European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2829

20.12.2023

MOLADH (AE) 2023/2829 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Nollaig 2023

maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus feabhas a chur ar an ngné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Luaitear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(2)

Ba cheart an daonlathas a chosaint agus a chothú. Cé go mbraitheann cobhsaíocht, slándáil agus rathúnas san Aontas ar phrionsabail, luachanna agus institiúidí daonlathacha a chaomhnú go daingean, mar gheall ar ghéarchéimeanna, lena n-áirítear paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá roinnt dúshlán níos géire roimh luachanna daonlathacha agus institiúidí, lena n-áirítear polarú, tionchar ceilte agus cur isteach eile, amhail ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, lena n-áirítear bréagaisnéis.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 10(1) CAE go mbeidh feidhmiú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch. Luaitear in Airteagal 10(2) CAE go ndéantar ionadaíocht dhíreach do na saoránaigh ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa. Foráiltear le hAirteagal 10(3) CAE go mbeidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais agus go nglacfar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach.

(4)

Tá freagrachtaí forleathana ar leith ar na Ballstáit chun rannpháirtíocht dhaonlathach leathan agus chuimsitheach a chothú agus chun saorthoghcháin chóra athléimneacha a chur chun cinn san Aontas.

(5)

Tá ról lárnach ag páirtithe polaitiúla i ndaonlathais na hEorpa maidir le feasacht pholaitiúil a fhoirmiú, iarrthóirí polaitiúla a chur chun cinn, rannpháirtíocht vótálaithe a spreagadh, agus toil na saoránach a chur in iúl. Le hAirteagal 10(4) CAE agus le hAirteagal 12(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tugtar ról lárnach do pháirtithe polaitiúla Eorpacha. Déantar reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a rialáil ar an leibhéal Eorpach.

(6)

Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an gcomhar idir na Ballstáit chun saorthoghcháin chóra athléimneacha a chur chun cinn san Aontas. Mar thoradh ar na bearta a glacadh roimh thoghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, i measc nithe eile, bunaíodh creat comhair ar a dtugtar an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin, i gcomhréir le Moladh C(2018) 5949 (1)ón gCoimisiún. Cothaíonn an Líonra seo comhar, foghlaim fhrithpháirteach agus comhroinnt dea-chleachtas idir na húdaráis atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar rialacha atá ábhartha don chomhthéacs toghchánach agus iad a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear údaráis thoghchánacha.

(7)

I Moladh C(2018) 5949, mhol an Coimisiún freisin do na Ballstáit bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le slándáil na líonraí agus na gcóras faisnéise a úsáidtear chun toghcháin a eagrú.

(8)

Leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (2), saothraítear an cuspóir saoránaigh a chumhachtú agus athléimneacht dhaonlathach a mhéadú ar fud an Aontais trí shaorthoghcháin chóra a chur chun cinn san Aontas, trí shaoirse na meán a neartú agus trí chur i gcoinne na bréagaisnéise. I mí na Samhna 2021 chuir an Coimisiún pacáiste beart i láthair a bhfuil sé d’aidhm ag na bearta sin sláine na dtoghchán agus díospóireacht dhaonlathach oscailte a threisiú, lena n-áirítear togra maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (3), togra maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha (4) agus tograí maidir le cearta vótála saoránach soghluaiste den Aontas (5).

(9)

Ba cheart athléimneacht na bpróiseas toghchánach san Aontas a neartú, i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha a chumhdaítear i gcaighdeáin an Aontais agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta.

(10)

Tá cobhsaíocht an dlí thoghchánaigh ríthábhachtach do shláine agus do chreidiúnacht na bpróiseas toghchánach. Agus athruithe á ndéanamh ar rialacha go minic nó díreach roimh thoghcháin, d’fhéadfaí mearbhall a bheith ar vótálaithe agus ar oifigigh toghcháin araon agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí na rialacha sin a shaobhadh nó a chur chun feidhme go mícheart. D’fhéadfaí breathnú air sin freisin mar uirlis a bhfuil sé mar d’aidhm aici tionchar a imirt ar na torthaí i bhfabhar na sealbhóirí oifige. I gcomhréir le treoirlíne II.2.b den Chód Dea-Chleachtais maidir le hábhair thoghcháin (6) arna nglacadh ag Coimisiún Chomhairle na hEorpa um Dhaonlathas tríd an Dlí (‘Coimisiún na Veinéise’), níor cheart gnéithe bunúsacha an dlí thoghchánaigh náisiúnta a bheith faoi réir leasaithe ar feadh tréimhse níos lú ná bliain amháin roimh thoghchán. Áirítear ar na gnéithe bunúsacha sin, go háirithe, na rialacha a bhaineann le vótaí a athrú go suíocháin, ballraíocht i gcoimisiúin thoghchánacha nó i gcomhlachtaí eile a eagraíonn an bhallóid, agus teorainneacha toghlaigh a tharraingt agus suíocháin a dháileadh idir na toghlaigh. Cé nár cheart prionsabal chobhsaíocht an dlí thoghchánaigh a agairt chun staid atá contrártha do chaighdeáin idirnáisiúnta toghchánacha a choinneáil ar bun, níor cheart a thuiscint le haon ní sa Mholadh seo go n-iarrtar ar na Ballstáit aon bheart a dhéanamh atá contrártha do threoirlíne II.2.b den Chód Dea-Chleachtais maidir le hábhair toghcháin.

(11)

Chun tacú leis an líon ard daoine a chaitheann vóta agus chun tacú le rannpháirtíocht leathan na saoránach sa phróiseas daonlathach, ba cheart do na Ballstáit uirlisí clárúcháin atá inrochtana agus so-úsáidte a thairiscint d’iarrthóirí agus do vótálaithe, agus riachtanais grúpaí éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear saoránaigh atá ina gcónaí ar an gcoigríoch. Ba cheart níos mó solúbthachta a chur ar fáil in amanna le haghaidh na nósanna imeachta clárúcháin a úsáidtear i dtoghcháin nó deiseanna feabhsaithe chun vótálaithe agus iarrthóirí a chlárú, lena n-áirítear rochtain ar shocruithe sonracha vótála a cheadú, trí mheán leictreonach, agus aird chuí á tabhairt ar Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh bacainní a bheith roimh ghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear daoine scothaosta, agus rochtain á fáil acu ar an idirlíon agus ar theicneolaíochtaí digiteacha nó go bhféadfadh easpa scileanna a bheith acu chun iad a úsáid go héifeachtach.

(12)

Chun feidhmiú éifeachtach na gceart toghchánach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar do shaoránaigh an Aontais maidir le rialacha bunúsacha agus socruithe praiticiúla a bhaineann le feidhmiú a gceart toghchánach ina dtír féin. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar go réamhghníomhach, ar bhealach cuimsitheach, soiléir agus simplí. Ba cheart níos mó ná cainéal faisnéise amháin a úsáid, agus ba cheart an leibhéal áitiúil a bheith i gceist leis. D’fhéadfadh na Ballstáit brath ar uirlisí cumarsáide nua-aimseartha, i bhformáidí éagsúla agus i níos mó ná teanga amháin, amhail físeáin mhíniúcháin ghearra lena soláthraítear faisnéis phraiticiúil i dteanga shoiléir shimplí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(13)

Léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil spéis ag na Ballstáit modhanna vótála comhlántacha a thabhairt isteach chun tacú leis an ráta vótála, amhail réamhvótáil, vótáil shoghluaiste, vótáil poist agus vótáil leictreonach (‘ríomhvótáil’). Mar sin féin, agus modhanna vótála comhlántacha den sórt sin á gcur ar fáil, tá gá le coimircí chun saorthoghcháin chóra athléimneacha a áirithiú agus caighdeáin dhaonlathacha agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh modhanna vótála traidisiúnta fós ar fáil. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nuair is é atá i gceist le modhanna vótála den sórt sin sonraí pearsanta a phróiseáil (9). Sa choimre maidir le ríomhvótáil agus cleachtais TFC eile (10), coimre a d’fhoilsigh an Coimisiún mar chuid de Phacáiste Saoránachta 2023, soláthraítear faisnéis thábhachtach maidir leis na creataí dlíthiúla is infheidhme, córais bogearraí agus teicneolaíochtaí, modheolaíochtaí tástála, sreabhadh feidhmiúil agus oibríochtúil, gnéithe inrochtaineachta, agus bagairtí agus leochaileachtaí agus bearta maolaithe.

(14)

Chun tacú le hurraim do chearta toghchánacha na saoránach, ba cheart do na Ballstáit, agus modhanna vótála comhlántacha á gcur chun feidhme acu, a áirithiú go gcuirtear saoránaigh ar an eolas go cuí agus go bhfaigheann siad an tacaíocht is gá chun úsáid a bhaint astu. Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfear oiliúint iomchuí ar oifigigh toghcháin.

(15)

In 2018, d’eisigh an Coimisiún treoir maidir le rialacha cosanta sonraí an Aontais a chur i bhfeidhm sa chomhthéacs toghchánach, treoir inar leagadh béim ar oibleagáidí cosanta sonraí na ngníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le próisis toghcháin amhail údaráis thoghchánacha náisiúnta, páirtithe polaitiúla, bróicéirí agus anailísithe sonraí, ardáin meán sóisialta agus líonraí fógraíochta ar líne. Thug an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí aghaidh freisin ar shaincheist na cosanta sonraí sa chomhthéacs toghchánach (11). Ba cheart do na gníomhaithe uile an treoir sin a chur san áireamh, de réir mar is ábhartha, roimh thoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis na dtoghchán sin.

(16)

Níor cheart uirlisí faireachais agus bogearraí spiaireachta a úsáid chun cur isteach ar an díospóireacht dhaonlathach, go háirithe trí dhíriú ar ghníomhaithe polaitiúla agus ar iriseoirí. Is féidir gur ceist slándála náisiúnta atá ann i gcás earraí spiaireachta a úsáid faoi choinníollacha áirithe ach ní féidir údar a thabhairt riamh gur ábhar slándála náisiúnta atá ann i gcás earraí spiaireachta a úsáid chun buntáiste polaitiúil bhaint amach. Ba cheart an tslándáil náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais a chaomhnú.

(17)

Is gá tacú le rannpháirtíocht gach grúpa saoránach i dtoghcháin, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí, agus a riachtanais shonracha agus na dúshláin atá rompu á gcur san áireamh. Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le toghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa (12), cuireadh i dtábhacht, i measc nithe eile, go bhfuil dul chun cinn fós le déanamh maidir le cuimsitheacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach daoine óga, ban, saoránach soghluaiste den Aontas, agus daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin. Cuireadh i dtábhacht freisin sa tuarascáil, maidir le toghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, cé gur cuid shuntasach de na toghthóirí iad, go raibh grúpaí sonracha fós faoi ghannionadaíocht i measc Feisirí tofa de Pharlaimint na hEorpa, amhail daoine faoi mhíchumas.

