Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2770 |
13.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2770 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Nollaig 2023
lena dtoirmeasctar eiseamail de speicis áirithe fauna agus flora fiáine a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (1), agus go háirithe Airteagal 4(6) (a) agus (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is cuspóir do Rialachán (CE) Uimh. 338/97 speicis fauna agus flora fiáine a chosaint agus a gcaomhnú a ráthú trí thrádáil speiceas ainmhithe agus plandaí a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis a rialáil. Féadfaidh an Coimisiún an Rialachán sin a chur chun feidhme trí shrianta a bhunú ar eiseamail de speicis áirithe a thabhairt isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1587 ón gCoimisiún (2), bunaíodh i mí Mheán Fómhair 2019 an liosta speiceas is infheidhme faoi láthair, ar speicis iad a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach san Aontas. |
(3) |
Le linn an 18ú agus an 19ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), aistríodh speicis ó Fhoscríbhinn II CITES go Foscríbhinn I. Ar an mbonn sin, aistríodh na speicis sin freisin ó Iarscríbhinn B go hIarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97. Dá bhrí sin, tháinig an Grúpa Athbhreithnithe Eolaíochta ar an gconclúid nach bhfuil gá a thuilleadh le toirmeasc a bheith ar eiseamail de na speicis seo a leanas a thabhairt isteach san Aontas:
|
(4) |
Ina theannta sin, agus athruithe ainmníochta a glacadh ag an 19ú Comhdháil de na Páirtithe in CITES á gcur san áireamh, ba cheart toirmeasc a chur ar eiseamail de na speicis seo a leanas a thabhairt isteach san Aontas:
|
(5) |
Agus athruithe ar thagairtí ainmníochta a glacadh ag an 18ú agus an 19ú Comhdháil de na Páirtithe in CITES á gcur san áireamh freisin, ba cheart ainm an speicis Ovis aries cycloceros a leasú go Ovis bochariensis, agus ba cheart ainm an speicis Tridacna tevoroa a leasú go Tridacna mbalavuana. Ní dhéanann na hathruithe sin san ainmníocht difear do raon feidhme na fionraí atá i bhfeidhm cheana. |
(6) |
Agus moltaí ábhartha a rinne Buanchoiste CITES ag an 71ú agus an 74ú cruinniú dá chuid á gcur san áireamh, tháinig an Grúpa ar an gconclúid freisin nach bhfuil gá a thuilleadh le toirmeasc a bheith ar eiseamail de na speicis seo a leanas a thabhairt isteach san Aontas:
|
(7) |
Tháinig an Grúpa Athbhreithnithe Eolaíochta ar an gconclúid freisin, ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil, nach bhfuil gá a thuilleadh le toirmeasc a bheith ar eiseamail de na speicis seo a leanas a thabhairt isteach san Aontas:
|
(8) |
Tháinig an grúpa ar an gconclúid freisin go raibh gá leis an athrú a leanas:
|
(9) |
I bhfianaise na faisnéise is déanaí atá ar fáil, lena n-áirítear comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM), mheas an grúpa freisin gur cheart toirmeasc a chur ar Anguilla anguilla (idir eiseamail fhiáine agus eiseamail rainse) a thabhairt isteach san Aontas. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Thrádáil in Fauna agus in Flora Fiáine arna bunú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 338/97, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá toirmeasc ar eiseamail de na speicis fauna agus flora fiáine a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt isteach san Aontas ó na tíortha tionscnaimh a luaitear inti.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1587.
Déanfar tagairtí don Rialachán Cur Chun Feidhme aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1587 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2019 lena dtoirmeasctar eiseamail de speicis áirithe fauna agus flora fiáine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 248, 27.9.2019, lch. 5).
IARSCRÍBHINN
(1) |
Eiseamail de speicis atá san áireamh in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach san Aontas
|
(2) |
Eiseamail de speicis atá san áireamh in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach san Aontas
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2770/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)