European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2745

11.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2745 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Nollaig 2023

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 4(6), Airteagal 5(10), Airteagal 7(2), Airteagal 7(3) agus Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/2379 bunaítear creat comhtháite chun staidreamh Eorpach a bhaineann le hionchuir agus aschuir talmhaíochta a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Chun a áirithiú go dtáirgfidh na Ballstáit sonraí inchomparáide agus chun comhchuibhiú a bhaint amach laistigh den chóras staidrimh talmhaíochta, is gá eilimintí teicniúla an staidrimh ar ionchuir agus ar aschuir talmhaíochta a shonrú a mhéid a bhaineann le táirgeadh ainmhithe atá le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

(2)

Is éard atá sna heilimintí sin liosta de na hathróga, tuairiscí ar na hathróga, na haonaid bhreathnóireachta, na ceanglais bheachtais atá le cur i bhfeidhm, na rialacha modheolaíochta atá le cur i bhfeidhm, agus na sprioc-amanna le haghaidh tharchur na sonraí, i gcás inarb iomchuí.

(3)

Agus na córais bailithe sonraí á mbunú acu, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do roghanna lena n-íoslaghdaítear an líon luachanna rúnda ina gcuid sonraí.

(4)

Is gá sonrú a dhéanamh ar na hathróga a bhfuil na gnéithe réigiúnacha agus orgánacha ag teastáil ina leith toisc nach bhfuil siad riachtanach ach i gcás roinnt athróg.

(5)

Ní mór cumhdach na dtacar sonraí a shonrú de bhreis ar na ceanglais in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2022/2379 i gcás inarb iomchuí, chun neamhréireachtaí idir na Ballstáit a sheachaint.

(6)

Ba cheart na tréimhsí tagartha a luaitear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2022/2379 a shonrú a thuilleadh chun inchomparáideacht an staidrimh idir na Ballstáit a áirithiú.

(7)

De bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2022/2379, is féidir na Ballstáit a dhíolmhú ó shonraí sonracha a sholáthar le haghaidh athróga réamhshainithe ag sprioc-amanna áirithe más rud é gur tionchar teoranta is ea tionchar na mBallstát sin ar iomlán na n-athróg sin san Aontas. Is amhlaidh atá má tá a dtáirgeacht faoi bhun tairseacha sonracha. Is gá sonrú a dhéanamh ar na tairseacha sin, ar an modheolaíocht a úsáideadh chun iad a bhunú, ar na foinsí sonraí a úsáideadh agus an mhodheolaíocht sin á cur i bhfeidhm, agus ar na sonraí a bhfuil feidhm ag an díolúine sin maidir leo.

(8)

De bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2022/2379, is féidir na Ballstáit a dhíolmhú freisin ó shonraí sonracha a tharchur maidir le hathróga réamhshainithe i gcás ina bhfuil a dtionchar teoranta i ndáil leis an táirgeacht talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Is gá luachanna tairsí tagartha a shonrú le haghaidh na n-athróg atá faoi réir díolúintí.

(9)

Ba cheart na ceanglais cháilíochta a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh an costas agus an t-ualach a bhaineann le staidreamh a tháirgeadh réasúnta i gcónaí. Dá bhrí sin, cé go gceanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2379 go mbeadh an staidreamh uile ionadaíoch ar dhaonra staidrimh an limistéir gheografaigh ábhartha, níor cheart ach cuid de na hathróga riachtanacha a bheith faoi réir ceanglais bheachtais bhreise sa Rialachán seo.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach mar a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceanglais sonraí

Soláthróidh na Ballstáit sonraí i réimse an staidrimh ar tháirgeadh ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2379 i bhfoirm tacair sonraí comhiomlánaithe. Déanfar na sonraí maidir le táirgeadh iomlán agus táirgeadh orgánach a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) ar an leibhéal geografach is gá dá dtagraítear in Airteagal 5(10), i bpointe (b)(iii), de Rialachán (AE) 2022/2379, agus mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III.

Airteagal 2

Tacair sonraí

1.   Sonraítear inneachar sonraí na dtacar sonraí iontu seo a leanas:

(a)

Iarscríbhinn I i gcás topaic (i), beostoc agus feoil, i gcás na dtopaicí mionsonraithe:

(i)

pobail beostoic;

(ii)

táirgeacht feola;

(iii)

seachadadh ainmhithe;

(b)

Iarscríbhinn II i gcás topaic (ii), uibheacha agus sicíní, le haghaidh na dtopaicí mionsonraithe:

(i)

uibheacha chun a gcaitheamh;

(ii)

uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis;

(iii)

struchtúr na ngorlanna;

(c)

Iarscríbhinn III i gcás topaic (iii), bainne agus táirgí bainne, le haghaidh na dtopaicí mionsonraithe:

(i)

bainne a tháirgtear agus a úsáidtear ar na gabháltais talmhaíochta;

(ii)

infhaighteachtaí bainne le haghaidh earnáil na déiríochta;

(iii)

na húsáidí a bhaintear as bainne agus ábhair dhéiríochta in earnáil na déiríochta agus na táirgí a thagann as sin;

(iv)

na húsáidí míosúla a bhaintear as bainne bó in earnáil na déiríochta;

(v)

struchtúr na bhfiontar déiríochta.

2.   I gcás gach tacair sonraí, sonraítear an méid seo a leanas i Roinn I:

(a)

tuairisc ar an inneachar sonraí;

(b)

na hathróga atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inar gá, ar an leibhéal réigiúnach;

(c)

na hathróga atá le soláthar maidir le táirgeadh orgánach;

(d)

na sprioc-amanna le haghaidh tharchur na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat);

(e)

na tréimhsí tagartha.

3.   Maidir le gach tacar sonraí, sonraítear i Roinn II, i gcás inarb iomchuí:

(a)

tuairisc ar na haonaid tomhais;

(b)

ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga;

(c)

tairseacha le haghaidh díolúintí ó sprioc-amanna le haghaidh tharchur na sonraí;

(d)

tairseacha le haghaidh tarchuir sonraí réigiúnacha;

(e)

sonraíochtaí cumhdaigh.

4.   I gcás gach tacair sonraí, sonraítear i Roinn III rialacha modheolaíochta, i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 3

Ceanglais bheachtais

1.   I gcás ina ndéanfar sonraí a bhailiú ar bhonn samplaí staidrimh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na torthaí ualaithe ionadaíoch maidir leis an daonra staidrimh laistigh den aonad geografach ábhartha agus go gceapfar iad chun na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh.

2.   I gcás nach bhfuil ceanglais bheachtais infheidhme, mar shampla mar gheall ar fhoinsí seachas suirbhéanna staidrimh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an staidreamh ionadaíoch maidir leis an raon feidhme a dtugann siad tuairisc air, agus go gcomhlíonfaidh siad na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 4

Tuairiscí

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na tuairiscí ar théarmaí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 5

Modheolaíocht le haghaidh díolúintí

1.   Deonóidh an Coimisiún díolúintí tarchuir sonraí le haghaidh athróga nó grúpaí athróg i dtacair sonraí maidir leis na topaicí (i) beostoc agus feoil, (ii) uibheacha agus sicíní, agus (iii) bainne agus táirgí bainne. Beidh na díolúintí sin bunaithe ar luachanna tairsí tagartha agus deonófar iad mura laghdóidh a gcur i bhfeidhm an fhaisnéis maidir le foriomlán AE na hathróige comhfhreagraí a bhfuiltear ag súil leis faoi níos mó ná 5 %. Na luachanna tairsí tagartha le haghaidh na n-athróg atá faoi réir díolúintí, is iad sin na luachanna tairsí a leagtar síos i ngach Roinn II d’Iarscríbhinní I, II agus III. Ríomhfaidh an Coimisiún (Eurostat) luachanna tairsí tagartha na n-athróg sin bunaithe ar mheán 3 bliana de shonraí staidrimh. Mura mbeidh sonraí bliantúla ar fáil don tréimhse 3 bliana sin, tagróidh an tairseach do shonraí eile don tréimhse chéanna, ar sonraí iad atá ionadaíoch ar an leibhéal geografach is gá mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III, a bheidh le soláthar ag an mBallstát nó ag na Ballstáit i dtrácht.

2.   Maidir le Ballstát ina raibh luach athróige níos ísle ná an luach tairsí tagartha, nó cothrom leis, ar feadh 3 bliana as a chéile, díolmhófar é ó shonraí a tharchur maidir leis an athróg sin le haghaidh na sprioc-amanna, mar a leagtar amach i ngach Roinn II de na tacair sonraí in Iarscríbhinní I, II agus III. Cúlghairfear an díolúine go huathoibríoch má sháraíonn luach athróige an Bhallstáit an luach tairsí tagartha gach bliain de 3 bliana as a chéile. Tosóidh an Ballstát ag tarchur sonraí maidir leis an athróg sin don bhliain tagartha tar éis an tríú bliain as a chéile ina sárófar an luach tairsí tagartha. Déanfar an díolúine a athbhunú go huathoibríoch má thagann luach athróige an Bhallstáit faoi bhun na tairsí tagartha, nó cothrom léi, gach bliain de 3 bliana as a chéile. Mura mbeidh sonraí bliantúla ar fáil ag an gCoimisiún don tréimhse 3 bliana sin, soláthróidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann sonraí ionadaíocha eile ar an leibhéal geografach is gá mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III.

3.   Féadfaidh an Coimisiún aon cheann de na luachanna tagartha tairsí sin a leasú má fhanann meániomlán an Aontais Eorpaigh níos lú ná 90 % nó níos mó ná 110 % d’iomlán an Aontais Eorpaigh a úsáidtear chun na luachanna tairsí tagartha a ríomh ar feadh 3 bliana as a chéile. Mura bhfuil sonraí bliantúla ar fáil ag an gCoimisiún don tréimhse 3 bliana sin, soláthróidh an Ballstát nó na Ballstáit i dtrácht sonraí ionadaíocha náisiúnta chun an t-iomlán sin a ríomh.

4.   Deonóidh an Coimisiún díolúintí do Bhallstáit maidir le hathróga réamhshainithe i gcás ina mbeidh tionchar na hathróige teoranta i ndáil leis an táirgeacht talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Beidh na díolúintí sin bunaithe ar luachanna tairsí tagartha mar a leagtar síos i Roinn II d’Iarscríbhinn III.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 315, 7.12.2022, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)


IARSCRÍBHINN I

Beostoc agus feoil

Tacar sonraí i.1

Pobail beostoic

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

i.

Beostoc agus feoil

An topaic mhionsonraithe:

i.1

Pobail beostoic

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí an líon ainmhithe atá á gcoinneáil ar ghabháltas talmhaíochta ar chríoch Ballstáit, mar an líon ainmhithe ar an dáta tagartha nó ar an meán le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear na hainmhithe orgánacha deimhnithe sin.

