European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2790

18.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2790 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2023

lena leagtar síos sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla le haghaidh an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú de na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) agus Airteagal 12(4) de,

I ndiaidh dul i gcomhairle leis an gCoiste maidir le hIompar Digiteach agus Éascú Trádála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart sonraíochtaí an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú a bheith bunaithe ar theicneolaíocht a bhfuil rochtain éasca uirthi, atá éasca le suiteáil, agus atá éasca le comhtháthú i ngach Ionad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta (MNSW) agus ba cheart do na sonraíochtaí comhtháthú agus cothabháil rianúil a éascú amach anseo.

(2)

Ba cheart sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú a bheith bunaithe ar na Treoirlínte maidir le Dearadh ardleibhéil an Teimpléid um Ailtireacht Réitigh maidir le Ceanglais Idir-inoibritheachta (HL SAT) chun inrianaitheacht a cheadú idir na ceanglais ardleibhéil agus na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le hinoibritheacht.

(3)

Ós rud é go n-úsáideann seoltóirí córais tuairiscithe dhifriúla agus go n-úsáidtear teicneolaíochtaí difriúla chun na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a chur chun feidhme, ba cheart an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a bhunú ar theicneolaíochtaí lenar féidir faisnéis a mhalartú idir córais faisnéise dhifriúla a úsáideann prótacal caighdeánaithe chun go mbeidh idir-inoibritheacht níos fearr ann.

(4)

D’fhéadfadh na hoibleagáidí tuairiscithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1239 a cheangal ar dhearbhóirí sonraí pearsanta a chur isteach tríd an Modúl Comhéadain maidir le Tuairisciú, ar cheart dó an fhaisnéis a mhalartú ar bhealach go ndéanfaí na sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (2) agus Rialachán (AE) 2016/679 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)

De réir mar a dhéanann an Coimisiún an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a fhorbairt agus a uasdátú, agus de réir mar a dhéantar é a dháileadh ar na Ballstáit le haghaidh comhtháthú, ba cheart bainistiú lárnach a dhéanamh ar leaganacha nua den mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú a dháileadh, faireachán a dhéanamh ar shuiteáil chuí na mbogearraí, agus ar an treoir um chur chun feidhme teachtaireachtaí a uasdátú, agus riachtanais slándála TF na nIonad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta á gcur san áireamh i gcás inar féidir.

(6)

Chun cobhsaíocht, slándáil agus feidhmíocht an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar thrácht líonra agus anailís a dhéanamh ar theagmhais, earráidí agus eisceachtaí córais, agus an fhaisnéis sin a chomhtháthú sna córais agus sna próisis faireacháin atá ann cheana. Chuige sin, ba cheart don mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú feidhmiúlachtaí oiriúnacha a sholáthar lenar féidir teagmhais a chlárú agus a stóráil agus a sholáthraíonn faisnéis maidir le trácht líonra do na Ballstáit.

(7)

Chun malartú slán faisnéise a áirithiú tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, is gá na seoltóirí a fhíordheimhniú. Chuige sin, ba cheart seirbhís lárnach fíordheimhniúcháin agus clárlann lárnach a bheith ina gcomhpháirteanna tábhachtacha den chlárlann choiteann úsáideoirí agus den chóras bainistíochta rochtana. Ba cheart do na comhpháirteanna seo oibriú le chéile chun fíordheimhniúchán seoltóra a chumasú i ngach modúl comhéadain maidir le tuairisciú, chun sásra fíordheimhniúcháin aontaithe a sholáthar.

(8)

Chun faisnéis a mhalartú go slán tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú agus chun a áirithiú go n-aithnítear úsáideoirí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nuair a fhaigheann siad rochtain ar aon cheann de na modúil comhéadain maidir le tuairisciú, ba cheart do na seoltóirí deimhniú cáilithe a fháil le haghaidh ríomhshéalaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(9)

Chun clárú aonair a sholáthar lenar féidir le seoltóirí faisnéis a mhalartú trí na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú i mBallstáit dhifriúla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann seoltóirí a chlárú sa chlárlann lárnach. Ba cheart go laghdódh sin an t-ualach a bhaineann le clárúcháin iomadúla le haghaidh oibríochtaí trasteorann in Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta iomadúla. Ba cheart aon sonraí pearsanta sa chlárlann lárnach a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679.

