|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2820 |
18.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2820 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2023
lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha talmhaíochta atá buailte ag tubaistí nádúrtha sa Ghréig agus sa tSlóivéin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465 ón gCoimisiún (2), soláthraíodh tacaíocht airgeadais éigeandála do roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Ghréig agus an tSlóivéin, le haghaidh na n-earnálacha talmhaíochta atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta, lena n-áirítear drochtheagmhais mheitéareolaíocha áirithe. Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, tharla tubaistí nádúrtha díobhálacha eisceachtúla nua le déanaí a bhfuil tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta sa Ghréig agus sa tSlóivéin. |
|
(2) |
Le linn mhí Lúnasa agus mhí Mheán Fómhair 2023, rinne falscaithe difear do chodanna den Ghréig, falscaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus ina dhiaidh sin rinne tuilte difear dóibh a chuir isteach go mór ar thalamh talmhaíochta na réigiún atá buailte. |
|
(3) |
Idir an 3 agus an 4 Lúnasa 2023, thit méideanna urghnácha báistí sa tSlóivéin agus tharla stoirmeacha uafásacha as ar eascair sciorrthaí talún agus tuilte a raibh tionchar diúltach acu ar chuid mhór de thalamh talmhaíochta an Bhallstáit sin. |
|
(4) |
Cé go bhfuil an chosúlacht air go dtarlaíonn teagmhais chosúla i gcomhthéacs foriomlán rioscaí méadaitheacha don talmhaíocht de dheasca an athraithe aeráide, bhí déine na dteagmhas sa Ghréig agus sa tSlóivéin neamhghnách. |
|
(5) |
Leis an damáiste mór a rinne na teagmhais sin do tháirgeoirí talmhaíochta agus an caillteanas ioncaim a tháinig astu a d’fhulaing na feirmeoirí sa Ghréig agus sa tSlóivéin atá buailte, cuirtear inmharthanacht eacnamaíoch gabháltas talmhaíochta i mbaol. |
|
(6) |
Faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465, fuair an Ghréig agus an tSlóivéin cabhair chun díriú ar thionchar fadhbanna sonracha ar tháirgeoirí talmhaíochta. Mar sin féin, ní leor an chabhair sin i bhfianaise mhéid agus dhéine an damáiste a rinneadh do tháirgeoirí de dheasca na dteagmhas meitéareolaíoch eisceachtúil a tharla le linn shamhradh 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, beart eisceachtúil nua a ghlacadh chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha tar éis na dteagmhas sin. |
|
(7) |
Is fadhb shonrach iad na deacrachtaí a luadh de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi go héasca le bearta a dhéantar de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin. Níl baint shonrach ag an staid le suaitheadh uathúil sa mhargadh a sainaithníodh nó le bagairt shonrach suaite. Níl baint aici ach oiread le bearta a ndéanfadh leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar rioscaí sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí. |
|
(8) |
Ba cheart na méideanna a chuirtear ar fáil don Ghréig agus don tSlóivéin a chinneadh agus aird á tabhairt go háirithe ar ualú na Gréige agus na Slóivéine faoi seach in earnáil talmhaíochta an Aontais, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ard á tabhairt freisin ar thionchar na dteagmhas a tharla le déanaí sna Ballstáit sin. |
|
(9) |
Ba cheart don Ghréig agus don tSlóivéin an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid na ndeacrachtaí agus na ndamáistí eacnamaíocha a bhfuil aghaidh á tabhairt ag na feirmeoirí lena mbaineann orthu. Ba cheart dóibh a áirithiú gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh agus go seachnófar aon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht. |
|
(10) |
Ós rud é nach rachadh na méideanna a leithdháiltear ar an nGréig agus ar an tSlóivéin i ngleic ach i bpáirt leis na deacrachtaí eacnamaíocha atá ag feirmeoirí, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú do tháirgeoirí, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(11) |
Chun an tsolúbthacht a thabhairt don Ghréig agus don tSlóivéin an chabhair a dháileadh de réir mar a éilítear le himthosca na bhfeirmeoirí, ba cheart cead a bheith ann í a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, gan róchúiteamh a dhéanamh leis na feirmeoirí. |
|
(12) |
Chun an róchúiteamh a sheachaint, ba cheart don Ghréig agus don tSlóivéin a chur san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann. |
|
(13) |
Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh an Ghréig agus an tSlóivéin faoin mbeart eisceachtúil sin a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc faoin 31 Bealtaine 2024. |
|
(14) |
Ba cheart don Ghréig agus don tSlóivéin faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
|
(15) |
Chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur ar a gcumas don Ghréig agus don tSlóivéin an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(16) |
Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 43 082 500 ar fáil don Ghréig agus beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 8 585 500 ar fáil don tSlóivéin chun tacaíocht eisceachtúil a sholáthar d’fheirmeoirí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Úsáidfidh an Ghréig agus an tSlóivéin na méideanna dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na mbeart arb é is aidhm dóibh cúiteamh a thabhairt do na feirmeoirí is mó atá buailte a chúiteamh as na caillteanais eacnamaíocha a bhfuil tionchar acu ar a n-inmharthanacht.
3. Déanfar na bearta ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirfear san áireamh na caillteanais eacnamaíocha a sheas na feirmeoirí atá buailte agus lena n-áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh astu ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.
4. Áiritheoidh an Ghréig agus an tSlóivéin, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas, go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.
5. Caiteachas a sheasfaidh an Ghréig agus an tSlóivéin dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 31 Bealtaine 2024.
6. Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
7. Féadfaidh an Ghréig agus an tSlóivéin tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi mhír 2 suas le huasmhéid 200 % de na méideanna faoi seach a leagtar amach i mír 1, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht, ná le róchúiteamh.
8. Chun an róchúiteamh a sheachaint, agus tacaíocht á deonú faoin Rialachán seo, cuirfidh an Ghréig agus an tSlóivéin san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann.
Airteagal 2
1. Tabharfaidh an Ghréig agus an tSlóivéin fógra don Choimisiún, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 29 Feabhra 2024, faoin méid seo a leanas i ndáil le bearta arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 1:
|
(a) |
tuairisc ar na bearta atá le déanamh; |
|
(b) |
na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach a chinneadh agus an réasúnaíocht i dtaca leis an gcabhair a dháileadh ar fheirmeoirí; |
|
(c) |
an tionchar atá beartaithe leis na bearta d’fhonn feirmeoirí a chúiteamh as caillteanais eacnamaíocha; |
|
(d) |
na bearta a rinneadh lena fhíorú go mbainfear amach leis na bearta an tionchar atá beartaithe; |
|
(e) |
na bearta a rinneadh chun an saobhadh ar an iomaíocht agus an róchúiteamh a sheachaint; |
|
(f) |
an réamhaisnéis maidir le híocaíochtaí chaiteachas an Aontais arna miondealú in aghaidh na míosa go dtí an 31 Bealtaine 2024; |
|
(g) |
leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 1(7); |
|
(h) |
na bearta a rinneadh chun incháilitheacht feirmeoirí a rialú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. |
2. Tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2024, tabharfaidh an Ghréig agus an tSlóivéin fógra don Choimisiún faoi na méideanna iomlána a íocadh in aghaidh an bhirt, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir na cabhrach náisiúnta breise, mar aon le líon agus cineál na dtairbhithe agus an measúnú ar éifeachtacht an bhirt.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta (IO L 180, 17.7.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1465/oj).
(3) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2820/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)