(18)

Is féidir leis na Ballstáit agus le páirtithe polaitiúla tacú le cuimsitheacht na dtoghchán agus rannpháirtíocht na ngrúpaí uile trí bheartais agus bearta sonracha, lena gcuirtear san áireamh a riachtanais agus na dúshláin atá rompu. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh siad an cúlra déimeagrafach agus an suíomh geografach a chur san áireamh. Trí shonraí a bhailiú maidir le rannpháirtíocht grúpaí sonracha, agus cearta bunúsacha agus ceanglais cosanta sonraí á gcomhlíonadh go hiomlán, d’fhéadfaí tacú le dúshláin a shainaithint agus le beartais a cheapadh chun aghaidh a thabhairt orthu. D’fhéadfadh na Ballstáit, mar shampla, feachtais faisnéise spriocdhírithe a sheoladh ina gcuirfí riachtanais grúpaí sonracha san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit tacú freisin, i gcomhréir lena rialacha toghchánacha, le rannpháirtíocht saoránach den Aontais i dtoghcháin, ar saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha.

(19)

Ba cheart tacú le saoránaigh óga agus a gcearta toghchánacha á bhfeidhmiú acu, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon. Tá a n-aois vótála íosta laghdaithe cheana féin ag roinnt Ballstát go dtí 16 nó 17 mbliana d’aois agus tá Ballstáit eile ag smaoineamh air sin a dhéanamh. Maidir le tacú le rannpháirtíocht saoránach óg, lena n-áirítear vótálaithe céaduaire, féadfar gníomhaíochtaí a áireamh ann amhail oideachas saoránachta a chothú, ionsamhlúcháin toghcháin a eagrú i scoileanna, tástálacha eolais nó comórtais ealaíne maidir le toghcháin, feachtais chumarsáide atá fabhrach don óige, treoracha toghcháin chun leanaí agus déagóirí a chur ar an eolas faoin bpróiseas clárúcháin agus vótála, mic léinn a spreagadh le bheith ina mbreathnóirí toghcháin agus cláir idir piaraí inar féidir le vótálaithe óga a dtaithí a roinnt lena chéile. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh óga a fheidhmíonn a gcearta toghchánacha, lena n-áirítear trína gcuid scileanna a chur chun cinn agus trí thacú le timpeallacht inar féidir leo vótáil ar bhealach saor agus cothrom. Ba cheart do na Ballstáit an ‘Treoir maidir le saoránacht an Aontais’ a chur chun cinn chun cabhrú le saoránaigh óga eolas a chur ar an stair, ar na luachanna agus ar na cearta atá mar bhonn agus mar thaca lena stádas mar shaoránaigh den Aontas, agus ar na tairbhí a bhaineann le saoránacht an Aontais agus ar na deiseanna a chuireann sé ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht dhaonlathach. Ba cheart tacú le dea-chleachtas a scaipeadh.

(20)

Mar a thugtar chun suntais i gCreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh (13), ba cheart rannpháirtíocht na Romach sa saol polaitiúil ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a spreagadh. Tá sé sin ábhartha go háirithe i mBallstáit ina bhfuil daonra suntasach Romach. I bplean gníomhaíochta an Choimisiúin in aghaidh an chiníochais (14), cuireadh in iúl go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún oibriú le páirtithe polaitiúla Eorpacha, leis an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus leis an tsochaí shibhialta chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht grúpaí atá soghabhálach i leith imeallaithe, amhail daoine arb as mionlach ciníoch nó mionlach eitneach iad.

(21)

Luaitear in Airteagal 8 CFAE gur cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas deireadh a chur le neamhionannais agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn ina chuid gníomhaíochtaí uile. Ina ‘Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025’ (15), gheall an Coimisiún comhionannas deiseanna a thabhairt do mhná agus cothromaíocht inscne a bhaint amach sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht. I dTuarascáil 2023 uaidh maidir le Comhionannas Inscne san Aontas (16), mheabhraigh an Coimisiún an gá atá le rannpháirtíocht chomhionann idir mná agus fir i bpoist chinnteoireachta polaitiúla chun comhdhéanamh na sochaí a léiriú ar bhealach níos fearr agus chun an daonlathas san Aontas a neartú. Ba cheart do na Ballstáit cothromaíocht inscne a spreagadh freisin i gcomhlachtaí rialaithe comhlachtaí bainistíochta toghchánacha, agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne i bhfeidhmiú na gceart toghchánach, agus tacú leis agus meastóireacht rialta a dhéanamh air. D’fhéadfadh na Ballstáit bearta a chur chun cinn chun tacú le comhionannas inscne maidir le rochtain ar thoghcháin agus a bheith rannpháirteach iontu. Agus bearta den sórt sin á gceapadh acu, d’fhéadfaidís cur le saineolas agus sonraí na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne maidir le comhionannas inscne. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh sna bearta: mná agus fir a mhalartú ar liostaí iarrthóirí, agus cineálacha eile cuótaí inscne á n-úsáid, lena ndéanfaí leithdháileadh an chistithe phoiblí do pháirtithe polaitiúla a nascadh le cur chun cinn rannpháirtíocht pholaitiúil na mban nó le bearta comhchosúla eile. Chun tacú le comhionannas inscne, ba cheart beartais inmheánacha a bheith ag páirtithe polaitiúla maidir le cothromaíocht inscne, oiliúint spriocdhírithe agus ardú feasachta. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla cothromaíocht inscne a spreagadh i liostaí iarrthóirí agus ina gcomhlachtaí rialaithe féin. Ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe polaitiúla bearta a dhéanamh chun cosc a chur le fuathchaint inscnebhunaithe i gcoinne na mban atá gníomhach ó thaobh na polaitíochta de agus chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint sin ar bhealach éifeachtach, arb é is aidhm di míchlú a tharraingt orthu nó iad a dhíspreagadh ó rannpháirtíocht pholaitiúil.

(22)

Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), a bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí ann, faoi chuimsiú a inniúlachta, agus na Ballstáit uile, ceanglaítear ar Stáit is Páirtithe cearta polaitiúla a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas agus an deis a bheith acu tairbhe a bhaint astu ar bhonn comhionann le daoine eile. Chun tacú le rannpháirtíocht chuimsitheach, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tacú le daoine faoi mhíchumas cearta toghchánacha a fheidhmiú, bíodh sin mar vótálaithe nó mar iarrthóirí, agus ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn rompu agus iad rannpháirteach i dtoghcháin a chosc agus a bhaint, i gcomhréir le Straitéis an Choimisiúin maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 (17). Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta, athbhreithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cearta toghchánacha daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta a bhaint go hiomlán gan measúnú aonair agus gan an fhéidearthacht athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an treoir maidir le dea-chleachtais thoghchánach i mBallstáit lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht saoránach faoi mhíchumas sa phróiseas toghchánach (18) a fógraíodh i Straitéis an Choimisiúin maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 agus ba cheart dóibh leanúint de bheith ag obair leis an gCoimisiún, faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, chun tacú le hobair leantach éifeachtach, agus tuairimí arna gcur in iúl ag eintitis a dhéanann ionadaíocht do leasanna daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta praiticiúla a chur chun feidhme chun inrochtaineacht na stáisiún vótála a áirithiú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as modhanna amhail cóid QR, Braille, asphriontaí móra, treoracha fuaime agus treoracha soléite, stionsail thadhlacha, lionsaí formhéadúcháin, soilsiú breise, stampaí, agus uirlisí inrochtana scríbhneoireachta. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus iad i mbun feachtais, mar shampla trí imeachtaí a eagrú in áiteanna inrochtana agus trí mhodhanna, móid agus formáidí cumarsáide a úsáid, i gcomhréir leis an reachtaíocht inrochtaineachta san Aontas agus sna Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe polaitiúla breithniú a dhéanamh freisin ar chineálacha eile tacaíochta a chur ar fáil, amhail cúnamh teileafóin, ateangaireacht chomharthaíochta, iompar inrochtana agus nósanna imeachta inrochtana chun cóiríocht a iarraidh.

(23)

Ós rud é go bhfuil siad ar thúslínte na sláine toghcháin agus go bhfuil siad suite go maith chun tacú le fíor-rannpháirtíocht pholaitiúil, ba cheart páirtithe polaitiúla agus eagraíochtaí feachtais a spreagadh chun ionracas toghcháin agus feachtasaíocht chothrom a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chóid iompair nó gealltanais feachtais a fhorbairt agus cloí leo chun tacú le toghcháin shaora, chothroma, athléimneacha. Ba cheart ardchaighdeáin dhaonlathacha a chur chun cinn le cóid iompair nó gealltanais den sórt sin. D’fhéadfaí a áireamh iontu gealltanais amhail gan glacadh le ranníocaíochtaí airgeadais mar mhalairt ar bhuntáiste nó staonadh ó steiréitíopaí, ráitis idirdhealaitheacha agus claontacht i gcoinne grúpaí sonracha a chur chun cinn bunaithe go háirithe ar a n-inscne, a mbunús ciníoch nó eitneach, a reiligiún nó a gcreideamh, a míchumas, a n-aois nó a gclaonadh gnéasach.

(24)

Ba cheart na cóid nó na gealltanais sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ag tráth sách fada roimh laethanta toghcháin agus ba cheart gníomhaíochtaí iomchuí múscailte feasachta de chuid na n-eintiteas lena mbaineann a bheith ag gabháil leo.

(25)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta faisnéis faoi eagraíochtaí, fondúireachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile atá nasctha le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta nó a dhéanann feachtasaíocht thar a gceann a chur ar fáil go poiblí chun go mbeidh saoránaigh in ann tuiscint a fháil ar na hidirthuilleamaíochtaí idir na gníomhaithe polaitiúla éagsúla a chuireann na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí polaitiúla céanna chun cinn, lena n-áirítear i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla. Chuideodh faisnéis den sórt sin freisin le húdaráis fhomhaoirseachta forléargas a fháil ar na naisc airgeadais agus ar na naisc struchtúracha idir na heintitis éagsúla atá cleamhnaithe le páirtithe polaitiúla.

(26)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta a chur ar chumas saoránach, údarás agus eintiteas leasmhar a ról sa phróiseas daonlathach a chomhlíonadh tuilleadh, lena n-áirítear trí chur isteach nó cúbláil a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na próisis toghcháin a shainaithint, trí fhaisnéis ábhartha ar a suíomhanna gréasáin a nochtadh maidir leis an úsáid a bhaineann siad as fógraíocht pholaitiúil, lena n-áirítear faisnéis faoi na méid a caitheadh ar fhógraíocht agus faoi fhoinsí a maoinithe. Ar mhaithe le hardleibhéal trédhearcachta a áirithiú san fheachtasaíocht pholaitiúil agus chun tacú le cuntasacht in úsáid na fógraíochta polaitiúla, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta a áirithiú, ar bhealach deonach, gur féidir an fhógraíocht pholaitiúil a úsáideann siad a shainaithint go soiléir mar fhógraíocht agus idirdhealú a dhéanamh idir í agus fógraíocht eile, agus i gcás inarb ábhartha, ó ábhar eile amhail ábhar eagarthóireachta agus ba cheart dóibh é sin a léiriú ina ngealltanais agus ina gcóid iompair. Ba cheart dóibh cuimhneamh ar a bhfógraíocht pholaitiúil a chur ar fáil agus faisnéis faoi chéannacht an pháirtí pholaitiúil a urraíonn í agus i gcás inarb infheidhme, faisnéis fhiúntach maidir le spriocdhíriú na fógraíochta agus maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga atá á n-úsáid.