(10)

Chun an méid a bhraitheann na Ballstáit ar sheirbhísí lárnacha a íoslaghdú agus ós rud é go bhféadfadh na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a bheith ag fáil tacaíocht ó na seirbhísí fíordheimhniúcháin náisiúnta cheana, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a gcuid seirbhísí fíordheimhniúcháin náisiúnta agus a gcuid clárlann náisiúnta féin a athúsáid chun fíordheimhniúchán a dhéanamh ar na seoltóirí ar mian leo an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a úsáid, mar mhalairt ar an gclárlann úsáideoirí agus ar chóras bainistíochta ro chtana na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (EMSWe).

(11)

Chun go mbeidh na Ballstáit in ann an modúl comhéadain maidir le tuairisciú agus an chlárlann úsáideoirí agus an córas bainistíochta rochtana a chomhtháthú i gceart leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, ba cheart an Rialachán seo a bheith i bhfeidhm amhail an dáta céanna le Rialachán (AE) 2019/1239.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an 18 Deireadh Fómhair 2023.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘modúl comhéadain maidir le tuairisciú’ comhpháirt meánearraí den Ionad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) 2019/1239;

(2)

ciallaíonn ‘seoltóir’ dearbhóir nó soláthraí seirbhísí sonraí a oibríonn an córas TF a sheolann teachtaireachtaí leictreonacha chuig an Ionad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta nó a fhaigheann teachtaireachtaí leictreonacha tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

(3)

ciallaíonn ‘foirmiúlacht’ an fhoirmiúlacht mar a shainmhínítear í in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/204 (5) ón gCoimisiún;

(4)

ciallaíonn ‘AS4’ prótacal teachtaireachta atá bunaithe ar sheirbhísí gréasáin chun teachtaireachtaí a mhalartú go slán idir dhá pháirtí;

(5)

ciallaíonn ‘teachtaireacht’ léiriú digiteach ar fhoirmiúlachtaí nó ar theachtaireachtaí freagartha a úsáidtear le haghaidh an mhalartaithe idir an seoltóir agus an tIonad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta;

(6)

ciallaíonn ‘pointe rochtana AS4’ freastalaí a oibríonn bogearraí atá comhoiriúnach don prótacal teachtaireachta AS4 agus do cheanglais an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú, lenar féidir faisnéis a sheoladh thar ceann seoltóra chuig an modúl comhéadain maidir le tuairisciú agus faisnéis a fháil thar a cheann ón modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

(7)

ciallaíonn ‘croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta’ comhpháirt theicniúil an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta lena gcomhtháthaítear an modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

(8)

ciallaíonn ‘bailíochtú comhréire’ an próiseas lena seiceáiltear an bhfuil an teachtaireacht leictreonach saor ó earráidí ríomhchlárúcháin, struchtúracha nó stíle;

(9)

ciallaíonn ‘bailíochtú séimeantach’ an próiseas lena seiceáiltear comhréireacht sonraí leis na rialacha sonracha maidir le sonraí laistigh d’fhoirmiúlacht;

(10)

ciallaíonn ‘treoir um chur chun feidhme teachtaireachtaí’ sonraíocht fheidhmiúil lena leagtar síos caighdeáin agus teachtaireachtaí atá le malartú idir seoltóirí agus na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

(11)

ciallaíonn ‘clárú’ próiseas lena sainaithníonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach é féin agus lena gcruthaíonn sé cuntas leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2019/1239;

(12)

ciallaíonn ‘sainaitheantas’ ríomh-shainaitheantas mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(13)

ciallaíonn ‘modh ríomh-shainaitheantais’ ríomh-shainaitheantas mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(14)

ciallaíonn ‘fíordheimhniú’ fíordheimhniú mar a shainmhínítear é i bpointe (5) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(15)

ciallaíonn ‘deimhniú’ deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala mar a shainmhínítear in Airteagal 3(30) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(20) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(16)

ciallaíonn ‘uimhir EORI’ uimhir aitheantais mar a shainmhínítear í i bpointe (18) d’Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (6);

