|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2779 |
12.12.2023 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2779 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun eintitis scáthbhaincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 394(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shainaithint
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 394(4), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
D’fhéadfadh rioscaí méadaithe don chobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh ar an scáthbhaincéireacht. Le húdarú agus maoirseacht i gcomhréir le dlí an Aontais, maolaítear an riosca sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos nach measfar eintitis atá faoi réir údarú agus maoirseacht den sórt sin a bheith ina n-eintitis scáthbhaincéireachta. Chun na críche sin, is gá dlí an Aontais sin a shonrú. |
|
(2) |
Le linn ghéarchéim Covid-19 a bhí ann le déanaí, bhí fadhbanna tromchúiseacha leachtachta roimh chistí margaidh airgid. Léiríodh leis sin nach maolaítear ina n-iomláine na rioscaí a bhaineann le cistí margaidh airgid leis na ceanglais stuamachta atá ann cheana san Aontas, go háirithe faoi dhálaí anáis sa mhargadh, agus dá bhrí sin, go bhféadfadh riosca méadaithe don chobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh orthu. Ar an gcúis sin, ba cheart neamhchosaintí ar chistí margaidh airgid a mheas mar neamhchosaintí ar eintitis scáthbhaincéireachta. |
|
(3) |
Bíonn rioscaí breise ag baint le cistí infheistíochta malartacha a úsáideann giaráil ar bhonn substaintiúil agus ní meastar go maolaítear na rioscaí sin go leordhóthanach ó thaobh na stuamachta de leis na ceanglais a fhorchuirtear ar a mbainisteoirí sócmhainní faoi Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí eintitis scáthbhaincéireachta a mheas mar chistí infheistíochta malartacha i gcás ina mbaineann na gnóthais sin úsáid as giaráil ar bhonn substaintiúil, ina dtionscnaíonn siad iasachtaí i ngnáthchúrsa a ngnó, nó ina gceannaíonn siad neamhchosaintí ar iasachtú tríú páirtí dá gcuntas féin. |
|
(4) |
Níor cheart d’institiúidí a mheas gur eintitis scáthbhaincéireachta iad institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar institiúidí chun sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca de a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe a leagtar amach in Airteagal 119(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ós rud é go ndéanann na húdaráis inniúla na hinstitiúidí airgeadais sin a údarú agus a mhaoirsiú agus go bhfuil siad faoi réir ceanglais stuamachta atá inchomparáide, ó thaobh stóinseachta de, leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí. |
|
(5) |
Mar gheall ar a gcineál poiblí nó leathphoiblí nó a stádas comhoibritheach, eisiatar eintitis áirithe go sainráite ó raon feidhme Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ar an gcúis sin, níor cheart d’institiúidí a mheas gur eintitis scáthbhaincéireachta iad na heintitis sin. |
|
(6) |
Le hAirteagal 4 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), eisiatar gnóthais árachais agus athárachais áirithe ó raon feidhme na Treorach sin, i ngeall ar a méid. Ós rud é gur gnóthais bheaga iad na gnóthais sin, ní bhaineann riosca suntasach don chobhsaíocht airgeadais leo. Ar an gcúis sin, níor cheart d’institiúidí a mheas gur eintitis scáthbhaincéireachta iad na gnóthais sin. |
|
(7) |
Tá raon feidhme teoranta ag gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa de chuid eintiteas atá ina gcuid de ghrúpa neamhairgeadais, gníomhaíochtaí a dhéantar thar ceann eintitis eile laistigh den ghrúpa neamhairgeadais sin. Ar an gcúis sin, ní bhaineann riosca suntasach don chobhsaíocht airgeadais leo agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a shainaithint mar eintitis scáthbhaincéireachta. |
|
(8) |
Eintitis a áirítear sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar institiúidí atá faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, níor cheart iad a shainaithint mar eintitis scáthbhaincéireachta, toisc go ngabhtar rioscaí na n-eintiteas sin ar an leibhéal comhdhlúite. |
|
(9) |
Is prionsabail a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta iad Croíphrionsabail Basel do mhaoirseacht baincéireachta éifeachtach agus is bunús fónta iad do rialáil, do mhaoirseacht, do rialachas agus do bhainistiú riosca earnála baincéireachta tíre. Dá bhrí sin, níor cheart institiúid tríú tír a ndearna údarás maoirseachta í a údarú agus a ndéanann údarás maoirseachta í a mhaoirsiú, ar údarás maoirseachta é a chuireann na Croíphrionsabail Basel sin i bhfeidhm, a bheith ina riosca suntasach don chobhsaíocht airgeadais agus níor cheart í a shainaithint mar eintiteas scáthbhaincéireachta. |
|
(10) |
Ar an gcúis chéanna, níor cheart a mheas gur eintitis scáthbhaincéireachta iad fochuideachtaí máthairghnóthais atá údaraithe agus maoirsithe i gcomhréir le Croíphrionsabail Basel agus a áirítear sa chomhdhlúthú stuamachta agus sa mhaoirseacht stuamachta ar bhonn comhdhlúite ar an máthairghnóthais sin. |
|
(11) |
