Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2727 |
7.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2727 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Samhain 2023
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘PPC Chlorine liquid’
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 29 Aibreán 2019, chuir Vynova PPC SAS iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2), iarratas ar údarú le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar ‘PPC Chlorine liquid’, de chineálacha táirgí 2 (díghalráin agus ailgicídí nár ceapadh lena gcur go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe) agus 5 (uisce óil), mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-LA051328-54 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Léirigh an t-iarratas freisin uimhir iarratais an táirge bhithicídigh shingil tagartha ghaolmhair ‘Arche Chlorine’ a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/754 ón gCoimisiún (3) agus atá taifeadta sa Chlár faoi chás-uimhir BC-UQ045679-98. |
(2) |
Is é atá in ‘PPC Chlorine liquid’ clóirín gníomhach a scaoileadh ó chlóirín mar an tsubstaint ghníomhach, ar substaint é a áirítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineálacha táirgí 2 agus 5. |
(3) |
An 3 Lúnasa 2021 chuir an Ghníomhaireacht tuairim uaithi (4) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá ag ‘PPC Chlorine liquid’ i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013. |
(4) |
Sa tuairim uaithi, tagann an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nach bhfuil sna difríochtaí, a chuir Vynova PPC SAS chun tosaigh, idir an táirge bithicídeach céanna agus an táirge bithicídeach tagartha gaolmhar ach faisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (5), agus, ar bhonn an mheasúnaithe ar ‘Arche Chlorine’ agus faoi réir chomhlíonadh an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go gcomhlíonann an táirge bithicídeach singil céanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(5) |
An 31 Iúil 2023 sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(6) |
Maidir leis an iarraidh a rinne an Ghearmáin ar choinníollacha an údaraithe Aontais don táirge bithicídeach singil ‘Arche Chlorine’ a choigeartú i gcás a críche féin i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 44(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measann an Coimisiún freisin go bhfuil feidhm aici maidir le húsáidí 2, 3 agus 4 de ‘PPC Chlorine liquid’ chomh maith. Tá údar cuí leis an gcoigeartú sin in aithrisí 7 go 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/754. |
(7) |
Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna ‘PPC Chlorine liquid’ leis na coigeartuithe ar an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh arna n-iarraidh ag an nGearmáin i gcás a críche féin le haghaidh úsáidí 2, 3 agus 4 i gcomhréir le hAirteagal 44(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(8) |
Ba cheart dáta éaga an údaraithe seo a ailíniú le dáta éaga an táirge bhithicídigh shingil tagartha ‘Arche Chlorine’. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0027045-0000 aige do Vynova PPC SAS chun an táirge bithicídeach singil céanna ‘PPC Chlorine liquid’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe na dtáirgí bithicídeacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
I gcás chríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, tá feidhm ag coigeartuithe ar na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh úsáidí 2, 3 agus 4 de ‘PPC Chlorine liquid’ mar a leagtar síos san achoimre ar shaintréithe an táirge san Iarscríbhinn.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 27 Nollaig 2023 go dtí an 30 Aibreán 2033.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/754 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘Arche Chlorine’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 100, 13.4.2023, lch. 83).
(4) Tuairim ECHA an 3 Lúnasa 2021 maidir le húdarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil chéanna ‘PPC Chlorine liquid’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4).
