formáidí sonraí arna mbunú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 agus áireofar inti na mionsonraí ábhartha uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I den Rialachán sin.

CAIBIDIL XI

ÍOCAÍOCHT AGUS AISTRIÚ NA bhFÁLTAS ÓN gCEANT

Airteagal 35

Íocaíocht arna déanamh ag tairgeoirí rathúla agus aistriú na bhfáltas chuig na Ballstáit

1.   Íocfaidh gach tairgeoir rathúil nó a chomharbaí i dteideal, lena n-áirítear aon idirghabhálaí a ghníomhóidh thar a gceann, an tsuim dhlite a fhógrófar dó de bhun Airteagal 52(3), pointe (c), as na lamháltais a ghnóthófar mar a fógraíodh dó de bhun Airteagal 52(3), pointe (a), tríd an tsuim sin a aistriú, nó trí shocrú a dhéanamh maidir lena haistriú tríd an gcóras imréitigh nó tríd an gcóras socraíochta, chuig cuntas bainc ainmnithe an cheantálaí i gcistí imréitithe ar a dhéanaí ar sheachadadh na lamháltas isteach i gcuntas ainmnithe an tairgeora i gClárlann an Aontais nó i gcuntas coinneála ainmnithe a chomharba i dteideal i gClárlann an Aontais.

2.   Maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag na tairgeoirí nó ag aon chomharba i dteideal a eascraíonn as ceantáil na lamháltas dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 13, déanfaidh ardán ceantála, lena n-áirítear na córais imréitigh nó na córais socraíochta atá nasctha leis, na híocaíochtaí sin a aistriú chuig na ceantálaithe a cheantáil na lamháltais atá i gceist.

3.   Déanfar íocaíochtaí leis na ceantálaithe in euro nó in airgeadra an Bhallstáit a dhéanfaidh an ceapachán i gcás nach bhfuil an Ballstát sin sa limistéar euro, de rogha an Bhallstáit lena mbaineann, gan beann ar an airgeadra a úsáidtear le haghaidh na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag na tairgeoirí, ar choinníoll go mbeidh an córas imréitigh nó an córas socraíochta lena mbaineann in ann an t-airgeadra atá i gceist a láimhseáil.

4.   Is éard a bheidh sa ráta malairte an ráta a fhoilseofar ar sheirbhís nuachta airgeadais aitheanta a shonraítear sa chonradh lena gceaptar an t-ardán ceantála lena mbaineann, láithreach bonn tar éis dhúnadh na fuinneoige tairisceana.

Airteagal 36

Na hiarmhairtí a bhaineann le híocaíocht dhéanach nó neamhíocaíocht

1.   Ní sheachadfar lamháltais do thairgeoir rathúil nó dá chomharbaí i dteideal, ar lamháltais iad a dtugtar fógra ina leith don tairgeoir rathúil de bhun Airteagal 52(3), pointe (a), ach amháin má íoctar an tsuim iomlán atá dlite a fhógraítear dó de bhun Airteagal 52(3), pointe (c) leis an gceantálaí de bhun Airteagal 35(1).

2.   Aon tairgeoir rathúil, nó a chomharbaí i dteideal, nach gcomhlíonann a chuid oibleagáidí faoi mhír 1 den Airteagal seo ina n-iomláine faoin dáta dlite a fhógraítear don tairgeoir rathúil de bhun Airteagal 52(3), pointe (d), is amhlaidh a bheidh sé ar mainneachtain íocaíochta.

3.   Féadfar ceachtar de na nithe seo a leanas nó an dá cheann díobh a ghearradh ar thairgeoir ar mainneachtain íocaíochta:

(a)

ús as gach lá dar tosach an dáta a bhí an íocaíocht dlite de bhun Airteagal 52(3), pointe (d), agus dar críoch an dáta a dhéantar an íocaíocht ar ráta úis a leagtar amach sa chonradh lena gceaptar an t-ardán ceantála lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn laethúil;

(b)

pionós, a fhabhrófar don cheantálaí lúide aon chostas a asbhainfear tríd an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta.

4.   I gcás ina mbeidh tairgeoir rathúil ar mainneachtain íocaíochta, tarlóidh ceann amháin de na nithe seo a leanas freisin:

(a)

is chuig an gcontrapháirtí lárnach a sheachadfar na lamháltais agus is eisean a íocfaidh an tsuim a bheidh dlite leis an gceantálaí;

(b)

cuirfidh an gníomhaire socraíochta an chomhthaobhacht arna glacadh ón tairgeoir i bhfeidhm chun an tsuim a bheidh dlite a íoc leis an gceantálaí.

5.   I gcás mainneachtain socraíochta, ceantálfar na lamháltais ag an gcéad dá cheant eile a sceidealófar ar an ardán ceantála lena mbaineann.

CAIBIDIL XII

NA LAMHÁLTAIS ARNA gCEANTÁIL A SHEACHADADH

Airteagal 37

Na lamháltais arna gceantáil a aistriú

Aistreoidh clárlann an Aontais lamháltais arna gceantáil ag aon ardán ceantála sula n-osclófar fuinneog tairisceana, i gcuntas ainmnithe i gClárlann an Aontais, a bheidh le coinneáil in eascró ag an gcóras imréitigh nó ag an gcóras socraíochta ag gníomhú dó mar choimeádaí, go dtí go seachadfar na lamháltais chuig na tairgeoirí rathúla nó a gcomharbaí i dteideal, de bhun thorthaí an cheant, dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 19(3) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 38

Na lamháltais arna gceantáil a sheachadadh

1.   Leis an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta, déanfar gach lamháltas arna cheantáil ag Ballstát a leithdháileadh ar thairgeoir rathúil, go dtí go mbeidh an méid iomlán a leithdháilfear ag teacht leis an méid lamháltas a dtabharfar fógra ina leith don tairgeoir de bhun Airteagal 52(3), pointe (a).

Féadfar lamháltais ó níos mó ná Ballstát amháin a bheidh ag ceantáil sa cheant céanna a leithdháileadh ar thairgeoir más gá chun an méid lamháltas a dtabharfar fógra ina leith don tairgeoir de bhun Airteagal 52(3), pointe (a) a dhéanamh suas.

2.   Ach an tsuim a bheidh dlite a íoc de bhun Airteagal 35(1), seachadfar ar gach tairgeoir rathúil nó ar a chomharbaí i dteideal na lamháltas arna leithdháileadh ar an tairgeoir sin, a luaithe is indéanta agus in aon chás tráth nach déanaí ná an sprioc-am chun iad a sheachadadh de réir an chonartha spota dhá lá trí na lamháltais a dtugtar fógra ina leith don tairgeoir de bhun Airteagal 52(3), pointe (a) a aistriú ó chuntas ainmnithe i gClárlann an Aontais a bheidh á gcoinneáil in eascró ag an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta ag gníomhú dó mar choimeádaí, i bpáirt nó ina iomláine i gcuntas ainmnithe amháin nó níos mó i gClárlann an Aontais arna shealbhú ag an tairgeoir rathúil nó ag a chomharbaí i dteideal, nó i gcuntas coinneála ainmnithe i gClárlann an Aontais arna choinneáil in eascró ag córas imréitigh nó córas socraíochta ag gníomhú dó mar choimeádaí don tairgeoir rathúil nó dá chomharbaí i dteideal.

Airteagal 39

Na lamháltais arna gceantáil a sheachadadh go déanach

I gcás nach seachadfar tríd an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta na lamháltais uile arna gceantáil nó cuid díobh i ngeall ar imthosca nach mbeidh neart air, seachadfar na lamháltais a luaithe is féidir agus glacfaidh na tairgeoirí rathúla nó a gcomharbaí i dteideal leis an seachadadh sin ar an dáta déanach sin. Ní bheidh aon leigheas eile ar sheachadadh déanach ar fáil don tairgeoir rathúil nó dá chomharbaí i dteideal.

CAIBIDIL XIII

COMHTHAOBHACHT A BHAINISTIÚ

Airteagal 40

Comhthaobhacht arna tabhairt ag an tairgeoir

1.   Sula n-osclófar an fhuinneog tairisceana chun conarthaí spota dhá lá a cheantáil, ceanglófar ar thairgeoirí nó ar aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn ar a son comhthaobhacht a thabhairt don chóras imréitigh nó don chóras socraíochta a bheidh nasctha leis an ardán ceantála a stiúrfaidh na ceantanna.