(27)

Is bealach éifeachtúil í an bhreathnóireacht toghcháin chun rannpháirtíocht saoránach sa phróiseas toghcháin a spreagadh agus chun muinín an phobail i dtoghcháin a fheabhsú. Chun trédhearcacht na bpróiseas toghchánach a chothú, chun tacú le rannpháirtíocht agus chun próisis toghcháin atá saor, cothrom agus athléimneach a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit breathnóireacht toghcháin neamhchlaonta agus neamhspleách a spreagadh agus a éascú, lena n-áirítear breathnóireacht ó shaoránaigh agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gach céim den phróiseas toghcháin, agus a gcreataí dlíthiúla agus a ngealltanais idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin, go háirithe, breathnóireacht ar chlárú vótálaithe, comhaireamh ballóidí, rannpháirtíocht grúpaí sonracha, faireachán ar fhógraíocht pholaitiúil agus ar mhaoiniú, agus cur i bhfeidhm rialacha toghcháin ar líne.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le forbairt acmhainneachta agus saineolais i mbreathnóireacht toghchán, lena n-áirítear trí thacú le hoiliúint do bhreathnóirí toghcháin, agus leas á bhaint as an eolas a chomhroinntear laistigh den Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus as caighdeáin agus dea-chleachtais idirnáisiúnta, amhail an Dearbhú Prionsabal maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán arna ghlacadh in 2005 ag na Náisiúin Aontaithe (19), agus caighdeáin Choimisiún na Veinéise agus chaighdeáin na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine. D’fhéadfaí oiliúint shonrach a chur ar fáil do bhreathnóirí toghcháin níos óige.

(29)

Sna gníomhaíochtaí sonracha chun tacú le breathnóireacht toghchán, d’fhéadfaí a áireamh cruinnithe tiomnaithe agus comhairliúcháin a eagrú idir líonraí náisiúnta toghcháin agus grúpaí breathnóirí, seimineáir chomhpháirteacha maidir le measúnú toghchán agus comhthionscnaimh atá dírithe ar fheasacht a mhúscailt agus beartais a fhorbairt maidir le breathnóireacht toghchán chun tacú le ionracas, athléimneacht agus gné daonlathach na dtoghchán. Ba cheart tacaíocht do bhreathnóirí toghcháin agus gníomhaíochtaí sonracha chun feasacht a ardú a áireamh i malartuithe dea-chleachtas maidir le breathnóireacht toghcháin idir na Ballstáit faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin.

(30)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais gníomhaíochtaí na mbreathnóirí toghcháin a chomhoibríonn leo a éascú freisin, lena n-áirítear tríd an rochtain is gá a thabhairt dóibh ar an bhfaisnéis faoina ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs toghchán.

(31)

Córais agus próisis láidre thoghchánacha a dhéantar an cur isteach is lú is féidir a orthu, is réamhriachtanais bhunúsacha de dhaonlathais iad. D’fhéadfadh earráidí daonna, tubaistí gan choinne agus teagmhais éagsúla a bheith ina mbagairt ar phróisis toghcháin. Ba cheart do na Ballstáit athléimneacht na bpróiseas toghchánach a áirithiú, lena n-áirítear trí bhonneagar a bhaineann le toghcháin a chosaint go háirithe agus trí na bearta is gá a dhéanamh i leith saoráidí, trealaimh, líonraí, córas agus bonneagar ó earnálacha eile, a úsáidtear le haghaidh toghchán.

(32)

Mar a léiríodh sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, dá ndéanfaí próisis thoghchánacha nó gnéithe dá riarachán a mharcáil mar bhonneagar criticiúil, d’fhéadfadh iarrachtaí níos éifeachtaí a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha. D’fhágfadh sé sin go dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin a bhaineann le tréimhsí toghcháin, breathnóireacht toghchán, maoirseacht neamhspleách toghcháin agus leigheasanna éifeachtacha agus chumhdófaí leis freisin faireachán lena n-áirítear faireachán ar líne, sainaithint bagairtí, fothú acmhainneachta, oibriú líonraí náisiúnta toghchán agus rannpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach. A mhéid a bhaineann le heintitis a oibríonn bonneagar a d’fhéadfadh tacú le toghcháin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na ceanglais a leagtar síos le Treoracha (AE) 2022/2555 (20) agus (AE) 2022/2557 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(33)

I dteannta na n-oibleagáidí faoi Threoracha (AE) 2022/2555 agus (AE) 2022/2557, i gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh leibhéal comhchosúil athléimneachta a áirithiú maidir le heintitis a oibríonn bonneagar a bhaineann le toghcháin, trí mheasúnuithe riosca a dhéanamh agus a thabhairt cothrom le dáta, tástálacha a dhéanamh, agus tacaíocht agus athléimneacht eintiteas a bhfuil ról suntasach acu i reáchtáil na dtoghchán a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfaidh na heintitis ábhartha uile bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí a bhaineann le teagmhais nádúrtha, teagmhais de dhéantús an duine agus cibeartheagmhais a bhainistiú. Ba cheart dóibh modheolaíochtaí agus pleananna a chur i bhfeidhm le haghaidh bainistiú géarchéime agus chun téarnamh tapa a áirithiú tar éis teagmhais den sórt sin, agus chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú.

(34)

Ba cheart bearta sonracha a dhéanamh chun tuilleadh feabhais a chur ar chibearshlándáil na mbunachar sonraí clárúcháin vótálaithe, na gcóras ríomhvótálaithe agus na gcóras faisnéise eile a úsáidtear chun oibríochtaí toghcháin a bhainistiú amhail comhaireamh, iniúchadh agus taispeáint torthaí toghcháin, agus tuairisciú iarthoghcháin chun torthaí a dheimhniú agus a bhailíochtú. D’fhéadfaí slándáil fhisiciúil ionad vótaíochta agus ionad comhairimh, agus saoráidí, sócmhainní agus córais chun ballóidí agus ábhair toghcháin ábhartha eile a phriontáil, a iompar agus a stóráil a chumhdach le bearta eile, amhail boscaí ballóide nó stampaí atá daingnithe go sonrach.

(35)

I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Gníomh um Chibear-Athléimneacht (22), arb é is aidhm dó ceanglais chibearshlándála choiteanna éigeantacha a bhunú le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha, crua-earraí agus bogearraí acu. Chun cibear-athléimneacht na dtoghchán a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear táirgí crua-earraí agus bogearraí níos sláine i dtoghcháin, lena n-áirítear tríd an togra seo a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh, amhail Moladh (2017) ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le caighdeáin le haghaidh ríomhvótála (23) agus Treoirlínte (2022) Chomhairle na hEorpa maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide i bpróisis toghcháin (24). Ba cheart dóibh úsáid a bhaint freisin as an gcoimre maidir le ríomhvótáil agus cleachtais TFC.

(36)

Chun bonneagar a bhaineann le toghcháin a chosaint ar chibirionsaithe, ba cheart do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh freisin, le tacaíocht ón gCoimisiún, lena n-áirítear tríd an sásra comhpháirteach um an athléimneacht thoghchánach dá dtagraítear sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit páirt a ghlacadh freisin i gcleachtaí praiticiúla chun rioscaí agus ullmhacht a mheas, agus leas á bhaint as an obair chomhpháirteach a dtacaíonn an Coimisiún léi faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin agus an Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise (NIS). Ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh sa chleachtadh boird a eagraítear faoi chuimsiú an tsásra chomhpháirtigh athléimneachta toghcháin an 21 Samhain 2023. Ba cheart é sin a chur san áireamh chun nuashonrú a dhéanamh ar an gCoimre maidir le Cibearshlándáil na Teicneolaíochta Toghcháin a d’ullmhaigh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise. Ba cheart d’údaráis thoghchánacha agus do chibearúdaráis na mBallstát leanúint d’fhaisnéis ábhartha a mhalartú, go háirithe trí mhalartuithe comhpháirteacha idir an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, go háirithe roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Bunaithe ar an méid sin, ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí múscailte feasachta a dhéanamh maidir leis na céimeanna is féidir le páirtithe polaitiúla, eagraíochtaí feachtais, iarrthóirí, oifigigh toghcháin agus eintitis eile a bhfuil baint acu le reáchtáil toghchán a dhéanamh chun feabhas a chur ar a slándáil ar líne agus chun cibirionsaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú.

(37)

Tá bainistiú leanúnach riosca bunaithe ar chritéir réamhshainithe maidir le glacadh riosca agus modheolaíocht réamhshainithe riachtanach chun bonneagar a bhaineann le toghcháin a chosaint. Tá ról lárnach ag na sonraí a bhailítear le linn measúnuithe riosca agus tástálacha struis ina leith sin. Ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, agus iad ag obair i ndlúthchomhar lefis an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, malartú a dhéanamh ar chleachtais ábhartha maidir le measúnuithe riosca agus bearta maolaithe riosca a dhéanamh chun gur féidir taithí agus saineolas a scaipeadh go tapa, lena n-áirítear maidir le nuálaíochtaí rathúla. Ba cheart go gcumhdófaí le malartuithe forbairt modheolaíochtaí agus pleananna coiteanna le haghaidh bainistiú géarchéime agus chun téarnamh tapa a áirithiú tar éis aon teagmhais nádúrtha nó teagmhais de dhéantús an duine, lena n-áirítear cibirtheagmhais.

(38)

Chun cosaint iomchuí a thabhairt ar bhagairtí den sórt sin, ba cheart do pháirtithe polaitiúla, d’fhondúireachtaí polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála ina ngníomhaíochtaí inmheánacha agus san fheachtasaíocht. D’fhéadfaí a áireamh i ngníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus i mbearta chun athléimneacht a áirithiú faisnéis a dháileadh ar chomhaltaí páirtí agus ar iarrthóirí maidir le rioscaí cibearshlándála a bhaineann lena ngníomhaíochtaí agus lena ngníomhaíochtaí eintiteas eile gar dóibh, páirt a ghlacadh in oiliúint maidir leis an gcibearshlándáil, chomh maith le feabhas a chur ar an bhfaireachán ar shlándáil na n-ardán digiteach agus na n-uirlisí digiteacha a úsáidtear le haghaidh feachtais toghcháin.