Tacar sonraí i.1, cuid 1

Pobal beostoic ag dáta tagartha

Catagóirí beostoic

Minicíocht

Sonraí bliantúla

Dáta tagartha

Bealtaine/Meitheamh

Samhain/Nollaig

Sprioc-amanna

Sealadach an 15 Meán Fómhair N

Críochnaitheach an 15 Deireadh Fómhair N

Sealadach An 15 Feabhra N+1

Críochnaitheach an 15 Bealtaine N+1

An 30 Meitheamh N+1

Bó-ainmhithe

HD

HD

HD

HD, RHD

OHD

 

Bó-ainmhithe atá faoi bhun 1 bhliain d’aois

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Gan bheith le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Bó-ainmhithe fireanna, atá faoi bhun 1 bhliain d’aois gan bheith le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Bó-ainmhithe fireanna, atá faoi bhun 1 bhliain d’aois gan bheith le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

Bó-ainmhithe, os cionn 1 bhliain d’aois, ach faoi bhun 2 bhliain d’aois

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Bó-ainmhithe fireanna, os cionn 1 bhliain d’aois, ach faoi bhun 2 bhliain d’aois

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Bodóga, os cionn 1 bhliain d’aois, ach faoi bhun 2 bhliain d’aois

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Bodóga, os cionn 1 bhliain d’aois, ach faoi bhun 2 bhliain d’aois le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Bodóga, os cionn 1 bhliain d’aois, ach faoi bhun 2 bhliain d’aois gan bheith le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

Bó-ainmhithe, 2 bhliain d’aois agus os a chionn

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Bó-ainmhithe baineanna, 2 bhliain d’aois nó os a chionn

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Bodóga, 2 bhliain d’aois nó níos sine

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Bodóga, 2 bhliain d’aois nó os a chionn, le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Bodóga, 2 bhliain d’aois agus os a chionn, gan bheith le haghaidh marú

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Ba

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

Ba déiríochta

HD

HD

HD

HD, RHD

OHD

 

 

 

Ba neamhdhéiríochta

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

ina bhfuil buabhaill

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Ba buabhaill

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Buabhaill eile

HD

HD

HD

HD, RHD

 

Muca

HD

HD

HD

HD, RHD

OHD

 

Muca a bhfuil níos lú ná 50 kg de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Bainbh a bhfuil níos lú ná 20 kg de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Muca eile a bhfuil idir 20 kg agus 50 kg de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

Muca le haghaidh marú, lena n-áirítear collaigh dhiúltaithe agus cránacha diúltaithe, a bhfuil 50 kg agus os a chionn de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Muca eile a bhfuil idir 50 kg agus 80 kg de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Muca eile a bhfuil idir 80 kg agus 110 kg de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Muca, a bhfuil 110 kg nó níos mó de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

Muca pórúcháin, a bhfuil 50 kg agus níos mó de bheomheáchan iontu

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Toirc pórúcháin

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Cránacha cúpláilte

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

lena n-áirítear céiseanna clúdaithe

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

Cránacha, nach bhfuil clúdaithe

HD

HD

HD

HD, RHD

 

 

 

 

lena n-áirítear céiseanna nach bhfuil clúdaithe go fóill

HD

HD

HD

HD, RHD

 

Caoirigh

 

 

HD

HD, RHD

OHD

 

Caoirigh agus uain bhaineanna

 

 

HD

HD, RHD

 

 

 

Caoirigh bhainne agus uain bhaineanna

 

 

HD

HD, RHD

 

 

 

Caoirigh nach caoirigh bhainne iad agus uain bhaineanna

 

 

HD

HD, RHD

 

 

Caoirigh eile

 

 

HD

HD, RHD

 

Gabhair

 

 

HD

HD, RHD

OHD

 

Gabhair bhaineanna a phórú

 

 

HD

HD, RHD

 

 

Gabhair eile

 

 

HD

HD, RHD

 

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

HD

:

Líon na n-ainmhithe (1 000 cloigeann) ar an leibhéal náisiúnta

RHD

:

Líon na n-ainmhithe (1 000 cloigeann) ar an leibhéal réigiúnach

OHD

:

Líon na n-ainmhithe orgánacha (1 000 cloigeann) ar an leibhéal náisiúnta

Dáta tagartha: Tagróidh na sonraí do lá ar leith sna tréimhsí a léirítear sa tábla. Cuirfidh na Ballstáit in iúl an lá seo sna meiteashonraí a chuirtear ar fáil leis na sonraí.

Tacar sonraí i.1, cuid 2

Meánphobal beostoic

Catagóirí beostoic

Minicíocht

Bliantúil

3 huaire in aghaidh gach 10 mbliana (1)

Sprioc-amanna

An 30 Aibreán N+1

An 30 Meitheamh N+1

An 30 Aibreán N+1

Éanlaith chlóis (seachas sicíní)

 

 

Cearca

 

 

 

Sicíní grísce

AHD, RAHD

OAHD

 

 

 

Béaróga

AHD, RAHD

OAHD

 

 

 

 

Béaróga a bheireann uibheacha lena gcaitheamh

AHD, RAHD

OAHD

 

 

Éanlaith chlóis seachas sicín

 

 

AHD

 

 

Lachain

 

 

AHD

 

 

Géanna

 

 

AHD

 

 

Turcaithe

 

 

AHD

 

 

Ostraisí

 

 

AHD

 

 

Éanlaith chlóis eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

AHD

Coiníní

 

 

AHD

Speicis nach dtógtar lena gcaitheamh ag an duine

 

 

 

 

Ainmhithe fionnaidh

 

 

 

 

 

Sionnaigh

 

 

AHD

 

 

Madraí racúin

 

 

AHD

 

 

Minceanna

 

 

AHD

 

 

Sinsilí

 

 

AHD

 

 

Ainmhithe fionnaidh eile, nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

AHD

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

AHD

:

An meánlíon ainmhithe (1 000 cloigeann) ar an leibhéal náisiúnta

RAHD

:

An meánlíon ainmhithe (1 000 cloigeann) ar an leibhéal réigiúnach

OAHD

:

An meánlíon ainmhithe orgánacha (1 000 cloigeann) ar an leibhéal náisiúnta

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Cumhdóidh na sonraí meánlíon ainmhithe i rith na bliana féilire.

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Líon ainmhithe: tagraíonn sé don líon iomlán ainmhithe a choinnítear ar ghabháltais talmhaíochta, cé is moite d’ainmhithe atá á n-iompar nó i seamlais.

An líon ainmhithe orgánacha: tagraíonn sé d’ainmhithe a chomhlíonann go hiomlán na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus a thógtar faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe ar leibhéal na feirme, mar a leagtar amach (i) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nó, i gcás inarb infheidhme, sa reachtaíocht is déanaí de chuid an Aontais agus (ii) sna rialacha cur chun feidhme náisiúnta comhfhreagracha. Tá na hainmhithe sin san áireamh sa líon iomlán ainmhithe.

An meánlíon ainmhithe: tagraíonn sé don líon iomlán ainmhithe a choinnítear ar ghabháltais talmhaíochta, cé is moite d’ainmhithe atá á n-iompar nó i seamlais. Cuirfear san áireamh leis an líon sin luaineachtaí séasúracha, chomh maith le sosanna sealadacha sa táirgeadh.

Díolúintí maidir le tarchur sonraí

Seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1):

Athróg thagartha

Tairseach thagartha

Díolúine tarchuir

An líon iomlán bó-ainmhithe

600 000 cloigeann

Sonraí maidir le pobal mhí na Bealtaine/mhí an Mheithimh

An líon iomlán muc

1 300 000 cloigeann

Sonraí maidir le pobal mhí na Bealtaine/mhí an Mheithimh

An líon iomlán caorach

600 000 cloigeann

Sonraí maidir le pobal mhí na Samhna/mhí na Nollag  (3)

An líon iomlán gabhar

130 000 cloigeann

Sonraí maidir le pobal mhí na Samhna/mhí na Nollag  (3)

An líon iomlán sicíní grísce

8 000 000 cloigeann

Sonraí bliantúla (3)

An líon iomlán béaróg

5 000 000 cloigeann

Sonraí bliantúla (3)

Foinse sonraí:

Sonraí mhí na Samhna/mhí na Nollag is déanaí atá ar fáil

Tarchur sonraí réigiúnacha

Soláthróidh na Ballstáit sonraí réigiúnacha:

le haghaidh bó-ainmhithe má tá níos mó ná 75 000 bó-ainmhí sa réigiún nó má thógtar níos mó ná 5 % den líon náisiúnta bó-ainmhithe beo sa réigiún;

le haghaidh muc má tá níos mó ná 150 000 muc sa réigiún nó má thógtar níos mó ná 5 % den líon náisiúnta muc sa réigiún;

le haghaidh caorach má tá níos mó ná 100 000 caora sa réigiún nó má thógtar níos mó ná 5 % den líon náisiúnta caorach sa réigiún;

le haghaidh gabhar má tá níos mó ná 25 000 gabhar sa réigiún nó má thógtar níos mó ná 5 % den líon náisiúnta gabhar sa réigiún;

le haghaidh sicíní grísce má tá níos mó ná 1 500 000 sicín grísce sa réigiún nó má thógtar níos mó ná 5 % den líon náisiúnta sicíní grísce sa réigiún;

le haghaidh béaróg má tá níos mó ná 1 000 000 béaróg sa réigiún nó má thógtar níos mó ná 5 % den líon náisiúnta béaróg sa réigiún.

Tá na sonraí réigiúnacha ag teastáil le haghaidh na mblianta tagartha nó na ndátaí tagartha céanna leis na sonraí náisiúnta.

Tacar sonraí i.2

Táirgeadh feola

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

i.

Beostoc agus feoil

An topaic mhionsonraithe:

i.2

Táirgeadh feola

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí meáchain na gconablach agus an líon ainmhithe a mharaítear i gcríoch Bhallstáit le linn na tréimhse tagartha, bídís i seamlais nó ná bídís, agus atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, lena n-áirítear conablaigh orgánacha.

Catagóirí beostoic

2.1

Marú i seamlais

2.2

Marú nach ndéantar i seamlais

Minicíocht agus Sprioc-amanna

Sonraí míosúla

Sonraí bliantúla

Sonraí míosúla

Sonraí bliantúla

M + 60 lá

An 31 Bealtaine N+1

An 30 Meitheamh N+1

M + 120 lá

An 30 Meitheamh N+1

Bó-ainmhithe

HD, T

HD, T

OHD, OT

HD, T

HD, T

 

Laonna

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

 

Bó-ainmhithe óga

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

 

Bodóga

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

 

Ba

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

 

Tairbh

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

 

Bulláin

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

Muca (muca de speicis chlóis)

HD, T

HD, T

OHD, OT

HD, T

HD, T

Caoirigh

HD, T

HD, T

OHD, OT

HD, T

HD, T

 

Uain

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

 

Caoirigh eile

HD, T

HD, T

 

HD, T

HD, T

Gabhair

HD, T

HD, T

OHD, OT

HD, T

HD, T

Éineoil

 

HD, T

 

 

 

Cearca

HD, T

HD, T

OHD, OT

 

Lachain

HD, T

HD, T

 

 

Géanna

 

HD, T

 

 

Turcaithe

HD, T

HD, T

 

 

Ostraisí

 

HD, T

 

 

Éanlaith chlóis eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

HD, T

 

Equidae

HD, T

HD, T

 

Coiníní (de speicis chlóis)

 

HD, T

OHD, OT

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

M

:

An mhí dá dtagraíonn na sonraí

HD

:

An líon ainmhithe maraithe (1 000 conablach) ar an leibhéal náisiúnta

T

:

Meáchain chonablaigh (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

OHD

:

An líon ainmhithe orgánacha maraithe (conablaigh) ar an leibhéal náisiúnta

OT

:

Meáchain chonablaigh (tonaí) d’ainmhithe orgánacha ar an leibhéal náisiúnta

Tréimhsí tagartha

:

Mí, bliain féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

An líon ainmhithe maraithe: An líon conablach ainmhithe a meastar a bhfeoil a bheith oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine.

Meáchan an chonablaigh: Meáchan conablaigh fhuar na n-ainmhithe maraithe a meastar a bhfeoil a bheith oiriúnach lena caitheamh ag an duine.

Tagraíonn ainmhithe orgánacha d’ainmhithe a chomhlíonann go hiomlán na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus a thógtar faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe ar ghabháltais talmhaíochta sa Bhallstát agus a dheimhnítear mar ainmhithe orgánacha de réir (i) Rialachán (AE) 2018/848 nó, i gcás inarb infheidhme, sa reachtaíocht is déanaí de chuid an Aontais agus (ii) sna rialacha cur chun feidhme náisiúnta comhfhreagracha. Is iad na hainmhithe orgánacha maraithe na hainmhithe a mharaítear ar chríoch an Bhallstáit chéanna sin. Cuirtear sa chuntas iad sa líon iomlán ainmhithe maraithe.