2.   Má iarrtar amhlaidh, aon chomhthaobhacht nach n-úsáidtear arna tabhairt ag tairgeoir nár éirigh leis, mar aon le haon ús a fhabhraítear ar chomhthaobhacht airgid, déanfar í a scaoileadh, a luaithe is indéanta tar éis dhúnadh na fuinneoige tairisceana.

3.   Má iarrtar amhlaidh, aon chomhthaobhacht arna tabhairt ag tairgeoir rathúil nár úsáideadh le haghaidh socraíochta, mar aon le haon ús a fhabhraítear ar chomhthaobhacht airgid, déanfar í a scaoileadh, a luaithe is indéanta tar éis na socraíochta.

Airteagal 41

Comhthaobhacht arna tabhairt ag an gceantálaí

1.   Sula n-osclófar an fhuinneog tairisceana chun conarthaí spota dhá lá a cheantáil, ceanglófar ar an gceantálaí comhthaobhacht a thabhairt trí lamháltais a thabhairt a bheidh le sealbhú in eascró ag an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta ag gníomhú dó mar choimeádaí, go dtí go ndéanfar iad a sheachadadh. Sonrófar méid agus dáta seachadta na lamháltas sin sna táblaí ceantála a chomhfhreagraíonn do na féilirí ceantanna dá dtagraítear in Airteagail 12 nó 13, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

2.   I gcás nach n-úsáidfear aon lamháltas a thugtar mar chomhthaobhacht faoi mhír 1, féadfar iad a choinneáil sa chóras imréitigh nó sa chóras socraíochta, de rogha an Bhallstáit a dhéanfaidh an cheantáil, i gcuntas ainmnithe i gClárlann an Aontais arna choinneáil in eascró ag an gcóras imréitigh nó an córas socraíochta ag gníomhú dó mar choimeádaí, go dtí go ndéanfar iad a sheachadadh.

CAIBIDIL XIV

TÁILLÍ AGUS COSTAIS

Airteagal 42

Struchtúr agus leibhéal rátaí

1.   Struchtúr agus leibhéal na dtáillí chomh maith le haon choinníoll gaolmhar arna chur i bhfeidhm ag aon ardán ceantála agus na córais imréitigh agus na córais socraíochta, beidh siad chomh fabhrach céanna leis na táillí agus na coinníollacha caighdeánacha inchomparáide a chuirtear i bhfeidhm ar an margadh tánaisteach.

Mar sin féin, i gcás ina bhforáiltear dó sna doiciméid soláthair le haghaidh na nósanna imeachta soláthair de bhun Airteagal 26(1) nó Airteagal 29(4), féadfaidh oibreoir an ardáin ceantála na táillí arna n-íoc ag na tairgeoirí rathúla de bhun Airteagal 43(1) den Rialachán seo a mhéadú go huasmhéid 120 % de na táillí caighdeánacha inchomparáide arna n-íoc ag na ceannaitheoirí rathúla lamháltas ar an margadh tánaisteach i gcaitheamh na mblianta ina laghdaítear méideanna ceantála faoi níos mó ná 200 milliún lamháltas de bhun Airteagail 1 agus 1a de Chinneadh (AE) 2015/1814.

2.   Ní fhéadfaidh ardán ceantála agus na córais imréitigh agus na córais socraíochta ach táillí, asbhaintí nó coinníollacha a leagtar amach go sainráite sa chonradh lena gceaptar iad a chur i bhfeidhm.

3.   Na táillí agus na coinníollacha uile arna gcur i bhfeidhm de bhun mhíreanna 1 agus 2, sonrófar go soiléir iad, beidh siad sothuigthe agus beidh siad ar fáil go poiblí. Déanfar iad a mhiondealú chun gach muirear a ghearrfar le haghaidh gach cineáil seirbhíse a léiriú.

Airteagal 43

Costais an phróisis ceantála

1.   Is iad na tairgeoirí a iompróidh costais na seirbhísí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus Airteagal 30 agus íocfar trí tháillí iad.

Mar sin féin, costais na socruithe idir an ceantálaí agus an t-ardán ceantála dá dtagraítear in Airteagal 22(2) lena gceadaítear don cheantálaí lamháltais a cheantáil thar ceann an Bhallstáit ceapacháin, seachas na costais a bhaineann le haon chóras imréitigh nó socraíochta atá nasctha leis an ardán ceantála lena mbaineann, is é an Ballstát ceantála a iompróidh na costais sin.

Déanfar na costais dá dtagraítear sa dara fomhír a asbhaint ó fháltais an cheant is iníoctha leis na ceantálaithe de bhun Airteagal 35(2) agus (3).

2.   Téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe maidir le soláthar comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 26(5), an chéad fhomhír, nó sa chonradh lena gceaptar ardán ceantála de bhun Airteagal 26(1), féadfaidh siad maolú ar mhír 1 den Airteagal seo trí cheangal a chur ar na Ballstáit fógra a bheith tugtha don Choimisiún de bhun Airteagal 29(3) faoina gcinneadh gan a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1), ach úsáid a bhaint as an ardán ceantála coiteann ina dhiaidh sin, chun íoc leis an ardán ceantála lena mbaineann, lena n-áirítear na córais imréitigh nó na córais socraíochta atá nasctha leis, costais na seirbhísí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) atá bainteach leis an méid lamháltas a cheantálann an Ballstát sin ón dáta a chuireann an Ballstát sin tús leis an gceantáil tríd an ardán ceantála coiteann go dtí go dtiocfaidh deireadh le tréimhse cheapacháin an ardáin ceantála sin nó go rachaidh sí in éag.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) laistigh de 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir le soláthar comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 26(5).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina nglacfaidh Ballstát rannpháirt sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) tar éis don tréimhse cheapacháin dá dtagraítear in Airteagal 29(4), an dara fomhír, dul in éag, nó i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát ardán ceantála coiteann chun a sciar de lamháltais a cheantáil in éagmais liostú dá dtagraítear in Airteagal 29(6).

3.   Déanfar na costais arna n-iompar ag na tairgeoirí i gcomhréir le mír 1 a laghdú faoi mhéid na gcostas arna n-iompar ag Ballstát i gcomhréir le mír 2.

CAIBIDIL XV

FAIREACHAS CEANTÁLA, BEARTA FEABHAIS AGUS SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 44

Faireachán a dhéanamh ar cheantanna

1.   Faoi dheireadh gach míosa, tabharfaidh ardán ceantála tuairisc maidir le cur chun feidhme na gceantanna a bhí faoina stiúir i gcaitheamh na míosa roimhe sin, go háirithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)

rochtain chóir agus oscailte;

(b)

trédhearcacht;

(c)

praghasmhúnlú;

(d)

gnéithe teicniúla agus oibríochtúla de chur chun feidhme an chonartha lena gceaptar an t-ardán ceantála lena mbaineann;

(e)

an ghaolmhaireacht idir na próisis cheantála agus an margadh tánaisteach i leith na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);

(f)

aon fhianaise ar iompraíocht fhrithiomaíoch, drochúsáid mhargaidh, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó gníomhaíocht choiriúil ar cuireadh an t-ardán ceantála ar an eolas ina leith le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 27 nó Airteagal 30;

(g)

aon sárú ar an Rialachán seo nó ar Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE ar cuireadh an t-ardán ceantála ar an eolas ina leith le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 27 nó Airteagal 30 den Rialachán seo;

(h)

bearta leantacha ar aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir le pointí (a) go (g).

Ina theannta sin, faoin 31 Eanáir gach bliain, soláthróidh an t-ardán ceantála achoimre agus anailís ar thuarascálacha míosúla na bliana roimhe sin.

2.   Soláthróidh an t-ardán ceantála na tuarascálacha agus an achoimre dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún, dá Bhallstáit cheapacháin, dá údarás náisiúnta inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus do ESMA.

3.   Déanfaidh na húdaráis chonarthacha ábhartha faireachán ar chur chun feidhme na gconarthaí lena gceaptar na hardáin cheantála. Na Ballstáit a cheapfaidh ardán ceantála leithleach, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon mhainneachtain ar an ardán ceantála sin an conradh lena gceaptar é a chomhlíonadh, ar mainneachtain í ar dócha go mbeadh tionchar mór aici ar na próisis cheantála.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE, an Coimisiún, thar ceann na mBallstát atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhpháirteach de bhun Airteagal 26(1) den Rialachán seo, agus na Ballstáit a cheapfaidh ardán ceantála leithleach, foilseoidh siad tuarascálacha achoimre i leith na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (h), den Airteagal seo.

