|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2752 |
11.12.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2752 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Nollaig 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh sléibhteoireachta, clogaid le haghaidh gníomhaíochtaí eachaíochta agus lámhainní a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó le codanna de na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 agus an obair sin a thabhairt chun críche chun a áirithiú go leanfaidh siad de léiriú a thabhairt ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a chomhlíonadh. |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924, dhréachtaigh CEN na caighdeáin comhchuibhithe seo a leanas: EN 892:2012+A3:2023 maidir le rópaí dinimiciúla sléibhteoireachta, EN 1384:2023 maidir le clogaid le haghaidh gníomhaíochtaí eachaíochta, agus EN 13089:2011+A3:2023 maidir le huirlisí oighir le haghaidh trealamh sléibhteoireachta. |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 10819:2013 arna leasú le EN ISO 10819:2013/A1:2019 maidir le creathadh meicniúil agus turraing, caighdeán a bhfoilsítear tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 ón gCoimisiún (4). Rinneadh ant-athbhreithniú chun na caighdeáin sin a chur in oiriúint do chreat dlíthiúil Rialachán (AE) 2016/425 agus chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an tsoiléireacht trí fhaisnéis níos beaichte a sholáthar in Iarscríbhinn ZA den chaighdeán sin agus trí thagairt normatach a dhátú. Mar thoradh air sin, ghlac CEN an leasú EN ISO 10819:2013/A2:2022. |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún, in éineacht le CEN, measúnú féachaint an gcomhlíontar an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 leis na caighdeáin chomhchuibhithe EN 892:2012+A3:2023, EN 1384:2023, EN ISO 10819:2013/A2:2022, EN 13089:2011+A3:2023. |
|
(6) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 892:2012+A3:2023, EN 1384:2023, EN ISO 10819:2013/A2:2022 agus EN 13089:2011+A3:2023, comhlíonann siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/425. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Rialachán (AE) 2016/425. Maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, chun a áirithiú go ndéanfar iad uile a liostú in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 892:2012+A3:2023, EN 1384:2023, EN ISO 10819:2013/A2:2022 agus EN 13089:2011+A3:2023 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
|
(8) |
Caighdeán comhchuibhithe EN ISO 10819:2013 arna leasú le EN ISO 10819:2013/A1:2019, is gá an tagairt don chaighdeán sin a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar an gcaighdeán sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Chun a dhóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm an chaighdeáin athbhreithnithe, is gá tarraingt siar na tagartha do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 10819:2013 arna leasú le EN ISO 10819:2013/A1:2019 a chur siar. |
|
(11) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (3) den Iarscríbhinn ón 11 Meitheamh 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), C/2023/2898 (IO L 125, 11.5.2023, lch. 37).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an iontráil 63a seo a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an iontráil 77a seo a leanas:
|
|
(3) |
scriostar iontráil 84; |
|
(4) |
cuirtear isteach an iontráil 84a seo a leanas:
|
|
(5) |
cuirtear isteach an iontráil 112a seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2752/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)