Díolúintí maidir le tarchur sonraí

Seo a leanas tairseacha tagartha na gcatagóirí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1):

Athróga tagartha

Coinníollacha maidir le díolúine

Díolúine tarchuir

Meáchan conablaigh de réir catagóire ainmhithe

Meáchan conablaigh bliantúil na n-ainmhithe nach maraítear i seamlais, tá sé níos ísle ná

 

Laonna agus bó-ainmhithe óga

500 tona

Sonraí míosúla maidir le marú nach déantar i seamlais i ndáil leis an gcatagóir ainmhithe

Bó-ainmhithe eile

650 tona

Muca

3 700 tonna

Caoirigh

1 100 tonna

Gabhair

300 tona

Sonraí míosúla

Gan aon luach rúnda

Sonraí bliantúla comhfhreagracha

Foinse sonraí:

Staidreamh maidir le marú a tharchuirtear go rialta chuig Eurostat

Tacar sonraí i.3

Seachadadh ainmhithe

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

i.

Beostoc agus feoil

An topaic mhionsonraithe:

i.3

Seachadadh ainmhithe

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí an réamhaisnéis maidir leis an olltáirgeadh dúchasach (OTD), rud a chiallaíonn an líon ainmhithe a mheastar a sheachadfaidh an creat gabháltas talmhaíochta Ballstáit thar lear nó ar na seamlais sa Bhallstát, nó chun a marú ar bhealach eile. Déanfar ainmhithe maraithe nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine a eisiamh.

Tacar sonraí i.3, cuid 1

Réamhaisnéis seachadta bó-ainmhithe

Catagóirí beostoic

Sonraí leathbhliantúla

Tréimhsí tagartha

1.1 – 30.6 N

1.7 – 31.12 N

1.1 – 30.6 N+1

1.7 – 31.12 N

1.1 – 30.6. N+1

1.7 – 31.12 N+1

Sprioc-amanna

An 15 Feabhra N

An 15 Meán Fómhair N

Bó-ainmhithe

HD

HD

 

Laonna agus bó-ainmhithe óga

HD

HD

 

Bodóga

HD

HD

 

Ba

HD

HD

 

Bó-ainmhithe, 1 bhliain d’aois nó os a chionn

HD

HD

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

HD

:

Olltáirgeadh dúchasach leagtha amach sa líon ainmhithe (1 000 cloigeann)

Minicíocht

:

Dhá uair sa bhliain (3 thréimhse leathbhliana)

Tacar sonraí i.3, cuid 2

Réamhaisnéis seachadta muc

Catagóirí beostoic

Sonraí ráithiúla

Tréimhsí tagartha

1.1 – 31.3 N

1.4 – 30.6 N

1.7 – 30.9 N

1.10 – 31.12 N

1.7 – 30.9 N

1.10 – 31.12 N

1.1 – 31.3 N+1

1.4 – 30.6 N+1

Sprioc-amanna

An 15 Feabhra N

An 15 Meán Fómhair N

Muca

HD

HD

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

HD

:

Olltáirgeadh dúchasach leagtha amach sa líon ainmhithe (1 000 cloigeann)

Minicíocht

:

Dhá uair sa bhliain (4 ráithe)

Tacar sonraí i.3, cuid 3

Réamhaisnéis seachadta caorach agus gabhar

Catagóirí beostoic

Sonraí leathbhliantúla

Tréimhsí tagartha

1.1 – 30. 6 N

1.7 – 31.12 N

Sprioc-am

An 15 Feabhra N

Caoirigh

HD

Gabhair

HD

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

HD

:

Olltáirgeadh dúchasach leagtha amach sa líon ainmhithe (1 000 cloigeann)

Minicíocht

:

Bliantúil (2 thréimhse leathbhliana)

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Déanfar réamhaisnéis ar olltáirgeadh dúchasach a leagan amach sa líon ainmhithe.

Díolúintí maidir le tarchur sonraí

Seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1):

Athróg thagartha

Coinníollacha maidir le díolúine

Díolúine tarchuir

An líon iomlán bó-ainmhithe

Tairseacha tagartha thacar sonraí i.1

Sprioc-am ar an 15 Meán Fómhair N

An líon iomlán muc

Sprioc-am ar an 15 Meán Fómhair N

An líon iomlán caorach

Réamhaisnéis seachadta caorach

An líon iomlán gabhar

Réamhaisnéis seachadta gabhar

Roinn III

Bunófar réamhaisnéisí GIP bunaithe ar an staidreamh is déanaí ar a laghad ó thacair sonraí i.1 agus i.2, agus ó shraith GIP a baineadh amach. An GIP a bhainfear amach, féadfar é a bhunú do gach catagóir beostoic mar na hainmhithe a mharaítear i mBallstát móide comhardú trádála (onnmhairí lúide allmhairí) na trádála laistigh agus lasmuigh den Aontas don chatagóir beostoic sin.


(1)  Blianta dar críoch 3, 6 agus 0

(2)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(3)  Tarchuirfidh na Ballstáit dhíolmhaithe na sonraí le haghaidh na mblianta tagartha dar críoch 3, 6 agus 0.


IARSCRÍBHINN II

Uibheacha agus sicíní

Tacar sonraí ii.1

Uibheacha lena gcaitheamh

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

ii.

Uibheacha agus sicíní

An topaic mhionsonraithe:

ii.1

Uibheacha lena gcaitheamh

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdóidh na sonraí an líon uibheacha sicín lena gcaitheamh a bhailítear ar na gabháltais talmhaíochta i mBallstát le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear táirgeadh orgánach. Féadfar na huibheacha sin a sheachadadh ar ionaid phacála, iad a dhíol go díreach le tomhaltóirí nó leis an tionscal agraibhia, iad a thomhailt ar an ngabháltas talmhaíochta nó iad a chailleadh tar éis dóibh an gabháltas talmhaíochta a fhágáil.

Na catagóirí

Sprioc-am

An 30 Meitheamh N+1

Uibheacha a tháirgtear lena gcaitheamh

EN, OEN

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

EN

:

An líon uibheacha lena gcaitheamh a tháirgtear (uibheacha milliúin) ar an leibhéal náisiúnta

OEN

:

An líon uibheacha lena gcaitheamh ón táirgeadh orgánach deimhnithe (de réir na milliún ubh) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn an líon uibheacha lena gcaitheamh a tháirgtear do líon na n-uibheacha sicín atá beartaithe lena gcaitheamh ar ghabháltais talmhaíochta i mBallstát, lena n-áirítear na huibheacha sin a fhaigheann ionaid phacála ó tháirgeoirí uibheacha sa Bhallstát agus na huibheacha sin a sheachadann nó a úsáideann gabháltais talmhaíochta go díreach.

Tagraíonn an líon uibheacha lena gcaitheamh ón táirgeadh orgánach deimhnithe d’uibheacha lena gcaitheamh de thionscnamh ainmhithe a chomhlíonann go hiomlán na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach ar leibhéal na feirme, mar a leagtar amach in (i) Rialachán (AE) 2018/848 nó, i gcás inarb infheidhme, sa reachtaíocht is déanaí de chuid an Aontais agus (ii) sna rialacha náisiúnta comhfhreagracha cur chun feidhme. Tá na uibheacha sin san áireamh sa líon iomlán uibheacha.

Díolúintí maidir le tarchur sonraí

Na Ballstáit a úsáideann faisnéis ó ionaid phacála nó ó fhoinsí riaracháin eile, tá siad díolmhaithe ón tairseach a chur chun feidhme. Sa chás sin, cumhdóidh an líon uibheacha a sholáthraítear na huibheacha go léir lena gcaitheamh a tháirgeann gabháltais talmhaíochta uile sa Bhallstát sin. I gcás ina n-úsáidtear an líon uibheacha a fhaigheann na hionaid phacála, áireofar sa chainníocht a tháirgtear uibheacha a sheachadann na gabháltais talmhaíochta go díreach ar an tionscal agraibhia nó ar thomhaltóirí, chomh maith le haon úsáid eile de na huibheacha nach bhfuil marcáilte lena gcaitheamh le linn na tréimhse tagartha.

Seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1):

Athróg thagartha

Coinníollacha maidir le Tairseach thagartha díolúine

Díolúine tarchuir

An líon béaróg a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ar ghabháltais talmhaíochta ina bhfuil 50 béaróg ar a laghad a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh

5 000 000 béaróg

Sonraí bliantúla (1)

Foinsí sonraí: Staidreamh struchtúrach náisiúnta

Cumhdach

95 % de tháirgeadh gabháltas talmhaíochta ina bhfuil 50 béaróg ar a laghad a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh.

I gcás ina n-úsáidtear faisnéis lárionaid pacála nó foinse sonraí riaracháin eile, déanfar 95 % d’uibheacha a cheannaítear ó ghabháltais talmhaíochta a léiriú.

Tacar sonraí ii.2

Uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

ii.

Uibheacha agus sicíní

An topaic mhionsonraithe

ii.2

Uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí an líon uibheacha a chuirtear a ngoradh agus an líon sicíní a tháirgtear i ngorlanna Ballstáit a bhfuil acmhainneacht de níos mó ná 1 000 ubh acu agus le linn na tréimhse tagartha, chomh maith le líon na sicíní a allmhairítear chuig an mBallstát sin nó a onnmhairíonn an Ballstát sin.

Catagóirí éanlaithe clóis

Gníomhaíocht gorlann

Trádáil eachtrach sicíní

Sprioc-amanna

Deireadh míosa M+4 seachtaine

Deireadh míosa (M+1) + 4 seachtaine

An chearc

 

 

 

Úsáid mar bhéaróg (roghnúchán)

EP, FCU

II, IX, EI, EX

 

Úsáid mar bhéaróg (feidhm)

EP, FCU

II, IX, EI, EX

 

Úsáid le haghaidh feola (roghnúchán)

EP, FCU

II, IX, EI, EX

 

Úsáid le haghaidh feola (feidhm)

EP, CU

II, IX, EI, EX

 

Úsáid mheasctha le haghaidh feola agus mar bhéaróg

EP, CU

II, IX, EI, EX

 

Coiligh ó ghnéasú

CU

 

Lachan (feidhm)

EP, CU

II, IX, EI, EX

Gé (feidhm)

EP, CU

II, IX, EI, EX

Turcaí (feidhm)

EP, CU

II, IX, EI, EX

Éanlaith ghuine (feidhm)

EP, CU

II, IX, EI, EX

M

:

An mhí dá dtagraíonn na sonraí

EP

:

An líon uibheacha a chuirtear a ngoradh (1 000 ubh) ar an leibhéal náisiúnta

CU

:

An líon sicíní atá le húsáid (1 000 sicín) ar an leibhéal náisiúnta

FCU

:

An líon sicíní baineanna atá le húsáid (1 000 sicín) ar an leibhéal náisiúnta

II

:

An líon sicíní, allmhairí laistigh den Aontas (1 000 sicín) ar an leibhéal náisiúnta

IX

:

An líon sicíní, allmhairí lasmuigh den Aontas (1 000 sicín) ar an leibhéal náisiúnta

EI

:

An líon sicíní, onnmhairí laistigh den Aontas (1 000 sicín) ar an leibhéal náisiúnta

EX

:

An líon sicíní onnmhairí lasmuigh den Aontas (1 000 sicín) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Míosúil

Tréimhse thagartha

:

Mí féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn an líon uibheacha a chuirtear a ngoradh d’uibheacha a bhfuil sé beartaithe iad a ghoradh chun sicíní a fháil.

Tagraíonn an líon sicíní atá beartaithe lena n-úsáid do shicíní lae a tháirgtear i mBallstát le húsáid bheartaithe (bunaithe ar an gcineál géiniteach), lena n-áirítear iad siúd a onnmhairítear lena n-úsáid i dtír eile. Áirítear uibheacha a dhíolann gorlanna díreach roimh an ngoradh.

An líon sicíní, tagraíonn allmhairí don líon sicíní a allmhairíonn Ballstát ó Bhallstát eile den Aontas (laistigh den Aontas) nó ó thríú tír (lasmuigh den Aontas).

An líon sicíní, tagraíonn onnmhairí don líon sicíní a onnmhairíonn Ballstát ó Bhallstát eile den Aontas (laistigh den Aontas) nó chuig tríú tír (lasmuigh den Aontas).