5.   Ceantálaithe, ardáin cheantála, na húdaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht orthu agus ESMA, rachaidh siad i gcomhar leis an gCoimisiún agus eatarthu féin ar bhonn gníomhach agus, arna iarraidh sin dóibh, aon fhaisnéis a bheidh ina seilbh a bhaineann leis na ceantanna agus a mbeidh gá léi le réasún chun faireachán a dhéanamh ar na ceantanna, soláthróidh siad don Choimisiún í.

6.   Na húdaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, na húdaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht ar dhaoine atá údaraithe chun tairiscintí a chur isteach thar ceann daoine eile de bhun Airteagal 18(2) agus ESMA, laistigh dá n-inniúlacht, rachaidh siad i gcomhar leis an gCoimisiún ar bhonn gníomhach nuair a bheidh gá leis sin le réasún chun faireachán a dhéanamh ar na ceantanna.

7.   Le linn dóibh a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi mhíreanna 5 agus 6, déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla breithnithe a bhaineann leis an rúndacht ghairmiúil a mbíonn na húdaráis sin faoina réir faoi dhlí an Aontais a chur san áireamh.

Airteagal 45

Faireachán a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht le tairgeoirí

1.   Déanfaidh ardán ceantála faireachán ar an ngaolmhaireacht le tairgeoirí trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

mionscrúdú a dhéanamh ar thairiscintí arna ndéanamh i gcaitheamh na gaolmhaireachta sin lena áirithiú go mbíonn iompraíocht tairisceana na dtairgeoirí ag teacht le heolas an ardáin ceantála ar an gcustaiméir, a ghnó agus a phróifíl riosca, lena n-áirítear foinse na gcistí i gcás inar gá;

(b)

socruithe agus nósanna imeachta éifeachtacha a choinneáil ar bun chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar chomhlíontacht ag daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh de bhun Airteagal 18(3) agus Airteagal 19 lena rialacha maidir le hiompraíocht sa mhargadh;

(c)

faireachán a dhéanamh ar idirbhearta a dhéanann daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh de bhun Airteagal 18(3) agus Airteagal 19 agus ag daoine atá faoi riteacht pholaitiúil a úsáideann a chórais ar mhaithe le sainaithint na sáruithe ar na rialacha dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo, na gcoinníollacha ceantála éagóracha nó mí-ordúla nó iompar a d’fhéadfadh drochúsáid mhargaidh a agairt.

Le linn dó mionscrúdú a dhéanamh ar thairiscintí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), tabharfaidh an t-ardán ceantála aird ar leith ar aon ghníomhaíocht a measann sé gur dóigh go háirithe go mbaineann sí le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó gníomhaíocht choiriúil, de bharr a cineáil.

2.   Áiritheoidh ardán ceantála go ndéanfar na doiciméid, na sonraí nó an fhaisnéis a bheidh ina seilbh maidir le tairgeoir a choimeád cothrom le dáta. Chun na críche seo, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aon fhaisnéis a iarraidh ar an tairgeoir, de bhun Airteagal 18(3), Airteagal 19(2) agus Airteagal 20(5) agus (7), chun faireachán a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht leis an tairgeoir sin tar éis é a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh sna ceantanna, i gcaitheamh ré na gaolmhaireachta sin agus ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis deireadh a chur lena ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh;

(b)

ceangal a chur ar thairgeoir iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh ag eatraimh thráthrialta a chur isteach an athuair;

(c)

ceangal a chur ar thairgeoir fógra a thabhairt go pras don ardán ceantála lena mbaineann faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun Airteagal 18(3), Airteagal 19(2) agus Airteagal 20(5) agus (7).

3.   Coimeádfaidh ardán ceantála taifid ar an méid seo a leanas:

(a)

an t-iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh arna chur isteach ag iarratasóir de bhun Airteagal 18(3) agus Airteagal 19(2), lena n-áirítear aon leasú air;

(b)

na seiceálacha a dhéantar maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an t-iarratas arna chur isteach ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a phróiseáil, de bhun Airteagail 19, 20 agus 21;

(ii)

mionscrúdú agus faireachán a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht leis an tairgeoir, de bhun phointí (a) agus (c) de mhír 1;

(c)

an fhaisnéis uile a bhaineann le tairiscint ar leith arna cur isteach ag tairgeoir ar leith i gceant, lena n-áirítear aon tarraingt siar nó aon mhodhnú ar an tairiscint sin, de bhun Airteagal 6(3), an dara fomhír, agus Airteagal 6(4);

(d)

an fhaisnéis uile a bhaineann le stiúradh gach ceant ina bhfuil tairiscint curtha isteach ag tairgeoir.

4.   Coimeádfaidh ardán ceantála na taifid dá dtagraítear i mír 3 chomh fada agus a ligtear isteach tairgeoir chun tairiscint a dhéanamh ina cheantanna agus ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis deireadh a chur leis an ngaolmhaireacht leis an tairgeoir sin.

Airteagal 46

Fógra a thabhairt faoi sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó gníomhaíocht choiriúil

1.   Na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 48(1a) de Threoir (AE) 2015/849, déanfaidh siad faireachán ar chomhlíonadh na nithe seo a leanas ag ardán ceantála agus déanfaidh siad na bearta is gá chun an chomhlíontacht sin a áirithiú:

(a)

na bearta díchill chuí maidir le custaiméir dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (e), agus Airteagal 20(8) den Rialachán seo;

(b)

an oibleagáid diúltú ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a dheonú nó aon ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a deonaíodh cheana de bhun Airteagal 21(1) agus (2) den Rialachán seo a chúlghairm nó a chur ar fionraí;

(c)

na ceanglais maidir le faireachán a dhéanamh agus taifid a choimeád a leagtar amach in Airteagal 45 den Rialachán seo;

(d)

na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.

Beidh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 48(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 ag na húdaráis náisiúnta inniúla.

Féadfar ardán ceantála a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo agus ar Airteagal 20(5) agus (8), Airteagal 21(1) agus (2), agus Airteagal 45 den Rialachán seo. Beidh feidhm ag na smachtbhannaí agus na bearta dá dtagraítear in Airteagail 58 go 62 de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis na sáruithe sin.

2.   Rachaidh ardán ceantála, a stiúrthóirí agus a fhostaithe i gcomhar le AFA go hiomlán tríd an ngníomhaíocht seo a leanas a dhéanamh go pras:

(a)

AFA a chur ar an eolas, lena n-áirítear trí thuarascáil a chur faoina bhráid, ar a dtionscnamh féin, i gcás ina mbeidh a fhios acu, ina mbeidh amhras orthu nó ina mbeidh forais réasúnta acu amhras a bheith orthu, gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil atá i gceist le haon chiste i ndáil leis na ceantanna nó go bhfuil baint acu le maoiniú sceimhlitheoireachta, agus trí fhreagairt go pras ar iarrataí ó AFA ar fhaisnéis bhreise sna cásanna sin;

(b)

an fhaisnéis uile is gá a sholáthar go díreach do AFA, arna iarraidh sin dó, chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Déanfar gach idirbheart amhrasach, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta, a thuairisciú.

3.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar aghaidh chuig AFA an Bhallstáit ar ar a chríoch atá an t-ardán ceantála lena mbaineann suite.

4.   An Ballstát ar ar a chríoch atá ardán ceantála arna cheapadh de bhun an Rialacháin seo suite, áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na bearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 37, 38, 39 agus 42, Airteagal 45(1) agus Airteagal 46 de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an ardán ceantála lena mbaineann.

Airteagal 47

Fógra a thabhairt maidir le drochúsáid mhargaidh

1.   Tuairisceoidh ardán ceantála do na húdaráis náisiúnta atá inniúil faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le hamhrais i leith drochúsáid mhargaidh nó iarracht ar dhrochúsáid mhargaidh ag aon duine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh sna ceantanna nó ag aon duine ar thar a cheann atá an duine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh sna ceantanna ag gníomhú.

