European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2748

6.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2748 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2023/002 BE/Makro

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2)

Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3).

(3)

An 3 Iúil 2023, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Makro Cash & Carry Belgium NV sa Bheilg. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 828 223 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2023, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid EUR 2 828 223 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 22 Samhain 2023.

Arna dhéanamh i Strasbourg, 22 Samhain 2023,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(4)  COM(2023) 470.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2748/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)