Cumhdach

95 % d’uibheacha a chuirtear i ngorlanna agus de shicíní táirgthe ar ghorlanna a bhfuil acmhainneacht níos mó ná 1 000 ubh de shicíní, lachain, géanna, turcaithe nó éanlaith ghuine acu.

95 % de shicíní, lachain, géanna, turcaithe nó éanlaith ghuine a allmhairítear.

95 % de shicíní, lachain, géanna, turcaithe nó éanlaith ghuine a onnmhairítear.

Tacar sonraí ii.3

Struchtúr na ngorlann

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

ii.

Uibheacha agus sicíní

An topaic mhionsonraithe

ii.3

Struchtúr na ngorlann

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí struchtúr na ngorlann, a thuairiscítear de réir an lín gorlann i mBallstát agus a n-acmhainneachta arna miondealú de réir aicmí acmhainneachta le linn na tréimhse tagartha.

Catagóirí éanlaithe clóis

Aicmí méide (acmhainneacht)

Sprioc-am

An 29 Eanáir N+1

Cearca

Iomlán

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Ó 1 001 ubh go 10 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Ó 10 001 go 20 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Ó 20 001 go 50 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Ó 50 001 go 100 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Ó 100 001 go 200 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Ó 200 001 go 500 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

 

Níos mó ná 500 000 ubh

NH, CAP, EPL, EPM, EPX

Lacha

Iomlán

NH, CAP, EP

 

Ó 1 001 ubh go 10 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 10 001 go 20 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 20 001 go 50 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 50 001 go 100 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 100 001 go 200 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 200 001 go 500 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Níos mó ná 500 000 ubh

NH, CAP, EP

Iomlán

NH, CAP, EP

 

Ó 1 001 ubh go 10 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 10 001 go 20 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 20 001 go 50 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 50 001 go 100 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 100 001 go 200 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 200 001 go 500 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Níos mó ná 500 000 ubh

NH, CAP, EP

Turcaí

Iomlán

NH, CAP, EP

 

Ó 1 001 ubh go 10 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 10 001 go 20 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 20 001 go 50 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 50 001 go 100 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 100 001 go 200 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 200 001 go 500 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Níos mó ná 500 000 ubh

NH, CAP, EP

Éanlaith ghuine

Iomlán

NH, CAP, EP

 

Ó 1 001 ubh go 10 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 10 001 go 20 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 20 001 go 50 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 50 001 go 100 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 100 001 go 200 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Ó 200 001 go 500 000 ubh

NH, CAP, EP

 

Níos mó ná 500 000 ubh

NH, CAP, EP

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

NH

:

An líon gorlann ar an leibhéal náisiúnta

CAP

:

Acmhainneacht goir (1 000 ubh) ar an leibhéal náisiúnta

EP

:

An líon uibheacha a cuireadh a ngoradh (1 000 ubh) ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear

EPL

:

Pórtha lena n-úsáid mar bhéaróga

EPM

:

Pórtha lena n-úsáid le haghaidh feola

EPX

:

Pórtha le haghaidh úsáid mheasctha

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn an líon gorlann don líon gorlann sa Bhallstát an 31 Nollaig, bliain N.

Tagraíonn acmhainneacht ghoir don líon uasta uibheacha goir is féidir a chur go comhuaineach i ngorlanna seachas goradáin.

An líon uibheacha a cuireadh a ngoradh — féach tacar sonraí ii.2.

Cumhdach

95 % d’uibheacha a chuirtear i ngorlanna agus 95 % de shicíní a tháirgtear ar ghorlanna a bhfuil acmhainneacht ghoir acu de níos mó ná 1 000 ubh cearc, lachan, géanna, turcaithe nó éanlaith ghuine.


(1)  Tarchuirfidh na Ballstáit dhíolmhaithe na sonraí le haghaidh na mblianta tagartha dar críoch 3, 6 agus 0.


IARSCRÍBHINN III

Bainne agus táirgí bainne

Tacar sonraí iii.1

Bainne a tháirgtear agus a úsáidtear ar na gabháltais talmhaíochta

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

iii.

Bainne agus táirgí bainne

An topaic mhionsonraithe:

iii.1

Bainne a tháirgtear agus a úsáidtear ar na gabháltais talmhaíochta

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí cainníocht an bhainne ó bha, ó chaoirigh, ó ghabhair agus ó bhuabhaill a tháirgtear ar ghabháltais talmhaíochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha, agus na cainníochtaí táirgí déiríochta a úsáideann gabháltais talmhaíochta Ballstáit go díreach (nach seachadtar ar fhiontar déiríochta sa Bhallstát), lena n-áirítear táirgeadh orgánach.

Tacar sonraí iii.1, cuid 1

Táirgeacht bainne

Catagóirí an táirge bainne

Sprioc-am

An 30 Meán Fómhair N+1

Bainne amh (bainne iomlán) arna tháirgeadh

Q

 

Bainne bó

Q, QR, QO

 

Bainne caorach

Q, QO

 

Bainne gabhair

Q, QO

 

Bainne buabhaill

Q

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht atá ar fáil (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QR

:

Cainníocht atá ar fáil (1 000 tona) ar an leibhéal réigiúnach

QO

:

Cainníocht an bhainne orgánaigh atá ar fáil (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Tacar sonraí iii.1, cuid 2

Infhaighteacht bainne agus úsáidí bainne ar na gabháltais talmhaíochta

Catagóirí an táirge bainne

Sprioc-amanna

An 30 Meán Fómhair N+1

Bainne amh a tháirgtear

Q

Bainne bearrtha agus bláthach ar fáil

Q

 

Arna gcur ar ais ag fiontair déiríochta

Q

 

Comhardú an tseachadta uachtair

Q

 

Ó tháirgeadh ime agus uachtair ag gabháltais talmhaíochta

Q

Úsáidí bainne iomláin

UWM

 

Úsáid dhíreach an bhainne iomláin ar ghabháltais talmhaíochta

UWM

 

 

 

Úsáid dhíreach bainne iomláin orgánaigh ar ghabháltais talmhaíochta

UOWM

 

 

Bainne a óltar sa bhaile

UWM

 

 

Díolachán díreach bainne óil

UWM

 

 

Táirgeadh ime agus uachtar

UWM

 

 

Táirgeadh cáise

UWM

 

 

Táirgeadh táirgí bainne eile

UWM

 

 

Beatha

UWM

 

Seachadadh ar fhiontair déiríochta

UWM

 

 

Bainne

UWM

 

 

Uachtar

UWM

 

 

Táirgí bainne seachadta eile (sonraigh)

UWM

 

Difríochtaí agus caillteanais staidrimh

UWM

Úsáidí bainne bhearrtha agus bláthaigh

USM

 

Bainne óil

USM

 

Cáis feirme

USM

 

Beatha

USM

 

Seachadadh chuig earnáil na déiríochta

USM

Táirgí a fuarthas

 

 

Bainne óil

QP

 

 

Bainne a óltar sa bhaile

QP

 

 

Díolacháin dhíreacha

QP

 

Uachtar

QP

 

 

lena n-áirítear táirgí a seachadadh ar fhiontair déiríochta

QP

 

Im

QP

 

 

lena n-áirítear táirgí a seachadadh ar fhiontair déiríochta

QP

 

Cáis

QP

 

 

lena n-áirítear táirgí a seachadadh ar fhiontair déiríochta

QP

 

Táirgí bainne eile a fuarthas

QP

 

 

lena n-áirítear táirgí a seachadadh ar fhiontair déiríochta

QP

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht atá ar fáil (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QP

:

Cainníocht na dtáirgí a fuarthas (1 000 tona)

UWM

:

Cainníocht an bhainne iomláin úsáidte (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

UOWM

:

Cainníocht an bhainne iomláin orgánaigh úsáidte (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

USM

:

Cainníocht an bhainne bhearrtha úsáidte (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn na cainníochtaí atá ar fáil do chainníochtaí an amhábhair a tháirgtear nó a chuirtear ar fáil ar shlí eile.

Tagraíonn cainníochtaí bainne iomláin agus bainne bhearrtha úsáidte do na cainníochtaí a úsáidtear chun na táirgí bainne a tháirgeadh.

Tagraíonn cainníochtaí táirgí a fuarthas do chainníochtaí na dtáirgí a fhaightear ó chainníochtaí an bhainne atá ar fáil.

Tagraíonn bainne orgánach do bhainne a chomhlíonann go hiomlán na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus a thógtar faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe ar ghabháltais talmhaíochta sa Bhallstát agus a dheimhnítear mar ainmhithe orgánacha de réir (i) Rialachán (AE) 2018/848 nó, i gcás inarb infheidhme, sa reachtaíocht is déanaí de chuid an Aontais agus (ii) sna rialacha cur chun feidhme náisiúnta comhfhreagracha. Tá an bainne sin san áireamh sna cainníochtaí iomlána.

Díolúintí maidir le tarchur sonraí

Is iad seo a leanas an luach tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(4):

Athróg thagartha

Tairseacha tagartha

Díolúine tarchuir

Bainne iomlán a úsáidtear go díreach ag gabháltais talmhaíochta

An luach is lú idir 100 000 tona agus 10 % den bhainne amh a tháirgtear

Tarchur sonraí bliantúla (1)

Foinse sonraí:

Na sonraí is déanaí atá ar fáil ón tacar sonraí reatha

Cumhdach:

95 % den bhainne a tháirgtear sa Bhallstát le haghaidh na sonraí maidir le táirgeadh bainne.

95 % den bhainne a úsáidtear go díreach ar ghabháltais talmhaíochta sa Bhallstát le haghaidh na sonraí maidir le hinfhaighteachtaí agus úsáidí bainne.

Roinn III

I gcás inar mó ná 1 % den bhainne atá ar fáil luach absalóideach na hathróige ‘difríochtaí agus caillteanais staidrimh’, míneofar na difríochtaí idir infhaighteachtaí agus úsáidí ionas go bhfanfaidh na difríochtaí gan mhíniú maidir le 1 % ar a mhéad den bhainne atá ar fáil. Cuirfear an míniú sin ar fáil mar mheiteashonraí leis an sprioc-am céanna leis na sonraí.

Sa seachadadh ar na fiontair déiríochta agus ar ais uathu, áireofar seachadadh ar fhiontair déiríochta eachtracha agus ar ais uathu. I gcás ina mbailítear na luachanna comhfhreagracha ón earnáil déiríochta náisiúnta, déanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le fiontair déiríochta eachtracha a mheas freisin.

Tacar sonraí iii.2

Infhaighteachtaí maidir le hearnáil na déiríochta

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

iii.

Bainne agus táirgí bainne

An topaic mhionsonraithe:

iii.2

Infhaighteachtaí eile bainne le haghaidh earnáil na déiríochta

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí cainníocht an bhainne amh a bhailítear lena úsáid ag fiontair déiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha ó ghabháltais talmhaíochta, bíodh siad lonnaithe sa Bhallstát sin nó ná bíodh, lena n-áirítear táirgeadh orgánach. Cumhdófar leo freisin cainníocht an bhainne agus na n-ábhar déiríochta atá ar fáil i gcás ar bith d’earnáil na déiríochta, i.e. cainníochtaí na n-ábhar bainne agus déiríochta allmhairithe, agus na dtáirgí déiríochta eile a bhailítear ó ghabháltais talmhaíochta ag fiontair déiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Tacar sonraí iii.2, cuid 1

Bailiú bainne ó ghabháltais talmhaíochta de réir earnáil na déiríochta

Catagóirí an táirge bainne

Sprioc-amanna

An 30 Meitheamh N+1

Bainne bó

Q, QO, FAT, PAT

 

Lena n-áirítear ó ghabháltais talmhaíochta i mBallstáit eile

Q, FAT, PAT

Bainne caorach

Q, QO, FAT, PAT

Bainne gabhair

Q, QO, FAT, PAT

Bainne buabhaill

Q, FAT, PAT

Uachtar

Q, FAT, PAT

Bainne bearrtha agus bláthach

Q, FAT, PAT

Táirgí bainne eile a bhailítear (sonraigh)

Q, FAT, PAT

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QO

:

Cainníocht bainne orgánaigh (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

Saill

:

Cainníocht saille bainne (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

PAT

:

Cainníocht próitéine bainne (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Tacar sonraí iii.2, cuid 2

Infhaighteachtaí eile bainne agus ábhar déiríochta maidir le hearnáil na déiríochta

Catagóirí an táirge bainne

Sprioc-amanna

An 30 Meitheamh N+1

Allmhairí táirgí bainne don earnáil náisiúnta déiríochta

 

Bainne iomlán (lena n-áirítear bainne amh)

Q, FAT

Bainne bearrtha agus bláthach

Q, FAT

Uachtar

Q, FAT

Táirgí bainne eile arna n-allmhairiú (sonraigh)

Q

Lena n-áirítear, allmhairí táirgí bainne laistigh den Aontas don earnáil déiríochta náisiúnta

 

Bainne iomlán (lena n-áirítear bainne amh)

Q, FAT

Bainne bearrtha agus bláthach

Q, FAT

Uachtar

Q, FAT

Táirgí bainne eile arna n-allmhairiú (sonraigh)

Q

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

FAT

:

Cainníocht saille bainne (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Na réamh-mheastacháin ar chainníochtaí bainne agus uachtair a allmhairítear i mbulc, féadfar iad a tharchur faoin sprioc-am ar choinníoll go dtarchuirfear na torthaí deiridh faoin 30 Samhain den bhliain N+ 1. Na Ballstáit a sholáthraíonn na réamhthorthaí sin, cuirfidh siad an stádas sin in iúl go cuí agus a staidreamh á tharchur acu.