2.   Tabharfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann fógra don Choimisiún agus do ESMA go bhfuil fógra tugtha aige faoi mhír 1, lena luafar cén beart feabhais atá déanta aige nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun an drochúsáid mhargaidh nó an iarracht ar dhrochúsáid margaidh dá dtagraítear sa mhír sin a chomhrac.

Airteagal 48

Tairiscint uasmhéide agus bearta feabhais eile

1.   Tairiscint uasmhéide, nó aon bheart feabhais eile is gá chun maolú a dhéanamh ar riosca inbhraite iarbhír nó féideartha a bhaineann le drochúsáid mhargaidh, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó gníomhaíocht choiriúil eile, chomh maith le hiompraíocht fhrithiomaíoch, féadfaidh ardán ceantála iad a fhorchur tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus a thuairim uaidh a fháil ina leith, ar choinníoll go maolófaí an riosca atá i gceist go héifeachtach ach an tairiscint uasmhéide nó na bearta feabhais sin a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus a dtuairim uathu a fháil maidir leis an togra arna dhéanamh ag an ardán ceantála lena mbaineann. Tabharfaidh an t-ardán ceantála lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún.

2.   Sloinnfear an tairiscint uasmhéide mar chéatadán den líon iomlán lamháltas arna gceantáil in aon cheant ar leith nó mar chéatadán den líon iomlán lamháltas arna gceantáil in aon bhliain ar leith, cibé acu is iomchuí leis na hardáin cheantála chun dul i ngleic leis an riosca a bhaineann le drochúsáid mhargaidh.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn tairiscint uasmhéide an líon uasta lamháltas a bhféadfaidh aon ghrúpa daoine a liostaítear in Airteagal 18(1) nó (2) tairiscint a dhéanamh ina leith, go díreach nó go hindíreach, agus a bhaineann le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

an grúpa gnóthas céanna lena n-áirítear aon mháthairghnóthas, a fhoghnóthais agus a ghnóthais chleamhnaithe;

(b)

an grúpáil gnó chéanna;

(c)

aonad eacnamaíoch ar leithligh a bhfuil cumhacht neamhspleách aige chun cinntí a dhéanamh i gcás ina bhfuil siad á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag comhlachtaí poiblí nó eintitis faoi úinéireacht an Stáit.

Airteagal 49

Rialacha maidir le hiompraíocht sa mhargadh agus socruithe conarthacha eile

Beidh ardán ceantála i dteideal aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh faoina rialacha maidir le hiompraíocht sa mhargadh agus socruithe conarthacha eile atá i bhfeidhm, go díreach nó go hindíreach, maille le haon tairgeoir a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh sna ceantanna, ar choinníoll nach dtiocfaidh gníomhaíocht den sórt sin salach ar na forálacha a leagtar amach in Airteagail 44 go 48 nó nach ndéanann sé dochar dóibh.

Airteagal 50

Rialacha maidir le hiompraíocht le haghaidh daoine atá údaraithe chun tairiscint a dhéanamh thar ceann daoine eile

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

daoine atá údaraithe chun tairiscint a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2);

(b)

gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointí (b) agus (c).

2.   Cuirfidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 na rialacha iompraíochta seo a leanas i bhfeidhm maidir lena ngaolmhaireacht lena gcliaint:

(a)

glacfaidh siad le treoracha óna gcliaint maidir le téarmaí inchomparáide;

(b)

diúltóidh siad tairiscint a dhéanamh thar ceann cliaint má bhíonn forais réasúnacha acu a bheith in amhras faoi sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh, faoi réir na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 35 agus 39 de Threoir (AE) 2015/849;

(c)

féadfaidh siad diúltú tairiscint a dhéanamh thar ceann cliaint má bhíonn forais réasúnacha acu a bheith in amhras nach bhfuil an cliant in ann íoc as na lamháltais a bhfuil sé ag féachaint le tairiscint a dhéanamh ina leith;

(d)

déanfaidh siad comhaontú i scríbhinn lena gcliaint, nach bhforchuirfear aon choinníoll ná srian éagórach ar an gcliant lena mbaineann leis agus lena ndéanfar foráil maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha uile a bhaineann leis na seirbhísí arna dtairgeadh, lena n-áirítear na lamháltais a íoc agus a sheachadadh;

(e)

féadfaidh siad a cheangal ar a gcliaint éarlais a chur síos mar réamhíocaíocht le haghaidh lamháltas;

(f)

ní fhéadfaidh siad teorainn mhíchuí a chur leis an líon tairiscintí a d’fhéadfadh cliant a chur isteach;

(g)

ní fhéadfaidh siad cosc ná srian a chur ar a gcliaint ar dhul i muinín seirbhísí eintiteas eile atá incháilithe de bhun Airteagal 18(1), pointí (b) go (e), agus Airteagal 18(2) chun tairiscint a dhéanamh thar a gceann sna ceantanna;

(h)

tabharfaidh siad aird chuí ar leasanna a gcliant;

(i)

caithfidh siad le cliaint go cothrom agus gan idirdhealú;

(j)

déanfaidh siad córais agus nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a choinneáil ar bun chun iarrataí ó chliaint a phróiseáil chun gníomhú mar ghníomhaire i gceant agus chun bheith in ann rannpháirt a ghlacadh go héifeachtach i gceant, go háirithe maidir le cur isteach na dtairiscintí thar ceann a gcliant, bailiú na n-íocaíochtaí agus na comhthaobhachta óna gcliaint, agus aistriú na lamháltas chuig a gcliaint;

(k)

cuirfidh siad bac ar nochtadh faisnéise rúnda ón gcuid dá ngnó ar a bhfuil an fhreagracht as tairiscintí a fháil, a ullmhú agus a chur isteach thar ceann a gcliant go dtí an chuid dá ngnó ar a bhfuil an fhreagracht as tairiscintí a ullmhú agus a chur isteach ar a son féin nó go dtí an chuid dá ngnó ar a bhfuil an fhreagracht as déileáil ar a son féin ar an margadh tánaisteach;

(l)

coimeádfaidh siad taifid ar fhaisnéis arna fáil nó arna cruthú ina ról mar idirghabhálaithe a láimhseálann tairiscintí thar ceann a gcliant sna ceantanna, ar feadh 5 bliana ón dáta a fhaightear nó a chruthaítear an fhaisnéis lena mbaineann.

Déanfar méid na héarlaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e) a ríomh ar bhonn cóir réasúnta agus leagfar amach sna comhaontuithe dá dtagraítear i bpointe (d) den fhomhír sin é. Aon chuid den éarlais sin nach n-úsáidfear chun íocaíocht as lamháltais a chomhlíonadh, aisíocfar leis an gcliant í laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an cheant mar a shonraítear sna comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d).

3.   Cuirfidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 na rialacha iompraíochta seo a leanas i bhfeidhm le linn dóibh a bheith ag ceantáil ar a son féin nó thar ceann a gcliant:

(a)

soláthróidh siad aon fhaisnéis arna hiarraidh ag aon ardán ceantála i gcás ina ligfear isteach iad chun tairiscint a dhéanamh;

(b)

gníomhóidh siad le hionracas, cumas réasúnta, cúram agus dícheall.

4.   Na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Treoir (AE) 2015/849 ag na Ballstáit ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, beidh freagracht acu as na daoine sin a údarú chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin a dhéanamh agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha iompraíochta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 agus as iad a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear aon ghearán a dhéantar mar gheall ar neamhchomhlíonadh na rialacha iompraíochta sin a láimhseáil.

5.   Ní dheonóidh na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear i mír 4 údarú ach amháin do na daoine dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh ag na daoine sin:

(a)

beidh dea-cháil leordhóthanach orthu agus beidh taithí leordhóthanach acu chun a áirithiú go n-urramófar na rialacha iompraíochta dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 go cuí;

(b)

beidh na próisis agus na seiceálacha is gá curtha i bhfeidhm acu chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus chun freastal ar leasanna a gcliant;

(c)

beidh ceanglais Threoir (AE) 2015/849 á gcomhlíonadh acu;

(d)

aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach ag féachaint do chineál na seirbhísí tairisceana atáthar a thairiscint agus do leibhéal sofaisticiúlachta na gcliant atá i gceist i dtéarmaí a bpróifíle infheisteora nó trádála chomh maith le haon mheasúnú rioscabhunaithe ar an dóchúlacht go dtarlódh sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó gníomhaíocht choiriúil, beidh na bearta sin á gcomhlíonadh acu.