(17)

ciallaíonn ‘clárlann úsáideoirí agus córas bainistíochta rochtana na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí’ córas a oibríonn an Coimisiún lena gcuimsítear clárlann lárnach agus seirbhís lárnach fíordheimhniúcháin, agus a áirithíonn an t-aitheantas frithpháirteach do mhodhanna ríomh-shainaitheantais agus an fíordheimhniúchán do mhalartú trasteorann sonraí slán idir seoltóirí agus na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

(18)

ciallaíonn ‘clárlann lárnach’ clárlann atá á hoibriú ag an gCoimisiún agus a choimeádann sonraí cláraithe na seoltóirí a sholáthraíonn na Ballstáit chun fíordheimhniúchán na seoltóirí a éascú;

(19)

ciallaíonn ‘clárlann náisiúnta’ clárlann atá á hoibriú ag Ballstát agus a choimeádann sonraí cláraithe na seoltóirí agus is féidir an chlárlann sin a úsáid chun fíordheimhniúchán seoltóirí a éascú má chomhlíontar ceanglais na seirbhíse lárnaí fíordheimhniúcháin;

(20)

ciallaíonn ‘seirbhís lárnach fíordheimhniúcháin’ seirbhís a oibríonn an Coimisiún a fhíordheimhníonn na seoltóirí a úsáideann an modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

(21)

ciallaíonn ‘seirbhís fíordheimhniúcháin náisiúnta’ seirbhís atá á hoibriú ag Ballstát a d’fhéadfaí a úsáid chun na seoltóirí a úsáideann an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a fhíordheimhniú.

Airteagal 2

Comhlíonfaidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla a leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn.

Chun cuidiú le comhtháthú an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú sna hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na comhordaitheoirí náisiúnta le haghaidh na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí, an méid seo a leanas:

treoirlínte a shainiú chun an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a thástáil agus a chumrú lena chomhtháthú sna hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta;

an treoir um chur chun feidhme teachtaireachtaí a shainiú agus a choinneáil ar bun, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí.

Airteagal 3

Cuirfear an chlárlann lárnach agus an tseirbhís lárnach fíordheimhniúcháin ar bun i gcomhréir leis na sonraíochtaí, caighdeáin, agus nósanna imeachta teicniúla a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Lúnasa 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 64.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/204 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla le haghaidh na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí de bhun Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 33, 3.2.2023, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CUID I

MODÚL COMHÉADAIN MAIDIR LE TUAIRISCIÚ

AILTIREACHT AGUS RAON FEIDHME

Beidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú ina chuid de shamhail cheithre chúinne le haghaidh na dteachtaireachtaí a mhalartófar idir seoltóirí (cúinne 1) agus croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta (cúinne 4) a chuirfear ar aghaidh trí Phointí Rochtana AS4 (cúinní 2 agus 3) ar gach taobh lena gcuirtear i bhfeidhm prótacal AS4 le haghaidh iompair agus slándála mar seo a leanas:

 

Cúinne 1: cúloifig an tseoltóra ag ullmhú teachtaireachtaí, ag cur teachtaireachtaí isteach chuig croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta agus ag fáil teachtaireachtaí uaidh;

 

Cúinne 2: Pointe Rochtana AS4 an tseoltóra;

 

Cúinne 3: modúl comhéadain maidir le tuairisciú;

 

Cúinne 4: Croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ag fáil na dteachtaireachtaí agus ag cur teachtaireachtaí freagartha chuig an seoltóir.

Image 1

Fíor 1 – Ailtireacht ardleibhéil an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú

Ní dhéanfaidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú bailíochtú séimeantach ar theachtaireachtaí lasmuigh de shonraíochtaí na treorach um chur chun feidhme teachtaireachtaí; ná ní dhéanfaidh sé seicheamh na dteachtaireachtaí a láimhseáil; ná na teachtaireachtaí a stóráil níos faide ná mar an t-am a aistríodh go rathúil iad chuig Croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta nó chuig an seoltóir.