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn cainníochtaí do chainníochtaí na n-amhábhar a bhailítear ó na gabháltais talmhaíochta sa Bhallstát nó a allmhairíodh ón Aontas nó ó thríú tíortha.

‘Tagraíonn cainníochtaí saille bainne agus próitéine bainne do na cainníochtaí saille bainne agus próitéine bainne i gcatagóirí bainne.

Bainne orgánach — féach tacar sonraí iii.1

Cumhdach

95 % den bhainne amh ó ghabháltais talmhaíochta, nó d’ábhair dhéiríochta mar a shloinntear i gcoibhéis bhainne iomláin atá ar fáil do na fiontair déiríochta sa Bhallstát.

Roinn III

Rialacha maidir le modheolaíocht

Tá Cuid 1 agus cuid 2 gan beann ar a chéile, agus déantar cainníocht bainne a chumhdaítear i gceachtar den dá chuid a eisiamh ón gceann eile.

Déanfar na táirgí bainne a áirítear sa chatagóir ‘táirgí bainne eile’ a liostú mar fhaisnéis bhreise (meiteashonraí).

Tacar sonraí iii.3

Na húsáidí a bhaintear as bainne agus ábhair dhéiríochta in earnáil na déiríochta agus na táirgí a thagann as sin

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

iii.

Bainne agus táirgí bainne

An topaic mhionsonraithe:

iii.3

Na húsáidí a bhaintear as bainne agus ábhair dhéiríochta in earnáil na déiríochta agus na táirgí a thagann as sin

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí na cainníochtaí de bhainne iomlán agus de bhainne bearrtha arna n-úsáid ag fiontair déiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha chun na táirgí déiríochta éagsúla a phróiseáil nó, i gcás ábhair dhéiríochta, cainníochtaí coibhéiseacha bainne iomláin agus bhearrtha. Féadfar na cainníochtaí sin a thomhas nó a mheas go díreach bunaithe ar chion saille bainne agus próitéine bainne na dtáirgí déiríochta (aschur) nó ar chion saille bainne agus próitéine bainne na n-ábhar déiríochta (ionchur). Cumhdófar na táirgí orgánacha freisin.

Tacar sonraí iii.3, cuid 1

Úsáidí bainne agus ábhar déiríochta san earnáil na déiríochta

Catagóirí úsáide bainne

Sprioc-am

An 30 Meitheamh N+1

Bainne a úsáidtear le haghaidh próiseála

FAT, PAT, UWM, USM

 

Bainne leachtach agus uachtar lena gcaitheamh

 

 

 

Bainne óil

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

Uachtar

FAT, PAT, UWM, USM

 

Bainne aigéadaithe

FAT, PAT, UWM, USM

 

Bainne tiubhaithe

FAT, PAT, UWM, USM

 

Bainne agus púdair uachtair

 

 

 

Púdar bainne bhearrtha

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

Bainne agus púdair uachtair ina bhfuil saill

 

 

 

 

Púdair bhainne agus uachtair iomlána

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Púdair bhainne atá bearrtha go páirteach

FAT, PAT, UWM, USM

 

Im agus táirgí déiríochta eile saille buí

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Im

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Im rindreáilte agus ola ime

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Táirgí eile saille buí

FAT, PAT, UWM, USM

 

Bláthach

FAT, PAT, UWM, USM

 

Cáis, cáis phróiseáilte agus meadhg

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Cáis

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

 

lena n-áirítear, ó bhainne bó (agus uaidh sin amháin)

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Cáis phróiseáilte (*1)

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

 

Meadhg (*1)

FAT, PAT, UWM, USM

 

Táirgí bainne eile

 

 

 

Comhábhair bhainne neamh-mhianracha

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

Deochanna ina bhfuil bonn bainne agus táirgí bainne leachtacha eile

FAT, PAT, UWM, USM

 

 

Táirgí bainne eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

FAT, PAT, UWM, USM

Bainne bearrtha agus bláthach a cuireadh ar ais chuig an ngabháltas talmhaíochta

Q, PAT, USM

Onnmhairí bainne agus uachtair i mbulc

Q, FAT, PAT, UWM, USM

 

Lena n-áirítear, onnmhairí bainne agus uachtair i mbulc laistigh den Aontas

Q, FAT, PAT, UWM, USM

Úsáidí eile

Q, FAT, PAT, UWM, USM

Difríochtaí agus caillteanais staidrimh

FAT, PAT, UWM, USM

Úsáidí Iomlána = infhaighteachtaí

FAT, PAT, UWM, USM

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

UWM

:

Cainníocht an bhainne iomláin úsáidte (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

USM

:

Cainníocht an bhainne bhearrtha úsáidte (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

FAT

:

Cainníocht saille bainne (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

PAT

:

Cainníocht próitéine bainne bó (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Tacar sonraí iii.3, cuid 2

Táirgí bainne mionsonraithe a eascraíonn as

Catagóirí an táirge bainne

Sprioc-am

An 30 Meitheamh N+1

Bainne leachtach agus uachtar lena gcaitheamh

 

 

Bainne óil

Q

 

 

Bainne óil amh

Q

 

 

Bainne teaschóireáilte ina bhfuil cion saille de réir meáchain os cionn 3 %,

Q

 

 

Bainne teaschóireáilte ina bhfuil cion saille de réir meáchain os cionn 1 % agus nach mó ná 3 %,

Q

 

 

Bainne teaschóireáilte ina bhfuil cion de réir meáchain nach mó ná 1 %

Q

 

Uachtar le caitheamh

Q

 

 

ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, is mó ná 21 %

Q

 

 

ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, nach mó ná 21 %

Q

Bainne aigéadaithe

Q

 

ina bhfuil breiseáin

Q

 

gan bhreiseáin

Q

Bainne tiubhaithe

Q

 

Milsithe

Q

 

Neamh-mhilsithe

Q

Bainne agus púdair uachtair

Q

 

Púdar bainne bhearrtha

Q

 

Bainne agus púdair uachtair ina bhfuil saill

Q

 

 

Púdair bhainne agus uachtair iomlána

Q

 

 

Púdair bhainne atá bearrtha go páirteach

Q

Im agus táirgí déiríochta eile saille buí

QBE

 

Im

Q

 

 

Im traidisiúnta

Q

 

 

Im ‘ath-chomhcheangailte’

Q

 

 

Im meidhg

Q

 

Im leáite agus ola ime

Q

 

Táirgí eile saille buí

Q

 

 

Im saill-laghdaithe

Q

 

 

Eile

Q

Bláthach agus púdar bláthaí

 

 

Púdar bláthaí

Q

 

Bláthach

Q

Cáis, cáis phróiseáilte agus meadhg

 

 

Cáis

Q

 

De réir catagóir bainne

 

 

 

ó bhainne bó (agus uaidh sin amháin)

Q

 

 

ó bhainne caorach (agus uaidh sin amháin)

Q

 

 

ó bhainne gabhair (agus uaidh sin amháin)

Q

 

 

Eile (measctha nó ó bhainne buabhaill amháin)

Q

 

De réir aicme triomachta

 

 

 

Cáis bhog

Q

 

 

Cáis meán-bhog

Q

 

 

Cáis mheán-chrua

Q

 

 

Cáis chrua

Q

 

 

Cáis an-chrua

Q

 

 

cáis úr

Q

 

Cáis phróiseáilte

Q

 

Meadhg

QPE

 

 

seachadadh sa staid leachtach

Q

 

 

seachadadh sa staid comhchruinnithe

Q

 

 

arna sheachadadh i bpúdar nó i mbloc

Q

Táirgí bainne eile

 

 

Comhábhair bhainne neamh-mhianracha

Q

 

 

Lachtós

Q

 

 

Cáiséiní agus cáiséanáití

Q

 

 

Próitéiní bainne eile (lachtalbaimín, lachtaglóbailin, próitéiní bainne measctha, meadhg dímhianraithe)

Q

 

Deochanna ina bhfuil bonn bainne agus táirgí bainne leachtacha eile

Q

 

Táirgí bainne eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Q

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QBE

:

Cainníocht i gcoibhéis ime (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QPE

:

Cainníocht i gcoibhéis púdair meidhg (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Na réamh-mheastacháin ar chainníochtaí bainne agus uachtair a onnmhairítear i mbulc, féadfar iad a tharchur faoin sprioc-am ar choinníoll go dtarchuirfear na torthaí deiridh faoin 30 Samhain den bhliain N+ 1. Na Ballstáit a sholáthraíonn na réamhthorthaí sin, cuirfidh siad an stádas sin in iúl go cuí agus a staidreamh á tharchur acu.

Tacar sonraí iii.3, cuid 3

Táirgí bainne a eascraíonn as

 

Sprioc-am

Catagóirí an táirge bainne

An 30 Meitheamh N+1

 

Bainne óil orgánach

QO

 

Uachtar orgánach lena chaitheamh

QO

 

Bainne aigéadaithe orgánach

QO

 

Im orgánach

QOBE

 

Cáis orgánach

QO

 

Táirgí bainne orgánacha eile

FATO, PATO, UOWM, UOSM

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

QO

:

Cainníocht (tonaí) de tháirgí orgánacha ar an leibhéal náisiúnta

QOBE

:

Cainníocht i gcoibhéis ime orgánaigh (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

UOWM

:

Cainníocht an bhainne iomláin orgánaigh úsáidte (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

UOSM

:

Cainníocht an bhainne bhearrtha orgánaigh úsáidte (tonaí) ar an leibhéal náisiúnta

FATO

:

Cainníocht saille bainne orgánaigh (kg) ar an leibhéal náisiúnta

PATO

:

Cainníocht próitéine bainne bó orgánaigh (kg) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Bliantúil

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Cainníochtaí dá dtagraítear sna codanna a leanas

cuid 1 a ghabhann leis na cainníochtaí bainne a úsáidtear chun na táirgí bainne éagsúla a tháirgeadh, lena n-áirítear táirgí orgánacha,

cuid 2 a ghabhann leis na cainníochtaí táirgí bainne éagsúla a fhaightear, lena n-áirítear táirgí orgánacha,

cuid 3 a ghabhann leis na cainníochtaí táirgí bainne orgánacha éagsúla a fhaightear.

Cainníochtaí saille bainne agus próitéine — féach tacar sonraí iii.2

Tagraíonn cainníochtaí bainne iomláin agus bainne bhearrtha úsáidte do na cainníochtaí a úsáidtear chun na táirgí bainne éagsúla a tháirgeadh.

Tagraíonn cainníocht táirgí bainne (saill) i gcoibhéis ime don chainníocht 82 % saill ime a gheofaí le hábhar saille na dtáirgí bainne sin.