6.   Údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 údaraithe, déanfaidh siad faireachán ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 5 agus déanfaidh siad iad a fhorfheidhmiú. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

beidh cumhachtaí imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar fáil dá údaráis náisiúnta inniúla;

(b)

bunófar sásra chun gearáin a láimhseáil agus chun údaruithe a tharraingt siar i gcás ina mbeidh na daoine údaraithe ag sárú a n-oibleagáidí de bhun údarú den sórt sin;

(c)

féadfaidh a údaráis náisiúnta inniúla an t-údarú arna dheonú faoi mhír 5 a tharraingt siar i gcás ina ndéanfaidh duine údaraithe na forálacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 a shárú go tromchúiseach agus go córasach.

7.   Féadfaidh cliaint na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 aon ghearán a d’fhéadfadh a bheith acu i dtaca le comhlíonadh na rialacha iompraíochta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 a dhíriú chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 4 i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar síos le haghaidh láimhseáil na ngearán sin.

8.   Ceadófar do na daoine dá dtagraítear i mír 1, gan tuilleadh ceanglais dhlíthiúla ná riaracháin a bheith ann ó na Ballstáit, seirbhísí tairisceana a sholáthar do na cliaint dá dtagraítear in Airteagal 18(3), an chéad fhomhír, pointe (a).

CAIBIDIL XVI

TRÉDHEARCACHT AGUS RÚNDACHT

Airteagal 51

Foilseachán

Foilseofar an méid seo a leanas ar shuíomh gréasáin ceantála a bheidh tiomnaithe agus cothrom le dáta arna choinneáil ar bun ag an ardán ceantála lena mbaineann:

(a)

an reachtaíocht, an treoraíocht, na treoracha, na foirmeacha, na doiciméid agus na fógraí uile atá bainteach leis na ceantanna ar an ardán ceantála, lena n-áirítear an fhéilire ceantála;

(b)

aon fhaisnéis neamhrúnda eile atá bainteach leis na ceantanna ar an ardán ceantála sin, lena n-áirítear an liosta de na daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh sna ceantanna;

(c)

aon chinneadh, lena n-áirítear aon chinneadh de bhun Airteagal 48, chun tairiscint uasmhéide a fhorchur agus aon bheart feabhais eile is gá chun maolú a dhéanamh ar riosca inbhraite iarbhír nó féideartha a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh ar an ardán ceantála;

(d)

liosta d’ainmneacha agus seoltaí gnó, uimhreacha teileafóin gnó, seoltaí ríomhphoist gnó agus suíomhanna gréasáin gnó na ndaoine uile a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh thar ceann daoine eile i gceantanna arna stiúradh ag an ardán ceantála.

Faisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír nach bhfuil ábhartha a thuilleadh, déanfar í a chartlannú. Beidh rochtain ar na cartlanna sin tríd an suíomh gréasáin ceantála dá dtagraítear san fhomhír sin.

Airteagal 52

Torthaí na ceantála a fhógairt agus fógra a thabhairt fúthu

1.   Déanfaidh ardán ceantála torthaí gach ceant a stiúrann sé a fhógairt. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san fhógairt:

(a)

an méid lamháltas arna gceantáil;

(b)

an praghas imréitigh ceantála in euro;

(c)

an méid iomlán tairiscintí arna gcur isteach;

(d)

an líon iomlán tairgeoirí agus an líon tairgeoirí rathúla;

(e)

i gcás ceant a chur ar ceal, na ceantanna a dtabharfar an méid lamháltas anonn chucu;

(f)

an t-ioncam iomlán a tuilleadh ón gceant;

(g)

dáileadh an ioncaim idir na Ballstáit agus na Cistí dá dtagraítear in Airteagal 24, i gcás an ardáin ceantála choitinn.

2.   Déanfaidh an t-ardán ceantála torthaí gach ceant a fhógairt a luaithe agus is indéanta go praiticiúil. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) a fhógairt tráth nach déanaí ná 5 nóiméad tar éis dhúnadh na fuinneoige tairisceana, agus maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) go (g), déanfar í a fhógairt tráth nach déanaí ná 15 nóiméad tar éis dhúnadh na fuinneoige tairisceana.

3.   An tráth céanna agus a fhógraíonn an t-ardán ceantála an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), tabharfaidh sé fógra do gach tairgeoir rathúil faoi na nithe seo a leanas:

(a)

an líon iomlán lamháltas atá le leithdháileadh ar an tairgeoir sin;

(b)

cén ceann dá chuid tairiscintí cóimhéide, más ann dóibh, a roghnaíodh go randamach;

(c)

an íocaíocht a bheidh dlite in euro nó in airgeadra Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, arna roghnú ag an tairgeoir ar choinníoll go mbeidh an córas imréitigh nó an córas socraíochta in ann an t-airgeadra náisiúnta atá i gceist a láimhseáil;

(d)

an dáta faoina mbeidh an íocaíocht dhlite le híoc i gcistí imréitithe isteach i gcuntas bainc ainmnithe an cheantálaí.

4.   I gcás nach mbeidh an t-airgeadra arna roghnú ag an tairgeoir in euro, tabharfaidh ardán ceantála fógra do thairgeoir rathúil faoin ráta malairte, dá dtagraítear in Airteagal 35(4), a d’úsáid sé chun an méid atá dlite a ríomh san airgeadra arna roghnú ag an tairgeoir rathúil.

5.   Cuirfidh ardán ceantála an córas imréitigh agus an córas socraíochta ábhartha atá nasctha leis ar an eolas maidir leis an bhfaisnéis faoina dtabharfar fógra de bhun mhír 3.

Airteagal 53

Faisnéis rúnda a chosaint

1.   Is iad na nithe seo a leanas a bheidh i gceist le faisnéis rúnda:

(a)

ábhar tairisceana;

(b)

ábhar aon treorach chun tairiscint a dhéanamh fiú nuair nach gcuirtear aon tairiscint isteach;

(c)

faisnéis lena nochtar céannacht an tairgeora atá i gceist agus ceachtar de na nithe seo a leanas, nó ar féidir an tátal sin a bhaint uaithi:

(i)

an líon lamháltas is mian le tairgeoir a fháil i gceant;

(ii)

an praghas atá tairgeoir toilteanach a íoc as na lamháltais sin;

(d)

faisnéis maidir le tairiscint amháin nó níos mó nó treoir amháin nó níos mó chun tairiscint a dhéanamh, nó faisnéis a dhíorthaítear as an méid sin, ar dócha go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leo ar leithligh nó i gcomhpháirt:

(i)

tabharfar le fios leo leo maidir leis an éileamh ar lamháltais roimh aon cheant;

(ii)

tabharfar le fios leo maidir leis an bpraghas imréitigh ceantála roimh aon cheant;

(e)

faisnéis arna soláthar ag daoine faoi chuimsiú bhunú nó choinneáil ar bun na gaolmhaireachta le tairgeoirí nó faoi chuimsiú an fhaireacháin ar an ngaolmhaireacht sin de bhun Airteagail 19, 20, 21 agus 45;

(f)

rúin ghnó arna soláthar ag daoine atá rannpháirteach i bpróiseas soláthair iomaíoch chun ardán ceantála a cheapadh;

(g)

faisnéis maidir leis an algartam a úsáidtear chun tairiscintí cóimhéide a roghnú go randamach, dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír;

(h)

faisnéis maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun a shuíomh cad is praghas imréitigh ceantála ann atá go mór faoi bhun phraghas an mhargaidh thánaistigh atá i réim, roimh cheant agus lena linn, dá dtagraítear in Airteagal 7(7).

2.   Aon duine a fuair faisnéis rúnda, ní nochtfaidh sé an fhaisnéis sin, cibé acu go díreach nó go hindíreach, seachas mar a fhoráiltear i mír 3.

