|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2799 |
12.12.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2799 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775 (1). |
|
(2) |
An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2208 (2), lenar bunaíodh creat nua lena ndéantar foráil do bhearta sriantacha breise a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó a bhí comhpháirteach go díreach nó go hindíreach sna gníomhaíochtaí nó beartais sin, nó as bac a chur ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó an bonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 1a(1) agus 2a(1) agus (2) de Chinneadh (CBES) 2017/1775, ba cheart na bearta sin a athnuachan go dtí an 14 Nollaig 2024 agus ba cheart na cúiseanna sna hiontrálacha le haghaidh beirt a áirítear ar liostaí na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú agus ba cheart an iontráil le haghaidh duine amháin a bhaint den Iarscríbhinn sin. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 6(2), sa chéad abairt, cuirtear ‘an 14 Nollaig 2024’ in ionad ‘an 14 Nollaig 2023’; |
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/2208 an 13 Nollaig 2021 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Roinn A (Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1a(1)) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Roinn B (Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, de na heintitis nó de na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2a (1)) mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2799/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)