Tagraíonn cainníocht an mheidhg i gcoibhéis púdair don chainníocht de phúdar meidhg ina bhfuil 5 % taise a gheofaí leis an meadhg sin.

I gcás inarb infheidhme, féadfar cainníochtaí táirgí bainne eile a shocrú ag nialas má tháirgtear iad ó tháirgí bainne a tuairiscíodh cheana faoi cheannteideal eile de thacar sonraí iii.3 cuid 2.

Tagraíonn úsáidí iomlána = infhaighteachtaí do na hinfhaighteachtaí iomlána mar a thuairiscítear i dtacar sonraí iii.2. Na cainníochtaí saille bainne, próitéine bainne agus bainne atá ar fáil agus a úsáidtear (nó atá le húsáid) ó tháirgí bainne bailithe nó allmhairithe eile, tá siad san áireamh anseo i gcás ina bhfuil siad suntasach.

Na difríochtaí idir na hinfhaighteachtaí agus na húsáidí tuairiscithe, is iad na difríochtaí agus caillteanais staidrimh iad, ionas go ndéanfar infhaighteachtaí agus úsáidí a chothromú tar éis na luachanna sin a chomhtháthú.

Díolúintí maidir le tarchur sonraí:

Seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(4):

Athróg thagartha

Coinníollacha maidir le díolúine

Díolúine tarchuir

Cainníocht ime, cé is moite d’im traidisiúnta

10 % de chainníocht ime

Im a dhealú idir ‘im traidisiúnta’, ‘im ath-chomhcheangailte’ agus ‘im meidhg’

Cainníocht táirgí eile saille buí, seachas saill ime laghdaithe

10 % de tháirgí eile saille buí

Cainníocht na ‘saille ime laghdaithe’

Foinse sonraí:

Measúnú ad hoc

Cumhdach

Cumhdóidh na sonraí 95 % den bhainne amh a ndearnadh cóireáil air sa Bhallstát.

Roinn III

Rialacha modheolaíochta

Beidh na húsáidí a bhainfidh earnáil na déiríochta as bainne agus as ábhair dhéiríochta comhleanúnach le hinfhaighteacht earnáil na déiríochta agus leis na cainníochtaí táirgí déiríochta a fhaightear.

I gcás inar mó ná 1 % den bhainne atá ar fáil luach absalóideach na hathróige ‘difríochtaí agus caillteanais staidrimh’ i gcuid 1, míneofar na difríochtaí idir infhaighteachtaí agus úsáidí ionas go bhfanfaidh na difríochtaí gan mhíniú maidir le 1 % ar a mhéad den bhainne atá ar fáil. Cuirfear an míniú sin ar fáil mar mheiteashonraí leis an sprioc-am céanna leis na sonraí.

Maidir le catagóirí ina dtarchuirtear cion saille agus próitéine do gach bainne úsáidte, ní gá bainne iomlán agus bainne bearrtha a chur leis.

I gcás ina ngineann próiseas bainne bearrtha (e.g. déanamh ime) tuairiscítear gur diúltach cainníocht an bhainne bhearrtha úsáidte.

Tacar sonraí iii.4

Na húsáidí míosúla a bhaintear as bainne bó in earnáil na déiríochta

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

iii.

Bainne agus táirgí bainne

An topaic mhionsonraithe:

iii.4

Na húsáidí míosúla a bhaintear as bainne bó in earnáil na déiríochta

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí na cainníochtaí táirgí déiríochta (nó coibhéis ime, i gcás im iomlán agus táirgí déiríochta “saille buí” eile) a phróiseáiltear ó bhainne bó arna dtáirgeadh ag na fiontair déiríochta i mBallstát le linn na tréimhse tagartha, gan ábhair dhéiríochta a áireamh.

Catagóirí an táirge bainne

Sonraí míosúla

Tréimhse thagartha  (2)

Sprioc-amanna

Lá 15 de mhí M+ 2

Táirgeadh táirgí bainne bó ag earnáil na déiríochta

 

 

Bainne óil

Q

 

Uachtar lena chaitheamh

Q

 

Bainne aigéadaithe

Q

 

Bainne tiubhaithe

Q

 

Púdar bainne iomláin agus púdar bainne atá bearrtha go páirteach

Q

 

Púdar bainne bhearrtha

Q

 

Cáis ó bhainne bó agus uaidh sin amháin

Q

 

Im iomlán agus táirgí déiríochta eile saille buí

QBE

M

:

An mhí dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht táirgí (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QBE

:

Cainníocht i gcoibhéis ime (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

Roinn II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn cainníochtaí do chainníochtaí táirgí éagsúla a fhaightear

Cainníocht i gcoibhéis ime — féach tacair sonraí iii.3 codanna 2 agus 3

Díolúintí maidir le tarchur sonraí

Is iad seo a leanas an luach tairsí tagartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1):

Athróg thagartha

Coinníollacha maidir le díolúine

Díolúine tarchuir

Bailiú bliantúil bainne

1 mhilliún tona

Tarchur míosúil sonraí  (3)

Foinse sonraí: Tacar sonraí iii.2

Tacar sonraí iii.5

Struchtúr na bhfiontar déiríochta

Réimse:

a.

Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic:

iii.

Bainne agus táirgí bainne

An topaic mhionsonraithe:

iii.5

Struchtúr na bhfiontar déiríochta

Roinn I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí an líon fiontar déiríochta i mBallstát a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig den bhliain tagartha, arna aicmiú de réir thoirteanna na dtáirgí ábhartha a bhailítear, a chóireáiltear nó a tháirgtear.

Tacar sonraí iii.5,

cuid 1 Struchtúr na bhfiontar déiríochta a bhailíonn bainne

Catagóirí fiontair

Fiontair déiríochta a bhailíonn bainne, cé is moite de lárionaid bhailiúcháin, de réir thoirt an bhainne a bhailítear

Sprioc-am

An 30 Meán Fómhair N+1

Iomlán

ND, QP

 

5 000 t agus faoina bhun

ND, QP

 

Idir 5 000 agus 100 000 t

ND, QP

 

Idir 100 000 agus 1 000 000 t

ND, QP

 

Os cionn 1 000 000 t

ND, QP

 

 

Idir 1 000 000 agus 5 000 000 t

ND, QP

 

 

Os cionn 5 000 000 t

ND, QP

Lárionaid bhailiúcháin bainne, de réir thoirt an bhainne a bhailítear

 

Iomlán

NC, QP

 

1 000 t agus faoina bhun

NC, QP

 

Idir 1 000 agus 20 000 t

NC, QP

 

Idir 20 000 agus 100 000 t

NC, QP

 

Os cionn 100 000 t

NC, QP

Tacar sonraí iii.5, cuid 2

Struchtúr fiontar déiríochta a phróiseálann bainne

Catagóirí fiontair

Fiontair déiríochta a phróiseálann bainne de réir thoirt an bhainne amh (bainne iomlán) a chóireáiltear

Sprioc-am

An 30 Meán Fómhair N+1

Iomlán

ND, QT

 

1 000 t agus faoina bhun

ND QT

 

Idir 1 000 agus 5 000 t

ND QT

 

Idir 5 000 agus 100 000 t

ND QT

 

Idir 100 000 agus 300 000 t

ND QT

 

Idir 300 000 agus 1 000 000 t

ND QT

 

Os cionn 1 000 000 t

ND QT

 

 

Idir 1 000 000 agus 5 000 000 t

ND, QT

 

 

Os cionn 5 000 000 t

ND, QT

Tacar sonraí iii.5, cuid 3

Struchtúr fiontar déiríochta de réir grúpaí táirgí

Catagóirí fiontair

Fiontair déiríochta a tháirgeann táirgí úra, de réir thoirt na dtáirgí úra a tháirgtear

Sprioc-am

An 30 Meán Fómhair N+1

Iomlán

ND, QP

 

1 000 nó faoina bhun

ND QP

 

Idir 1 000 agus 50 000 t

ND QP

 

Idir 50 000 agus 250 000 t

ND QP

 

Os cionn 250 000 t

ND QP

 

 

Idir 250 000 agus 500 000 t

ND, QP

 

 

Os cionn 500 000 t

ND, QP

Fiontair déiríochta a tháirgeann bainne óil,

de réir thoirt an bhainne óil a tháirgtear

 

Iomlán

ND, QP

 

1 000 nó faoina bhun

ND QP

 

Idir 1 000 agus 50 000 t

ND QP

 

Idir 50 000 agus 250 000 t

ND QP

 

Os cionn 250 000 t

ND QP

 

 

Idir 250 000 agus 500 000 t

ND, QP

 

 

Os cionn 500 000 t

ND, QP

Fiontair déiríochta a tháirgeann púdar bainne bhearrtha, de réir thoirt an phúdair bhainne bhearrtha a tháirgtear

 

Iomlán

ND, QP

 

1 000 nó faoina bhun

ND QP

 

Idir 1 000 agus 25 000 t

ND QP

 

Os cionn 25 000 t

ND QP

 

 

Idir 25 000 agus 50 000 t

ND, QP

 

 

Idir 50 000 agus 100 000 t

ND, QP

 

 

Idir 100 000 agus 250 000 t

ND, QP

 

 

Os cionn 250 000 t

ND, QP

Fiontair déiríochta a tháirgeann im, de réir thoirt an ime a táirgeadh

 

Iomlán

ND, QP

 

250 t nó níos lú

ND QP

 

Idir 250 agus 5 000 t

ND QP

 

Idir 5 000 agus 25 000 t

ND QP

 

Os cionn 25 000 t

ND QP

 

 

Idir 25 000 agus 50 000 t

ND, QP

 

 

Os cionn 50 000 t

ND, QP

Fiontair déiríochta a tháirgeann cáis, de réir thoirt na cáise a táirgeadh

 

Iomlán

ND, QP

 

250 t nó níos lú

ND QP

 

Idir 250 agus 10 000 t

ND QP

 

Idir 10 000 agus 25 000 t

ND QP

 

Os cionn 25 000 t

ND QP

 

 

Idir 25 000 agus 50 000 t

ND, QP

 

 

Idir 50 000 agus 100 000 t

ND, QP

 

 

Idir 100 000 agus 300 000 t

ND, QP

 

 

Os cionn 300 000 t

ND, QP

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

ND

:

An líon na fiontar déiríochta, seachas lárionaid bhailiúcháin ar an leibhéal náisiúnta

NC

:

An líon lárionad bailiúcháin ar an leibhéal náisiúnta

QP

:

Cainníocht na dtáirgí (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

QT

:

Cainníocht a chóireáiltear (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

Minicíocht

:

Trí huaire in aghaidh gach deich mbliana (blianta dar chríoch 3, 6 agus 0)

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Roinn II

Tuairisc ar na haicmí méide

Baineann méid na bhfiontar déiríochta leis na nithe seo a leanas:

 

Toirt an bhainne a bhailítear: Meáchan an bhainne a bhailítear i mbulc go díreach ó ghabháltais talmhaíochta i rith na bliana féilire, lena n-áirítear bailiú díreach ó ghabháltais talmhaíochta i mBallstáit eile.

 

Toirt an bhainne a chóireáiltear: Meáchan an bhainne amh agus na n-ábhar déiríochta amh (i gcoibhéis bhainne) a úsáideann fiontar déiríochta i rith na bliana féilire.

 

Toirt na dtáirgí bainne a tháirgtear: Meáchan na dtáirgí bainne a tháirgtear ag fiontar déiríochta i rith na bliana féilire.

Tuairisc ar na haonaid tomhais

An líon fiontar déiríochta, cé is moite de lárionaid bhailiúcháin, tagraíonn sé do na fiontair déiríochta atá lonnaithe sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha.

An líon fiontar déiríochta, tagraíonn sé do na fiontair déiríochta atá lonnaithe sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha.

Tagraíonn cainníocht na dtáirgí do chainníocht na dtáirgí éagsúla a fuarthas le linn na tréimhse tagartha.

Tagraíonn cainníocht a chóireáiltear do chainníocht an bhainne a phróiseáiltear le linn na tréimhse tagartha.

