European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2819

18.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2819 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 7 Nollaig 2023

maidir le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh d’íoc ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/138 (BCE/2020/4) (BCE/2023/32)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 28.3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2019/44 ón Bhanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/4) (1) rinneadh cinneadh maidir le cineál agus méid na hoibleagáide ar bhainc cheannais náisiúnta (BCNanna) na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (‘BCNanna an limistéir euro’) caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a íoc ón 1 Feabhra 2020.

(2)

Déantar foráil i gCinneadh (AE)2023/2811 ón Bhanc Ceannais Eorpach (ECB/2023/31) (2) do choigeartú an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh (dá ngairtear an ‘scála caipitil’ anseo feasta) i gcomhréir le hAirteagail 29.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus leagtar síos sa Chinneadh sin le héifeacht ón 1 Eanáir 2024 na hualaithe nua arna sannadh do gach BCN sa scála caipitil coigeartaithe (dá ngairfear na ‘hualaithe sa scála caipitil’ anseo feasta).

(3)

Maidir leis an coigeartú i gceann tréimhse chúig bliana a rinneadh ar scála caipitil BCE, éilíonn sé cinneadh nua ó BCE lena ndéanfar Cinneadh (AE) 2018/138 (BCE/2020/4) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2024 agus lena ndéanfar cinneadh maidir le cineál agus méid na hoibleagáide ar BCNanna de chuid an limistéir euro caipiteal BCE a íoc ón 1 Eanáir 2024,

TAR ÉIS AN CHINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Méid agus foirm an chaipitil íoctha is suibscríofa

Íocfaidh gach BCN sa limistéar euro a shuibscríobh le caipiteal BCE ina iomláine le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.

Agus na heochair-ualuithe caipitil a leagtar amach in Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2023/2811 (BCE/2023/31) á gcur san áireamh, beidh caipiteal suibscríofa agus íoctha iomlán ag gach BCN sa limistéar euro arb ionann é agus an méid a thaispeántar taobh lena ainm sa tábla seo a leanas:

(EUR)

BCN an limistéir euro

 

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique

324 804 337,12

Deutsche Bundesbank

2 357 134 464,40

Eesti Pank

26 380 542,23

Central Bank of Ireland/Banc Ceannais na hÉireann

192 804 200,92

Bank of Greece

199 981 180,60

Banco de España

1 046 669 933,56

Banque de France

1 770 700 531,41

Hrvatska narodna banka

68 511 469,74

Banca d’Italia

1 418 000 151,07

Central Bank of Cyprus

19 506 662,74

Latvijas Banka

34 304 447,40

Lietuvos bankas

52 241 484,12

Banque centrale du Luxembourg

32 215 221,04

Central Bank of Malta

11 398 732,44

De Nederlandsche Bank

522 912 791,50

Oesterreichische Nationalbank

261 694 545,91

Banco de Portugal

205 826 684,42

Banka Slovenije

43 743 853,57

Národná banka Slovenska

101 787 541,48

Suomen Pankki

160 783 830,00

Airteagal 2

Caipiteal íoctha na suibscríbhinne a choigeartú

1.   Ós rud é go bhfuil láníocaíocht ar a scair de chaipiteal suibscríofa BCE déanta ag gach BCN de chuid an limistéir euro mar is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi Chinneadh (AE) 2020/138 (BCE/2020/4), aistreoidh gach ceann acu méid breise chuig BCE nó gheobhaidh siad méid ar ais ó BCE, de réir mar is iomchuí, chun na suimeanna a luaitear sa tábla in Airteagal 1 a shroichint.

2.   Déanfar gach aistriú i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/[XX*] ón Bhanc Ceannais Eorpach (ECB/2023/33) (3).

Airteagal 3

Aisghairm

1.   Déantar Cinneadh (AE) 2020/138 (BCE/2020/4) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.

2.   Déanfar tagairtí do Chinneadh (AE) 2020/138 (BCE/2020/4) a léiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 7 Nollaig 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Cinneadh (AE) 2020/138 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2020 maidir le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh d’ íoc ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/44 (BCE/2020/4) (IO L 27I, 1.2.2020, lch. 6).

(2)  Cinneadh (AE) 2023/2811 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Nollaig 2023 maidir le scaireanna céatadáin na mbanc ceannais náisiúnta san eochair le haghaidh suibscríobh le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/137 (BCE/2020/3) (BCE/2023/31) ([IO L, 2023/2811, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2811/oj]).

(3)  Cinneadh (AE) 2023/2817 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Nollaig 2023 lena leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le scairchaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a aistriú idir na bainc cheannais náisiúnta agus maidir leis an gcaipiteal íoctha a choigeartú agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/139 (BCE/2020/5) (BCE/2023/33) (IO L 2023/2817, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2817/oj).)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2819/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)