European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2766

14.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2766 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2023

lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú ‘onnmhaireora nua’ i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithniú é le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena bhfoirceanntar clárú allmhairí an táirgeora onnmhairiúcháin sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

Na bearta atá i bhfeidhm i gcoinne allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh (‘TCCA’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), is bearta frithdhumpála cinntitheacha idir 3,2 % agus 42,6 % iad, arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 ón gCoimisiún (2). Tá athbhreithniú éaga ar na bearta sin ar siúl faoi láthair.

2.   AN tIMSCRÚDÚ REATHA

2.1.   Iarraidh ar athbhreithniú onnmhaireora nua

(2)

Fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú ‘onnmhaireora nua’ de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán. Chuir Hebei Xingfei Chemical Co., Ltd (‘Hebei Xingfei’ nó ‘an t-iarratasóir’) an iarraidh isteach an 28 Feabhra 2023, a bhfuil a onnmhairí chuig an Aontas faoi réir dleacht frithdhumpála 42,6 % ar fud na tíre.

(3)

Mhaígh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé TCCA chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh, i.e. ón 1 Aibreán 2003 go dtí an 31 Márta 2004 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’).

(4)

Mhaígh an t-iarratasóir freisin nach raibh sé gaolmhar le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a tháirgeann TCCA agus atá faoi réir na mbeart atá i bhfeidhm. Ar deireadh, mhaígh an t-iarratasóir gur onnmhairigh sé TCCA chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

2.2.   Tionscnamh an athbhreithnithe onnmhaireora nua

(5)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise a bhí ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid gur leor í chun údar cuí a thabhairt le hathbhreithniú ‘onnmhaireora nua’ a thionscnamh de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán. Tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais barúil a thabhairt, thionscain an Coimisiún an t-athbhreithniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712 ón gCoimisiún (3).

2.3.   An táirge faoi athbhreithniú

(6)

Is éard atá sa táirge faoi athbhreithniú aigéad tríchlóraisicianúrach agus ullmhóidí de, ar a dtugtar ‘siomclóisín’ freisin faoin ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta (ANI), atá faoi láthair faoi chóid CN ex 2933 69 80 agus ex 3808 94 20 (cóid TARIC 2933698070 agus 3808942020), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’ nó ‘TCCA’).

(7)

Is táirge ceimiceach é TCCA a úsáidtear mar dhíghalrán clóirín orgánach speictrim leathain agus tuarthóir, go háirithe chun uisce i linnte snámha agus spánna a dhíghalrú. Cuimsíonn úsáidí eile cóireáil uisce i ndabhcha séarachais nó i dtúir fuarúcháin agus glanadh fearas cistine. Díoltar TCCA i bhfoirm púdair, gráinníní, táibléad nó sliseanna. Is ionann na saintréithe bunúsacha (díghalrán) atá i ngach foirm TCCA agus dá bhrí sin, meastar gur táirge aonair iad.

3.   TARRAINGT SIAR NA hIARRATA

(8)

An 16 Deireadh Fómhair 2023, tharraing an t-iarratasóir siar go foirmiúil a iarraidh ar athbhreithniú ‘onnmhaireora nua’.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) den bhun-Rialachán, nuair a tharraingíonn an gearánach siar a ghearán, féadfar an t-imeacht a fhoirceannadh ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais.

(10)

Mheas an Coimisiún gur cheart an imeacht frithdhumpála a fhoirceannadh ós rud é nár tugadh chun solais leis an imscrúdú aon ghné a léiríonn nach mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leasa an Aontais.

4.   TOBHACH NA DLEACHTA FRITHDHUMPÁLA

(11)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, an t-athbhreithniú maidir le hallmhairí TCCA isteach san Aontas a tháirgeann an t-iarratasóir, gur cheart an t-athbhreithniú sin a fhoirceannadh. An dleacht is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ de bhun Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le táirgí arna monarú ag an iarratasóir. Dá bhrí sin, ba cheart scor de chlárú allmhairí an iarratasóra, agus an dleacht uile-tíre is infheidhme maidir le cuideachtaí eile (42,6 %) arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230, ba cheart an dleacht sin a thobhach ar na hallmhairí sin ó dháta thionscnamh an athbhreithnithe seo.

5.   NOCHTADH

(12)

Chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an imscrúdú an athbhreithnithe a fhoirceannadh, dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí TCCA agus an dleacht sin a thobhach ar allmhairí atá faoi réir clárú faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712. Tugadh an deis do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(13)

Tá an Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, foirceanntar an t-athbhreithniú ‘onnmhaireora nua’ arna thionscnamh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712.

2.   An dleacht frithdhumpála is infheidhme de réir Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 ón gCoimisiún maidir le gach cuideachta eile i nDaon-Phoblacht na Síne (cód breise TARIC A999), ar dleacht í ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh, tá feidhm aici maidir le hallmhairí táirgí a mhonaraíonn Hebei Xingfei Chemical Co., Ltd. (cód breise TARIC C629).

Airteagal 2

1.   Leis seo, aisghairtear Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712.

2.   An dleacht frithdhumpála is infheidhme de réir Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 maidir le ‘gach cuideachta eile’ i nDaon-Phoblacht na Síne (cód breise TARIC A999), leis seo forchuirtear an dleacht sin ar allmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712.

3.   An dleacht frithdhumpála dá dtagraítear i mír 2, leis seo, déantar í a thobhach le héifeacht ón 1 Aibreán 2023 ar allmhairí arna gclárú de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712.

Airteagal 3

1.   Leis seo, ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí, rud arna dhéanamh de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712.

2.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 319, 5.12.2017, lch. 10.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/712 ón gCoimisiún an 30 Márta 2023 lena dtionscnaítear athbhreithniú “onnmhaireora nua” i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithniú é le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht maidir le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 93, 31.3.2023, lch. 88).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2766/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)