Cumhdach

Cumhdóidh na sonraí 95 % den bhainne a bhailítear, den bhainne cóireáilte, nó de na táirgí bainne iomchuí a tháirgtear sa Bhallstát.


(1)  Tarchuirfidh na Ballstáit dhíolmhaithe na sonraí le haghaidh na mblianta tagartha dar críoch 3, 6 agus 0.

(*1)  Na húsáidí a bhaintear as cion bainne, saille agus próitéine le haghaidh cáis phróiseáilte agus meadhg, tagraíonn siad d’ionchur breise, más ann dóibh, d’ábhair dhéiríochta, nár cuireadh san áireamh in éineacht le cáis go fóill.

(2)   An tréimhse thagartha, cumhdaíonn sé 6 thréimhse mhíosúla i gcás nach gá sonraí a tharchur go míosúil.

(3)  Cuirfidh na Ballstáit dhíolmhaithe na sonraí ar fáil faoin 15 Lúnasa le haghaidh na dtréimhsí míosúla ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh na bliana céanna, agus faoin 15 Feabhra le haghaidh na dtréimhsí míosúla ó mhí Iúil go mí na Nollag na bliana roimhe sin.


IARSCRÍBHINN IV

Ceanglais bheachtais

Sonraí a bhaileofar le haghaidh sampla agus a eachtarshuitear chuig pobal staitistiúil iomlán tacair sonraí, comhlíonfaidh siad na ceanglais bheachtais a leagtar amach i dTábla 1.

Tá feidhm ag na ceanglais bheachtais maidir le tarchur deiridh na meastachán náisiúnta le haghaidh athróga sonracha a bhaineann leis na tacair sonraí a liostaítear i dTábla 1.

Tagraíonn na hathróga don líon cloigeann beostoic, don líon uibheacha agus do chainníocht an bhainne ag brath ar an tacar sonraí.

Sainmhínítear na pobail ábhartha sa chéad cholún de Thábla 1.

Tábla 1.

Ceanglais bheachtais

Pobal ábhartha

Athróg arb infheidhme ceanglais bheachtais maidir léi

Earráid chaighdeánach choibhneasta

Tacar sonraí i.1, cuid 1: An líon beostoic

Gabháltais talmhaíochta ina bhfuil na catagóirí ábhartha beostoic

Bó-ainmhithe

Ba

3 %

Muca

Caoirigh

Gabhair

5 %

Tacair sonraí

ii.2

Uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis

ii.3:

Struchtúr na ngorlann

Gabháltais talmhaíochta agus fiontair eile a dhéanann gníomhaíochtaí goir

Acmhainneacht (an líon uibheacha cearc, lachan, géanna, turcaithe nó éanlaith ghuine) i ngorlanna

5 %

Tacar sonraí iii.1 Bainne a tháirgtear agus a úsáidtear ar na gabháltais talmhaíochta

Gabháltais talmhaíochta a tháirgeann bainne

Cainníocht an bhainne a úsáidtear go díreach ar ghabháltais talmhaíochta

5 %

Tacar sonraí iii.4 Na húsáidí míosúla a bhaintear as bainne bó in earnáil na déiríochta

Fiontair déiríochta

Cainníocht an bhainne bó a phróiseáiltear

5 %

Tacair sonraí:

iii.2, cuid2

Infhaighteachtaí eile bainne le haghaidh earnáil na déiríochta

iii.3

Na húsáidí a bhaintear as bainne agus ábhair dhéiríochta in earnáil na déiríochta agus na táirgí a thagann as sin

iii.5 cuid 1

Struchtúr na bhfiontar déiríochta

cuid 2

Struchtúr na bhfiontar déiríochta a phróiseálann bainne

cuid 3

Struchtúr fiontar déiríochta de réir grúpaí táirgí

Fiontair déiríochta

Cainníocht an bhainne bó a phróiseáiltear

Cainníocht bainne eile a phróiseáiltear

Cainníocht saille bainne bó a phróiseáiltear

Cainníocht próitéine bainne bó a phróiseáiltear

1 %


IARSCRÍBHINN V

Tuairiscí

Catagóirí beostoic

‘Le haghaidh marú’

Ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a mharú gan catagóir ainmhithe a athrú roimh ré, cé is moite d’ainmhithe pórúcháin.

‘Gan bheith le haghaidh marú’

Ainmhithe a thógtar le haghaidh pórúcháin agus a bhfuil sé beartaithe iad a athsholáthar nó a fhás nó a ramhrú a thuilleadh roimh mharú, nó a mharaítear de ghnáth tar éis athrú roimh ré ar chatagóir ainmhithe.

‘Ainmhithe pórúcháin’

Ainmhithe a choinnítear le haghaidh pórúcháin

‘Beostoc orgánach’

Beostoc gabháltais talmhaíochta, atá i gcomhréir go hiomlán leis na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus a thógtar faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848.

‘Bó-ainmhithe’

Eallach (Bos taurus L.) agus buabhaill uisce (Bubalus bubalis L.), lena n-áirítear hibridí amhail ‘Beefalo’.

‘Bodóga’

Bó-ainmhithe baineanna, atá 12 mhí d’aois nó os a chionn, nár rug lao go fóill

‘Ba’

Bó-ainmhithe baineanna a rug lao cheana féin (lena n-áirítear iad siúd atá faoi bhun 2 bhliain d’aois)

‘Ba déiríochta’

Ba a choinnítear, mar gheall ar a bpór nó a gcáilíochtaí áirithe, go heisiach nó go príomha chun bainne a tháirgeadh lena chaitheamh ag an duine nó lena phróiseáil i dtáirgí déiríochta.

‘Ba neamhdhéiríochta’

Ba nach bó déiríochta iad.

‘Buabhaill’

Ainmhithe den speiceas Bubalus bubalis L.

‘Muca’

Tagraíonn sin d’ainmhithe clóis den speiceas Sus scrofa domesticus Erxleben

‘Toirc ’

Muca fireanna a bhfuil meáchan 50 cileagram iontu agus os a chionn, agus atá beartaithe le haghaidh pórúcháin

‘Cránacha’

Muca baineanna a bhfuil meáchan 50 cileagram nó níos mó iontu le haghaidh pórúcháin, gan beann ar ar rug siad ál banbh fós nó nár rug

‘Cránacha cúpláilte’

Cránacha a ndearna torc iad a thoirchiú nó a inseamhnaíodh ar an dáta tagartha

‘Cránacha, nach bhfuil cúpláilte’

Cránacha nár cúplaíodh ar an dáta tagartha.

‘Céiseanna’

Cránacha atá beartaithe le haghaidh pórúcháin ach nár rugadh ál banbh dóibh fós.

‘Caoirigh’

Ainmhithe clóis den speiceas Ovis aries L.

‘Caoirigh agus uain bhaineanna’

Caora ar rugadh uan di cheana féin uair amháin ar a laghad (caoirigh) chomh maith leo siúd a cuireadh faoin reithe den chéad uair (uain bhaineanna).

‘Caoirigh bhainne agus uain bhaineanna’

Caoirigh a choinnítear go heisiach nó go príomha chun bainne a tháirgeadh lena chaitheamh ag an duine agus/nó lena phróiseáil i dtáirgí déiríochta, lena n-áirítear caoirigh bhainne atá le marú (cibé acu a ramhraíodh iad nó nár ramhraíodh idir an lachtadh deireanach agus marú) agus uain bhaineanna a choinnítear le bheith ina gcaoirigh bhainne.

‘Caoirigh nach caoirigh bhainne iad agus uain bhaineanna’

Caoirigh agus uain bhaineanna cé is moite de chaoirigh bhainne agus uain bhaineanna.

‘Gabhair’

Ainmhithe clóis den fhospeiceas Capra aegagrus hircus L.

‘Gabhair bhaineanna pórúcháin’

Gabhair bhaineanna ar rugadh mionnán dóibh cheana agus gabhair a ndearnadh a gcúpláil

‘Éanlaith chlóis’

Tagraíonn sé do chearca clóis (Gallus gallus L.), turcaithe (Meleagris spp.), lachain (Anas spp. agus Cairina moschata L.), géanna (Anser anser domesticus L.), ostraisí (Struthio camelus L.) agus éanlaith chlóis eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile, amhail gearga (Coturnix spp.), piasúin (Phasianus spp.), éanlaith ghuine (Numida meleagris domestica L.) agus colúir (Columbinae spp.). Ní áirítear éin a thógtar i gclós chun críoch fiaigh seachas chun feoil/uibheacha a tháirgeadh.

‘Cearca’

Ainmhithe clóis den speiceas Gallus gallus L.

‘Sicíní grísce’

Cearca a choinnítear lena marú

‘Béaróga’

Cearca a bhfuil aibíocht chun breithe bainte amach acu agus a choinnítear chun uibheacha a tháirgeadh, cé is moite de shicíní agus puiléid nach bhfuil i stalla fós.

‘Béaróga a bheireann uibheacha lena gcaitheamh’

Béaróga a chuirtear i mbun tairgthe chun uibheacha a tháirgeadh lena gcaitheamh

‘Éanlaith chlóis cé is moite de shicín’

Éanlaith chlóis cé is moite de shicíní. Ní áirítear sicíní.

‘Lachain’

Ainmhithe clóis den ghéineas Anas agus den speiceas Cairina moschata L.

‘Géanna’

Ainmhithe clóis den speiceas Anser anser domesticus L.

‘Turcaithe’

Ainmhithe clóis den ghéineas Meleagris.

‘Ostraisí’

Ainmhithe clóis den speiceas Struthio camelus L.

‘Éanlaith chlóis eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile’

Éanlaith eile nach n-aicmítear in aon áit eile, mar atá gearga (Coturnix spp.), piasúin (Phasianus spp.), éanlaith ghuine (Numida meleagris domestica L.) agus colúir (Columbinae spp.). Ní áirítear éin a thógtar i gclós chun críoch fiaigh seachas chun feoil/uibheacha a tháirgeadh.

‘Coiníní’

Ainmhithe clóis den ghéineas Oryctolagus

‘Ainmhithe a thógtar ach nach bhfuil le caitheamh ag an duine’

Ainmhithe a choinnítear chun táirgí a tháirgeadh nach bhfuil inite nó nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine.

‘Ainmhithe fionnaidh’

Ainmhithe a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh.

‘Sionnaigh’

Ainmhithe den speiceas ulpes vulpes agus Vulpes lagopus, a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh.

‘Madraí racúin’

Ainmhithe den speiceas Nyctereutes procyonoides, a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh.

‘Minceanna’

Ainmhithe den speiceas Neovison vison, a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh.

‘Sinsilí’

Ainmhithe den speiceas Chinchilla chinchilla agus Chinchilla lanigera, a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh.

‘Ainmhithe fionnaidh eile, nach n-aicmítear in áit ar bith eile’

Ainmhithe de speicis eile cé is moite de shionnaigh, madraí racúin, minceanna nó smugaí, a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh.

Marú

Ní athráthaítear athróga a dtugtar tuairisc orthu thuas cheana féin.

‘Seamlas’

Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2379

‘Conablach’

Corp ainmhí tar éis a maraithe agus a chóirithe

Ar bhonn níos cruinne, ciallaíonn sé sin:

(a)

i gcás bó-ainmhithe, corp iomlán ainmhí maraithe mar a bhíonn tar éis a fhuilithe, a dhí-innithe agus a fheannta, é á chur i láthair gan an ceann (á ghearradh den chonablach ag an alt atlanta-ocsapatach); gan na cosa (á ngearradh ag na hailt carpa-meiteacarpacha nó tarsameiteatarsacha); gan na horgáin atá i gcuas an chliabhraigh agus i gcuas an bhoilg, gan na duáin, saill na nduán agus saill an pheilbhis nó leo; agus gan na baill ghiniúna agus na matáin atá ceangailte leo agus gan an t-úth ná an tsaill mhamach;

(b)

i gcás muc, corp muice maraithe, é fuilithe agus dí-innithe, ina iomláine nó roinnte ag an lárlíne, á gcur i láthair gan an teanga, gan na guairí, gan na crúba, gan na baill ghiniúna, gan an tsaill, na duáin ná an scairt;

(c)

i gcás caorach agus gabhar, corp iomlán an ainmhí mharaithe, mar a bhíonn tar éis a fhuilithe, a dhí-innithe agus a fheannta, é á thíolacadh gan an ceann (á ghearradh ag an alt atlanta-ocsapatach); gan na cosa (á ngearradh ag na hailt carpa-meiteacarpacha nó tarsameiteatarsacha); gan an t-eireaball (á ghearradh idir an séú agus an seachtú veirteabra eireaballach); gan an t-úth ná na baill ghiniúna; maille leis na duáin agus saill duáin; agus gan na horgáin eile atá i gcuas an chliabhraigh agus i gcuas an bhoilg;

(d)

i gcás éanlaithe clóis, an t-ainmhí a chluimhriú agus a tharraingt, gan an ceann ná na cosa agus gan an muineál, an croí, an t-ae ná an eagaois.

