European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2824

18.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2824 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Nollaig 2023

lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Emilia-Romagna’ (ATFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Iodáil ar aghaidh an t-ainm ‘Emilia-Romagna’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Emilia-Romagna’ a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Emilia-Romagna’ (ATFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO C 305, 29.8.2023, lch. 9.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2824/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)