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) pointe (c) de Rialachán (AE) 2019/1239, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na sonraí foirmiúlachta a aistriú, a fhíorú agus a chur ar aghaidh chuig córais na n-údarás ábhartha i gcomhréir le sonraíochtaí na gcóras sin, a luaithe a chuirfear an teachtaireacht ón modúl comhéadain maidir le tuairisciú ar aghaidh chuig croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

SONRAÍOCHTAÍ FEIDHMIÚLA AN MHODÚIL COMHÉADAIN MAIDIR LE TUAIRISCIÚ

Sainaitheantas

Feidhm

Tuairisc

LR1

Clárú agus faireachán

Áiritheofar leis an bhfeidhm clárú agus stóráil teagmhas (teipeanna seachadta, moilleanna, earráidí an fhaighteora).

LR2

Stóráil meiteashonraí

Áiritheofar leis an bhfeidhm stóráil meiteashonraí na dteachtaireachtaí malartaithe

OA1

Stóráil agus cuardach sonraí teicniúla

Áiritheofar leis an bhfeidhm stóráil agus cuardach na sonraí teicniúla is gá le haghaidh chumraíocht agus fheidhmiú an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú, trí chomhéadan (e.g. seoltaí teicniúla phointí rochtana AS4 na seoltóirí, treoir um chur chun feidhme teachtaireachtaí, etc.).

OA2

Eisceachtaí a láimhseáil

Soláthrófar leis an bhfeidhm fógraí maidir le hearráidí próiseála a braitheadh agus/nó cúinsí aimhrialta trí chomhéadan úsáideoirí.

OA3

Rochtain ar chlárú agus ar fhaireachán na faisnéise agus na meiteashonraí

Soláthrófar leis an bhfeidhm rochtain ar chlárú agus ar fhaireachán fhaisnéis agus mheiteashonraí na dteachtaireachtaí malartaithe do chroí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trí chomhéadan ‘córas go córas’.

OA4

Fíordheimhniúchán seoltóra

Leis an bhfeidhm, spreagfar próiseas fíordheimhniúcháin an tseoltóra trí úsáid a bhaint as seirbhís lárnach fíordheimhniúcháin nó as seirbhís fíordheimhniúcháin náisiúnta.

OA5

Bailíochtú teachtaireachta

Déanfaidh an fheidhm bailíochtú comhréire agus séimeantach ar theachtaireachtaí a fuarthas i gcomhréir leis na sonraíochtaí teachtaireachtaí teicniúla mar a shainítear sa treoir um chur chun feidhme teachtaireachtaí. Sonrófar leis an treoir um chur chun feidhme teachtaireachtaí cé na bailíochtuithe a dhéanfar leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú. Tabharfaidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú fógraí maidir le hearráidí dá réir sin.

MF1

Láimhseáil na dteachtaireachtaí

Leis an bhfeidhm, áiritheofar go n-aistreofar ábhar na dteachtaireachtaí a gheofar (foirmiúlacht nó freagairt) gan modhnuithe ar an gcúinne ábhartha má bhí na bailíochtuithe ráthúil.

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA AN MHODÚIL COMHÉADAIN MAIDIR LE TUAIRISCIÚ

Comhtháthú

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

IA1.

Caighdeán an phrótacail seolta teachtaireachtaí

Úsáidfidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú an prótacal seolta teachtaireachtaí AS4 chun idir-inoibritheacht le teicneolaíochtaí difriúla agus córais tuairiscithe dhifriúla na seoltóirí a éascú.

Malartú Teachtaireachtaí

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

AP1.

Patrún malartaithe teachtaireachtaí aisioncronach

Tacóidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú le haistriú na dteachtaireachtaí (foirmiúlacht agus freagairt) chuig agus ó chroí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trí shásra brú agus tarraingthe.

