|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2809 |
22.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2809 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 230(1) agus 232(1) agus (3) de
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi 12 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta (4), British Columbia (3), Manitoba (1), Quebec (2), agus Saskatchewan (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 9 Samhain 2023 agus an 5 Nollaig 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(6) |
Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Albain, ar Oileáin Orkney, ráig a deimhníodh an 22 Samhain 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(7) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi sé ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Arkansas (1), California (3), Nua-Eabhrac (1) agus South Dakota (1) , ráigeanna a deimhníodh idir 7 Nollaig 2023 agus an 13 Nollaig 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(8) |
Tar éis na ráigeanna sin le déanaí den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(9) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint. |
|
(11) |
Ina theannta sin, chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(12) |
Chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i gcúigí Alberta (1), Quebec (1), agus Saskatchewan (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 25 Deireadh Fómhair 2023 agus an 31 Deireadh Fómhair 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(13) |
Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i dturcaithe in Lincolnshire, Sasana, ráig a deimhníodh an 9 Samhain 2023. |
|
(14) |
Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit Minnesota agus South Dakota, ráigeanna a deimhníodh an 3 Samhain 2023 agus an 25 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(15) |
Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme acu chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríocha. |
|
(16) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe isteach agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le fionraí teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann sna tríú tíortha sin mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. |
|
(18) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis na tríú tír sin a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2809/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)