3.   Ní chuirfear cosc le mír 2 ar fhaisnéis rúnda a nochtadh, ar faisnéis í lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

cuireadh ar fáil don phobal cheana féin í ar bhonn dleathach;

(b)

cuirtear ar fáil go poiblí í trí thoiliú i scríbhinn ó thairgeoir, ó dhuine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh, nó ó dhuine a dhéanann iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh;

(c)

ceanglaítear í a nochtadh nó a chur ar fáil go poiblí le dlí an Aontais;

(d)

cuirtear ar fáil go poiblí í de bhun ordú cúirte;

(e)

nochtar nó cuirtear ar fáil go poiblí í chun críoch aon imscrúdú nó imeachtaí coiriúla, riaracháin nó breithiúnacha a dhéantar san Aontas;

(f)

déantar í a chomhiomlánú nó a leasú sula nochtar í, ionas nach dócha go bhféadfar faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas a aithint:

(i)

tairiscintí aonair nó treoracha chun tairiscint a dhéanamh;

(ii)

ceantanna aonair;

(iii)

tairgeoirí aonair, tairgeoirí ionchais nó daoine a dhéanann iarratas ar iad a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh;

(iv)

iarratais aonair ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh;

(v)

gaolmhaireachtaí aonair le tairgeoirí;

(g)

tagraítear di i mír 1, pointe (f), ar choinníoll go nochtar í do dhaoine atá ag obair do na Ballstáit nó don Choimisiún atá rannpháirteach sa phróiseas soláthair iomaíoch dá dtagraítear sa phointe sin, atá iad féin faoi cheangal ag oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil faoina dtéarmaí fostaíochta;

(h)

cuirtear ar fáil go poiblí í tar éis tréimhse 30 mí dar tús na dátaí seo a leanas, faoi réir aon oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil atá fós ann faoi dhlí an Aontais:

(i)

i gcás na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), an dáta a osclaítear an fhuinneog tairisceana don cheant ina nochtar an fhaisnéis rúnda den chéad uair;

(ii)

i gcás na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), an dáta a fhoirceanntar an ghaolmhaireacht leis an tairgeoir;

(iii)

i gcás na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, pointe (f), an dáta a chuirtear isteach an fhaisnéis sa phróiseas soláthair iomaíoch.

4.   Leagfar amach sa chonradh lena gceaptar an t-ardán ceantála na bearta is gá chun a áirithiú nach nochtfar faisnéis rúnda go héagórach agus na hiarmhairtí a bhaineann le haon nochtadh éagórach den sórt sin ag ardán ceantála, lena n-áirítear aon duine ar conradh chun obair a dhéanamh dó.

5.   Faisnéis rúnda arna fáil ag ardán ceantála, lena n-áirítear aon duine ar conradh chun obair a dhéanamh dó, ní úsáidfear í ach amháin chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh nó chun a chuid cúraimí a fheidhmiú i dtaca leis na ceantanna.

6.   Ní chuirfear cosc le míreanna 1 go 5 ar mhalartú faisnéise rúnda idir ardán ceantála agus aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

na húdaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht ar ardán ceantála;

(b)

na húdaráis náisiúnta inniúla ar a bhfuil freagracht as sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíocht choiriúil nó drochúsáid mhargaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

(c)

an Coimisiún.

Ní nochtfar faisnéis rúnda arna malartú faoin mír seo do dhaoine eile seachas dóibh siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c).

7.   Aon duine a oibríonn nó a d’oibrigh d’ardán ceantála atá rannpháirteach sna ceantanna, beidh sé faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla agus áiritheoidh sé go gcosnófar faisnéis rúnda de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 54

Teangacha údaraithe

1.   Faisnéis i scríbhinn arna soláthar ag ardán ceantála de bhun Airteagal 51(1) nó faoin gconradh lena gceaptar é, nach bhfoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, beidh sí i dteanga is gnách i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh aon Bhallstát, ar a chostas féin, foráil a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a aistriú go teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit sin.

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil, ar a chostas féin, maidir leis an bhfaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 arna soláthar ag an ardán ceantála coiteann a aistriú, aon Bhallstát a cheap ardán ceantála leithleach, déanfaidh sé foráil freisin, ar a chostas féin, maidir leis an bhfaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 arna soláthar ag an ardán ceantála leithleach sin a aistriú sna teangacha céanna.

3.   Iarratasóirí ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh agus daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a chur isteach sa teanga dá dtagraítear i mír 4, ar choinníoll go mbeidh cinneadh déanta ag Ballstát foráil a dhéanamh maidir le haistriúchán sa teanga sin i gcomhréir le mír 2:

a

n-iarratais ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh, lena n-áirítear aon doiciméad tacaíochta;

b

dtairiscintí, lena n-áirítear aon tarraingt siar nó aon mhodhnú orthu;

c

aon cheist a bhaineann le pointe (a) nó pointe (b).

Féadfaidh ardán ceantála a iarraidh go ndéanfar aistriúchán deimhnithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír go teanga is gnách i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

4.   Iarratasóirí ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh, daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh agus tairgeoirí a bheidh rannpháirteach i gceant, roghnóidh siad aon teanga oifigiúil den Aontas ina bhfaighidh siad na fógraí uile a thabharfar de bhun Airteagal 8(3), Airteagal 20(8), Airteagal 21(4) agus Airteagal 52(3).

I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag Ballstát foráil a dhéanamh maidir le haistriúchán i gcomhréir le mír 2 sa teanga dá dtagraítear sa chéad fhomhír, maidir leis an gcumarsáid eile uile ó bhéal nó i scríbhinn ó ardán ceantála chuig iarratasóirí ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh, daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh nó tairgeoirí a bheidh rannpháirteach i gceant, déanfar sa teanga sin freisin í gan aon chostas breise do na hiarratasóirí, na daoine agus na tairgeoirí i gceist.

Mar sin féin, fiú i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag Ballstát foráil a dhéanamh maidir le haistriúchán sa teanga dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le mír 2, an t-iarratasóir ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh, an duine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh nó an tairgeoir a bheidh rannpháirteach i gceant, féadfaidh siad a gceart faoin dara fomhír den mhír seo a tharscaoileadh trí thoiliú i scríbhinn a thabhairt roimh ré don ardán ceantála lena mbaineann gan ach teanga is gnách i réimse an airgeadais idirnáisiúnta agus an teanga sin amháin a úsáid don chumarsáid dá dtagraítear san fhomhír sin.

5.   Beidh na Ballstáit freagrach as cruinneas aon aistriúcháin a dhéantar de bhun mhír 2.

Daoine a chuirfidh aistriúchán isteach ar dhoiciméad dá dtagraítear i mír 3 agus aon ardán ceantála a thabharfaidh fógra faoi dhoiciméad arna aistriú faoi mhír 4, áiritheoidh siad gur aistriúchán cruinn ar an doiciméad bunaidh é.

CAIBIDIL XVII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 55

Ceart achomhairc

1.   Áiritheoidh ardán ceantála go mbeidh sásra lasmuigh den chúirt i bhfeidhm aige chun déileáil le gearáin ó na daoine seo a leanas:

(a)

iarratasóirí ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh, go háirithe daoine ar diúltaíodh dá n-iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh;

(b)

daoine a ndearnadh a n-iarratas ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh a chúlghairm nó a chur ar fionraí;

(c)

daoine a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh;

2.   Na Ballstáit ina ndéantar maoirsiú ar mhargadh rialáilte arna cheapadh mar ardán ceantála coiteann nó mar ardán ceantála leithleach, nó ina ndéantar maoirsiú ar a oibreoir margaidh, áiritheoidh siad go mbeidh aon chinneadh a dhéanfar tríd an sásra lasmuigh den chúirt dá dtagraítear i mír 1 réasúnaithe i gceart agus go mbeidh na cinntí sin faoi réir an chirt chun iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna dá dtagraítear in Airteagal 74(1) de Threoir 2014/65/AE. Beidh an ceart sin gan dochar d’aon cheart achomhairc go díreach chuig na cúirteanna nó chuig na comhlachtaí riaracháin inniúla dá bhforáiltear sna bearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 74(2) de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 56

Ceartú earráide

1.   Aon earráid in aistriú na híocaíochta nó na lamháltas nó in aon chomhthaobhacht nó éarlais a thugtar nó a scaoiltear faoin Rialachán seo, tabharfar fógra fúthu don chóras imréitigh nó don chóras socraíochta a luaithe a thabharfaidh aon duine dá aire iad.

2.   Déanfaidh an córas imréitigh nó an córas socraíochta na bearta uile is gá chun aon earráid dá dtagraítear i mír 1 faoina dtugtar fógra dó nó a thugann sé dá aire ar aon bhealach eile a cheartú.