Slándáil

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

SA1.

Rúndacht agus slándáil i ndáil le malartú faisnéise

Leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, áiritheofar rúndacht faisnéise agus cosaint aon sonraí pearsanta a mhalartófar, tríd an bhfaisnéis a mhalartófar idir pointe rochtana AS4 na seoltóirí agus an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a chriptiú. Leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, déanfar na teachtaireachtaí a sheolfaidh an seoltóir a dhíchriptiú agus a chur ar fáil do chroí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, úsáidfear Slándáil Seirbhíse Gréasáin mar chaighdeán chun malartú slán teachtaireachtaí idir Pointe Rochtana AS4 an tseoltóra agus an modúl comhéadain maidir le tuairisciú a chumasú.

SA2.

Neamhshéanadh teachtaireachtaí

Áireofar le cumarsáid agus bailíochtú na dteachtaireachtaí tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú bearta slándála chun barántúlacht teachtaireachtaí a áirithiú agus chun séanadh teachtaireachtaí a sheachaint.

SA3.

Sláine

Cuirfear bearta teicniúla ar bun chun sláine na sonraí a mhalartófar a áirithiú.

SA4.

Feidhmchlár Slándáil

Braithfidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú ar dhea-chleachtais forbartha bogearraí lena gcumasaítear gníomhaíochtaí mailíseacha a bhrath, agus faisnéis íogair a aistriú go slán.

SA5.

Infhaighteacht Seirbhísí

Le haghaidh cumarsáid agus dáileadh faisnéise iontaofa idir seoltóirí agus na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, cuirfidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú sásraí chun feidhme lena n-áiritheofar nach gcaillfear teachtaireachtaí a mhalartófar tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú i gcás nach bhfuil an tseirbhís ar fáil.

Feidhmíocht agus Inscálaitheacht

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

PS1.

Feidhmíocht agus inscálaitheacht

Beidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú in ann na spriocanna feidhmíochta atá ann cheana agus a bheidh ann san am atá le teacht a chomhlíonadh, ar nós aga freagartha, líon na seoltóirí comhthráthacha agus líon/méid na dteachtaireachtaí malartaithe.

Inaistritheacht agus Cur Chun Feidhme

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

PD1.

Neamhspleáchas ar ardán

Beidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú comhoiriúnach don ailtireacht crua-earraí agus do na córais oibriúcháin is coitianta san áit a gcuirfear an modúl comhéadain maidir le tuairisciú in úsáid. Maidir leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, níor cheart gá a bheith le bogearraí nó crua-earraí dílseánaigh chun é a shuiteáil nó a chumrú.

PD2

Feidhmchlár féinsuiteála

Soláthrófar an modúl comhéadain maidir le tuairisciú mar phacáiste bogearraí lena n-áirítear na comhpháirteanna feidhmchláir uile atá riachtanach don mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú. Liostófar na spleáchais sholáthartha agus riachtanacha i ngach nóta eisiúna an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú.

CUID II

Clárlann Úsáideoirí agus córas Bainistíochta Rochtana na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí

CLÁRLANN LÁRNACH

Ar iarratas ón seoltóir, na Ballstáit nach soláthraíonn clárlann náisiúnta a chomhlíonann sonraíochtaí na clárlainne lárnaí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, cláróidh siad an uimhir EORI agus deimhniú an tseoltóra sa chlárlann lárnach agus beidh siad freagrach as fíorú, cruinneas, agus bainistíocht sonraí i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2019/1239. Soláthróidh an chlárlann lárnach comhéadan do na Ballstáit chun clárú agus bainistiú na seoltóirí a dhéanamh.

SEIRBHÍS LÁRNACH FÍORDHEIMHNIÚCHÁIN

Léirítear sa léaráid thíos na céimeanna seicheamhacha le haghaidh fíordheimhniú an tseoltóra a ullmhaíonn agus a sheolann teachtaireacht chuig an modúl comhéadain maidir le tuairisciú (céim 1, 2).

Feidhmeoidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú an fheidhm ‘fíordheimhniú seoltóra’  (1) trí úsáid a bhaint as an tseirbhís lárnach fíordheimhniúcháin (céim 3.a).

Céim 3.a: Déanfaidh an tseirbhís lárnach fíordheimhniúcháin an seoltóir a fhíordheimhniú tríd an gclárlann lárnach a chuardach agus an taifead ábhartha a sheiceáil (3.a.i), nó, i gcás nach bhfuil an seoltóir sa chlárlann lárnach, trí chlárlann náisiúnta de thír an tseoltóra a chuardach, má tá sé ar fáil, agus an taifead ábhartha a sheiceáil (céim 3.a.ii).

Céim 3.b: I gcás ina mbunaítear seirbhís fíordheimhniúcháin náisiúnta agus ina gcuirtear ar fáil i mBallstát í, feidhmeoidh an modúl comhéadain maidir le tuairisciú an fheidhm ‘fíordheimhniú seoltóra’ trí úsáid a bhaint as an tseirbhís fíordheimhniúcháin náisiúnta le haghaidh fhíordheimhniú na seoltóirí sin amháin a úsáideann deimhniú a eisítear sa Bhallstát

Céim 4: Seolfar toradh an fhíordheimhniúcháin ar ais chuig an modúl comhéadain maidir le tuairisciú. I gcás fíorú rathúil, cuirfear an teachtaireacht ar fáil do chúinne 4 (croí an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta) (céim 5). Má theipeann ar an bhfíorú, seolfar teachtaireacht teipe ar ais chuig cúinne 2.

Image 2

Fíor 2

Sonraíochtaí Teicniúla URAM

Comhtháthú

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

URAM.01

Caighdeáin idir-inoibritheachta

Ba cheart do bhogearraí URAM cloí le prótacail chaighdeánacha agus gnéithe láidre slándála a chur in úsáid nuair atá a gcuid comhéadan á nochtadh agus nuair atá siad á gcomhtháthú le comhpháirteanna eile.

URAM.02

comhlíontacht eIDAS

Úsáidfidh bogearraí URAM caighdeáin agus réitigh oscailte de chuid an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh siad chun feidhme na sásraí rialaithe is gá chun deimhnithe seoltóirí a sheiceáil in aghaidh na liostaí iontaofa a fhoilsíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 910/2014 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún (2) lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ag eisiúint deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí.

Slándáil

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

URAM.03

Rúndacht maidir le malartú faisnéise

Chun slándáil na mbogearraí URAM agus slándáil mhalartú aon sonraí pearsanta a áirithiú, cuirfear na prótacail agus na modhanna criptiúcháin seo a leanas chun feidhme:

Slándáil Sraithe Iompair (TLS): beidh na bogearraí uile slán laistigh de URAM trí TLS a úsáid chun criptiúchán ar leibhéal an ghréasáin agus sláine sonraí a sholáthar d’fhonn cuidiú le sonraí a chosaint agus iad á dtarchur, chun rochtain neamhúdaraithe agus crioscaíl a sheachaint.

Cuirfear cumraíocht TLS chun feidhme chun cumarsáid a dhéanamh le bogearraí URAM.

URAM.04

Slándáil feidhmchláir

Ráthóidh bogearraí URAM go mbeidh gníomhaíochtaí mailíseacha á mbrath agus faisnéis íogair á haistriú go slán.

URAM 05

Sonraí pearsanta a chosaint

Tabharfar cearta rochtana d’údaráis na mBallstát de réir Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2019/1239 chun seoltóirí a chlárú. Cuirfidh bogearraí URAM sásraí rialaithe rochtana chun feidhme chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis an úsáideora ar sonraí pearsanta í, a phróiseálfar chun cuntais úsáideora a chruthú agus na cearta rochtana comhfhreagracha a bhainistiú, agus chun na gcríoch sin amháin. Coinneoidh an tseirbhís lárnach fíordheimhniúcháin sonraí pearsanta na seoltóirí ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun fíordheimhniú a dhéanamh.

Coinneoidh an chlárlann lárnach sonraí pearsanta na seoltóirí ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun an cuntas a bhainistiú.

