European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2827

14.12.2023

CINNEADH (AE, Euratom) 2023/2827 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tráth atá gníomh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, ní mór a fhíorú gurb ionann na Ballstáit a seasann an tromlach cáilithe dóibh agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.

(2)

Déantar an céatadán sin a ríomh de réir na bhfigiúirí daonra a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (‘na Rialacha Nós Imeachta’) (1).

(3)

Le hAirteagal 11(6), foráiltear de na Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an Chomhairle, le héifeacht ón 1 Eanáir gach bliain, chun na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a leasú, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil d’Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh an 30 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leasú dá réir don bhliain 2024.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta:

‘IARSCRÍBHINN III

Na figiúirí a bhaineann le daonra an Aontais agus daonra gach Ballstáit i gcás chur chun feidhme na bhforálacha maidir le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle

An Ballstát

Daonra

Céatadán de dhaonra an Aontais (%)

an Ghearmáin

84 311 244

18,72

an Fhrainc

68 070 697

15,11

an Iodáil

59 691 110

13,25

an Spáinn

48 063 694

10,67

an Pholainn

37 723 532

8,37

an Rómáin

19 051 562

4,23

an Ísiltír

17 956 453

3,99

an Bheilg

11 754 004

2,61

an tSeicia

10 833 385

2,40

an tSualainn

10 541 000

2,34

an Phortaingéil

10 516 621

2,33

an Ghréig

10 415 585

2,31

an Ungáir

9 599 744

2,13

an Ostair

9 087 000

2,02

an Bhulgáir

6 498 567

1,44

an Danmhairg

5 921 952

1,31

an Fhionlainn

5 593 070

1,24

an tSlóvaic

5 454 629

1,21

Éire

5 194 336

1,15

an Chróit

3 850 894

0,85

an Liotuáin

2 857 279

0,63

an tSlóivéin

2 116 972

0,47

an Laitvia

1 883 008

0,42

an Eastóin

1 365 884

0,3

an Chipir

920 701

0,2

Lucsamburg

658 278

0,15

Málta

542 051

0,12

EU 27

450 473 252

 

Tairseach (65 %)

292 807 614

 

‘.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2827/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)