IARSCRÍBHINN
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach
PPC Chlorine Liquid
Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)
Cineál táirge 5 - Uisce óil (Dífhabhtáin)
Uimhir an údaraithe: EU-0027045-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0027045-0000
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge
Trádainm (nó trádainmneacha) |
PPC Chlorine Liquid |
1.2. Sealbhóir an údaraithe
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Vynova PPC SAS |
Seoladh |
95 rue du Général de Gaulle BP 60090, 68802 THANN CEDEX An Fhrainc |
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0027045-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0027045-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
27 Nollaig 2023 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
30 Aibreán 2033 |
1.3. Déantóir (nó déantóirí) an táirge
Ainm an déantóra |
Vynova PPC SAS |
Seoladh an déantóra |
95 rue du Général de Gaulle, 68802 Thann Cedex An Fhrainc |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
95 rue du Général de Gaulle, 68802 Thann Cedex An Fhrainc |
1.4. Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
Substaint ghníomhach |
Clóirín gníomhach a scaoileadh ó chlóirín |
Ainm an déantóra |
Vynova PPC SAS |
Seoladh an déantóra |
95 rue du Général de Gaulle, 68802 Thann Cedex An Fhrainc |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
95 rue du Général de Gaulle, 68802 Thann Cedex An Fhrainc |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Clóirín gníomhach a scaoileadh ó chlóirín |
|
Substaint Ghníomhach |
|
|
100,0 |
Chlorine |
Chlorine |
Substaint neamhghníomhach |
7782-50-5 |
231-959-5 |
100,0 |
2.2. Cineál foirmlithe
GA - Gás
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM
Ráitis ghuaise |
D’fhéadfadh a bheith ina chúis le dóiteán nó dóiteán a threisiú; ocsaídeoir Ina chúis le greannú craicinn. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. Tocsaineach má ionanálaítear. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le greannú riospráide. An-tocsaineach don saol uisceach. Gás faoi bhrú ann; d’fhéadfadh pléascadh má théitear é |
Ráitis réamhchúraim |
Coimeád amach ó éadaí agus ábhair indóite eile. Ná hanálaigh gás. Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol. Caith lámhainní cosanta. Caith éadaí cosanta. Caith súilchosaint. Caith aghaidhchosaint. MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE: Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. Bailigh doirteadh. Stóráil in áit atá aeráilte go maith.Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Stóráil faoi ghlas. Cosain ó sholas na gréine.Stóráil in áit atá aeráilte go maith. I gcás dóiteáin:Stop an sceitheadh má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh. Diúscair ábhar chuig i gcomhréir le rialachán áitiúil. Coimeád comhlaí agus feistis saor ó ola agus gréisc. Glaoigh ar dochtúir má airíonn tú tinn. Seachain análú gás. Nigh lámha go maith tar éis láimhsithe. Ná húsáid ach taobh amuigh nó i limistéar dea-aeráilte. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN: Nigh le neart uisce. Glaoigh ar Ionad Nimhe/doctúir. Tá cóireáil shonrach (féach tagairt ar threoir garchabhrach forlíontach ar an lipéad seo). Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh cóir leighis. Má mhaireann an greannú súl:Faigh cóir leighis. Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid. |
4. ÚSÁID (NÓ ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1.
Úsáid # 1 – Dífhabhtú fuíolluisce tar éis na monarchan fuíolluisce
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
/ |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: víris Gnáthainm: Víris Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Faoin aer Dífhabhtú fuíolluisce tar éis na monarchan fuíolluisce, trí dháileadh turrainge (i gcás éillithe). |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Córas iata Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Córas uathoibríoch dáilte. |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: Dáileadh turrainge: 477 mg/l clóirín gníomhach (AC) faoi choinníollacha salacha. Airí caolaithe: - Airí uainithe: Am teagmhála: 30 nóiméad |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Tionsclaíoch Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2) Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2) Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2) Cruach charbóin/dhosmálta |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan paraiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín san uisce a bhaint amach de réir na rátaí forchurtha léirithe i gcomhair úsáide thuas.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Laghdaigh tiúchan iarmharach clóirín ghníomhaigh trí scagadh gníomhach carbóin nó dí-ocsaídeoir a chur leis (m.sh. aigéad ascorbach nó ascorbáit sóidiam) roimh an fuíolluisce a scaoileadh chuig uisce dromchla. Mar mhalairt air sin, is féidir uisce a choinneáil i maolán sula scaoiltear é.
Ba chóir measúnuithe a dhéanamh go rialta ar chaighdeán an uisce le cinntiú go gcloíonn an t-eisilteach le gach caighdeáin cáilíochta.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2.