(39)

Chun a áirithiú go bhfaigheann vótálaithe faisnéis iontaofa, tá sé tábhachtach an timpeallacht faisnéise maidir le toghcháin a chosaint. Is féidir iarmhairtí diúltacha a bheith ag cúbláil faisnéise, cur isteach agus scaipeadh na bréagaisnéise, lena n-áirítear trí mhodhanna uathoibrithe ar na meáin shóisialta, ar cháilíocht na díospóireachta daonlathaí, ar fheidhmiú na gceart vótála, ar dhearcadh agus ar mheon na vótálaithe, as a n-eascraíonn éifeachtaí fadtéarmacha lena n-áirítear ar rannpháirtíocht i dtoghcháin a bheidh ann amach anseo. Is féidir an intleacht shaorga a úsáid chun inneachar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a chúbláil atá an-chosúil le daoine, áiteanna nó imeachtaí atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhuine a bheith barántúil (ar a dtugtar ‘domhainbhrionnuithe’). D’fhéadfadh fógraíocht pholaitiúil a bheith ina veicteoir bréagaisnéise agus trasnaíochta eachtraí, go háirithe i gcás nach nochtann an fhógraíocht a gné polaitiúil, céannacht a hurraitheoirí agus na heintitis a mhaoiníonn í, agus cá háit agus conas ar díríodh uirthi. Tá togra curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla, lena mbunófar creat ceangailteach bunaithe ar chomhchaighdeáin a chuirfidh ar chumas na saoránach fógraí polaitiúla a aithint agus a gcearta daonlathacha a fheidhmiú ar bhealach feasach. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé teorainn agus creat le húsáid sonraí pearsanta chun díriú ar fhógraíocht pholaitiúil. Le Cód Cleachtais Neartaithe 2022 maidir leis an mBréagaisnéis (25), cuirtear caighdeáin féinrialála ar fáil chun an bhréagaisnéis agus an ionramháil faisnéise a chomhrac. Tá togra curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún maidir leis an intleacht shaorga (26) lena n-áiritheofar lipéadú ábhar na hintleachta saorga agus nochtadh a thionscnaimh.

(40)

Chun tacú le húdaráis inniúla agus le lucht déanta beartas, féadfaidh na Ballstáit pobalbhreitheanna agus suirbhéanna a mheas mar mhodhanna chun faireachán a dhéanamh ar leitheadúlacht agus dáileadh sochdhéimeagrafach na bpríomhtheachtaireachtaí bréagaisnéise a bhaineann le toghcháin. D’fhéadfaí faisnéis a fhaightear i gcomhthéacs na vótaíochtaí sin a chur ar fáil do thaighdeoirí, d’iriseoirí, do bhreathnóirí toghcháin agus don tsochaí shibhialta agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile.

(41)

Tá freagracht shonrach ar pháirtithe polaitiúla freisin an timpeallacht faisnéise maidir le toghcháin a chosaint trína áirithiú go bhfaigheann vótálaithe faisnéis cheart ar bhealach tráthúil, inrochtana agus intuigthe agus trí aghaidh a thabhairt ar chúbláil faisnéise, cur isteach agus bréagaisnéis a bhaineann le toghcháin, i gcomhar le geallsealbhóirí eile agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do luachanna daonlathacha.

(42)

Chun a áirithiú go mbeidh na saoránaigh ar an eolas go maith agus go mbeidh siad ar an eolas faoin gcaoi le saorchruthú a dtuairimí a chosaint, ba cheart cur leis an teacht aniar, ardú feasachta agus oiliúint maidir le cur isteach ar thoghcháin a chur chun cinn. Tá ról na sochaí sibhialta, eagraíochtaí meán, institiúidí taighde agus lucht acadúil maidir le feasacht phoiblí, scileanna litearthachta sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt ríthábhachtach chun na scileanna is gá a thabhairt do shaoránaigh chun breithiúnas a thabhairt i réaltachtaí casta a dhéanann difear don réimse daonlathach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na scileanna sin i gcomhthéacs ról méadaitheach na hintleachta saorga, lena n-áirítear i bhfeachtais toghcháin mar shampla nuair a úsáideann saoránaigh córais intleachta saorga chun bonn eolais a chur faoina roghanna toghchánacha. Ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as cistiú atá ar fáil ar leibhéal an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar chúbláil faisnéise, trasnaíocht agus bréagaisnéis agus a dhéanann difear do thoghcháin shaora, chothroma agus athléimneacha, lena n-áirítear trí dheiseanna cistiúcháin an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), agus Clár Erasmus +, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a chur chun cinn (28). Ba cheart go dtacódh gníomhaíochtaí den sórt sin le heolas agus tuiscint maidir le conas na meáin a rochtain agus a úsáid go héifeachtach agus go sábháilte agus conas ábhar meán a chruthú go freagrach. D’fhéadfadh na Ballstáit scoileanna agus institiúidí ardoideachais a spreagadh chun litearthacht sna meáin, smaointeoireacht chriticiúil, cearta agus oibleagáidí polaitiúla na saoránach, agus tuiscint ar fheidhmiú na n-institiúidí agus na bpróiseas daonlathach ina dtír féin agus ar leibhéal an Aontais araon, agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn ina gcuraclaim.

(43)

Tá ionramháil faisnéise, cur isteach agus bréagaisnéis a bhaineann le toghcháin ag brath ar fhaisnéis iontaofa a fhoilsiú roimh ré maidir le nósanna imeachta toghcháin. Tá bréagnú ionramháil ar fhaisnéis agus bréagaisnéise maidir le nósanna imeachta toghchánacha ag brath ar fhreagairtí tapa iontaofa. Oiliúint a chur ar údaráis toghcháin agus ar údaráis ábhartha eile maidir le conas is féidir réamhbhréagnú agus bréagnú a dhéanamh i ndáil le hionramháil faisnéise, cur isteach agus bréagaisnéis, ar líne agus as líne, faoi nósanna imeachta toghcháin, tá tábhacht ar leith ag baint léi sa timpeallacht slándála atá ann faoi láthair agus atá ag athrú go tapa. Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí comhlántacha eile a chur chun feidhme lena ndéantar bréagaisnéis agus cúbláil faisnéise a chuireann isteach ar thoghcháin a chomhrac. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaidís brath ar an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha agus ar a moil mar fhoinsí faisnéise d’eintitis a bhfuil baint acu le próisis thoghchánacha, amhail faireoirí pobalbhreitheanna, oideachasóirí agus dímhianadóirí eile, maidir le bealaí chun bréagaisnéis a bhaineann le toghcháin a bhréagnú.

(44)

Le Moladh (AE) 2018/234 (29) ón gCoimisiún, spreagtar na húdaráis inniúla náisiúnta cheana féin chun dea-chleachtais a shainaithint, bunaithe ar thaithí na mBallstát, maidir le rioscaí don phróiseas toghcháin ón mbréagaisnéis a shainaithint, a mhaolú agus a bhainistiú. Ó shin i leith, tá na rioscaí sin níos géire de bharr athruithe ar an timpeallacht slándála i gcomparáid leis na toghcháin a bhí ann roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta na dea-chleachtais sin a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta a thuilleadh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí braite intleachta saorga. Ba cheart do líonraí náisiúnta toghcháin feabhas a chur ar a gcomhar maidir leis an ábhar seo, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais a mhalartú faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin agus trí oibriú i ndlúthchomhar leis an gCóras Mear-Rabhaidh. D’fhéadfadh sé go mbeadh malartú saineolais i measc na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla acu, lena n-áirítear mar gheall ar a suíomh geografach, i gceist leis sin.

(45)

D’fhéadfadh bealaí soiléire comhair idir líonraí toghcháin náisiúnta, an Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin agus ardáin na meán agus foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla cuidiú chun maolú a dhéanamh ar an riosca ionramhála ar fhaisnéis agus bréagaisnéise le linn toghcháin, go háirithe trí thacú le caighdeáin a fhorbairt chun feabhas a chur ar scaipeadh faisnéise iontaofa. Tá na Ballstáit ag comhoibriú cheana féin laistigh den Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin, Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (30), an Córas Mear-Rabhaidh (31) agus creataí eile, chun aghaidh a thabhairt ar ionramháil ar fhaisnéis, ar chur isteach agus ar bhréagaisnéis, agus chun freagairt ildisciplíneach ar bhagairtí den sórt sin i bpróisis toghcháin a fhorbairt. Ba cheart do na líonraí sin leanúint de fhreagairtí iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear trí thacú le comhar idir na Ballstáit. Ba cheart an comhar a neartú idir an Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin agus na líonraí Eorpacha eile sin ag a bhfuil gníomhaíochtaí atá ábhartha do phróisis toghcháin, lena n-áirítear i gcomhthéacs an tsásra chomhpháirtigh um an athléimneacht thoghchánach. Ba cheart tacú le dea-chleachtais, lena n-áirítear cruinnithe comhpháirteacha idir líonraí éagsúla, amhail an seisiún coiteann idir an Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin agus an Córas Mear-Rabhaidh an 6 Nollaig 2023. Ba cheart don Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin leanúint freisin de bheith ag éascú rannpháirtíocht le heintitis idirnáisiúnta amhail An Chomhairle Eorpach agus an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, mar chuid dá cur chuige cuimsitheach maidir le toghcháin shaora chóra athléimneacha san Eoraip.

(46)

Maidir le síntiúis ó thríú tíortha do pháirtithe polaitiúla náisiúnta, d’fhondúireachtaí polaitiúla, d’iarrthóirí polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais, go háirithe nuair nach ndéantar seiceáil orthu, d’fhéadfaidís tionchar míchuí a imirt ar phróisis dhaonlathacha san Aontas agus d’fhéadfaidís a bheith ina modh cur isteach ag tríú tíortha. D’fhéadfadh na síntiúis sin difear a dhéanamh do chothroime nó d’ionracas na hiomaíochta polaitiúla, a bheith ina gcúis le saobhadh ar an bpróiseas toghchánach, an cothrom iomaíochta a shaobhadh trí rialacha maidir le huasteorainneacha ioncaim agus caiteachais a shárú, éilliú a chumasú nó a bheith ina mbagairt don ord poiblí náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart síntiúis ó thríú tíortha do pháirtithe polaitiúla, d’fhondúireachtaí polaitiúla, d’iarrthóirí, d’eagraíochtaí feachtais agus do ghluaiseachtaí polaitiúla ábhartha a theorannú nó a thoirmeasc agus in aon chás ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglas trédhearcachta.

(47)

Le Rialachán 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) rialaítear cistiú Páirtithe Polaitiúla Eorpacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cistiú ó thríú tíortha. I gcomhréir leis an Rialachán sin, ní cheadaítear do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ná d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha glacadh le síntiúis nó ranníocaíochtaí gan ainm, ó aon údarás poiblí de chuid Ballstáit nó tríú tír, ná ó aon ghnóthas a bhféadfadh tionchar ceannasach a bheith ag údarás poiblí den sórt sin air, go díreach nó go hindíreach, de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é, ná ní cheadaítear dóibh glacadh le síntiúis ó aon eintiteas príobháideach atá bunaithe i dtríú tír ná ó dhaoine aonair ó thríú tír nach bhfuil i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

(48)

Sa Mholadh ó Chomhairle na hEorpa maidir le rialacha comhchoiteanna in aghaidh an éillithe i gcistiú páirtithe polaitiúla agus feachtas toghcháin (33), cuirtear i dtábhacht gur cheart do stáit síntiúis ó dheontóirí eachtracha do pháirtithe polaitiúla a theorannú, a thoirmeasc nó a rialáil ar shlí eile go sonrach. Luaitear i dTreoirlínte Choimisiún na Veinéise maidir le Maoiniú Páirtithe Polaitiúla (34) gur cheart síntiúis ó stáit eachtracha nó ó fhiontair eachtracha a thoirmeasc, cé nár cheart go gcuirfeadh an toirmeasc sin cosc ar shíntiúis ó náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear. I gcomhréir leis na treoirlínte sin, féadfar teorainneacha eile a leagan síos freisin go háirithe uasleibhéal do gach rannchuidiú, toirmeasc ar ranníocaíochtaí ó fhiontair de chineál tionsclaíoch nó tráchtála nó ó eagraíochtaí reiligiúnacha, nó rialú roimh ré ar ranníocaíochtaí ó chomhaltaí páirtithe ar mian leo seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin ag orgáin phoiblí atá speisialaithe in ábhair toghcháin.

