|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2823 |
15.12.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2823 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh in Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/861
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2002/738/CE ón gComhairle (1), thug an tAontas an Coinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (Coinbhinsiún SEAFO) i gcrích, lenar bunaíodh Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO). |
|
(2) |
Tá Coimisiún SEAFO freagrach as bearta a ghlacadh a cheaptar chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach acmhainní iascaigh i Limistéar Choinbhinsiún SEAFO a áirithiú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta mar sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuireann siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh. |
|
(4) |
I gcomhréir leis na Teachtaireachtaí ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] , Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] agus A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú. Maidir leis an athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta, ní bheidh baol iontu d’infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne. |
|
(5) |
Déantar tagairt sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol. |
|
(6) |
Leagtar béim sa Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] ar a thábhachtaí atá cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí faoi ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Sa cháil sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún SEAFO a leagan síos don tréimhse ó 2024 go 2028, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe SEAFO a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (cé) Uimh. 1005/2008 (3) agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4); agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(8) |
Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún SEAFO le Cinneadh (AE) 2019/861 ón gComhairle (6). Is iomchuí an Cinneadh (AE) sin a aisghairm agus Cinneadh nua lena gcumhdófaí an tréimhse 2024 go 2028. A chur ina ionad. |
|
(9) |
I bhfianaise nádúr athraitheach na n-acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún SEAFO, agus an ghá atá ann dá bharr go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe SEAFO nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais don tréimhse ó 2024 go 2028, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO).
Airteagal 2
I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe Choimisiún SEAFO.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil Choimisiún SEAFO in 2029 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Leis seo, déantar Cinneadh (AE) 2019/861 a aisghairm.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PLANAS PUCHADES
(1) Cinneadh 2002/738/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2002 maidir le tabhairt i gcrích, ag an gComhphobal Eorpach, an Coinbhinsiún um chaomhnú agus um bainistiú acmhainní iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (IO L 234, 31.8.2002, lch. 39).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán(CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(6) Cinneadh (AE) 2019/861 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh in Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO), agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 12 Meitheamh 2014 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, in SEAFO (IO L 140, 28.5.2019, lch. 38).
IARSCRÍBHINN I
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO)
1. PRIONSABAIL
Faoi chuimsiú SEAFO, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlactar in SEAFO comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le Coinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt; |
|
(b) |
cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint; |
|
(c) |
rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mBithéagsúlacht – an gá atá le gníomhaíocht phráinneach, leis na Conclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2021 maidir le hEoraip aeráid-díonach a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, go háirithe maidir le cosaint an dúlra, agus leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan; |
|
(d) |
gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh; |
|
(e) |
a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh; |
|
(f) |
a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na n-Aigéan maidir le haigéin agus farraigí atá sábháilte, slán, agus sláintiúil agus a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí; |
|
(g) |
oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn chéim ullmhúcháin bhearta SEAFO agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar in SEAFO i gcomhréir le cuspóirí Choinbhinsiún SEAFO; |
|
(h) |
seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun cinn; |
|
(i) |
comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, na fostaíochta, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta; |
|
(j) |
díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SEAFO, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn; |
|
(k) |
comhordú idir SEAFO, ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha agus comhar le heagraíochtaí domhanda, de réir mar is infheidhme, laistigh dá sainorduithe a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí; |
|
(l) |
sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna neamhthuinnín ar nós an phróisis dá ngairtear ‘Kobe’ le haghaidh ERBInna tuinnín. |
2. TREOIRLÍNTE
I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas ag SEAFO:
|
(a) |
bearta chun caomhnú agus athbhunú na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta; |
|
(b) |
bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i Limistéar Choinbhinsiún SEAFO bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht in iascaigh ina mbuantar beo-acmhainní bitheolaíocha na mara arna rialú ag SEAFO, lena mbainfí amach an uastáirgeacht inbhuanaithe. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistíochta sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil; |
|
(c) |
bearta chun bailiú sonraí, taighde eolaíoch agus cinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun, a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh; |
|
(d) |
bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i Limistéar Choinbhinsiún SEAFO a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n-áirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil; |
|
(e) |
bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i Limistéar Choinbhinsiún SEAFO chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh in SEAFO a áirithiú, lena n-áirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trasloingsiú; |
|
(f) |
bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i Limistéar Choinbhinsiún SEAFO i gcomhréir le Coinbhinsiún SEAFO agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha; |
|
(g) |
bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena n-áirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh mar sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil; |
|
(h) |
bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr; |
|
(i) |
i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht; |
|
(j) |
cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis; |
|
(k) |
bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid SEAFO. |
|
(l) |
bearta atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia. |
IARSCRÍBHINN II
Sonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe d’Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas
Roimh gach cruinniú de Choimisiún SEAFO, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontas, déanfar na bearta is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh gach cruinniú de Choimisiún SEAFO, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú.
Más rud é, le linn cruinniú de Choimisiún SEAFO, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, chun go gcuirfear gnéithe nua san áireamh i seasamh an Aontais, déanfar an t-ábhar a chur chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2823/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)