3.   Aon duine a bhaineann leas as earráid dá dtagraítear i mír 1, ar earráid í nach féidir a cheartú faoi mhír 2 i ngeall ar na cearta idirghabhála atá ag ceannaitheoir tríú páirtí de mheon macánta, agus a raibh a fhios aige nó ar cheart dó a fhios a bheith aige faoin earráid sin ach nár thug fógra fúithi don chóras imréitigh nó don chóras socraíochta, beidh sé faoi dhliteanas aon damáiste a dhéantar a chur ina cheart.

Airteagal 57

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1)

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010, maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal, (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(6)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).

(8)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).

(9)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a oibriú le haghaidh córas trádála astaíochtaí an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1)

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1)

(11)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(14)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(16)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(19)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45)

(20)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (fógartha faoi dhoiciméad C(2003) 1422) (2003/361/CE) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(21)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(22)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(23)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht (IO L 140, 28.5.2019, lch. 6).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1)

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun idirbhearta a thuairisciú d’údaráis inniúla. (IO L 87, 31.3.2017, lch. 449).


IARSCRÍBHINN I

Eilimintí atá le háireamh in iarratas ar chead tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 20(3)

1.   

Cruthúnas incháilitheachta de bhun Airteagal 18(1) nó (2).

2.   

Ainm, seoladh, ríomhphost agus uimhir theileafóin an iarratasóra.

3.   

Aitheantóir cuntais chuntas ainmnithe an iarratasóra i gClárlann an Aontais.

4.   

Mionsonraí iomlána chuntas bainc ainmnithe an iarratasóra.

5.   

Ainm, seoladh agus uimhir theileafóin, chomh maith le seoladh ríomhphoist ionadaí amháin nó níos mó an tairgeora dá dtagraítear in Airteagal 6(3), an dara fomhír.

6.   

I gcás daoine dlítheanacha, cruthúnas ar an méid seo a leanas:

a

n-ionchorprú agus na nithe seo a leanas á sonrú:

(i)

foirm dhlíthiúil an iarratasóra;

(ii)

an dlí faoina bhfuil an t-iarratasóir á rialú;

(iii)

cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratasóir ina chuideachta arna liostú ar stocmhalartán aitheanta amháin nó níos mó;

(b)

uimhir chláraithe an iarratasóra sa chlár ábhartha ina bhfuil an t-iarratasóir cláraithe nó an meabhrán, na reachtanna nó doiciméad eile lena ndeimhnítear a ionchorprú.

7.   

I gcás daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla, cibé faisnéis is gá chun an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint agus struchtúr úinéireachta agus rialaithe an duine dhlítheanaigh nó an tsocraithe dhlíthiúil sin a thuiscint.

8.   

I gcás daoine nádúrtha, cruthúnas ar a gcéannacht, trí bhíthin cárta aitheantais, ceadúnas tiomána, pas nó doiciméad comhchosúil eile arna eisiúint go hoifigiúil ina bhfuil ainm iomlán, grianghraf, dáta breithe agus seoladh cónaithe buan san Aontas an iarratasóra lena mbaineann, agus doiciméid chomhthacaithe iomchuí eile ann mar thacú leis sin i gcás inar gá.

9.   

Faisnéis a bhfuil gá léi chun na bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (e) a dhéanamh.

10.   

Tuarascáil bhliantúil agus cuntais an iarratasóra ar a ndearnadh an t-iniúchadh is déanaí, lena n-áirítear an ráiteas ioncaim agus an clár comhardaithe nó, in éagmais na tuarascála agus na gcuntas sin, tuairisceán CBL, nó cibé faisnéis bhreise is gá chun sócmhainneacht agus acmhainneacht creidmheasa an iarratasóra a léiriú.

11.   

An uimhir aitheantais CBL, más ann di, nó, i gcás nach bhfuil an t-iarratasóir cláraithe le haghaidh CBL, aon mhodh eile chun go bhféadfaidh údaráis chánach an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe nó údaráis chánach an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir chun críoch cánach an t-iarratasóir a shainaithint, nó cibé faisnéis bhreise is gá chun stádas fioscach an iarratasóra laistigh den Aontas a léiriú.

12.   

Ráiteas go gcomhlíonann an t-iarratasóir, chomh fada agus is eol dó, ceanglais Airteagal 19(2), pointe (f).

13.   

Cruthúnas ar chomhlíonadh cheanglais Airteagal 19(2), pointe (g).

14.   

Cruthúnas ar chomhlíonadh cheanglais Airteagal 18(3).

15.   

Ráiteas go bhfuil an acmhainneacht agus an t-údarás dlíthiúil is gá ag an iarratasóir chun tairiscint a dhéanamh ar a chuntas féin nó thar ceann daoine eile i gceant.

16.   

Ráiteas nach bhfuil aon bhac dlíthiúil, rialála, conarthach ná aon bhac eile ann, chomh fada agus is eol don iarratasóir, a chuirfeadh cosc air a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

17.   

Ráiteas maidir le cibé acu atá sé beartaithe ag an iarratasóir íoc in euro nó in airgeadra Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, maille le léiriú ar an airgeadra a roghnaítear.


IARSCRÍBHINN II

Teimpléad maidir le fógra a thabhairt faoi chur ar ceal deonach ag Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 25(1)

 

Fógra de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE

1.

An Ballstát agus an t-údarás poiblí a chuireann an fógra isteach:

2.

Dáta an fhógra:

3.

An tsuiteáil dhúnta giniúna leictreachais (‘an tsuiteáil’) ar chríoch an Bhallstáit a shainaithint i gcomhréir leis na sonraí arna dtaifeadadh i gClárlann an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

Ainm na suiteála:

(b)

Aitheantóir na suiteála ó Chlárlann an Aontais:

(c)

Ainm oibreoir na suiteála:

4.

Dáta dhúnadh na suiteála go hiomlán/go pointe áirithe agus chúlghairm/mhodhnú an cheada astaíochtaí gás ceaptha teasa:

5.

Tuairisc agus tagairt na mbeart náisiúnta breise lenar spreagadh dúnadh na suiteála go hiomlán/go pointe áirithe:

6.

Tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe na suiteála le haghaidh na 5 bliana roimh bhliain an dúnta go hiomlán/go pointe áirithe:

7.

An t-uasmhéid iomlán lamháltas a bheidh le cealú:

8.

An tréimhse a mbeidh na lamháltais le cealú lena linn:

9.

Tuairisc ar an modheolaíocht a úsáidfear chun méid cruinn na lamháltas a bheidh le cealú a chinneadh le haghaidh na tréimhse iomláine ina ndéantar an cealú:


IARSCRÍBHINN III

Liosta de na hardáin cheantála scar-rogha dá dtagraítear in Airteagal 29(6)

Ardáin cheantála arna gceapadh ag an nGearmáin

Ardán ceantála

European Energy Exchange AG (EEX)

Bunús Dlí

Airteagal 29(1)

Tréimhse an cheapacháin

Ón 5 Eanáir 2024 ar a dhéanaí ar feadh uastréimhse 5 bliana go dtí an 4 Eanáir 2029, gan dochar d’Airteagal 29(4), an dara fomhír.

Coinníollacha

Ní bheidh cead isteach chuig na ceantanna ag brath ar bhallraíocht ná rannpháirtíocht sa mhargadh tánaisteach arna eagrú ag EEX nó in aon ionad trádála eile arna oibriú ag EEX nó aon tríú páirtí.

Oibleagáidí

1.

Laistigh de 2 mhí ón 5 Eanáir 2024, cuirfidh EEX a straitéis scoir faoi bhráid na Gearmáine. Beidh an straitéis scoir gan dochar d’oibleagáidí EEX a leagtar síos sa chonradh leis an gCoimisiún agus na Ballstáit arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 26 agus do chearta an Choimisiúin agus na mBallstát sin faoin gconradh sin.

2.