(49)

Chun cur isteach eachtrach a chosc, ba cheart do na Ballstáit bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ina reachtaíocht agus bearta rialála eile a bhaineann le síntiúis a sholáthraítear ó thríú tíortha do pháirtithe polaitiúla, d’fhondúireachtaí polaitiúla, d’iarrthóirí polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar theacht timpeall ar na rialacha ábhartha, lena n-áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar shíntiúis in ainm duine eile a thoirmeasc. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le síntiúis aon tairiscint in airgead tirim, aon tairiscint chomhchineáil, aon earra, seirbhís nó obair a sholáthar faoi bhun an luacha margaidh, agus/nó aon idirbheart eile arb é atá i gceist leis buntáiste eacnamaíoch don eintiteas lena mbaineann (lena n-áirítear iasachtaí), cé is moite de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn deonach. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as treoraíocht ó Mheitheal ECFE na nOifigeach Sinsearach um Ionracas Poiblí (35) agus ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) a bhunaigh An Chomhairle Eorpach (36).

(50)

Déanann an Coimisiún faireachán ar chosc an éillithe atá nasctha le maoiniú páirtithe polaitiúla sna Ballstáit i gcomhthéacs na dtuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta agus, ó bhí 2022 ann, eisíonn sé moltaí gaolmhara.

(51)

Chun tacú le hionracas an phróisis thoghchánaigh agus chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar thoghcháin shaora agus chothroma, ba cheart do pháirtithe polaitiúla agus a n-eintitis chleamhnaithe measúnú a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn as síntiúis ó thríú tíortha agus ó shíntiúis a d’fhéadfadh a bheith nasctha le héilliú nó le gníomhaíocht choiriúil eile. Ina measúnú riosca, ba cheart do pháirtithe polaitiúla agus dá n-eintitis chleamhnaithe bearta a mheas chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, lena n-áirítear trí dheontóirí a shainaithint i gceart d’fhonn aon riosca a bhaineann le cistiú ceilte trí mhaidríní lathaí, a sheachaint.

(52)

Ba cheart do na Ballstáit a gcomhar a mhéadú faoi chuimsiú an Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin, lena n-áirítear trí chaighdeáin choiteanna agus tagairtí coiteanna maidir le síntiúis agus tacaíocht eile ó thríú tíortha do pháirtithe polaitiúla náisiúnta, d’fhondúireachtaí polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais a shainaithint go comhpháirteach.

(53)

Chun tuilleadh feabhais a chur ar ghné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart leanúint de na hiarrachtaí chun na saoránaigh uile a mhealladh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus feidhmiú na gceart toghchánach gaolmhar a éascú a thuilleadh.

(54)

Dá scaipfí faisnéis maidir le huaireanta oscailte na stáisiún vótála luath go leor roimh ré, chomh maith le stáisiúin vótála a oscailt go luath agus a dhúnadh go déanach lá an toghcháin, lena n-áirítear sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, bheadh níos mó saoránach in ann a vóta a chaitheamh, lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí i gceantair iargúlta nó a oibríonn ag uaireanta neamhghnách.

(55)

Mar a luadh sa Tuarascáil ar thoghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, i dTuarascáil 2018 ar chur i bhfeidhm Threoir 94/80/CE (37) agus i dTuarascáil 2020 ar Shaoránacht Eorpach (38), ba cheart do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fheidhmiú chearta toghchánacha shaoránaigh an Aontais agus feasacht a chur chun cinn maidir lena gcearta agus na nósanna imeachta is infheidhme. Ba cheart dóibh freisin aghaidh a thabhairt ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann do rannpháirtíocht saoránach soghluaiste de chuid an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, mar vótálaí nó mar iarrthóir. D’fhéadfaí tacú le soláthar faisnéise maidir leis na cearta ábhartha agus na nósanna imeachta is infheidhme trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha atá ar fáil go coitianta, lena n-áirítear an tairseach aonair dhigiteach arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), lena dtugtar rochtain ar leathanaigh ghréasáin ábhartha de chuid an Aontais agus ar leathanaigh ghréasáin ábhartha náisiúnta, lena n-áirítear maidir le cearta toghchánacha. Moltar do na Ballstáit freisin an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na seirbhísí cumarsáide agus réitigh fadhbanna ar leibhéal an Aontais, amhail Ionad Teagmhála Europe Direct (EDCC) agus SOLVIT, a chuireann an Coimisiún ar fáil, chun faisnéis chruinn thráthúil a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais maidir le cearta saoránachta agus nósanna imeachta toghchánacha.

(56)

Chuirfeadh bearta breise cumarsáide le gné Eorpach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla náisiúnta tús a chur leis na feachtais le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a luaithe is féidir, ós rud é gur príomhghníomhaithe iad chun feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear saoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais, maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Mar a tugadh faoi deara sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le toghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, tá iarrachtaí comhpháirteacha cumarsáide ó institiúidí éagsúla an Aontais, ó na Ballstáit agus ón tsochaí shibhialta fós ina bpríomhghné chun feabhas a chur ar ghné Eorpach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

(57)

Chun trédhearcacht an naisc idir páirtithe polaitiúla náisiúnta agus páirtithe polaitiúla Eorpacha agus grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa a mhéadú a thuilleadh, ba cheart páirtithe polaitiúla náisiúnta a bheith in ann a gcleamhnacht le páirtí polaitiúil Eorpach nó a bpróiseas cleamhnachta le páirtí polaitiúil Eorpach a chur in iúl roimh thús an fheachtais, agus moltar dóibh déanamh amhlaidh. Chun cuidiú le gné Eorpach na dtoghchán a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit soláthar na faisnéise sin don phobal a spreagadh agus a éascú. D’fhéadfadh na Ballstáit agus páirtithe polaitiúla tacú le bearta eile lena méadaítear trédhearcacht an naisc idir páirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta, mar shampla tacú le himeachtaí comhpháirteacha a eagrú le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta.

(58)

Chun a ról a chomhlíonadh, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 10(4) CAE, chun rannchuidiú le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus toil shaoránaigh na hEorpa a chur in iúl, ba cheart páirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith in ann teagmháil a dhéanamh lena gcomhaltaí agus lena dtoghlaigh ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí fheachtais trasteorann a dhéanamh san Aontas. Chun cuidiú le gné Eorpach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit feachtais éifeachtacha trasteorann ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a éascú ar fud an Aontais.

(59)

Chun leanúint d’ionracas na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a chosaint, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar an mbaol a bhaineann le hilvótáil agus le hiarrthóireachtaí. Chuige sin, ba cheart saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na rialacha agus na pionóis a bhaineann leis an ilvótáil. Ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, sonraí a mhalartú, ar bhealach cruinn tráthúil, maidir le saoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais a ghlacann páirt i dtoghcháin mar vótálaithe nó mar iarrthóirí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint leis na hullmhúcháin ar cuireadh tús leo faoi chuimsiú an tSainghrúpa maidir le cúrsaí toghcháin (40), chun malartú éifeachtúil agus criptithe na sonraí is gá a áirithiú chun cosc a chur ar an ilvótáil tríd an uirlis shlán ábhartha a chuireann an Coimisiún ar fáil. Níor cheart saoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais a bhaint de rolla na dtoghthóirí do gach cineál toghcháin ina dtír thionscnaimh toisc gur cuireadh ar rolla na dtoghthóirí iad ina mBallstát cónaithe.

(60)

Chun próisis thoghchánacha atá saor, cothrom agus athléimneach a chothú, ba cheart an comhar laistigh de líonraí náisiúnta toghcháin, dá dtagraítear i Moladh (AE) C(2018) 5949, a neartú a thuilleadh. Ba cheart do chomhaltaí de líonraí náisiúnta toghcháin faisnéis a mhalartú go tapa maidir le saincheisteanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear trí bhagairtí agus bearnaí a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus prótacail agus bealaí oibre a bhunú, de réir mar is gá, le haghaidh comhair agus roinnt faisnéise, chun teagmhais shuaiteacha a dhéanann difear do thoghcháin a chosc, cosaint ina n-aghaidh, freagairt orthu, iad a mhaolú agus téarnamh uathu. I gcás nach cuid de na líonraí náisiúnta toghcháin iad na húdaráis forfheidhmithe dlí, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar idirchaidreamh buan a bhunú idir líonraí náisiúnta toghcháin agus údaráis náisiúnta ábhartha forfheidhmithe dlí, agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha. D’fhéadfadh líonraí náisiúnta toghcháin dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara eile amhail taighdeoirí, lucht acadúil, breathnóirí toghcháin agus cosantóirí chearta an duine chun na críche sin. Ba cheart dóibh freisin teagmháil a dhéanamh le Parlaimintí náisiúnta agus, in éineacht leo, tacú le múscailt feasachta maidir leis an tábhacht a bhaineann le hionracas na bpróiseas thoghchánach a chosaint, lena n-áirítear iad a chosaint in aghaidh an riosca cur isteach. Chun a áirithiú go mbeidh líonraí náisiúnta toghcháin in ann a ról a chomhlíonadh go leordhóthanach agus leanúint dá ngníomhaíochtaí, ba cheart do na Ballstáit na creataí, na hacmhainní agus na modhanna is gá a sholáthar dóibh.

(61)

Roimh na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa agus ina ndiaidh, ba cheart do na Ballstáit an comhar idir a líonraí náisiúnta toghcháin a neartú, go háirithe faoi chuimsiú an Líonra Comhar Eorpach um Thoghcháin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh brath ar shásraí a thacaíonn le malartú tapa faisnéise maidir le saincheisteanna a dhéanann difear do thoghcháin.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH

I.   Ábhar

1.

Cuirtear chun cinn leis an Moladh seo ardchaighdeáin dhaonlathacha do thoghcháin san Aontas agus feabhas ar ghné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. Is ar na Ballstáit, ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta, ar fhondúireachtaí polaitiúla agus ar eagraíochtaí feachtais atá sé dírithe, i gcomhthéacs an ullmhúcháin do thoghcháin san Aontas, lena n-áirítear toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa.

II.   Prionsabail ghinearálta maidir le toghcháin san Aontas

2.