Liostaítear i bpointí 1, 2, 3, 6, 7, 8 agus 10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE seirbhísí agus gníomhaíochtaí áirithe ar seirbhísí agus gníomhaíochtaí baincéireachta iad. Mar sin féin, tá seirbhísí agus gníomhaíochtaí eile ann a dhéanann eintitis áirithe atá an-chosúil leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí baincéireachta sin, i gcás ina bhfuil baint ag claochlú aibíochta, claochlú leachtachta, giaráil, nó aistriú riosca creidmheasa leo. Ar an gcúis sin, ba cheart na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin a mheas mar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí baincéireachta chun eintitis scáthbhaincéireachta a shainaithint. |
|
(12) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(13) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Critéir chun eintitis scáthbhaincéireachta a shainaithint
1. Sainaithneoidh institiúidí na nithe seo a leanas mar eintiteas scáthbhaincéireachta:
|
(a) |
aon eintiteas a thairgeann seirbhísí baincéireachta nó a dhéanann gníomhaíochtaí baincéireachta mar a leagtar amach in Airteagal 2 agus nach bhfuil údaraithe ná maoirsithe i gcomhréir le haon cheann de ghníomhartha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
aon ghnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i gcás ina bhfuil na gnóthais sin údaraithe mar chistí margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8); |
|
(c) |
aon chiste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
2. De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh institiúidí na heintitis seo a leanas a shainaithint mar eintitis scáthbhaincéireachta:
|
(a) |
institiúidí airgeadais a láimhseáiltear a neamhchosaintí i gcomhréir le hAirteagal 119(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
|
(b) |
aon eintiteas a eisiatar ó raon feidhme aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(c) |
aon eintiteas a dhíolmhaítear ó chur i bhfeidhm aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(d) |
aon eintiteas ar cuid de ghrúpa neamhairgeadais é arb í a phríomhghníomhaíocht í gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa a dhéanamh dá mháthairghnóthas nó dá fhochuideachtaí nó d’fhochuideachtaí eile a mháthairghnóthais; |
|
(e) |
aon eintiteas a áirítear sa mhaoirseacht ar institiúid ar bhonn comhdhlúite; |
|
(f) |
aon eintiteas atá bunaithe i dtríú tír agus a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:
|
Airteagal 2
Seirbhísí agus gníomhaíochtaí baincéireachta
1. Chun críoch Airteagal 1, seirbhísí agus gníomhaíochtaí baincéireachta a bheidh sa mhéid seo a leanas:
|
(a) |
na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí 1, 2, 3, 6, 7, 8 agus 10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE; |
|
(b) |
aon seirbhís nó gníomhaíocht eile lena mbaineann claochlú aibíochta, claochlú leachtachta, giaráil nó aistriú riosca creidmheasa. |
2. De mhaolú ar mhír 1, ní seirbhísí agus gníomhaíochtaí baincéireachta a bheidh i ngníomhaíochtaí agus seirbhísí arb éard atá iontu imréiteach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(3) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(5) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus é sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(7) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(8) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí, coinníollacha ginearálta oibríochta, taiscí, giaráil, trédhearcacht agus maoirseacht (IO L 83, 22.3.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a) agus Airteagal 1(2), pointe (f)(ii)
|
1. |
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) |
|
2. |
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) |
|
3. |
Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) |
|
4. |
Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) |
|
5. |
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) |
|
6. |
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) |
|
7. |
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) |
|
8. |
Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) |
|
9. |
Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) |
|
10. |
Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) |
|
11. |
Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) |
|
12. |
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) |
|
13. |
Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) |
|
14. |
Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) |
|
15. |
Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) |
|
16. |
Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) |
|
17. |
Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(2) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(3) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
(4) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(6) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(8) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(9) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(10) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus é sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht ar institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(12) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(13) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(14) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2779/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)