‘Meáchan an chonablaigh’

Meáchan sa chonablach fuar

‘Laonna’

Bó-ainmhithe atá 8 mí d’aois nó faoi bhun 8 mí

‘Bó-ainmhithe óga’

Bó-ainmhithe atá os cionn 8 mí d’aois ach atá níos óige ná 12 mhí d’aois

‘Tairbh’

Bó-ainmhithe fireanna neamhchoillte, atá 12 mhí d’aois nó níos sine

‘Bulláin’

Bó-ainmhithe fireanna coillte atá 12 mhí d’aois nó níos sine

‘Uain’

Caoirigh óga

‘caoirigh eile’

Caoirigh eile cé is moite d’uain

‘Equidae’

Ainmhithe clóis den fhine Equidae, i.e. capaill, asail, agus a gcuid hibridí

Uibheacha lena gcaitheamh agus lena ngoradh

Ní athráthaítear athróga a dtugtar tuairisc orthu thuas cheana féin.

‘Uibheacha lena gcaitheamh’

Uibheacha úra béaróg atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine (nach bhfuil sé beartaithe iad a ghoradh) nó chun táirgí uibhe a ullmhú, sna blaoscanna.

‘Uibheacha goir’

Uibheacha éanlaithe clóis toirchithe atá beartaithe chun sicíní a tháirgeadh.

‘Gorlann’

Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2379.

‘Acmhainneacht’

An t-uaslíon uibheacha goir a fhéadfar a chur go comhuaineach i ngorlanna seachas goradáin agus, i gcás inar tháinig athrú ar an acmhainneacht sin (lena n-áirítear nuair a cuireadh tús lena ngor nó nuair a cuireadh stad lena ngníomhaíocht), an acmhainneacht uasta tuairiscithe i rith na bliana.

‘Ionaid pacála’

Bunaíochtaí ina ndéantar uibheacha a ghrádú de réir cáilíochta agus meáchain de réir Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

‘Ceannaitheoirí’ uibheacha ó ghabháltais talmhaíochta

Cheadaigh na lárionaid phacála agus na fiontair agraibhia na huibheacha nach bhfuil marcáilte a cheannach go díreach ó na gabháltais talmhaíochta.

‘Sicíní’

Éanlaith chlóis feirme a bhfuil beomheáchan nach mó ná 185 ghram iontu

‘Sicíní feidhme’

Sicíní chun cearca feola a bhreith, nó le haghaidh úsáid mheasctha agus coiligh ón ngnéasú

‘Sicíní feidhme: úsáid feola’

Sicíní a bhfuil sé beartaithe iad a ramhrú agus a mharú sula mbaineann siad aibíocht ghnéasach amach

‘Sicíní feidhme: ‘Úsáid mar bhéaróga’

Sicíní baineanna a bheartaítear a thógáil chun uibheacha a tháirgeadh lena gcaitheamh

‘Sicíní feidhme: úsáid mheasctha le haghaidh feola agus mar bhéaróg’

Sicíní nach léir gur béaróga a bheidh iontu nó go mbeidh siad le caitheamh ag an duine

‘Coiligh ó ghnéasú’

Sicíní fireanna den phór géiniteach céanna le sicíní le haghaidh breithe (uibheacha lena gcaitheamh nó lena ngoradh), a bhfuil sé beartaithe iad a ramhrú agus a mharú mar sin féin

‘Sicíní stoc máithreacha’

Sicíní atá ceaptha le haghaidh sicíní feidhme a tháirgeadh

‘Sicíní ó stoc síolraíochta den dara glúin’

Sicíní a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun sicíní síolraíochta a tháirgeadh.

‘Sicíní roghnúcháin’

Sicíní síolraíochta nó sicíní stoc síolraíochta den dara glúin

‘Sicíní le haghaidh úsáide’

Sicíní feidhme nó roghnaithe a tháirgtear sna gorlanna

Catagóirí bainne

‘Bainne amh a tháirgtear’

Bainne a tháirgtear trí fhaireoga mamach bó, caorach, gabhar nó buabhaill amháin nó níos mó a thál, chun críche eacnamaíche, agus nach bhfuil téite os cionn 40 °C nó nach ndearnadh aon chóireáil air a bhfuil éifeacht choibhéiseach léi.

‘Infhaighteacht ar ghabháltais talmhaíochta’

Bainne, bainne bearrtha agus bláthach atá ar fáil le húsáid ar na gabháltais talmhaíochta.

‘Úsáidí ar ghabháltais talmhaíochta’

An úsáid a bhaineann na gabháltais talmhaíochta as bainne amh (iomlán), as bainne bearrtha agus as bláthach.

‘Táirge a fhaightear ar ghabháltais talmhaíochta’

Táirge bainne de thoradh na n-úsáidí ar ghabháltais talmhaíochta.

‘Gabháltas talmhaíochta’

Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1091.

‘Fiontair déiríochta’

Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2379.

‘Earnáil déiríochta’

An déirí náisiúnta mar chreat le haghaidh na bhfiontar déiríochta sa Bhallstát. Ní chumhdaíonn gníomhaíocht na déiríochta náisiúnta malartuithe ábhar déiríochta.

‘Lárionaid bhailiúcháin’

Fiontair déiríochta a bhailíonn bainne amh agus/nó uachtar ó na gabháltais talmhaíochta gan é a phróiseáil, lena sheachadadh ar fhiontair déiríochta eile.

‘Táirgí bainne’

Táirgí ina bhfuil bainne nó comhábhair bhainne den chuid is mó agus nach dtagann aon chuid díobh in ionad aon chomhábhair bhainne nó nach bhfuil sé beartaithe é a chur in ionad aon chomhábhair bhainne.

Áirítear leo sin:

Táirgí bainne a thagann ó bhainne amháin, agus a ghlacadh leis gur féidir substaintí atá riachtanach chun iad a mhonarú a chur leo, ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin in ionad cuid nó iomlán aon chomhábhair bhainne, agus

Táirgí bainne ilchodacha, nach dtagann aon chuid díobh in ionad aon chomhábhair bhainne nó nach bhfuil sé beartaithe iad a chur in ionad aon chomhábhair bhainne agus a bhfuil bainne nó táirge bainne ina chuid riachtanach ó thaobh cainníochta de nó chun an táirge a thréithriú.

‘Ábhair dhéiríochta’

Bainne amh, uachtar agus bainne bearrtha chomh maith le táirgí déiríochta a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh na fiontair déiríochta iad a phróiseáil a thuilleadh ina dtáirgí bainne éagsúla. Is iad sin ionchur na bpróiseas déiríochta maidir leis an gcion bainne.

‘Bainne agus táirgí bainne a sheachadtar’

An bainne agus na táirgí bainne a sheachadann gabháltais talmhaíochta ar fhiontar déiríochta, sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile.

‘Bainne agus táirgí bainne a bhailítear’

An bainne agus na táirgí bainne a bhailíonn fiontar déiríochta ó ghabháltas talmhaíochta, sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile.

‘Bainne agus táirgí bainne a allmhairítear’

An bainne agus na táirgí bainne a fhaigheann fiontar déiríochta ó Bhallstát eile nó ó thríú tír agus nach gcuirtear i gcuntas iad mar bhainne agus mar tháirgí a bhailítear.

‘Bainne orgánach’

Bainne a thagann ó ainmhithe orgánacha a chomhlíonann go hiomlán na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus a thógtar faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe ar leibhéal na feirme mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 agus a bhailítear nó a úsáidtear ar shlí eile i bpróiseas deimhnithe orgánach mar bhainne orgánach.

‘Úsáid dhíreach an bhainne iomláin ar ghabháltais talmhaíochta’

Bainne a táirgeadh ach nár seachadadh ar earnáil na déiríochta.

‘Infhaighteachtaí maidir le hearnáil na déiríochta’

Bailiú bainne agus táirgí bainne ó ghabháltais talmhaíochta agus allmhairí táirgí bainne, a bheidh le próiseáil a thuilleadh ag earnáil na déiríochta chun táirgí bainne eile a dhéanamh.

‘Úsáidí in earnáil na déiríochta’

Úsáidí infhaighteachtaí in earnáil na déiríochta.

‘Táirgí bainne eile a fuarthas’

Táirgí bainne a fhaightear ar ghabháltais talmhaíochta, gan bainne óil, uachtar, im agus cáis a chur san áireamh.

‘Bainne óil’

Bainne amh, bainne iomlán, bainne leathbhearrtha, bainne bearrtha agus bainne teaschóireáilte a bhfuil cion saille áirithe á léiriú ar an lipéad, agus gan aon bhreiseáin ann

‘Uachtar’

Scannán saille a chruthaítear go nádúrtha ar dhromchla an bhainne trí cheirtleán mall de ghlóbail saille a eibliú. Má bhaintear é trína bhearradh ó dhromchla an bhainne nó a bhaintear as an mbainne trí lártheifneoiriú i deighilteoir uachtair, tá cion saille réasúnta ard aige (os cionn 10 % de mheáchan an táirge de ghnáth), chomh maith leis na comhpháirteanna eile den bhainne.

‘Uachtar le caitheamh’

Uachtar a próiseáladh agus atá ar fáil lena sheachadadh lasmuigh den earnáil déiríochta (i.e. lena chaitheamh ag an duine, mar amhábhar do mhonaróirí seacláide, uachtair reoite, etc.). Ar an gcaoi chéanna le táirgí eile, ní áirítear leis táirgeadh idirmheánach atá beartaithe chun táirgí déiríochta eile a mhonarú.

‘Táirgí bainne eile’

Táirgí bainne eile nach n-áirítear a n-úsáid in aon áit eile, i.e. seachas bainne agus uachtar (leacht, tiubhaithe nó púdraithe), bainne aigéadaithe, cáis, cáis phróiseáilte, meadhg (leacht, tiubhaithe nó púdraithe), bláthach, im agus táirgí eile saille buí. Ar na táirgí bainne eile tá:

Comhábhair bainne nó táirgí ina bhfuil cuid mhór de na comhábhair sin (lachtós, cáiséin agus cáiséanáití, próitéiní bainne eile) nó meascán díobh;

Milseoga agus deochanna mura dtugtar cuntas ar an mbainne a úsáidtear chun iad a phróiseáil in aon áit eile;

‘Úsáidí eile’

Ar na húsáidí eile a bhaineann na fiontair déiríochta as, tá:

Seachadadh ábhar déiríochta sa Bhallstát as earnáil na déiríochta, go háirithe chuig an earnáil agraibhia;

Ábhar déiríochta a phróiseáil i dtáirgí nach táirgí bainne iad mura féidir ionchur an ábhair déiríochta a chur sa chuntas in aon áit eile.

Eisiatar bulctháirgí bainne a sheachadtar ar sheirbhísí lónadóireachta agus ba cheart iad a chur i gcuntas faoi na catagóirí táirgí bainne faoi seach.

‘Táirgí úra’

Le táirgí úra áirítear:

Bainne óil;

Uachtar le caitheamh;

Bláthach;

Bainne aigéadaithe;

Deochanna ina bhfuil bonn bainne agus táirgí bainne leachtacha eile.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2745/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)