Ba cheart toghcháin san Aontas a stiúradh de réir na gcaighdeán daonlathach is airde. Ba cheart do na Ballstáit tacú, i measc nithe eile, le líon ard vótálaithe, rannpháirtíocht chuimsitheach, feidhmiú éasca agus cothrom ceart toghchánach, athléimneacht na bpróiseas toghchánach, ionracas agus rúndacht na vótála, chomh maith le comhionannas deiseanna, go háirithe maidir le cistiú poiblí páirtithe agus feachtais, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.

3.

I gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le hábhair thoghcháin arna nglacadh Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa, níor cheart gnéithe bunúsacha an dlí thoghchánaigh a bheith oscailte do leasú níos lú ná bliain amháin roimh thoghchán.

III.   Tacú le líon na vótálaithe agus le rannpháirtíocht chuimsitheach

4.

Chun tacú le ráta vótála leathan, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun clárú vótálaithe agus iarrthóirí i dtoghcháin a éascú, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis, na huirlisí agus an tacaíocht is gá a sholáthar ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart úsáid uirlisí amhail clárú ar líne nó bailiú leictreonach sínithe tacaíochta d’iarrthóirí a dhéanamh sorochtana agus so-úsáidte.

5.

Agus modhanna vótála comhlántacha á dtabhairt isteach acu, amhail réamhvótáil, vótáil mhóibíleach, postvótáil agus ríomhvótáil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na modhanna sin faoi réir na gcoimircí is gá. Ina theannta sin, ba cheart dóibh na bearta is gá a dhéanamh chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi infhaighteacht agus inrochtaineacht na modhanna vótála sin agus an tacaíocht is gá a sholáthar dóibh ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil. I ndáil leis sin, iarrtar ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcoimre maidir le ríomhvótáil agus as cleachtais eile TFC a ullmhaíonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh um Chomhar maidir le Toghcháin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear oiliúint iomchuí ar oifigigh toghcháin maidir le modhanna nua vótála.

6.

Agus iad ag tacú le ráta vótála agus rannpháirtíocht na vótálaithe, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais na ngrúpaí éagsúla, lena n-áirítear mar chuid dá ngníomhaíochtaí cumarsáide. Agus faisnéis á cur ar fáil acu maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an Treoir maidir le saoránacht a Aontais chun feasacht ar shaoránacht an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh i measc shaoránaigh óga an Aontais a thosaíonn ar a bheith rannpháirteach go daonlathach.

7.

Ba cheart do na Ballstáit bearta a chur chun cinn chun tacú le comhionannas inscne maidir le rochtain ar thoghcháin agus rannpháirtíocht iontu. Ba cheart do na Ballstáit cothromaíocht inscne a spreagadh freisin i gcomhlachtaí rialaithe de chuid comhlachtaí bainistíochta toghcháin. Ba cheart do na Ballstáit faireachán, tacaíocht agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn ó thaobh comhionannas inscne i bhfeidhmiú na gceart toghchánach, lena n-áirítear trí shonraí a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh maidir le fir agus mná mar vótálaithe agus iarrthóirí araon i dtoghcháin, i bpoist thofa agus i bpoist chinnteoireachta i bpáirtithe polaitiúla.

8.

Ba cheart do na Ballstáit tacú le rannpháirtíocht thoghchánach daoine faoi mhíchumas, bíodh sin mar vótálaithe nó iarrthóirí araon, agus ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn rompu agus iad ag glacadh páirt i dtoghcháin a chosc agus deireadh a chur leo, lena n-áirítear cásanna ina gcuirtear deireadh iomlán le cearta toghchánacha daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta gan measúnú aonair a dhéanamh ná gan an fhéidearthacht le haghaidh athbhreithniú breithiúnach. Ba cheart dóibh tacú freisin le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas mar oifigigh toghcháin. Ba cheart do na Ballstáit scaipeadh forleathan na ndea-chleachtas lena dtacaítear le rannpháirtíocht saoránach faoi mhíchumas sa phróiseas toghchánach a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an treoir maidir le dea-chleachtais thoghchánach i mBallstáit lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht saoránach faoi mhíchumas sa phróiseas toghchánach, treoir a forbraíodh faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin.

9.

Moltar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta, d’fhondúireachtaí polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais céimeanna a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais na ngrúpaí éagsúla i dtoghcháin. Ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt air sin ina n-ábhair chumarsáide agus ina bhfógraíocht pholaitiúil, trí mheáin, modhanna agus formáidí cumarsáide leordhóthanacha a úsáid agus trína rannpháirtíocht ghníomhach pholaitiúil a éascú. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla cothromaíocht inscne a spreagadh ina liostaí iarrthóirí agus ina gcomhlachtaí rialaithe.

IV.   Sláine toghcháin agus feachtasaíocht chothrom a spreagadh

10.

Moltar do pháirtithe polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais gealltanais feachtais agus cóid iompair a ghlacadh maidir le sláine toghcháin agus feachtasaíocht chothrom. Moltar do na Ballstáit comhlíonadh gealltanas agus cód den sórt sin a éascú agus tacú leo.

11.

Ba cheart na nithe seo a leanas go háirithe a chuimsiú sna gealltanais agus sna cóid iompair dá dtagraítear i bpointe 10:

(a)

dioscúrsa polaitiúil cuimsitheach a spreagadh;

(b)

staonadh ó iompraíocht chúblála a chuireann luachanna, nósanna imeachta nó próisis pholaitiúil i mbaol nó a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt orthu, go háirithe:

(i)

sonraí nó ábhar falsaithe, bréagach, docsáilte nó goidte a tháirgeadh, a úsáid nó a scaipeadh, lena n-áirítear domhainbhrionnuithe a ghintear le córais intleachta saorga;

(ii)

ábhar míthreorach nó fuatha a tháirgeadh, a úsáid nó a scaipeadh;

(iii)

beartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta cúblála a úsáid chun teachtaireachtaí polaitiúla a scaipeadh nó a mhéadú;

(iv)

ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna neamhdhearbhaithe.

(c)

trédhearcacht na ranníocaíochtaí airgeadais a fhaightear a áirithiú, lena n-áirítear sochair chomhchineáil amhail bronntanais agus fáilteachas a fuarthas, iasachtaí agus ranníocaíochtaí agus caiteachas feachtais, go háirithe, síntiúis a sháraíonn uasteorainn sheasta;

(d)

trédhearcacht a bhfógraíochta polaitiúla a áirithiú, lena n-áirítear mar a mholtar i bpointe 13;

(e)

bearta gníomhacha a dhéanamh chun cibearshláinteachas maith a choinneáil, amhail seiceálacha rialta cibearshlándála, chun ionsaithe a aithint, a dhíspreagadh agus a chosc;

(f)

breathnóireacht neamhspleách a chur chun cinn maidir leis na coimitmintí a leagtar síos sna gealltanais sin agus sna cóid iompair sin.

V.   Bearta trédhearcachta maidir le cleamhnachtaí agus fógraíocht pholaitiúil

12.

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta faisnéis a sholáthar ar a suíomhanna gréasáin maidir leis na heagraíochtaí, na fondúireachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile atá cleamhnaithe leo nó atá i mbun feachtais thar a gceann.

13.

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta faisnéis a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin maidir leis an úsáid a bhaineann siad as fógraíocht pholaitiúil, lena n-áirítear faisnéis faoi na méideanna a caitheadh ar fhógraíocht pholaitiúil agus faoi na foinsí cistiúcháin a úsáidtear. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta féachaint lena áirithiú, ar bhealach deonach, gur féidir a bhfógraíocht pholaitiúil a shainaithint go soiléir mar fhógraíocht pholaitiúil, lena n-áirítear nuair a bhaineann sé le hábhar a ullmhaíodh go hinmheánach lena scaipeadh trí úsáid a bhaint as na meáin shóisialta ar líne. Ba cheart fógraíocht pholaitiúil a chur ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi chéannacht an pháirtí pholaitiúil a urraíonn an fhógraíocht agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis fhiúntach faoi spriocdhíriú na fógraíochta, agus faoi úsáid córas intleachta saorga agus an t-ábhar á ullmhú nó an fhógraíocht á scaipeadh.

VI.   Breathnóireacht toghcháin a chur chun cinn

14.

Agus a gcreat dlíthiúil agus a ngealltanais idirnáisiúnta á gcur san áireamh, moltar do na Ballstáit breathnóireacht toghchán ó shaoránaigh, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a thacaíonn le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur chun cinn, lena n-áirítear trína gclárú leis na húdaráis náisiúnta inniúla a éascú, i gcás inarb infheidhme.

15.

Ba cheart do na Ballstáit tacú le gníomhaíochtaí oiliúna do bhreathnóirí toghcháin, lena n-áirítear nuair is saoránaigh atá ina bun, chun saineolas agus cumas freagartha a fhorbairt maidir le hábhair a bhaineann le toghcháin. Ba cheart a chumhdach leis an oiliúint rannpháirtíocht grúpaí éagsúla i bpróisis thoghchánacha, míchleachtas agus calaois toghcháin, lena n-áirítear ar líne, tionchar ceilte agus neamhdhleathach a bhrath, lena n-áirítear tionchar ó thríú tíortha, agus cúbláil faisnéise, cur isteach agus bréagaisnéis.

16.

Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú, trína líonraí náisiúnta toghcháin, le heagraíochtaí breathnóirí toghchán:

(a)

feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le grinnscrúdú a dhéanamh ar phróisis toghcháin;

(b)

beartais a fhorbairt chun sláine, seasmhacht agus carachtar daonlathach na dtoghchán a chur chun cinn;

(c)

tuiscint a fháil ar an gcaoi is féidir teicneolaíochtaí nua a úsáid chun dul i ngleic le cúbláil faisnéise, cur isteach agus scaipeadh bréagaisnéise a dhéanann dochar do shaorthoghcháin chóra.

17.

Ba cheart do na Ballstáit, trína líonraí náisiúnta toghcháin, leanúint de dhea-chleachtais a mhalartú maidir le breathnóireacht toghcháin faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin.

18.

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais comhoibriú le breathnóirí toghcháin chun a ngníomhaíochtaí breathnóireachta toghcháin a éascú.

VII.   Bonneagar a bhaineann le toghcháin a chosaint agus seasmhacht a áirithiú i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha eile

19.

Ba cheart do na Ballstáit cosaint leordhóthanach a áirithiú le haghaidh an bhonneagair a bhaineann le toghcháin, lena n-áirítear trí fheasacht agus pleanáil a chur chun cinn maidir leis na teagmhais uile a bhféadfadh éifeachtaí suaiteacha suntasacha a bheith acu ar dhea-fheidhmiú na dtoghchán. Gan dochar dá n-oibleagáidí i gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir (AE) 2022/2557, moltar do na Ballstáit tús a chur láithreach le sainaithint na n-eintiteas a oibríonn bonneagar a bhaineann le toghcháin atá criticiúil chun toghcháin a eagrú agus a chur i gcrích, agus na bearta is gá a dhéanamh chun seasmhacht na n-eintiteas sin a fheabhsú agus chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann lena n-oibríochtaí.

20.

Ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh lena n-áiritheofar ullmhacht do theagmhais chibearshlándála a bhaineann le toghcháin, freagrúlacht ina leith agus téarnamh uathu, agus na ceanglais a bhunaítear le Treoir (AE) 2022/2555 á gcur san áireamh. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar an teicneolaíocht a úsáidtear i dtoghcháin a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit comhar a áirithiú idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha a bhfuil baint acu le cibearshlándáil na dtoghchán. Ba cheart dóibh feasacht a mhéadú maidir le cibearshláinteachas páirtithe polaitiúla, iarrthóirí, oifigeach toghcháin agus eintiteas eile a bhaineann le toghcháin.

21.

Ba cheart do na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh nó a thabhairt cothrom le dáta maidir le seasmhacht an bhonneagair a bhaineann le toghcháin agus na n-eintiteas a oibríonn é, maille leis na sonraí a eascraíonn as na measúnuithe riosca sin a bhailiú agus a chomhlánú, lena n-áirítear aon tástáil ábhartha ar chibear-athléimneacht a gcóras toghchánach. Ba cheart do na Ballstáit taithí a roinnt faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, agus i gcás inarb iomchuí, i seisiúin chomhpháirteacha le Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, i dtaca leis na rioscaí sainaitheanta agus na húinéirí riosca comhfhreagracha, an dóchúlacht a bhaineann leo agus a mbearta maolaithe riosca, na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus na leibhéil inghlactha riosca, agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na tástálacha a rinneadh ar bhonneagar toghchánach. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, agus i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar le Grúpa Comhair NIS, tacú le forbairt na gcomhchaighdeán agus na dteimpléad maidir le bailiú sonraí agus leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint astu.

22.

Ba cheart do na Ballstáit leanúint den úsáid is fearr is féidir a bhaint as an sásra comhpháirteach um athléimneacht thoghchánach a chuireann an Coimisiún ar fáil faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, chun dea-chleachtais agus bearta praiticiúla a mhalartú d’fhonn saorthoghcháin chóra sheasmhacha a áirithiú san Aontas lena n-áirítear i ndáil le fóiréinsic ar líne, bréagaisnéis agus cibearshlándáil toghchán agus tacaíocht fhrithpháirteach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint dá gcomhar agus dá malartú faisnéise agus dea-chleachtas sa Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus sa Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, lena n-áirítear, nuair is gá, trí chruinnithe comhpháirteacha, agus nuashonruithe, de réir mar is gá, ar an gCoimre um Chibearshlándáil na Teicneolaíochta Toghcháin, go háirithe roimh na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa.

VIII.   Faisnéis a bhaineann le toghcháin a chosaint

23.

Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an timpeallacht faisnéise maidir le toghcháin a chosaint agus chun a áirithiú go bhfaighidh vótálaithe faisnéis cheart ar bhealach tráthúil agus intuigthe.

24.

Moltar do na Ballstáit tacú le tionscadail, lena n-áirítear tionscadail ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí na meán, ó institiúidí taighde agus oideachais agus ón saol acadúil, chun forbairt a dhéanamh ar athléimneacht agus feasacht phoiblí, litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil chun aghaidh a thabhairt ar chúbláil faisnéise, cur isteach agus bréagaisnéis a bhaineann le toghcháin nó a dhéanann difear ar shlí eile do shaorthoghcháin chóra sheasmhacha. Ba cheart dóibh Clár Erasmus+ agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a chur chun cinn mar aon le deiseanna cistiúcháin faoin tsraith maidir le ról agus rannpháirtíocht na saoránach chun tacú le tionscadail den sórt sin.

25.

Ba cheart do na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do chearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha eile, tacú le tarchur teachtaireachtaí agus freagairtí gasta chun an timpeallacht faisnéise maidir le toghcháin a chosaint, agus an méid sin a éascú, amhail teachtaireachtaí a réamhbhréagnú nó cúbláil faisnéise agus bréagaisnéis faoi nósanna imeachta toghcháin a bhréagnú. Ba cheart do na Ballstáit oiliúint a fhorbairt freisin d’údaráis toghcháin agus d’údaráis ábhartha eile chun an timpeallacht faisnéise a bhaineann le toghcháin a chosaint agus chun ullmhacht a áirithiú chun bréagaisnéis faoi thoghcháin a bhrath, a réamhbhréagnú agus a bhréagnú. I ndáil leis an méid sin, maidir le ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as uirlisí atá ann cheana amhail an bosca uirlisí um Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis chun freagairtí iomchuí a phlé agus chun tacú le malartú tapa faisnéise, lena n-áirítear faoi chuimsiú an Chórais Mear-Rabhaidh.

26.

Ba cheart do na Ballstáit, trína líonraí náisiúnta toghcháin, comhar a éascú ar an leibhéal náisiúnta leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear de réir mar is ábhartha leis an tsochaí shibhialta, chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta a thuilleadh chun rioscaí ionramhála faisnéise, cur isteach agus bréagaisnéise i bpróisis thoghchánacha a shainaithint, a mhaolú agus a bhainistiú. Ba cheart do na Ballstáit comhar a éascú freisin idir líonraí náisiúnta toghcháin agus ardáin na meán maidir le foinsí faisnéise fíoraithe a bhaineann le nósanna imeachta toghcháin chun feabhas a chur ar scaipeadh faisnéise iontaofa agus chun srian a chur le scaipeadh ábhair mhíchruinn nó chúbláilte thart ar thoghcháin. Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar thacaíocht breise a thabhairt d’eagraíochtaí neamhspleácha a dhéanann seiceáil ar na meáin agus ar na fíorais ina gcuid gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar ionramháil faisnéise agus ar bhréagaisnéis le linn tréimhsí toghcháin.

27.

Ba cheart do na Ballstáit caighdeáin choiteanna a fhorbairt le haghaidh comhair maidir le faisnéis faoi thoghcháin a chosaint faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, lena n-áirítear i ndlúthchomhar leis an gCóras Mear-Rabhaidh maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an sásra comhpháirteach um an athléimneacht thoghchánach chun saineolas a mhalartú maidir le cosaint na timpeallachta faisnéise maidir le toghcháin agus chun malartuithe tiomnaithe a eagrú ina mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit a bhfuil dúshláin chomhchosúla acu mar gheall ar a suíomh geografach nó leochaileachtaí eile.

IX.   Bearta maidir le cistiú ó thríú tíortha le haghaidh páirtithe polaitiúla, fondúireachtaí polaitiúla, feachtais toghcháin agus iarrthóirí

28.

Chun an riosca a íoslaghdú go gcuirfeadh tríú tíortha isteach ar ghníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla náisiúnta, fondúireachtaí polaitiúla, iarrthóirí polaitiúla agus eagraíochtaí feachtais, ba cheart do na Ballstáit bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ina reachtaíocht agus i mbearta rialála eile a bhaineann le síntiúis agus cistiú eile ó thríú tíortha a shainaithint. Ar an mbonn sin agus de réir mar is gá, moltar do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí den sórt sin, go háirithe trí thrédhearcacht síntiús agus cistithe eile a chur chun cinn agus trí shíntiúis suas go méid áirithe a theorannú nó trí shíntiúis a thoirmeasc do pháirtithe polaitiúla náisiúnta, d’fhondúireachtaí polaitiúla, d’iarrthóirí polaitiúla, d’eagraíochtaí feachtais agus, de réir mar is ábhartha, do ghluaiseachtaí polaitiúla, nuair a thagann na síntiúis sin ó thríú tíortha agus ó eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó ó náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghcháin náisiúnta. Leis na bearta dá dtagraítear sa phointe seo, ba cheart prionsabal na comhréireachta, luachanna daonlathacha agus cearta bunúsacha a urramú go hiomlán.

29.

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla agus dá n-eintitis chleamhnaithe measúnú a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn as síntiúis ó thríú tíortha agus as síntiúis a d’fhéadfadh a bheith nasctha le gníomhaíocht choiriúil lena n-áirítear éilliú, sciúradh airgid agus coireacht eagraithe. Ba cheart feachtais toghcháin agus sainaithint deontóirí a chumhdach leis an measúnú sin. Ba cheart dó aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar shaorthoghcháin chóra agus ba cheart bearta a áireamh ann chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta.

30.

Moltar do na Ballstáit caighdeáin choiteanna a shainaithint, faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, caighdeáin choiteanna le haghaidh síntiúis agus tacaíocht eile ó thríú tíortha do pháirtithe polaitiúla náisiúnta, d’fhondúireachtaí polaitiúla agus d’eagraíochtaí feachtais, lena n-áirítear feabhas a chur ar mhaoirseacht na n-oibleagáidí atá ann cheana maidir le síntiúis agus tacaíocht den sórt sin.

X.   Rochtain éasca ar chearta toghchánacha a chur chun cinn i gcás toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

31.

Ba cheart do na Ballstáit, i bhfad roimh laethanta na dtoghchán, tionscnaimh a chur chun cinn, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, arb é is aidhm dóibh inrochtaineacht toghcháin agus rannpháirtíocht pholaitiúil a mhéadú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin tionscnaimh múscailte feasachta, feachtais faisnéise agus for-rochtain eile trí ardáin agus cainéil a úsáideann grúpaí éagsúla saoránach, comhdhálacha nó díospóireachtaí, mar shampla trí mhalartuithe a chur chun cinn idir saoránaigh an Aontais maidir le hábhair a bhaineann leis an Aontas chun tuiscint níos fearr ar pheirspictíochtaí éagsúla a chothú. Ba cheart béim ar leith a leagan ar dhaoine óga, go háirithe vótálaithe céaduaire, agus ar aghaidh a thabhairt ar na bacainní a chuireann srian ar na deiseanna atá ag baill de ghrúpaí éagsúla vótáil agus seasamh mar iarrthóir. Ba cheart faisnéis faoi thoghcháin, lena n-áirítear a bhfoirm agus a n-inneachar, a oiriúnú do riachtanais speisialta na ngrúpaí éagsúla sin.

32.

Moltar do na Ballstáit uaireanta vótála a bheith i bhfeidhm acu ar feadh i bhfad chun freastal ar riachtanais an oiread vótálaithe agus is féidir agus cabhrú lena áirithiú gur féidir leis an líon is mó daoine a gceart vótála a fheidhmiú.

33.

Roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun feasacht saoránach soghluaiste den Aontas a mhéadú maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí toghchánacha, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon. Moltar do na Ballstáit dálaí a chruthú inar féidir le saoránaigh shoghluaiste den Aontas rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis maidir le dul chun cinn agus stádas a gcláraithe. I gcás ina bhfuil údaráis áitiúla inniúil chun saoránaigh shoghluaiste den Aontas a chur ar rolla na dtoghthóirí, moltar do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun tacú leis na húdaráis sin, lena n-áirítear trí threoraíocht riaracháin, ina ngníomhaíochtaí chun saoránaigh shoghluaiste den Aontas a chur ar an eolas faoina gcearta toghchánacha faoi dhlí an Aontais. I gcomhréir lena rialacha toghchánacha, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh freisin chun a saoránaigh atá ina gcónaí i dtríú tíortha a chur ar an eolas faoin gcaoi agus faoin áit ar féidir leo a gceart vótála a fheidhmiú.