Tabharfaidh an Ghearmáin fógra don Choimisiún faoi aon athrú substainteach ar an gcaidreamh conarthach ábhartha le EEX faoinar tugadh fógra don Choimisiún an 16 Feabhra 2023.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

An Rialachán seo

Rialachán (AE) 1031/2010

Airteagal 1 go dtí Airteagal 2

 

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(9)

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(10)

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(11)

Airteagal 3(9)

Airteagal 3(12)

Airteagal 3(10)

Airteagal 3(13)

Airteagal 3(11)

Airteagal 3(14)

Airteagal 3(12)

Airteagal 3(15)

Airteagal 3(13)

Airteagal 3(16)

Airteagal 3(14)

Airteagal 3(17)

Airteagal 3(15)

Airteagal 3(18)

Airteagal 3(16)

Airteagal 3(19)

Airteagal 3(17) go dtí Airteagal 3(27)

 

Airteagal 3(28)

Airteagal 3(29)

Airteagal 3(29)

Airteagal 3(28)

Airteagal 3(30)

Airteagal 3(28a)

Airteagal 3(31)

Airteagal 3(30)

Airteagal 3(32)

Airteagal 3(31)

Airteagal 3(33)

Airteagal 3(32)

Airteagal 3(34)

Airteagal 3(33)

Airteagal 3(35)

Airteagal 3(34)

Airteagal 3(36)

Airteagal 3(35)

Airteagal 3(37)

Airteagal 3(36)

Airteagal 3(38)

Airteagal 3(37)

Airteagal 3(39)

Airteagal 3(38)

Airteagal 3(40)

Airteagal 3(39)

Airteagal 3(41)

Airteagal 3(40)

Airteagal 3(42)

Airteagal 3(41)

Airteagal 3(43) go dtí Airteagal 3(44)

 

Airteagal 4 go dtí Airteagal 5

 

Airteagal 6(1) go dtí Airteagal 6(2)

 

Airteagal 6(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), an tríú fomhír

Airteagal 6(3), an tríú fomhír

Airteagal 6(3), an ceathrú fomhír

Airteagal 6(4) go dtí Airteagal 6(5)

 

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 7(2), an chéad fhomhír

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2), an dara fomhír

Airteagal 7(3) go dtí Airteagal 7(8)

 

Airteagal 7(9)

Airteagal 7(8), an chéad fhomhír

Airteagal 7(10), an chéad fhomhír

Airteagal 7(8), an dara fomhír

Airteagal 7(10), an dara fomhír

Airteagal 7(8), an dara fomhír

Airteagal 7(10), an tríú fomhír

 

Airteagal 8(1) go dtí Airteagal 8(2)

 

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír

 

Airteagal 8(3), an dara fomhír

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír

Airteagal 8(3), an tríú fomhír

 

Airteagal 8(3), an ceathrú fomhír

Airteagal 8(4), an dara fomhír

Airteagal 8(3), an cúigiú fomhír

Airteagal 8(4), an dara fomhír

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír

Airteagal 8(5), an chéad agus an dara fomhír

Airteagal 8(4), an dara fomhír

 

Airteagal 8(4), an tríú fomhír

Airteagal 8(5), an tríú fomhír

Airteagal 9 go dtí Airteagal 10

 

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagail 11 agus 13

Airteagal 13 go dtí Airteagal 15

 

Airteagal 16(1)

 

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(1a)

Airteagal 16(3)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(4)

Airteagal 16(3)

Airteagal 17

 

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír

Airteagal 18(1)

Airteagal 18(1), an dara fomhír

 

Airteagal 18(2)

 

Airteagal 18(3)

Airteagal 18(4) agus Airteagal 19(3)

Airteagal 18(4)

Airteagal 18(5)

Airteagal 19

 

Airteagal 20(1) go dtí Airteagal 20(5)

 

Airteagal 20(6)

Airteagal 20(7)

Airteagal 20(7)

Airteagal 20(8)

Airteagal 20(8)

Airteagal 20(9)

Airteagal 20(9)

Airteagal 20(10)

Airteagal 21

 

Airteagal 22(1) go dtí Airteagal 22(2)

 

Airteagal 22(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 22(4)

Airteagal 22(5)

Airteagal 22(5)

Airteagal 22(7)

Airteagal 23

 

Airteagal 24(1)

 

Airteagal 24(2)

Airteagal 24(1)

Airteagal 24(3)

 

Airteagal 24(4)

Airteagal 24(2)

Airteagal 25(1) go dtí Airteagal 25(2)

 

Airteagal 25(3)

Airteagal 25(2)

Airteagal 25(4)

Airteagal 25(3)

Airteagal 26(1)

 

Airteagal 26(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 26(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 26(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 26(5)

Airteagal 26(6)

Airteagal 27

 

Airteagal 28, pointe (a) go pointe (b)

 

Airteagal 28, pointe (c)

Airteagal 29, pointe (d)

Airteagal 28, pointe (d)

Airteagal 29, pointe (f)

Airteagal 28, pointe (e)

Airteagal 29, pointe (g)

Airteagal 29(1)

 

Airteagal 29(2)

Airteagal 30(3)

Airteagal 29(3)

Airteagal 30(4)

Airteagal 29(4)

Airteagal 30(5)

Airteagal 29(5)

Airteagal 30(6)

Airteagal 29(6)

Airteagal 30(7)

Airteagal 29(7)

Airteagal 30(8)

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 31(1)

Airteagal 32(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 32(2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 32(4)

Airteagal 31(4)

Airteagal 32(5)

Airteagal 32

Airteagal 34

Airteagal 33

Airteagal 35

Airteagal 34(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 36(2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 36(4)

Airteagal 34(4), an chéad fhomhír

Airteagal 36(5), an chéad fhomhír

Airteagal 34(4), an dara fomhír

Airteagal 36(3)

Airteagal 34(4), an tríú fomhír

Airteagal 36(5), an dara fomhír

Airteagal 35(1)

Airteagal 44(1)

Airteagal 35(2)

Airteagal 44(2)

Airteagal 35(3)

Airteagal 44(3), an chéad fhomhír

Airteagal 35(4)

Airteagal 44(3), an dara fomhír

Airteagal 36

Airteagal 45

Airteagal 37

Airteagal 46

Airteagal 38

Airteagal 47

Airteagal 39

Airteagal 48

Airteagal 40

Airteagal 49

Airteagal 41(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 41(2)

Airteagal 50(3)

Airteagal 42

Airteagal 51

Airteagal 43(1)

Airteagal 52(1)

Airteagal 43(2), an chéad mhír go dtí an tríú mír

Airteagal 52(2), an chéad fhomhír go dtí an tríú fomhír

Airteagal 43(3)

Airteagal 52(2), an ceathrú fomhír

Airteagal 44

Airteagal 53

Airteagal 45

Airteagal 54

Airteagal 46

Airteagal 55

Airteagal 47

Airteagal 56

Airteagal 48

Airteagal 57

Airteagal 49

Airteagal 58

Airteagal 50(1)

Airteagal 59(1)

Airteagal 50(2)

Airteagal 59(2)

Airteagal 50(3)

Airteagal 59(3)

Airteagal 50(4)

Airteagal 59(4)

Airteagal 50(5), an chéad fhomhír

Airteagal 59(5)

Airteagal 50(5), an dara fomhír

Airteagal 59(6), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 50(6), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 59(6), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 50(7)

Airteagal 59(7)

Airteagal 50(8)

Airteagal 59(8)

Airteagal 51

Airteagal 60

Airteagal 52

Airteagal 61

Airteagal 53(1), pointe (a) go pointe (e)

 

Airteagal 53(1), pointe (f)

Airteagal 62(1), pointe (g)

Airteagal 53(1), pointe (g)

Airteagal 62(1), pointe (h)

Airteagal 53(1), pointe (h)

Airteagal 62(1), pointe (i)

Airteagal 53(2)

Airteagal 62(2)

Airteagal 53(3), pointe (a) go pointe (e)

 

Airteagal 53(3), pointe (f)

Airteagal 62(3), pointe (g)

Airteagal 53(3), pointe (g)

Airteagal 62(3), pointe (i)

Airteagal 53(3), an chéad fhleasc agus an dara fleasc de phointe (h)

Airteagal 62(3), an chéad fhleasc agus an dara fleasc de phointe (j)

Airteagal 53(3), an tríú fleasc de phointe (h)

Airteagal 62(3), an ceathrú fleasc de phointe (j)

Airteagal 53(4)

Airteagal 62(4)

Airteagal 53(5)

Airteagal 62(5)

Airteagal 53(6)

Airteagal 62(6)

Airteagal 53(7)

Airteagal 62(7)

Airteagal 54

Airteagal 63

Airteagal 55

Airteagal 64

Airteagal 56

Airteagal 65

Airteagal 57

 

Airteagal 58

Airteagal 66

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

 

Iarscríbhinn IV

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2830/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)