|
(1)
|
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta i ‘Roinn A. (Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a):
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘100.
|
Nyo Saw
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de Chomhairle Riaracháin an Stáit (SAC) agus Comhairleoir do Min Aung Hlaing (Cathaoirleach SAC);
Grád: Leifteanant-Ghinearál;
Grád polaitiúil: Aire an Aontais
|
I mí Mheán Fómhair 2023, ceapadh an Leifteanant-Ghinearál Nyo Saw mar chomhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit tar éis dó a bheith ceaptha ina chomhairleoir sinsearach do Chathaoirleach Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC), an Ginearál Sinsearach Min Aung Hlaing (atá ainmnithe ó 22.3.2021), ag grád Aire de chuid an Aontais. Tá sé i gceannas freisin ar choiste a bhfuil sé de chúram air breosla a allmhairiú ón Rúis, príomhsholáthraí arm an réimis. Chuaigh Nyo Saw ar scor ón arm in 2020 mar ardcheathrúnach. Tá sé ina chomhalta freisin den Choiste um Maoirseacht ar Mhalartaí Eachtracha (FESC) agus ina chathaoirleach ar an ilchuideachta Myanmar Economic Corporation atá faoi úinéireacht mhíleata, agus gineann an dá cheann acu ioncam don réimeas. Tá sé ina chomhalta de ghrúpa pátrúnachta Myanmar Economic Holdings Ltd (MEHL) freisin. Mar chomhalta de SAC agus mar chomhairleoir do Chathaoirleach SAC, tá ról lárnach ag Nyo Saw maidir leis an deachtóireacht mhíleata i Maenmar a chothabháil agus a eagrú, ar deachtóireacht í a d’urghabh cumhacht trí coup míleata in 2021, agus an rialtas a toghadh go daonlathach á threascairt aige. Trína róil i stiúradh fiontar faoi úinéireacht mhíleata agus i mbainistiú allmhairí breosla ón Rúis, lena n-áirítear le haghaidh úsáid mhíleata, cuireann sé tacaíochtaí eacnamaíocha agus ioncam ar fáil don réimeas míleata freisin. Tá baint ag Nyo Saw le hiarchomhaltaí réimeas an junta agus le comhaltaí reatha.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Nyo Saw ar lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Ina theannta sin, tá baint ag Nyo Saw le daoine atá ainmnithe faoi Chinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) 401/2013 ón gComhairle, go háirithe an Ginearál Min Aung Hlaing.
|
11.12.2023
|
|
101.
|
Hla Moe
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Ceannasaí de Cheannasaíoct Thoir Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw);
Grád: Maorghinearál
|
Is é an Maor-Ghinearál Hla Moe ceannasaí na Ceannasaíocta Thoir. Faoina cheannas, tá méadú mór tagtha ar aerionsaithe, go háirithe i stát Kayah, rud a rinne an t-iomlán le chéile a dhúbailt in 2021 agus 2022. Tá méadú ag teacht ar an líon sibhialtach atá buailte ag na haerionsaithe seo, rud a fhágann gur mó líon na dtaismeach sibhialtach agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine easáitithe ina dtír féin (suas ó 200 000 san iomlán in 2022 go 250 000 go dtí seo in 2023). Faoi cheannas Hla Moe, leanann aonaid mhíleata na Ceannasaíochta Thoir de sháruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar ar chearta an duine, lena n-áirítear sibhialtaigh a úsáid mar sciatha daonna, maruithe seachbhreithiúnacha agus coirloscadh i nDeisceart Shan agus i Stát Kayah. Chomh maith leis na gníomhartha foréigin sin a dhéanamh, cuireann siad bac gníomhach ar shreabhadh an tsoláthair bia, na gcógas agus na n-earraí agus na seirbhísí bunriachtanacha chuig an bpobal áitiúil agus chuig daoine easáitithe ina dtír féin.
Mar cheannasaí ar an gCeannasaíocht Thoir, tá Hla Moe ina chomhalta d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw) atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, chomh maith le bac a chur ar chúnamh daonnúil a sholáthar do shibhialtaigh atá i ngátar. Ina theannta sin, lena ghníomhartha agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
11.12.2023
|
|
102.
|
Hmu Htan
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe:
Idir 1960 agus 1975;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC)
|
Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Hmu Htan, ón 20 Feabhra 2023. Is comhalta é freisin den pháirtí seachmhíleata Union Solidarity and Development Party (USDP).
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Agus é ina chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Hmu Htan leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíocht fhoréigneach na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht á gcur i mbaol dá réir.
Mar gheall ar a phost mar chomhalta de SAC, tá Hmu Htan freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
11.12.2023
|
|
103.
|
Wunna Maung Lwin
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe:
30.5.1952;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC); iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an junta
|
Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Wunna Maung Lwin, ón 20 Feabhra 2023. Is comhalta é freisin den pháirtí seachmhíleata Union Solidarity and Development Party (USDP).
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Wunna Maung Lwin leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht á gcur i mbaol dá réir.
Mar gheall ar a phost mar chomhalta de SAC agus iar Aire Gnóthaí Eachtracha an junta, tá Wunna Maung Lwin freagrach go díreach as cinntí diansmachta agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine chomh maith le gníomhaíochtaí atá dírithe ar iad a dhlisteanú go hidirnáisiúnta.
|
11.12.2023’
|
|