34.

Moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le roghnú teanga atá leathan go leor chun an próiseas toghchánach a mhíniú do vótálaithe.

XI.   Gné Eorpach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú

35.

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iarrthóirí a fhógairt agus tús a chur le feachtasaíocht i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 6 seachtaine ar a laghad roimh lá an toghcháin.

36.

Ba cheart do na Ballstáit soláthar faisnéise don phobal maidir leis an gcleamhnacht idir páirtithe polaitiúla náisiúnta agus páirtithe polaitiúla Eorpacha a spreagadh agus a éascú roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus lena linn. D’fhéadfaidís déanamh amhlaidh trí chleamhnacht den sórt sin a chur in iúl ar na ballóidí agus trí thacú le scaipeadh na faisnéise sin ag na húdaráis inniúla ábhartha.

37.

Moltar do pháirtithe polaitiúla náisiúnta atá rannpháirteach i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a chur in iúl go poiblí roimh thús an fheachtais toghcháin cén páirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil siad cleamhnaithe nó atá siad i mbun cleamhnachta leis. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla náisiúnta bearta a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh cur leis an eolas atá ag a gcomhaltaí ar na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

38.

Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta iomchuí chun cabhrú le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus grúpaí polaitiúla de chuid Pharlaimint na hEorpa a bhfeachtais a dhéanamh i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

XII.   Aghaidh a thabhairt ar an mbaol a bhaineann le hilvótáil sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

39.

In am trátha roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar do shaoránaigh shoghluaiste den Aontas faoi na rialacha agus na smachtbhannaí a bhaineann leis an ilvótáil.

40.

Más rud é, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, go mbaintear saoránach de rolla toghthóirí Ballstáit chun vótáil i mBallstát eile, ba cheart don chéad Bhallstát, ag an am céanna, féachaint le bearta a dhéanamh chun a sheachaint go ndéanfadh baint den sórt sin difear do chlárú an tsaoránaigh sin i rollaí toghthóirí do thoghcháin náisiúnta.

XIII.   Neartú ar líonraí toghcháin, comhar toghchánach agus tuairisciú

41.

Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun comhar a chur chun cinn agus a mhéadú laistigh de líonraí náisiúnta toghcháin, chun saorthoghcháin chóra sheasmhacha a chothú. Ba cheart do chomhaltaí de líonraí náisiúnta toghcháin faisnéis a mhalartú maidir le saincheisteanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na toghcháin, lena n-áirítear trí bhagairtí agus bearnaí a shainaithint go comhpháirteach agus trí thorthaí agus saineolas a chomhroinnt. D’fhéadfadh líonraí náisiúnta toghcháin dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara eile amhail taighdeoirí, lucht acadúil, breathnóirí toghcháin agus cosantóirí chearta an duine chun na críche sin. Ba cheart do líonraí náisiúnta toghchán idirchaidreamh a dhéanamh le Parlaimintí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit tacú le líonraí náisiúnta toghcháin trí acmhainní agus modhanna leordhóthanacha a thabhairt dóibh agus trína áirithiú go bhfuil an creat is gá acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh.

42.

Roimh thoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart do na Ballstáit comhar a neartú maidir le hábhair a bhaineann le toghcháin faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, lena n-áirítear trí shruthanna oibre oibríochtúla lena dtugtar aghaidh ar chistiú ceilte ó thríú tíortha, agus ar ghníomhaíochtaí agus straitéisí múscailte feasachta, i measc saincheisteanna eile. Moltar do na Ballstáit leanúint de dhea-chleachtais agus de dhearcthaí a mhalartú maidir le feidhmiú na gceart toghchánach a chur chun cinn agus tacú le stiúradh daonlathach toghchán agus le hardráta vótála i dtoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa agus ina dhiaidh sin.

43.

Tionólfaidh an Coimisiún, de réir mar is ábhartha, plé faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, i ndlúthchomhar le líonraí Eorpacha ábhartha eile, lena n-áirítear an Córas Mear-Rabhaidh maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fháisnéis, agus Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar de réir an Mholta seo.

44.

Iarrtar ar na Ballstáit faisnéis a tharchur, laistigh de 6 mhí tar éis thoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa, maidir le stiúradh na dtoghchán sin ar a gcríoch, lena n-áirítear faisnéis faoi na bearta lena gcuirtear an Moladh seo chun feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis ábhartha maidir le breathnóireacht toghcháin ag saoránaigh.

45.

Ag tosú le 2025, uair sa bhliain, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme an Mholta seo faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin.

46.

Tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin tar éis thoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa, agus an fhaisnéis arna tarchur ag na Ballstáit i gcomhréir le pointe 44 á cur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar an Mholta seo i gcomhthéacs Thuarascáil an Choimisiúin maidir le toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Didier REYNDERS

Comhalta den Choimisiún


(1)  Moladh ón gCoimisiún maidir le líonraí comhair um thoghcháin, trédhearcacht ar líne, cosaint in aghaidh teagmhais chibearshlándála agus feachtais bhréagaisnéise a chomhrac i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, C(2018) 5949, 12.9.2018, https://commission.europa.eu/system/files/2018-09/soteu2018-cybersecurity-elections-recommendation-5949_en.pdf.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach, COM(2020) 790 final, 3.12.2020, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2020%3A790%3AFIN.

(3)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla, COM(2021) 731 final, 25.11.2021, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52023PC0148.

(4)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú) COM(2021) 734 final, 25.11.2021, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0734.

(5)  Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú), COM(2021) 732 final, 25.11.2021 agus Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú), COM (2021) 733 final, 25.11.2021, https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/policies/justice-and-fundamental-rights/eu-citizenship/democracy-and-electoral-rights_en.

(6)  An Chomhairle Eorpach, Coimisiún na Veinéise, an 30 Deireadh Fómhair 2002, Cód Dea-chleachtais maidir le hábhair thoghcháin, arna ghlacadh ag Coimisiún na Veinéise ag an 51ú agus ag an 52ú seisiún dá chuid, https://rm.coe.int/090000168092af01.

(7)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2102/oj).

(8)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(10)  https://commission.europa.eu/document/b0898ba3-c7ad-4af5-8467-5e23a0469a78_en.

(11)  Iarscríbhinn I a ghabhann le Ráiteas 2/2019 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le húsáid sonraí pearsanta le linn feachtais pholaitiúla, arna ghlacadh an 13 Márta 2019.

(12)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Tuarascáil ar thoghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, COM(2020) 252 final, 19.6.2020, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020DC0252.

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, ‘Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, COM(2020) 620 final, 7.10.2020, https://commission.europa.eu/system/files/2021-01/eu_roma_strategic_framework_for_equality_inclusion_and_participation_for_2020_-_2030_0.pdf.

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an chiníochais 2020-2025, COM(2020) 565 final, 18.9.2020, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2020%3A0565%3AFIN.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025, COM(2020) 152 final, 5.3.2020, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2020:152:FIN.

(16)  An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, tuarascáil 2023 maidir le comhionannas inscne san Aontas Eorpach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2838/4966.

(17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas an Chomhionannais: An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, COM(2021)101 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A52021DC0101.

(18)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid An Choimisiúin: Treoir maidir le dea-chleachtais thoghchánach i mBallstáit lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht saoránach faoi mhíchumas sa phróiseas toghchánach, SWD(2023) 408 final, https://commission.europa.eu/document/66b9212e-e9b0-409d-88a3-c0e505a5e670_ga.

(19)  Na Náisiúin Aontaithe, 27 Deireadh Fómhair 2005, an Dearbhú Prionsabal maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán, https://www.eeas.europa.eu/eeas/declaration-principles-international-election-observation_en?s=328.

(20)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(21)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).

(22)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 COM(2022)454 final, 15.9.2022, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52022PC0454.

(23)  Moladh CM/Rec(2017)5 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le caighdeáin don vótáil leictreonach, arna ghlacadh ag Coiste na nAirí an 14 Meitheamh 2017 ag an 1289ú cruinniú de chuid Ionadaithe na nAirí.

(24)  Treoirlínte Choiste na nAirí maidir le húsáid theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) i bpróisis thoghchánacha i mBallstáit Chomhairle na hEorpa (a ghlac an Coiste Eorpach um Dhaonlathas agus Rialachas an 9 Feabhra 2022 ag an 1424ú cruinniú de Choiste na nAirí).

(25)  Cód Cleachtais neartaithe maidir leis an mbréagaisnéis (2022), https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/code-practice-disinformation.

(26)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (gníomh um an intleacht shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais, COM(2021)206 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021PC0206.

(27)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/692/oj).

(28)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj).

(29)  Moladh (AE) 2018/234 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2018 maidir le feabhas a chur ar an ngné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil thoghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, (IO L 45, 17.2.2018, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2018/234/oj).

(30)   Commission Decision of 3.2.2014 on establishing the European Regulators Group for Audiovisual Media Services [Cinneadh ón gCoimisiún an 3.2.2014 maidir le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc a bhunú], C(2014) 462 final.

(31)   Joint Communication to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions Action Plan against Disinformation [Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise], JOIN(2018) 36 final, https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/586157e5-923f-11e9-9369-01aa75ed71a1.

(32)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1141/2018-05-04).

(33)  An Chomhairle Eorpach, Moladh Rec(2003)4 an 8 Aibreán 2003 ón gCoiste Airí chuig na Ballstáit maidir le comhrialacha in aghaidh an éillithe i gcistiú páirtithe polaitiúla agus feachtas toghcháin, https://rm.coe.int/16806cc1f1.

(34)  Coimisiún na Veinéise, Treoirlínte agus Tuarascáil maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla, arna nglacadh ag a 46ú Seisiún Iomlánach, CDL-INF(2001)8, https://www.venice.coe.int/webforms/documents/?pdf=CDL-INF(2001)008-e.

(35)  Cuireann Meitheal ECFE na nOifigeach Sinsearach um Ionracas Poiblí chun cinn ceapadh agus cur chun feidhme beartas ionracais agus frithéillithe a thacaíonn leis an dea-rialachas. Tá sé d’aidhm acu freisin luachanna, creidiúnacht agus inniúlacht na n-institiúidí a bhfuil baint acu le próisis ceaptha beartas a neartú. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar: https://www.oecd.org/corruption/ethics/working-party-of-senior-public-integrity-officials.htm

(36)  Bhunaigh An Chomhairle Eorpach an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha frith-éillithe na Comhairle ag Stáit.

(37)   Report from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the Application of Directive 94/80/EC on the right to vote and to stand as a candidate in municipal election [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir 94/80/CE maidir leis an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha], COM(2018)44 final, 25.1.2018, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/?uri=CELEX%3A52018DC0044.

(38)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, EU citizenship report 2020 – Empowering citizens and protecting their rights [Tuarascáil 2020 ar shaoránacht an Aontais Eorpaigh – Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020, https://data.europa.eu/doi/10.2775/559516.

(39)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj)

(40)  Sainghrúpa ar chúrsaí toghcháin – An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha (E00617), https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=ga&do=groupDetail.groupDetail&groupID=617


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2829/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)