Inbhuanaitheacht & inaistritheacht

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

URAM.06

Neamhspleáchas ar theicneolaíocht

Le bogearraí URAM, cumasófar idirghníomhaíochtaí leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú agus le seirbhísí ábhartha eile gan aon ghá le bogearraí nó crua-earraí dílseánaigh agus cumasófar comhtháthú le modúl comhéadain maidir le tuairisciú gan beann ar an timpeallacht teicneolaíochta ina gcuirfear in úsáid é.

URAM.07

Cuir in úsáid neamhspleách

Ní chuirfidh bogearraí URAM ceanglas i ndáil le cur chun feidhme sonrach i bhfeidhm ar an modúl comhéadain maidir le tuairisciú. Níor cheart don mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú ach nascacht idirlín agus urramú na gcaighdeán a bhaineann le slándáil agus prótacail bhogearraí URAM a áirithiú.

Feidhmeanna na seirbhíse lárnaí fíordheimhniúcháin

Cuirfear na seirbhísí seo a leanas ar fáil don mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú ón tseirbhís lárnach fíordheimhniúcháin.

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

URAM.08

An tseirbhís fíordheimhniúcháin

Beidh an tseirbhís lárnach fíordheimhniúcháin freagrach as seoltóirí a fhíordheimhniú trí bhailíocht an mhéid seo a leanas a fhíorú: an deimhniú, an uimhir EORI, agus an ghaolmhaireacht idir uimhir EORI an tseoltóra agus an deimhniú a ghabhann léi. Déanfaidh sí iarrataí fíordheimhniúcháin a phróiseáil a sheol an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, agus freagairtí a sholáthar orthu lena dtugtar le fios cé acu ar éirigh leis nó nár éirigh leis an bhfíordheimhniú.

Sonraíochtaí na Clárlainne Lárnaí

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

URAM.09

Clárú Seoltóra

Soláthróidh an chlárlann lárnach comhéadan grafach úsáideora do na Ballstáit chun sonraí an tseoltóra a chlárú. A luaithe a chlárófar an seoltóir sa chlárlann lárnach, clárófar é sna Ballstáit uile.

URAM.10

Féach agus cuardach ar na seoltóirí

Cuirfidh an chlárlann lárnach ar a chumas don Bhallstát sonraí uile na seoltóirí atá cláraithe aici cheana a fheiceáil. Soláthróidh sí feidhmiúlacht cuardaigh chun sonraí a seoltóirí cláraithe a aisghabháil, bunaithe ar chritéir chuardaigh éagsúla.

URAM.11

Uasdátú seoltóra

Cuirfidh an chlárlann lárnach ar a chumas don Bhallstát sonraí na seoltóirí uile atá cláraithe cheana a mhodhnú chun cruinneas agus bailíocht na sonraí a áirithiú.

URAM.12

Díghníomhachtú seoltóra

Cuirfidh an chlárlann lárnach ar a chumas don Bhallstát na seoltóirí atá cláraithe cheana aige a dhíghníomhachtú.

URAM.13

Iniúchadh agus tuairisciú

Beidh an chlárlann lárnach ag tairiscint acmhainneacht tuairiscithe lena gcuirfear ar a chumas do Bhallstát anailís a dhéanamh ar shonraí seoltóirí sonracha a cláraíodh cheana, ar nós dáta cláraithe agus bailíocht deimhnithe.

URAM.14

Fógraí

Maidir le seoltóir a cláraíodh cheana, tabharfaidh an chlárlann lárnach an deis do na Ballstáit fógra a fháil uaithi nuair a chláraítear seoltóir, nuair a dhéantar uasdátú ar a shonraí, nuair a dhéantar iad a dhíghníomhachtú nó nuair a théann a dheimhniú in éag.


(1)  Sainaithnítear mar OA4 i sonraíochtaí feidhmiúla an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú i gCuid I den Iarscríbhinn seo.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí agus formáidí teicniúla a bhaineann le liostaí iontaoibhe de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 26).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2790/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)