Úsáid # 2 – Dífhabhtú uisce óil ag soláthraithe uisce óil
An cineál táirge |
PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
/ |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: víris Gnáthainm: Víris Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Faoin aer Dífhabhtú ag na soláthraithe uisce óil agus a gcórais dáileacháin uisce, trí dháileadh leanúnach. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Córas iata Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Córas uathoibríoch dáilte Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012: I gcomhréir le liosta cóireála substainte agus na bpróisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach1, baineann na rialacha teicniúla don dáileadh leagtha amach in Deutscher Verein des Gas Wasserfaches e.V2 bileoga oibre W 229, W 296, W 623 agus íosmhéid ama teagmhála W 2293. (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha) |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: 0,5 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras Airí caolaithe: - Airí uainithe: Minicíocht: dáileadh leanúnach Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012: I gcomhréir leis an liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)4 Ráta forchurtha: Uasmhéid breisithe 1,2 mg/l Cl2 shaor; Raon tiúis i ndiaidh cóireáil a chríochnú: uasmhéid 0,3 mg/l Cl2 shaor, íosmhéid 0,1 mg/l Cl2 shaor (lena n-áirítear na méideanna roimh chóireáil agus ó chóireálacha eile) mar thiús iarmharach sa chóras I gcásanna eisceachtúla glactar le breisiú suas go dtí 6 m/l saor Cl2 agus tiús suas go dtí 0,6 mg/l Cl2 shaor i ndiaidh cóireála mar thiús iarmharach sa chóras, mura féidir dífhabhtú a chinntiú trí mheáin eile nó má bhíonn dífhabhtú bactha go sealadach i ngeall ar amóiniam. |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Sorcóir: 4.8 - 140 l (6-175 kg Cl2) Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2) Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2) Cruach charbóin/dhosmálta |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan paraiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín san uisce a bhaint amach de réir na rátaí feidhme thuasluaite.
Tabhair faoi deara go n-iarrann roinnt Ballstáit, tar éis dífhabhtú príomhúil, go gcoinnítear leibhéal iarmharach clóirín in uisce óil sna píopaí mar bheart réamhchúraim. An méid breise sin, arna éileamh ag an iarratasóir mar “Dífhabhtú tánaisteach: Meastar go bhfuil 0,1 agus 0,5 mg/l clóirín (iarmharach)” ar fáil mar a clúdaítear ag an dífhabhtú príomhúil.
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Cinntigh nach dtéann tiús clóirín san uisce óil thar na teorainneacha clóirín náisiúnta roimh ól.
Cinntigh nach dtéann tiús clóráite san uisce óil thar na luachanna paraiméadracha leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Nollag 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.3. Tuairisc úsáide
Tábla 3.
Úsáid # 3 – Dífhabhtú uisce i dtaiscumair
An cineál táirge |
PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
/ |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: víris Gnáthainm: Víris Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Faoin aer Dífhabhtú uisce (le huisce ag teacht ón ngréasán uisce buacaire), i dtaiscumair/tancanna, trí dháileadh leanúnach. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Córas iata Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Córas uathoibríoch dáilte. Déantar an dífhabhtú i ionraon an taiscumair, d’fhonn a chinntiú go ndáiltear an díghalrán san uisce i gceart. Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012: I gcomhréir le liosta cóireála substainte agus na bpróisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach1, baineann na rialacha teicniúla don dáileadh leagtha amach in Deutscher Verein des Gas Wasserfaches e.V2 bileoga oibre W 229, W 296, W 623 agus íosmhéid ama teagmhála W 2293. (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha) |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: 0,5 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras. Airí caolaithe: - Airí uainithe: Minicíocht: dáileadh leanúnach Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012: I gcomhréir leis an liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)4 Ráta forchurtha: uasmhéid breisithe 1,2 mg/l Cl2 shaor; Raon tiúis i ndiaidh cóireáil a chríochnú: uasmhéid 0,3 mg/l Cl2 shaor, íosmhéid 0,1 mg/l Cl2 shaor (lena n-áirítear na méideanna roimh chóireáil agus ó chóireálacha eile) I gcásanna eisceachtúla glactar le breisiú suas go dtí 6 m/l saor Cl2 agus tiús suas go dtí 0,6 mg/l Cl2 shaor i ndiaidh cóireála, mura féidir dífhabhtú a chinntiú trí mheáin eile nó má bhíonn dífhabhtú bactha go sealadach toisc go bhfuil amóiniam ann. |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2) Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2) Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2) Cruach charbóin/dhosmálta |
4.3.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan paraiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín san uisce a bhaint amach de réir na rátaí feidhme thuasluaite.
4.3.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Cinntigh nach mó an tiúchan clóirín san uisce óil ná an teorainn náisiúnta clóirín roimh ól.
Cinntigh nach dtéann tiús clóráite san uisce óil thar na luachanna paraiméadracha leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Nollag 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
4.3.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.3.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.3.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.4. Tuairisc úsáide
Tábla 4.
Úsáid # 4 – Dífhabhtú uisce i gcomhchórais
An cineál táirge |
PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
/ |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: víris Gnáthainm: Víris Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: legionella pneumophila Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Faoin aer In institiúidí Poiblí, áiseanna cúraim sláinte Dífhabhtú uisce óil i gcomhchórais uisce óil, trí dháileadh leanúnach |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Córas iata Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Córas uathoibríoch dáilte Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012: I gcomhréir le liosta cóireála substainte agus na bpróisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach1, baineann na rialacha teicniúla don dáileadh leagtha amach in Deutscher Verein des Gas Wasserfaches e.V2 bileoga oibre W 229, W 296, W 623 agus íosmhéid ama teagmhála W 2293. (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha) |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: 1 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras Airí caolaithe: - Airí uainithe: Minicíocht: dáileadh leanúnach Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012: I gcomhréir leis an liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)4 Ráta forchurtha: uasmhéid breisithe 1,2 mg/l Cl2 shaor; Raon tiúis i ndiaidh cóireáil a chríochnú: uasmhéid 0,3 mg/l Cl2 shaor, íosmhéid 0,1 mg/l Cl2 shaor (lena n-áirítear na méideanna roimh chóireáil agus ó chóireálacha eile) I gcásanna eisceachtúla glactar le breisiú suas go dtí 6 m/l saor Cl2 agus tiús suas go dtí 0,6 mg/l Cl2 shaor i ndiaidh cóireála, mura féidir dífhabhtú a chinntiú trí mheáin eile nó má bhíonn dífhabhtú bactha go sealadach toisc go bhfuil amóiniam ann. |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2) Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2) Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2) Cruach charbóin/dhosmálta |
4.4.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan pharaiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín a fháil mar a shonraítear thuas.
4.4.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Cinntigh nach mó an tiúchan clóirín san uisce óil ná an teorainn náisiúnta clóirín roimh ól.
Cinntigh nach dtéann tiús clóráite san uisce óil thar na luachanna paraiméadracha leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Nollag 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
4.4.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.4.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.4.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.5. Tuairisc úsáide
Tábla 5.
Úsáid # 5 – Dífhabhtú uisce óil d’ainmhithe
An cineál táirge |
PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
/ |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: víris Gnáthainm: Víris Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Faoin aer Dífhabhtú uisce óil d’ainmhithe (le huisce a thagann ón ngréasán uisce buacaire) i gceantair Talmhaíochta, trí dháileadh leanúnach. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Córas iata Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Córas uathoibríoch dáilte |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: 0,5 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras. Airí caolaithe: - Airí uainithe: Minicíocht: dáileadh leanúnach |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2) Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2) Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2) Cruach charbóin/dhosmálta |
4.5.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan pharaiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín a fháil san uisce go leanúnach de réir na rátaí feidhme thuasluaite.
4.5.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
I gcomhair tráchtearraí bia, cinntigh nach dtéann tiús clóráite sa bhia thar na luachanna MRL leagtha amach i Rialachán an Choimisiúin (AE) 2020/749 ón 4ú Mheithimh 2020 a leasann Aguisín III ar Rialachán (CE) Uimh 396/2005 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le huasleibhéil iarmhairtí do chlóráit in nó ar tháirgí áirithe (IO L 178, 8.6.2020, lch. 7).
4.5.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.5.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
4.5.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)
5.1. Treoracha úsáide
-
5.2. Bearta maolaithe riosca
Chun na coimeádáin táirge a cheangal nó a dhícheangal agus chun an córas píobáin gáis a chothabháil nó a dheisiú, tá na bearta maolaithe riosca (RMManna) seo a leanas éigeantach:
— |
córas aláraim (luach spreagtha a bhaineann le tiús nochta géar (AEC): 0,5 mg clóirín ghníomhaigh/m3 (nó níos ísle de réir reachtaíochta náisiúnta)) a chuireann tús le nósanna imeachta sábháilteachta amhail trealamh cosanta riospráide a chaitheamh (TCR) de réir caighdeáin CEN EN14387: Gléasanna cosanta riospráide - Scagaire/scagairí gáis agus scagaire/scagairí comhcheangailte - Riachtanais, tástáil, marcáil (nó coibhéiseach); |
— |
tá forchur aeraithe sceite áitiúil (LEV) (de réir na reachtaíochta náisiúnta) agus brú/folús íseal i bhfeidhm chun astaíochtaí clóirín a sheachaint; |
— |
na braiteoirí leictrimheicniúla a úsáidtear i gcomhair tomhais chun go leor speicis clóirínithe a bhrath sa bhreis ar chlóirín féin; |
— |
braiteoirí chun nochtadh a thomhas freisin nuair atá na oibreoirí ag úsáid TCR de réir caighdeáin CEN EN141 nó coibhéiseach. |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Seachain an gás tocsaineach seo a análú an oiread agus is féidir. MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Cuir glao láithreach ar 112/otharcharr le cúnamh leighis a fháil.
Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir:
Cuir tús láithreach le bearta tacaíochta beatha, agus ina dhiaidh sin cuir glao ar IONAD NIMHE.
MÁ SHLOGTAR: Ní bhaineann le hábhar.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Ag deireadh na cóireála, faigh réidh leis an táirge nár úsáideadh agus leis an bpacáistiú i gcomhréir le ceanglais áitiúla.
Ná díluchtaigh táirge neamhúsáidte ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, isteach i bpíobáin (doirteal, leithreas...) nó síos na draenacha.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Coinníollacha stórála:
Umair brúite aerdhíonacha: Mar gheall ar a airíonna ceimiceacha agus fisiceacha, déantar gás clóirín a stóráil i gcónaí i bhfaighteoirí carbóin/cruach tiomnaithe le comhlaí speisialta tiomnaithe. Ba chóir do phacáistí clóiríne le n-úsáid laistigh den AE a thógáil agus a lipéadú de réir Treorach 2010/35/AE Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle5 agus an Chomhaontaithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar(ADR) déanta sa Ghinéiv ar an 30ú Mheán Fómhair 1957. Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha. Uaslíonadh 1,25 kg/l (80 % den neas-toirt.).
Coinnigh coimeádáin le clóirín dúnta go docht agus déan iad a stóráil in áit fionnuar, tirim agus aeráilte go maith. Scriúáil an séala cosanta go daingean ar an asraon comhla agus an caipín cosanta comhla agus é a stóráil. Cuir cosc le titim anuas sorcóirí. Cosain ó theas agus ó sholas díreach na gréine, níor cheart teocht an choimeádáin a bheith faoi bhun 15 °C nó os cionn 50 °C.
Ba cheart clóirín a choinneáil amach ó tháirgí imoibríocha (ábhair le seachaint: dí-ocsaídeoirí, ábhair indóite, miotail i bpúdar, aicéitiléin, hidrigin, amóinia, hidreacarbóin agus ábhair orgánacha).
6. FAISNÉIS EILE
Maidir le “Catagói(í) úsáideoirí” tabhair faoi deara:
Ciallaíonn gairmithe (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíoch) gairmithe oilte má theastaíonn sin de réir reachtaíochta náisiúnta.
1 |
Reacht Uisce Óil Gearmánach: Trinkwasserverordnung in der Fassung der Bekanntmachung vom 10. März 2016 (BGBl. I S. 459), die zuletzt durch Artikel 1 der Verordnung vom 22. September 2021 (BGBl. I S. 4343) geändert worden ist; liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach: Bekanntmachung des Umweltbundesamtes der Liste der Aufbereitungsstoffe und Desinfektionsverfahren gemäß § 11 der Trinkwasserverordnung – 21. Änderung – (Stand: Dezember 2019). |
2 |
Deutscher Verein des Gas- und Wasserfaches e.V. (Cumann Teicniúil agus Eolaíoch na Gearmáine i gcomhair Gáis agus Uisce). |
3 |
Cuid II, Lfd. Uimh. 4 ó liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach. |
4 |
Cuid I c, Lfd. Uimh. 2 ó liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach. |
5 |
Treoir 2010/35/AE Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Mheithimh 2010 maidir le trealamh brú iniompartha agus a aisghaireann Treoracha an Chomhairle 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1). |
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2727/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)